AR NA SAOLTA SEO
Dinnseanchas Merseyside
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

logainmneacha leithinis Wirral, in aice le Learpholl, an-suimiúil, dar le Tony Birtill, de bhrí go bhfuil meascán den Ioruais, den Ghaeilge agus den Bhéarla le fáil iontu.

Íomhá
Grianghraf: Tony Birtill
Íomhá

Scríobh mé i Meán Fómhair (*Beo!, *eagrán 29) faoi Ros Eoin, nó An Ros Mór, an áit is ansa liom i nGleann Cholm Cille, ceantar a mbím ag obair ann gach samhradh le hOideas Gael, mar cheannaire ar an chúrsa siúil sléibhe.

Tá Ros Mór againn anseo ar Merseyside fosta, ach is mór an difear idir é féin agus an ros álainn sin i nDún na nGall. Eastát tionsclaíochta atá ann in Ellesmere Port ar leithinis Wirral, ar an taobh eile d’abhainn an Mersey ó Learpholl. Is ceantar gránna é, ach bíonn miongháire ar mo bhéal i gcónaí agus mé ag tiomáint thar bráid ar mhótarbhealach an M53 nuair a fheicim an fógra mór “Rossmore”, agus smaoiním ar a mhacasamhail i nGleann Cholm Cille.

Tá tá na logainmneacha i Wirral an-suimiúil, mar is meascán iad d’Ioruais, Gaeilge agus Béarla. D’inis an fear léinn Seán Ó Donnabháin stair na háite in 1860 i leabhar a d’fhoilsigh The Irish Archaelogical and Celtic Society. Fuair sé an scéal ó sheanlámhscríbhinn a chuir síos ar an Lochlannach Ingimund agus a lucht leanúna, a díbríodh as Éire i 902 tar éis brú ó Chearbhall, Rí Chúige Laighean. Chuaigh siad go hInis Mon ar dtús, ach chuir na Breatnaigh an ruaig orthu. Ansin, fuair siad cead ó Edelfrida, banríon Mercia i dtuaisceart Shasana, dul i dtír ar Wirral.

Págánach ab ea Ingimund agus bhí Éireannaigh i measc a lucht leanúna. Chuir siad fúthu ar Wirral agus tá a rian le feiceáil ansin sa lá atá inniu ann sna logainmneacha, ina measc Irby (Irá-byr, sean-Ioruais ar lonnaíocht Éireannach), Liscard (Lios Ard nó Lios na Carraige, de réir an English Placenames Society), Nochtorum (Cnoc Tirim) agus Dove Point (Rinn Dubh).

Chomh maith leis na hannála Éireannacha, tá scéal Ingimund in annála na Breataine Bige, is é sin Annales Cambriae agus Brut Y Tywysogion.

Craobh Sheáin Uí Dhonnabháin an t-ainm atá ar ár gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge, a bunaíodh in 1896. Tháinig Richard Ó Donnabháin, mac Sheáin, go Learpholl in 1875. Fínín ab ab é agus bhí sé ar a sheachaint ó na póilíní in Éirinn. Fuair sé post anseo leis an Royal Insurance Company agus bhí sé ina chónaí ar an Wirral ar feadh cúig bliana is daichead, ach sin scéal eile.

Ionsaí

Ní raibh Ingimund sásta fanacht ar Wirral agus rinne na Lochlannaigh agus na hÉireannaigh ionsaí ar Chester, ach theip orthu. De réir na n-annála, d’iarr Edelfrid ar na hÉireannaigh i rith an chatha gan ionsaí a dhéanamh ar an chathair. Bhunaigh na Lochlannaigh lonnaíochtaí ar an taobh seo den Mersey, áfach, áiteanna mar Kirkby, Crosby agus Skelmersdale.

Ceantar neamhspleách a bhí ag na Lochlannaigh ar Wirral. Cé go raibh siad i dteagmháil leis na Lochlannaigh san Iorua, Oileán Mhanann agus Éire, níor thug siad ómós do rí eile. Bhí parlaimint acu féin, in áit darbh ainm Thingwall (cosúil le Tynwald in Oileán Mhanann agus Dingwall in Albain). Tháinig teifigh eile ó Éire go dtí an Wirral tar éis Chath Chluain Tarbh i 1014. Ioruais a bhí mar theanga ar Wirral go dtí an 13ú haois.

Anois, tá níos mó ná 600 logainm de bhunús Lochlannach ar Wirral, agus tá an-suim ag muintir na háite i stair an cheantair. D’fhoilsigh duine acu, Stephen Harding, leabhar dar teideal Ingimund’s Saga: Norwegian Wirral in 2000. Ghlac muintir na háite páirt i gclár faisnéise, “Blood of the Vikings”, an rinne an BBC in 2001. Fuair an BBC samplaí DNA ó dhaoine a bhfuil sloinnte áitiúla acu agus rinne siad comparáid idir é agus DNA ó dhaoine san Iorua. I gcás fir amháin, Bill Housley, fuair siad macasamhail chruinn dá DNA ó thriúr san Iorua.

Tá suim i gCríoch Lochlann sa scéal fosta. I mbliana, d’eagraigh an tOllamh Birgir Jonsson ó Ollscoil Reykjavik, in éineacht le Steve Harding, trí thuras ón Íoslainn go Baile Átha Cliath, anonn go hOileán Mhanann agus ansin Wirral, agus chaith siad dhá lá i ngach áit. “Tá an-chultúr ag na hÍoslannaigh agus tá suim agus eolas acu ar a stair féin. Is cúis bhróid dóibh go bhfuil ceangal cultúrtha acu leis an áit seo,” arsa Steve Harding, atá ina ollamh in Ollscoil Nottingham. Síleann sé go mbeidh an ceangal sin tábhachtach don turasóireacht ar Merseyside.

Coinním súil amach i gcónaí d’áiteanna mar “Ross More” sa cheantar seo. Lá amháin chonaic mé tanc mór sna dugaí i Learpholl agus an focal Gaeilge “Um” air. Cúpla céad slat níos faide síos an bóthar chonaic mé tanc mór eile agus an focal “Beo” scríofa air. An bhfuil tionchar na nGael láidir go fóill ar Merseyside? “Níl,” arsa cara liom a bhí ina dhugaire tráth. “UM, sin United Molasses, agus BEO, sin Bibby’s Edible Oils.”

A bhuel, ní mar a síltear a bítear.

Eolas breise: www.bbc.co.uk/history/programmes/bloodofthevikings/index.shtml; www.nottingham.ac.uk/-sczsteve

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.