AR NA SAOLTA SEO
Deireadh le Neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Cé go bhfuil a míshástacht léirithe ag eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta faoin chinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhcheangal le hOifig an Ombudsman, ní gach duine a bheas míshásta faoi, dar le Breandán Delap.

Íomhá
An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin
Íomhá
An tAire Brendan Howlin
le William Murphy ar Flickr.com
Íomhá
Níor sileadh deoir i Sráid Mhaolbhríde
Íomhá
I measc an phobail, An Coimisinéir ag freagairt ceiste
Íomhá
Aire Stáit na Gaeltachta, Donncha Mac Fhionnlaoich

Seans gur mór an teist ar éifeacht Oifig an Choimisinéara Teanga é gurb é a thairg Roinn na Gaeltachta mar íobairt nuair a tháinig mactírí an Aire Howlin ag lorg stiall fhiall feola. Is fada cainteoirí Gaeilge ag maíomh gur bhallóg fhuar, bhalbh a bhí sa státchóras agus iad ag iarraidh gnó a dhéanamh trí mheán na teanga. Thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, dúshlán don státchóras chéanna agus chur sé chuige atmaisféar níos fábhraí is níos teolaí a bhunú don té gur mian leis gnó a dhéanamh leis an stát ins an chéad teanga oifigiúil. Buille trom don choimhlint sin é cinneadh an rialtais go mbainfear a neamhspleáchas ón Oifig. Ach is iomaí foras stáit a bheas faoi lúchair gur cuireadh múineadh ar an Choimisinéir óir gur bhior sa bheo a bhí ann agus é i mbun póilíneachta gan scíth ar chearta teanga phobal na Gaeilge is na Gaeltachta.

Is cinnte, mar shampla, go mbeidh an Roinn Oideachais breá sásta leis an chinneadh an Oifig a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman. Cuimhnímis gur tharraing an Coimisinéir aird ina chéad tuarascáil ar an easpa luacha a bhí an cáiníocóir ag fáil as an infheistíocht mhór atá á déanamh ag an stát i múineadh na Gaeilge. Léirigh sé go bhfuil beagnach 1,500 uair a chloig de theagasc sa Ghaeilge á gcur ar fáil do dhaltaí scoile thar thréimhse 13 bliana, ar chostas suas le €500m in aghaidh na bliana. Ina ainneoin sin, téann cuid mhór acu tríd an chóras oideachais gan líofacht bhunúsach a bhaint amach sa teanga. Tharraing sé aird ar seo siocair go raibh comhlachtaí stáit áirithe ag maíomh go raibh deacrachtaí acu daoine le líofacht Ghaeilge a earcú chun cloí lena ndualgais reachtúla i leith na Gaeilge. Ba léir gur cheist chigilteach a bhí anseo don Roinn Oideachais mar gur eascair díospóireacht phoiblí náisiúnta as an mhéid a bhí sa tuarascáil. Is beag deor i shilfear i Sráid Mhaoilbhríde mar sin faoin ghreasáil a tugadh don Oifig.

Aird ar Fhaillí, Tachtar an Teachtaire

Beidh an dream úd atá tiománta ar Bhéarla éigeantach a bhrú ar phobal na Gaeilge is na Gaeltachta sásta go maith leis an chinneadh seo fosta. Thug an Coimisinéir dúshlán don seasamh seo arís is arís eile. Sa chomhthéacs sin, is fiú cuimhneamh ar an imscrúdú tábhachtach a rinne an Oifig faoi leithcheal a rinneadh i leith cainteoirí Gaeilge sa státseirbhís. Léiríodh go bhféadfadh gur diúltaíodh arduithe céime a bhí tuillte acu do státseirbhísigh le Gaeilge mar nár cuireadh i bhfeidhm cinntí agus comhaontaithe Rialtais. Nuair a cuireadh deireadh le Gaeilge éigeantach sa státseirbhís sa bhliain 1974 tugadh isteach córas ina mbeadh marcanna breise (10%) ar fáil d’iarrthóir as inniúlacht sa Ghaeilge a bheith aige. Tharraing Tuarascáil Bhliantúil 2005 an Choimisinéara Teanga aird ar an fhaillí a rinne Ranna Rialtais áirithe i gcur i bhfeidhm córas na marcanna breise i gcomórtais inmheánacha áirithe. Ba ar bhonn ad hoc, go bunúsach, a cuireadh an córas seo i bhfeidhm ar fud na státseirbhíse. Mar thoradh ar an tsiléig seo, ceileadh deiseanna ardú céime ar chainteoirí Gaeilge agus cuireadh an t-uafás airgid is ama amú chuile bhliain ag seoladh státseirbhíseach chun na Gaeltachta le freastal ar chúrsaí a chuirfeadh snas ar a gcuid Gaeilge, cé gur dócha nach bhfaighfidís a dhath ar a shon. Go deimhin, bronnadh airgead cúitimh mar gheall ar an éagóir a deineadh ar bheirt státseirbhíseach sa Roinn Iompair agus sa Roinn Oideachais. Ar ndóigh bhí comhthoradh eile ag an tsiléig seo. Baineadh stangadh as a raibh i láthair ag seimineár i dTrá Lí i 2010 nuair a nocht an Coimisinéir nach raibh ach 1.5% de fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais in innimh a gcuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Cúis mhaith eile, b’fhéidir gur cheart an teachtaire a thachtadh.

