AR NA SAOLTA SEO
Dialann an Rialtais nár Toghadh
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Ba bheag a bhí idir na páirtithe polaitiúla san olltoghchán deireanach i 2007. Samhlaíonn Breandán Delap cad a tharlódh dá mba ea gur Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a bhí i gcomhrialtas.

Íomhá
'maidir le ... airgid an taoisigh, Bertie Ahern
Íomhá
Enda Kenny, An Taoiseach
Íomhá
Pat Rabbitte, An Tánaiste
Íomhá
George Lee, Aire Airgeadais, Taoiseach agus ceannaire Fhine Gael (le Fear Éireann ar Vicipéid)
Íomhá
Brian O Shea, Aire na Gaeltachta
Íomhá
David Mc Williams, a d'imigh as Fianna Fáil i ndiaidh ocht mí

Bealtaine 2007: Deirtear nach mbuann an freasúra toghcháin ariamh ach gurb amhlaidh go gcailleann rialtais iad. Ba shin go díreach a tharla sa toghchán don 30ú Dáil. Ainneoin cóir na gaoithe a bheith le Fianna Fáil sna pobalbhreitheanna le fada an lá, tosaíonn an tóin ag titim as a bhfeachtas nuair a thagann líomhaintí chun solais maidir le beartaíocht airgeadais an Taoisigh, Bertie Ahern, agus an teach a cheannaigh sé i nDroim Conrach ón fhear ghnó as Manchain, Michael Wall. Cuirtear alltacht ar an phobal nuair a nochtaítear gur thug an tUas Wall mála le stg£30,000 do Bhertie a cuireadh i dtaisce ina oifig Dáilcheantair sular cuireadh isteach i mbanc i Sráid Uí Chonaill é. Cé go ndeir an tAire Airgeadais, Brian Cowen, go mbeidh sé ‘slowly roasting the opposition on the barbie’, is beag suim atá ag pobal na tíre in aon díospóireacht faoin gheilleagar. Cuirtear an-suim i moladh cheannaire Fhine Gael, Enda Kenny sa ‘Contract for a Better Ireland,’ áfach.

Imíonn Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre i bhfad chun cinn sna pobalbhreitheanna. Tar éis comhráití le Brian Cowen, Dermot Ahern agus Micheál Martin, cinneann an Taoiseach go leanfaidh sé lena chúram. Tagann ardú dá réir ar Fhianna Fáil sna pobalbhreitheanna agus tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil teacht aniar iontu.

Ach diúltaíonn an Breitheamh Mahon imeachtaí an Bhinse Fiosrúcháin a chur siar go dtí i ndiaidh an toghcháin agus tagann tuilleadh eolais chun cinn roimh lá na vótála maidir le déirce a thug cairde leis don Taoiseach. Bíonn an lá le Fine Gael agus an Lucht Oibre ar éigin agus maíonn siad gur vótáil an pobal ar son Fianna Fáil a dhíbirt tar éis chóir a bheith scór bliain i gcumhacht.

An Taoiseach, Enda Kenny

Ar an 24 Meitheamh, 2007 toghtar Enda Kenny ina Thaoiseach, le cabhair ó Pháirtí an Lucht Oibre agus na ó theachtaí neamhspleácha Michael Lowry, Jackie Healy Rae agus Finian McGrath. Ceaptar Teachta neamhspleách eile, Beverly Flynn mar Cheann Comhairle. Cuirtear iontas ar phobal na tíre nuair a fhógraítear gurb é an craoltóir, George Lee, a bhí i measc cheapacháin an Taoisigh don Seanad, a bheas mar Aire Airgeadais sa rialtas úr. Fáiltíonn an Tánaiste, Pat Rabbitte roimh a cheapachán. Is é Shane Ross a bheas ag feidhmiú mar Rúnaí Preasa an Rialtais.

Eanáir 2008: Tagann na mílte as achan chearn den tír go Sráid Uí Chonaill le páirt a ghlacadh i mórshiúl a eagraíonn na heagrais dheonacha Gaeilge le cur i gcoinne fógra an Aire Oideachais, Brian Hayes, nach mbeidh an Ghaeilge ina ábhar éigeantach don Ardteist feasta. “Buille tubaisteach eile don Ghaeilge,” a thugann urlabhraí Oideachais Fhianna Fáil, Willie O Dea, air ach maíonn an tAire Hayes nach bhfuil rún aige culú ar a chinneadh. Tuairiscítear go bhfuil titim thubaisteach tagtha ar áirthintí do na coláistí samhraidh Gaeltachta.

