D’éirigh uachtarán na Brasaíle, Lula, as oifig ar an 1 Eanáir tar éis ocht mbliana a d’athraigh a thír ó bhun go barr. Breathnaíonn Alex Hijmans siar ar shaol agus ar réimeas dhuine de na ceannairí polaitiúla is mó a bhfuil ardmheas orthu ar domhan.
Gan ach seachtain fágtha sa dara tréimhse mar uachtarán aige agus mé i mbun méarchláir, tá sé deacair smaoineamh ar pholaiteoir eile a bhfuil oiread measa ag a phobal air agus Luíz Inácio da Silva –nó Lula mar is fearr aithne air. De réir na pobalbhreithe deireanaí a rinneadh le linn a réimis tá ráta tacaíochta de 87 faoin gcéad aige. Is iomaí polaiteoir in Éirinn a bheadh in éad leis sin!
Agus ní ina thír féin amháin a bhfuil meas as cuimse ar an bhfear beag féasógach seo a mhúnlaigh cumhacht dhomhanda as tír a bhí, mar a déarfá, ‘ag forbairt’. Ag cruinniú mullaigh de chuid an G20 ag tús 2010, is éard a bhí le rá ag uachtarán Mheiriceá, Barack Obama, faoi Lula ná: “Sin é an fear!”
Le tuiscint cad is cúis leis an ngrá seo ar fad caithfidh muid dul siar sa stair, siar chuig an triomach a chéas drochthailte an stáit bhoicht Pernambuco in oirthuaisceart na tíre sna 1950í.
Rugadh Lula sa bhliain 1945 i mbaile beag i lár tíre Pernambuco. De bharr an triomaigh, ní raibh rath ar fheirm a mhuintire agus go gairid tar éis do Lula teacht ar an saol, thug a athair aghaidh ar chathair mhór São Paulo, mar a rinne na milliúin eile. Nuair a bhí Lula seacht mbliana d’aois, shocraigh a mháthair a athair a leanúint ó dheas leis an gcuid eile den mhuirín.
Anachain na Cathrach
Aistear na mílte míle a bhí ann, ar chúl trucaile. Ach níor aimsigh an teaghlach in São Paulo ach bochtanas. Bhí fadhb óil ag an athair agus bhí ar Lula - agus é in aois a sheacht mbliana - oráistí a dhíol ar an tsráid agus snas a chur ar bhróga le hioncam a sholáthar. Ach tháinig feabhas ar chúrsaí de réir a chéile. Agus é sna déaga, d’fhoghlaim Lula léamh agus scríobh. Is ábhar magaidh i measc go leor de mhuintir na Brasaíle go dtí an lá inniu, caint thútach a n-uachtaráin, caint a théann ar seachrán ón ngramadach go minic. (Bhraith muintir na Polainne locht gramadaí áirithe ar chaint Lech Wałęsa, ceardchumannaí longchlóis, nuair a d’fhógair sé na blianta siar go rithfeadh sé i dtoghchán le haghaidh na huachtaránachta sa Pholainn, ach thogh siad é, mórán mar gheall ar an locht.)
Fuair Lula post in aois a sheacht mbliana déag i monarcha stáin, áit ar chaill sé lúidín a láimhe clé i dtimpiste oibre. Chuaigh sé isteach i gceardchumann na n-oibrithe miotail i 1968 agus faoin mbliain ’75 bhí sé ina uachtarán ar an gcumann céanna.
Bhí deachtóireacht mhíleata i réim sa Bhrasaíl ag an am agus bhí cosc ar pháirtithe polaitiúla. Ach faoi stiúr Lula thosaigh na ceardchumainn ag éileamh chearta an phobail, agus ag tús na n-ochtóidí thosaigh sraith stailceanna ollmhóra a chuir ar shúile na nginearál go raibh a ré caite. In 1985, bhí daonlathas i réim sa tír in athuair. Agus bhí páirtí polaitiúil nua ar an bhfód: Páirtí na nOibrithe (PT.) Lula a bhí i gceannas ar an bpáirtí, agus b’eisean a sheas don uachtaránacht i 1989. Agus arís i 1994. Agus arís eile in 1998. Buaileadh é an trí bhabhta. Ach in 2002, ina cheathrú iarracht, bhí an bua ag an bhfear beag as Pernambuco. Agus leis sin, don chéad uair riamh i stair na Brasaíle, bhí an chosmhuintir i gceannas.
Biseach ar an mBrasaíl
Ní nach ionann agus ceannairí eile de chuid na heite clé i Meiriceá Theas, áfach, níor chuir rialtas Lula an ruaig ar infheisteoirí ó thíortha iasachta. Go deimhin, tháinig bláth agus rath ar gheilleagar na tíre. Chinntigh arduithe íosphá agus liúntas míosúil do theaghlaigh bhochta gur laghdaigh líon na ndaoine a bhí ag fáil bháis den ocras. Chinntigh infheistíochtaí móra i gcúrsaí oideachais gur thosaigh líon na ndaoine nach raibh léamh agus scríobh acu ag laghdú freisin.
Atoghadh Lula i 2006 d’ainneoin oilbhéimeanna chalaoise a bhain do Pháirtí na nOibrithe. Ocht mbliana tar éis dó theacht i gcumhacht tá caighdeán saoil gach uile dhuine sa Bhrasaíl feabhsaithe. Ach cé gur laghdaigh géire an bhochtanais d’fhan an deighilt idir saibhir agus daibhir chomh leathan agus a bhí riamh.
Tá tráchtairí polaitíochta ann a mhaíonn gur mhúch Lula spiorad muirthéachta na cosmuintire le liúntais teaghlaigh, arduithe íosphá agus líon teoranta d’infheistíochtaí feiceálacha. Go bunúsach, go bhfuil Lula i bpócaí lucht an tí mhóir. Tá cuid den cheart ag na tráchtairí seo. Go deimhin, is páirtí de chuid an mheánaicme agus ní den ísealaicme é Páirtí na nOibrithe sa lá atá inniu ann. Ach má chuireann tú ceist ar dhuine de na milliúin daoine a bhfuil cónaí orthu i mbruachbhailte bochta na tíre cén polaiteoir is fearr leo, ní chloisfidh tú ach freagra amháin: Lula.
Tháinig Dilma Rousseff, an chéad bhean a bheidh i gceannas ar an mBrasaíl, i gcomharbacht ar Lula ar chéad lá na míosa seo.
Scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex Hijmans a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl. Tá an leabhar is déanaí uaidh, ‘Splancanna ó shaol eile’ (Cois Life), ar fáil ó An Siopa Gathering