Cos car Sheoltaí

Liosta le háireamh iad na héagóracha eile a ndeachaigh Oifig an Choimisinéara Teanga i ngleic leo ó bunaíodh é sa bhliain 2004. Is iomaí comhlacht poiblí a rialaíodh ina n-éadan de bharr gearáin ón phobal mar gur theip orthu a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nó faoi aon reachtaíocht eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge. Smaoiním, mar shampla, ar dhiúltú na n-údarás áitiúil cead a thabhairt seoltaí i nGaeilge a bheith i gclár nua na dtoghthóirí. Mar chosaint ar seo, mhaígh Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an ama, Dick Roche, nár cheart d’aon údarás áitiúil diúltú glacadh le hainm agus seoladh i nGaeilge ach nach n-úsáidfí ach an leagan Béarla de sheoltaí i gclár na dtoghthóirí lasmuigh de limistéir Ghaeltachta. Ach mhaígh an Coimisinéir go mbainfeadh a leithéid de chleachtas an bonn ar fad d’aitheantas oifigiúil a bheith ag seoltaí i nGaeilge, agus d’úsáid logainmneacha, comharthaíochta nó comharthaí bóthair dátheangacha.

Tharraing an Oifig aird fosta ar an mhoill shuntasach i bhfoilsiú leagan Gaeilge de threoirlínte maidir le cosaint leanaí a d’eisigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta d’iar-bhunscoileanna na tíre. Ainneoin tábhacht ríshoiléir a bheith ag baint leis an ábhar a bhí i gceist, ní raibh de rogha ag gach scoil a fheidhmíonn trí Ghaeilge ach cur i bhfeidhm na dtreoirlínte a phlé trí Bhéarla, an cheist a chur ar an méar fhada go mbeadh leagan oifigiúil Gaeilge ar fáil, nó iarracht a dhéanamh an doiciméid a aistriú iad féin. Foilsíodh an t-aistriúchán Gaeilge ar na treoirlínte faoi dheireadh i Meitheamh 2006, cé go raibh an bunleagan i mBéarla ar fáil i dtús aimsire le linn na scoilbhliana 2004/05. Anuas ar sin, chruthaigh imscrúdú eile de chuid an Choimisinéara Teanga go raibh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag déanamh éagóra ar scoláirí i scoileanna lán-Ghaeilge nuair nach raibh fáil ar leaganacha reatha i nGaeilge, i gcló agus go leictreonach, de shiollabais na n-ábhar éagsúil iarbhunscoile. Cé go raibh leaganacha Béarla de thromlach na siollabas ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, bhí 42 ábhar nach raibh leaganacha Gaeilge dá siollabais ar fáil ar an tsuíomh ghréasáin chéanna. Lena chois sin, chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna foráil de chuid an Achta Oideachais 1998 trí raon suíomhanna gréasáin oideachasúla a sholáthar trí Bhéarla amháin, beag beann ar riachtanais na ngaelscoileanna nó na scoileanna Gaeltachta.

Goimh?

Ná déanaimis dearmad ach an oiread gur rialaíodh in éadan Oifig an Choimisinéara Faisnéise, Emily O’Reilly, i dTuarascáil na bliana 2009, mar nach rabhthas ag cloí a bheag nó a mhór leis an scéim teanga a haontaíodh leo. Nach íorónta an scéal é go bhfuiltear ag iarraidh anois a neamhspleáchas a bhaint den Choimisinéir sa dóigh is go slogfaí isteach é faoi scáth an Ombudsman, Emily O’Reilly!

Tháinig na héagóracha seo chun tosaigh go príomha cionn is go raibh muinín ag pobal na Gaeilge i neamhspleáchas na hoifige. Bhí méadú as cuimse ag teacht ar líon na ngearán a tháinig faoina bhráid bliain i ndiaidh bliana. Comhartha é sin b’fhéidir nach bhfuil aon teora le faillí an státchórais maidir lena gcuid dualgais teanga, ach más ea, is comhartha é fosta go bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta níos eolaí anois faoina gcuid cearta teangan a bhuíochas do fhoilseacháin agus do chláracha oideachasúla a bhunaigh an Oifig. Deimhniú é seo fosta an géarghá atá le madra faire maith agus neamhspleách chun a chinntiú nach sárófar na cearta a baineadh amach tar éis blianta fada streachailte.

Is beag gol nó gioscán fiacla a chluinfear ó ranna áirithe stáit faoin chinneadh thubaisteach seo mar sin. Ach is mór an feall é nár chosain Aire na Gaeltachta neamhspleáchas na hOifige ó spite feamainne an mhionlach glórach atá ag iarraidh an bonn a bhaint de chearta teanga lucht labhartha na Gaeilge le fada.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.