Meitheamh 2008: Tar éis mí na meala measartha fada, tarlaíonn an chéad tubaiste don rialtas nua nuair a thugann pobal na hÉireann droim láimhe do Chonradh Liospóin. Deir ceannaire nua Fhianna Fáil, Brian Cowen, gur léargas é an toradh seo ar mhí-éifeacht an rialtais. Ach maíonn an rialtas gur beag stocaireacht a rinne Fianna Fáil ar son an chonartha agus gur facthas an fear gnó, Declan Ganley ag cruinniú cumainn de chuid an páirtí i nGaillimh. Tarlaíonn an chéad cheannairc i bhFine Gael nuair a cháineann an cúlbhinseoir, Lucinda Creighton, an Taoiseach as gan an Conradh a bheith léite aige.

Níos deireanaí sa mhí fógraíonn an ESRI go mbeidh crapadh i ndán do gheilleagar na tíre don chéad uair ó bhí lár na n-ochtóidí ann. Cruthúntas é seo ar easpa taithí an Aire Airgeadais, George Lee, agus gur mó an bhearna idir a bheith ag seanmóireacht ó chrannóg in RTÉ agus a bheith i mbun ciste an phobail, a deir urlabhraí airgeadais Fhianna Fáil, Mary Coughlan. Cuireann George Lee clár ciorruithe i bhfeidhm in achan roinn ach éiríonn idir na páirtithe rialtais nuair a áitíonn an Tánaiste, Pat Rabbitte, go gcaithfear cloí le harduithe pá a gealladh d’oibrithe sa tseirbhís phoiblí.

Meán Fómhair 2008: An Tánaiste, Pat Rabbitte

Cuireann titim bhanc infheistíochta, Lehman Brothers, tús le cúlú eacnamaíochta domhanda. Mar thoradh ar an chrapadh chreidmheasa, bíonn deacrachtaí ag na bainc in Éirinn cistiú a fháil ó bhainc eile le freastal ar a gcuid iasachtaí ollmhóra. Coicís tar éis cliseadh Lehman tá an baol ann go dtitfidh an tóin as córas baincéireachta na hÉireann agus titim thubaisteach i luach scaireanna an Bhainc Angla-Éireannaigh.

Tar éis cruinniú fada i lár na hoíche, fógraíonn an tAire Airgeadais go mbeidh an rialtas ag tabhairt barántais de luach €400 bn (dhá oiread na holltáirgeachta náisiúnta) ar thaiscí agus ar iasachtaí na mórbhancanna. Tugann na meáin chumarsáide moladh do Lee as a thuiscint gheilleagair ach cuireann an freasúra i leith Pháirtí an Lucht Oibre go bhfuil siad ag teacht i gcuidiú ar bhoic mhóra an rachmais. Deir an Tánaiste, Pat Rabbitte, áfach, go bhfuil rún ag an rialtas náisiúnú a dhéanamh ar an Bhanc Angla-Éireannach, sprioc shóisialach a bhí aige óna am le Páirtí na nOibrithe, ach sprioc nár mheas sé go bhféadfaí a bhaint amach ariamh. Deir urlabhraí fiontraíochta Fhianna Fáil, Brian Lenihan, go raibh sé de cheart ag an rialtas Anglo a ligint le sruth.

Tá alltacht ar phobal na hÉireann faoin drochstaid gheilleagair ina bhfuil siad. Cuireann an Taoiseach, Enda Kenny, an milleán uilig ar róchaiteachas na rialtas a chuaigh roimhe agus ar an chaidreamh shóchúil idir Fianna Fáil agus tionscal na tógála. Ach léiríonn pobalbhreith de chuid an MRBI go gcuireann tromlach an phobail an milleán airsean. Cé go n-admhaíonn móramh iad siúd a ceistíodh gur deineadh go leor botún san am a chuaigh thart. Deir breis is dhá thrian acu gurb é drochbhainistíocht Enda Kenny is cúis leis an tsáinn ina bhfuilimid.

