Aisteoir amharclainne agus teilifíse is ea Darach Ó Tuairisg, a bhunaigh an compántas puipéad Fíbín sa bhliain 2003. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid agus é i mbun dualgas éagsúil mar léiritheoir ar shraith cláracha dar teideal “Raidió na nÓg” atá á craoladh faoi láthair ar Raidió na Life.
"Fíbín: pléascadh lúcháire agus sonais"
Ba sa bhliain 2003 a bunaíodh Fíbín agus ó uair a bhunaithe tá aisteoirí de chuid an chompántais puipéad ag cur gliondair ar chroí na ndaoine a fhreastalaíonn ar a gcuid seónna. Ní fhéadfá gan dúil a chur i léirithe an chompántais seo, is cuma cé acu páiste thú nó duine fásta. Mar a deirtear ar shuíomh gréasáin an chompántais, tá Fíbín “dírithe ar dhráma ardcháilíochta a sholáthar do dhaoine óga agus dóibh siúd a bhfuil croí óg acu.”
Tháinig mé ar Fhíbín den chéad uair nuair a chonaic mé seó dá gcuid a bhí ag dul ar aghaidh in Ionad Ealaíon an Axis i mBaile Munna i rith an ESB Fringe Festival sa bhliain 2004. Ba é Stair na hÉireann – Cineál! an seó a bhí á léiriú acu, agus ba rud iontach é aghaidh na bpáistí a fheiceáil agus iad ag breathnú ar na puipéid. Shílfeá nach gcuirfeadh seó faoi stair na hÉireann – i nGaeilge Chonamara – slua mór gasúr bunscoile ó Bhaile Munna ag gáire. Ach chuir, go cinnte.
Bhí lucht féachana ní ba dheacra fós acu an dara huair a tháinig mé orthu. Tháinig an Ciste Craoltóireachta Gaeilge ar an saol i 2005 agus eagraíodh ócáid seolta le hé a lainseáil go hoifigiúil. Mar chuid den ócáid seo, chuir Fíbín mír ghairid óna seó Diabhlaíocht Dhéagláin i láthair – tugadh cuireadh dóibh é a dhéanamh d’fhonn píosa craic nó píosa siamsaíochta a chur ar fáil don lucht freastail. Bhí gach saghas Tuaisceartach i láthair ag an ócáid seolta, má thuigeann tú leat mé, agus ní raibh a fhios ag daoine roimh ré cé acu an n-éireodh le Fíbín daoine a chur ag gáire, nó an dteipfeadh ar an jóc. Bheadh ionadh orm dá dtuigfeadh níos mó ná tríocha faoin gcéad den lucht féachana céard a bhí á rá ag na haisteoirí, ach d’ainneoin sin, bhain chuile dhuine an-chuid taitnimh as an mír. Agus is dócha gurb é sin an bua is mó atá ag lucht Fhíbín – tá cur chuige físiúil ag an gcompántas agus tuigeann siad an chaoi le daoine a chur ag gáire, is cuma mura bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Mar a deir Ó Tuairisg é féin, “ní as Conamara chuile dhuine – ar an drochuair! – mar sin, caithfidh muid a chinntiú go dtuigfidh daoine an scéal fiú mura dtuigeann siad na focail.”Bhuail mé le Darach, duine de bhunaitheoirí Fhíbín, le gairid agus é ag tógáil sosa ón obair atá ar siúl aige faoi láthair i Raidió na Life. Is fear gealgháireach agus réchúiseach é a bhfuil an-chraic ag baint leis. Thuigfeá cad as a dtagann an spraoi a bhaineann le Fíbín dá gcaithfeá uair nó dhó ina chomhluadar – ag tús ár gcomhrá insíonn sé dom mar gheall ar Bhrian na mBromanna, carachtar a bhfuil “fadhb gáis” aige ón tsraith atá á léiriú aige do Raidió na Life faoi láthair. “Raidió na nÓg” atá mar theideal ar an tsraith deich gclár seo, atá dírithe ar pháistí bunscoile Bhaile Átha Cliath.
