Is léir go measann na páirtithe polaitíochta móra abhus gur chóir dúinn tacú leis na Meiriceánaigh a mhinice agus is féidir, ach nílim chomh cinnte go n-aontaíonn Peadar na Sráide anseo leo. Maidir le ceachtanna a thagann as aon chogadh, is léir go ligtear i ndearmad iad go rialta. Tá na hAstrálaigh san Asganastáin níos faide anois ná a bhíodar i Vítneam.
Léigh mé gur "damáiste comhthaobhach" LEATH de na hÁstrálaigh a fuair bás sa Bhít Neam ar son na Meiriceánach. An bhfuil an ceacht sin ligthe i ndearmad?