Molann cúlbhinseoir de chuid Fine Gael, Leo Varadkar, vóta mímhuiníne sa Taoiseach ag rá go bhfuil an tír bancbhriste dá bharr, rud nár tharla ó réimeas a réamhtheachta, Garrett Fitzgerald. Tagann an Taoiseach slán ón vóta, ach tuairiscítear gur vótáil an tríú cuid den pháirtí parlaiminte ina éadan. Deir Enda Kenny go ndéanfaidh sé a sheacht ndícheall feabhas a chur ar a stíl cheannaireachta.

Mar thoradh ar an fheachtas “Bring Back Bertie,” fógraíonn an t-iar Thaoiseach go mbeidh sé ag seasamh sa chéad toghchán Uachtarántachta eile. Deir Paddy Power gur rogha mhór na coitiantachta é agus nach mbeidh siad ag díol aon chorrlach ar a bhua dá bharr!

Deireadh Fómhair 2008: An tAire Airgeadais, George Lee

Fógraíonn George Lee clár sceanairte de cháinaisnéis. Chun dul i ngleic leis an fhiachas náisiúnta, déanfar ciorruithe ollmhóra in achan Roinn. Cuirfear clár leasuithe ar an tseirbhís phoiblí i bhfeidhm agus beidh ar dhaoine meánaicmeacha breis cáin ioncaim a dhíol.

Maíonn Fianna Fáil go bhfuiltear ag gearradh píonóis ar dhaoine saibhre agus ar fhiontraithe agus nach bhfuil sé de mhisneach ag an rialtas dul i ngleic le lúbanna ar lár ar nós seandaoine saibhre atá ag baint leasa as cártaí leighis.

Cáineann a n-urlabhraí Gaeltachta, Éamon Ó Cuív an sceanairt atá déanta ar chiste Údarás na Gaeltachta. “Is bocht an dóigh é seo le caitheamh le heagras a rinne oiread sin do mhuintir na Gaeltachta,” a deir sé le linn díospóireacht Dála.

Aibreán 2009: Fógraíonn an rialtas nach mbeidh siad ag teacht i gcabhar ar dhrochiasachtaí na mbanc. Bunófar An Banc um Shlánú Náisiúnta (NRB) a chuirfeas airgead ar fáil do na bainc eile le hiasachtaí a thabhairt do chustaiméirí. Tabharfaidh sé seo borradh don gheilleagar trí thús a chur le hathshlánú eacnamúil a bheas bunaithe ar onnmhairiú earraí. Titeann luach tithe 100%.

Cáineann Fianna Fáil an NRB, ag rá go bhfuil dualgas ar an stát teacht i gcuidiú ar thógálaithe a rinne a gcion ar son an Tíogair Cheiltigh agus a chuaigh san fhiontar le postanna a chruthú i gceantair ar déanadh neamart daofa. Beidh na tógálaithe bochta seo fágtha ar an trá fholamh anois. Molann Fianna Fáil ina áit go mbunófaí Gníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sóchmhainní (nó NAMA) – drochbhanc a ghlacfadh seilbh ar dhrochiasachtaí tógála na mbanc a bhfuil a luach titithe go tubaisteach.

Ag a gcomhdháil bhliantúil deir Ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Trevor Sargent, go bhfuil faillí déanta ag Páirtí an Lucht Oibre sa chosmhuintir. Deir urlabhraí airgeadais an pháirtí, Deirdre de Búrca, go gcuirfidh sí deireadh ar fad leis an NRB má bhíonn sí ina hAire Airgeadais sa chéad rialtas eile.

Bealtaine 2009: Aire na Gaeltachta, Brian O Shea

Cuireann Aire na Gaeltachta, Brian O Shea, tús le próiseas chun comhtháthú a dhéanamh ar na heagrais Ghaeilge agus é ag maíomh go bhfuil rún aige iad a ghearradh ina leath. “A leithéid de sheafóid,” arsa urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, “Níl a dhóthain eagrais Ghaeilge ann mar atá. Ba cheart don Aire a líon a dhúbailt.”

Meitheamh 2009: Déantar slad ar pháirtithe an rialtais i dtoghcháin na hEorpa, sna toghcháin áitiúla agus in dá fhothoghchán i mBaile Átha Cliath. Is iad Fianna Fáil agus na Glasaigh is mó a dhéanann dul chun cinn sna toghcháin. Toghtar David McWilliams, iarrthóir Fhianna Fáil san fhothoghchán i mBaile Átha Cliath Theas, ar an chéad chomhaireamh.