“Ba í an sprioc a bhí againn agus an tsraith seo á pleanáil againn ná samhlaíocht na bpáistí a spreagadh. Shíl muid go mbeadh sé iontach dá mbeadh deis ag páistí daoine atá ar comhaois leo a chloisteáil ar an raidió, ag labhairt faoi na rudaí a bhfuil spéis acu iontu. Den chuid is mó, is é an cineál Gaeilge atá le cloisteáil ar an raidió ná Gaeilge cainteoirí a bhfuil canúintí láidre acu agus a mbíonn focail mhóra dheacra á n-úsáid acu. Ní thuigeann páistí Bhaile Átha Cliath an Ghaeilge sin. Ba é sin an fáth ar roghnaigh mé Neelo [Niall MacDonagh, láithreoir teilifíse a bhíonn le feiceáil ar TG4] leis an tsraith a chur i láthair, mar go bhfuil Gaeilge Bhaile Átha Cliath aige.”Tá an tsraith, ar cuireadh tús léi ar an 16 Eanáir, comhdhéanta de mhíreanna réamhthaifeadta. Fágadh faoi na páistí iad féin é ábhar na míreanna a roghnú agus rinne lucht Raidió na Life an t-ábhar sin a thaifeadadh agus a chur in eagar. AisteoireachtSula ndeachaigh Ó Tuairisg leis an bpuipéadóireacht bhí cáil bainte amach aige mar Liam, carachtar sa sobalchlár “Ros na Rún”. Ach cad é a spreag a shuim san aisteoireacht?
“Agus mé ar an meánscoil, bhí an ghráin agam ar pheil. Chuir an múinteoir – Brendan Colleran, a d’imir ar fhoireann na Gaillimhe – den pháirc mé mar go raibh mé ag cur a chuid ama amú! Bhí dhá rogha agam. Le linn do na gasúir eile a bheith ag imirt peile, d’fhéadfainn staidéar a dhéanamh, nó d’fhéadfainn páirt a ghlacadh sa rang drámaíochta. Roghnaigh mé an drámaíocht, dar ndóigh!”Shocraigh Ó Tuairisg go nglacfadh sé bliain shaor i ndiaidh na hArdteiste, agus deir sé go bhfuil sé “ar bliain shaor go fóill!”
Ní raibh sé i gceist aige fós ag an uair sin a bheith ina aisteoir, ach tharla go raibh post ar fáil i dTaibhdhearc na Gaillimhe. Rinne sé triail agus d’éirigh leis páirt a fháil i ndráma a bhí á thabhairt chun na Danmhairge. Níorbh fhada gur tháinig “Ros na Rún” ag cnagadh ar an doras agus na léiritheoirí sa tóir air le páirt Liam a ghlacadh sa sobalchlár.
“Dúirt mé trí nó ceithre huaire nach raibh mé sásta é a dhéanamh. Ach ansin d’inis siad dom mar gheall ar an méid airgid a bheidís ag íoc liom. Ghlac mé leis an tairiscint láithreach bonn nuair a chuala mé faoin airgead – méid mór a bhí i gceist, shíl mé ag an am, mar nach raibh mé ach naoi mbliana déag d’aois!“Thaitin ‘Ros na Rún’ go mór liom ar feadh ceithre bliana. Ach ansin, rinne mé trí bliana sa bhreis. Ní hé nár thaitin sé liom i rith na mblianta deireanacha sin, ach is dóigh liom nach raibh mo chroí istigh ann a thuilleadh. Bhí go leor de na daoine ar oibrigh mé leo imithe faoin am sin. Agus an rud ba mheasa faoin gclár i rith na tréimhse sin ná go mbínn faoi cheangal ar feadh tréimhsí fada ama. Ba é an cineál conartha a bhí agam ná go mbínn ag obair ar feadh cúig seachtaine déag as gach sé mhí. Mar sin, bhíodh neart am saor agam idir mo *shoots *éagsúla. Bhíodh sé deacair go leor dul isteach i rudaí eile, mar sin. Bhíodh sé deacair coimitmint a thabhairt d’aon dream eile go ndéanfainn obair dóibh mar go mbíodh a fhios agam go mbeinn ag teacht agus ag imeacht an t-am ar fad.”Taisteal
