Measann Breandán Delap go bhfuil an iomarca de na tionscadail theangalárnaithe lonnaithe i gConamara agus go bhfuil faillí déanta sna Gaeltachtaí eile.
Bhí rith an rása ina iomláine nach mór ag muintir Chonamara ag ócáid bhronnta dhuaiseanna cumarsáide an Oireachtais ag Féile na Bealtaine i dTrá Lí. Díol spéise gur i nGaeltacht na Gaillimhe atá ochtar den naonúr a scuab leo an chreach lonnaithe. (Mar a tharlaíonn sé, ba chlár a rinneadh faoi bhean as Conamara – Caitlín Maude – a bhí i gceist leis an aon eisceacht amháin!) Tá caithréim Chonamara sna duaiseanna cumarsáide ag teacht leis an chlaonadh náisiúnta ó thaobh cúrsaí Gaeilge de. Is i nGaeltacht na Gaillimhe, mar shampla, atá a gceannáras ag Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Oifig an Choimisinéara Teanga, TG4, Raidió na Gaeltachta, Foinse, Muintearas, etc. Is féidir a rá, mar sin, go bhfuil an chuid is tábhachtaí de chóras riaracháin agus cumarsáide na Gaeilge lonnaithe sa cheantar céanna.
Tá tábhacht Chonamara le sonrú fosta i dtorthaí Scéim Labhairt na Gaeilge. Anuraidh fuair níos mó teaghlach i gConamara an deontas iomlán ná mar a fuair teaghlaigh i ngach Ghaeltacht eile curtha le chéile. Fuair 1,151 teaghlach i gConamara an deontas iomlán, 697 i nDún na nGall, 197 i gCiarraí, 88 i Maigh Eo, 35 i gCorcaigh, 20 i bPort Láirge agus ocht gcinn i gContae na Mí. B’as Gaeltacht na Gaillimhe do 52% de na teaghlaigh a fuair an deontas. Is ionann é sin le rá, do gach teaghlach as na sé Ghaeltacht eile sa tír a fuair an deontas iomlán, bhí teaghlach as Conamara á fháil fosta. Cúis imní, b’fhéidir, go bhfuil 65% níos mó teaghlach ag fáil an deontais i gConamara ná mar atá i dTír Chonaill – an dara Gaeltacht is mó sa tír.
Tá an patrún seo le feiceáil fosta sna deontais a thugann Roinn na Gaeltachta do thithe úra Gaeltachta. Bhronn an Roinn níos mó deontas tithíochta ar theaghlaigh i nGaeltacht na Gaillimhe anuraidh ná mar a bronnadh ar theaghlaigh i ngach ceann de na Gaeltachtaí eile curtha le chéile. Bronntar an deontas seo ar dhaoine a bhfuil cumas Gaeilge acu agus atá ag tógáil tí nó ag ceannach teach nua-thógtha i gceantar Gaeltachta. Is fiú €5,100 an deontas seo do thithe ar an mhórthír agus €15,300 do thithe ar na hoileáin. Ní mór dul faoi agallamh le do chumas Gaeilge a mheas leis an deontas seo a fháil ach amháin sa chás gur éirigh le duine de do chuid páistí deontas Scéim Labhairt na Gaeilge a fháil. Is do dhaoine i nGaillimh a bronnadh níos mó ná leath na ndeontas tithíochta anuraidh (51%) agus íocadh a dhá oiread ann thar mar a íocadh i nGaeltacht Dhún na nGall, a tháinig sa dara háit. Arís eile, léiríonn na figiúirí an forás as cuimse atá tagtha ar Ghaeltacht na Gaillimhe le hais na nGaeltachtaí eile.
Tá an claonadh seo i dtreo Chonamara le feiceáil go háirithe sna meáin Ghaeilge. Tá TG4, Raidió na Gaeltachta agus Foinse lonnaithe in achomaireacht sé mhíle dá chéile. Tá Telegael, “Ros na Rún” agus Gael Media soir an bóthar uathu. Ciallaíonn sé sin go bhfuil méid bocht iriseoirí agus craoltóirí ag fámaireacht thart i gConamara ag lorg líon teoranta scéalta. Tá rian na dtripods le feiceáil ar thaobh an bhóthair agus, mar a dúradh in “Ar Son na Cúise” in Foinse, tá an baol ann go mbeidh níos mó iriseoirí i gConamara ná mar atá clocha! Déanaim amach go bhfuil cuid mhaith os cionn trí chéad duine ag obair i réimse na cumarsáide ó Bhearna go Carna – idir TG4, Raidió na Gaeltachta, Foinse, Telegael, “Ros na Rún” agus Gael Media, mar aon le saoririseoirí agus araile. Tá tuairim is ochtar dochtúirí, deichniúr gardaí agus cúig shagart déag lonnaithe sa stráice céanna. Seans, fosta, go mbíonn níos mó iriseoirí ag ól i dTigh Hughes ar an Spidéal ná mar a bhíonn i Doheny and Nesbitts san ardchathair. Is maith an rud é go bhfuil na meáin Ghaeilge díláraithe ó Bhaile Átha Cliath ach an bhfuil sé in am anois iad a dhílárú ó Chonamara? B’fhéidir go fiú go bhfuil sé in am “súil eile” a aimsiú laistigh den tsúil eile.