Nollaig 2009: Cuirtear i leith an Taoisigh go bhfuil sé ag déanamh prácais de ghéarchéim na dtuillte agus na drochaimsire. Bronntar duais Polaiteoir na Bliana, urraithe ag Magill, ar urlabhraí airgeadais Fhianna Fáil Mary Coughlan, agus maítear gurb é an Tánaiste, Pat Rabbitte, an polaiteoir is lú a bhfuil bá ag an phobal dó.

Eanáir 2010: Léiríonn 80% de phobal na hÉireann i bpobalbhreith nua nach bhfuil muinín dá laghad acu as láimhseáil an rialtais ar an ghéarchéim gheilleagair. Dá mbeadh toghchán ann ar maidin, bheadh móramh suntasach ag Fianna Fáil astu féin agus bheadh na Glasaigh imithe chun tosaigh ar Pháirtí an Lucht Oibre agus iad ar an tríú páirtí is mó sa stát.

Ráflaí sna meáin go bhfuil ceannairc beartaithe i bPáirtí an Lucht Oibre in éadan cheannaireacht Phat Rabbitte. Ainm Éamon Gilmore á lua os íseal le teacht i gcomharbacht air.

Feabhra 2010: Imeacht David Mac Williams as FF

Éiríonn David McWilliams as Fianna Fáil agus as a phost mar Theachta Dála. Deir sé gur thug ceannaire an pháirtí an chluas bhodhar dá chuid tuairimí agus gur fáilte dhoicheallach a chur a chuid comhleacaithe roimhe. Séanann Brian Cowen na líomhaintí seo. Cáineann an tAire Airgeadais, George Lee, leanbaíocht agus soineantacht McWilliams.

Ceaptar Éamon Gilmore ina Choimisinéir na hÉireann chun na hEorpa.

Aibreáin 2010: Cáintear Enda Kenny mar nár choinnigh sé smacht ar na bónais a díoladh agus na socruithe pinsin a déanadh le baincéirí áirithe. Glactar a dhúshlán arís. Molann iarcheannaire an pháirtí Michael Noonan, vóta mímhuiníne ann agus cuidíonn an tAire Dlí is Cirt, Olwyn Enright leis an rún. Deir cúlbhinseoirí ar nós Lucinda Creighton, Leo Varadkar, Shane Mc Entee agus Denis Nuaghton go bhfuil muinín iomlán caillte acu as a gceannaireacht. Bíonn an lá leo agus fógraíonn Enda Kenny go mbeidh sé ag éirí as a phost.

Bealtaine 2010: Toghtar George Lee ina cheannaire ar Fhine Gael agus mar Thaoiseach na hÉireann. Ceapann sé Richard Bruton ina leascheannaire ar an pháirtí agus mar Aire Airgeadais. In agallamh eisiach le heagarthóir Beo deir an Taoiseach nua go bhfuil an-suim aige sa Ghaeilge agus sna meáin Ghaeilge ach go háirithe, ach go bhfuil colúnaí áirithe a mhaireann i saol na samhlaíochta agus nach scríobhann ach seafóid!

  • Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal i gCo na Gaillimhe.

Nasc

Ceannaire Fhine Gael, George Lee: http://www.youtube.com/watch?v=HtjMkxjnA58&feature=relatedAn tAire Oideachais, Brian Hayes: http://www.youtube.com/watch?v=eaIgXMl6ITA&feature=relatedCúlbhinseoir Creighton: http://www.youtube.com/watch?v=WQD6mupum5sGanley agus O Leary: http://www.youtube.com/watch?v=ZLIZAJhEdigAn Tánaiste, Pat Rabbitte: http://www.youtube.com/watch?v=eCpHDaykSy4Deirdre de Búrca http://www.youtube.com/watch?v=ht0jXlGaeIhttp://www.youtube.com/watch?v=RNOL7LNwLHg&feature=relatedCúlbhinseoir Varadkar: http://www.youtube.com/watch?v=-nnWPgegV8oAn tAire Gaeltachta, Brian O Shea: http://www.youtube.com/watch?v=L1sQ7ka3oEDavid McWilliams, FF: http://www.youtube.com/watch?v=aVmLZWVdp7ULowry agus Aonach Urmhumhan http://www.youtube.com/watch?v=T2EECART6G0

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.