Borradh faoi na meáin
Níl mé ag séanadh gur iontach an rud é go bhfuil borradh faoi na meáin Ghaeilge agus go bhfuilimid ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht. Is sampla iontach sinn de thionscal teangalárnaithe - tionscal gur mhaith le hAire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív go gcuirfí tuilleadh béime air. Lena chois sin, níl aon dabht ach go bhfuil íomhá iontach tarraingteach agus óg agus gnéasach ag an teanga anois le hais mar a bhí deich mbliana ó shin, a bhuíochas do na meáin Ghaeilge. Ní míbhuntáiste é suíomh na meán Gaeilge ach a mhalairt. Tá ré na hiargúltachta thart agus tá baile beag domhanda na cumarsáide Gaeilge lonnaithe i gConamara. Cé gur geisfhocal margaíochta í an tsúil eile is geall le ráiteas misin é fosta. Ach ní hionann “súil eile” agus vox pop a dhéanamh ar an Fhaiche Mhór seachas ar Shráid Grafton. Níl ansin ach aistriú suímh. Ba cheart go mbeadh sé i bhfad níos réabhlóidí ná sin. Cad is fiú D Four a mhalartú le C Four?
Sa chomhthéacs sin, is doiligh cur i gcoinne pholasaí Aire na Gaeltachta cuid d’Fhoras na Gaeilge a dhílárú go Gaoth Dobhair, cé go dtuigim dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh bogadh de bharr a gcuid teaghlach etc a bheith socraithe i mBaile Átha Cliath. Ar ndóigh, is iad na postanna a bhí le dílárú seachas na daoine. Níl aon amhras ach go raibh beart den chineál sin de dhíth go práinneach ar an cheantar le faillí na mblianta a chúiteamh. Níl Gaeltacht Thír Chonaill mórán níos lú ná Conamara agus is fíor a rá nach bhfuil an borradh céanna faoi thionscal na teanga ansin is atá san iarthar. Cailleadh go leor postanna ar an Eastát Tionsclaíochta i nGaoth Dobhair le dornán blianta anuas agus beart críonna é an acmhainn is mó atá sa cheantar a úsáid agus postanna teangalárnaithe a chruthú ann.
Óir tá géarghá le dílárú na n-eagraíochtaí agus na meán Gaeilge, ní hamháin ó Bhaile Átha Cliath ach ó Ghaillimh fosta. Tá na tionscail theangabhunaithe seo ag mealladh daoine óga ó gach Gaeltacht sa tír go Conamara. Bíonn meascán bocht canúintí le cluinstin ann agus thabharfá suntas ach go háirithe don mhéid daoine ó Ghaeltachtaí beaga atá ag cur fúthu anois i gContae na Gaillimhe. Daoine iad seo a bheadh ina gceannairí pobail dá bhfanfaidís sa bhaile agus a bheadh gníomhach i gcúrsaí teanga, ealaíne, agus drámaíochta, b’fhéidir. Tá ceantar Chois Fharraige i bhfad níos meallacaí don chineál seo duine ná mar atá a gceantair dúchais. Ar ndóigh, tá buntáiste an lárnachais ag Conamara ach níl na deiseanna céanna ar fáil sna Gaeltachtaí eile. Tá an baol ann go bhfuil sórt brain drain ar bun, is é sin go bhfuil daoine a bheadh ina gceannairí pobail ag bogadh go Conamara ó na Gaeltachtaí eile. Mar thoradh air seo, tá an chontúirt ann go bhfuilimid ag cruthú “Super-Gaeltacht” i gConamara agus ag bleán a n-anama as na Gaeltachtaí eile. Níor mhór stop a chur leis sin láithreach. Déantar go leor cainte sa tuaisceart faoi “dhíbhinn na síochána” agus caithfear a chinntiú go bhfaighidh na Gaeltachtaí uilig a sciar féin de dhíbhinn na Gaeilge.
Ach conas is féidir dul i ngleic leis an brain drain seo agus leis an ídiú acmhainne ó na Gaeltachtaí beaga? B’fhéidir go bhfuil sé in am ag na heagraíochtaí teangabhunaithe córas idirdhealú dearfach a chur i bhfeidhm. Níor mhiste, mar shampla, go n-amharcfaí níos fabhraí ar iarratais ó Ghaeltachtaí eile nuair a bhíonn scéimeanna úra á mbronnadh ag an Roinn. Cuir i gcás dá mbeadh leithéidí Fhoras na Gaeilge ag lorg tairiscintí le haghaidh conartha le hiris Ghaeilge a fhoilsiú, ba cheart go mbeadh sé soiléir go gcuirfí fáilte faoi leith roimh iarratais ó Ghaeltacht Thír Chonaill nó ó Chiarraí. D’fhéadfadh TG4 bá faoi leith a léiriú le comhlachtaí ó cheantair eile agus iad ag coimisiúnú cláracha.
Tá an tAire Ó Cuív le moladh as céim a ghlacadh ina leith seo. Mar a dúirt mé, tuigim an drogall atá ar fhostaithe Fhoras na Gaeilge bogadh ach ba cheart a chinntiú gur i nGaoth Dobhair a bheas aon cheapachán úr de chuid an Fhorais lonnaithe. B’fhiú a chinntiú fosta gur i gceann de na Gaeltachtaí eile a bheas aon oifig nua a bhaineann le cúrsaí teanga, a bhunófar amach anseo, lonnaithe. Dá bhféadfaí an díbhinn atá ar fáil anois mar thoradh ar fhorbairt tionscal teangabhunaithe a roinnt níos cothroime idir Gaeltachtaí na tíre, ba thaca a bheadh ann do pholasaí díláraithe an rialtais agus d’fhorbairt chothrom na nGaeltachtaí san am chéanna.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.