Deir Darach gurb iad na paisin is mó atá aige ina shaol ná an taisteal agus an tseoltóireacht. Agus d’éirigh leis cuid mhór díobh araon a dhéanamh i ndiaidh dó “Ros na Rún” a fhágáil. Chaith sé dhá bhliain ag obair ar luamh, ar leis an dearthóir éadaigh George Davis é – an fear céanna a bhfuil an lipéad branda éadaigh Per Una deartha aige do Marks & Spencers.“Bhí an tréimhse sin iontach. Rinne mé turais thrasatlantacha farraige agus bhí an-am agam. Tógadh le báid mé, tá húicéar againn sa mbaile. Is é an grá is mó atá agam ná an taisteal. Thaistil mé timpeall na hÁise cúpla uair, chaith mé tréimhse i San Francisco agus thaistil mé timpeall na hEorpa chomh maith. Tá an taisteal sa teaghlach – agus muid inár ngasúir, bhíodh muid i gcónaí ag dul go háiteacha nua.”Agus céard é an buntáiste is mó a thugann an taisteal do dhuine, dar leis?“Nuair a fheiceann tú an chaoi a maireann daoine i dtíortha bochta, bíonn níos mó measa agat ar an méid atá agat. Osclaítear do shúile tríd an taisteal. Cuidíonn an taisteal go mór leat ó thaobh a bheith ag déileáil le daoine freisin, go háirithe agus tú ag castáil le daoine nua. Bíonn d’intinn i bhfad níos oscailte.
“Is dócha gurbh í an tír is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná Laos. Bhí an teorainn leis an Téalainn díreach i ndiaidh a bheith oscailte den chéad uair agus mise i Laos, agus ní raibh daoine geala feicthe ag muintir na tíre, den chuid ba mhó, roimhe sin – bhí chuile dhuine, na gasúir ach go háirithe, ag déanamh iontais díom.”Puipéid
Is cinnte go bhfuil Darach i ndiaidh saol neamhghnách a bheith aige go dtí seo. Níl mórán daoine sa saol seo ar féidir leo a rá gur thaistil siad an domhan ar luamh, agus ansin, tar éis dóibh filleadh óna gcuid eachtraíochta, go ndeachaigh siad leis an bpuipéadóireacht mar ghairm bheatha!Ach sin mar a tharla do Dharach. Agus ní hé gur fhoghlaim sé an cheird ó ghnáthphuipéadóir ach an oiread, ach d’fhoghlaim sé í ó na puipéadóirí is mó a bhfuil aithne orthu ar domhan – The Jim Henson Company.“D’eagraigh Telegael agus roinnt comhlachtaí léirithe eile cúrsa puipéadóireachta i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta. I ndiaidh an chúrsa, roghnaíodh triúr againn le tabhairt faoin bpuipéadóireacht sa tsraith teilifíse “The Hoobs”, a craoladh ar TG4, mise ina measc.“Shíl mé, right so, beidh seo an-éasca ar fad. Ach nuair a fhoghlaimíonn tú mionsonraí na ceirde, éiríonn sé an-deacair ar fad. Bíonn go leor, leor dianmhachnaimh i gceist. Bíonn ort a bheith airdeallach an t-am ar fad, go háirithe má bhíonn tú ag plé le ceamaraí le linn duit a bheith i mbun na bpuipéad. Caithfear an puipéad a bhrú chun tosaigh i gcónaí, agus caithfidh tú a bheith airdeallach i gcónaí nach bhfuil do chorp féin sa bhfráma.”
I ndiaidh dóibh an tsraith a chur i gcrích, shocraigh cuid acu a bhí páirteach sa chúrsa gur chóir dóibh compántas a bhunú. I measc na ndaoine sin bhí Micheál Ó Domhnaill, atá ina léiritheoir sinsearach leis an gcomhlacht teilifíse Telegael, agus Ali Mac Aindreasa, a bhí an-lárach sa chompántas go dtí gur fhág sé anuraidh le dul ag obair le hAbú Media.
“Shocraigh muid nach raibh caighdeán maith drámaíochta ann do dhaoine óga – lip-service amháin a bhí á thabhairt dóibh. Chonacthas dúinn go síleann daoine áirithe gur féidir leo rud ar bith a chaitheamh le chéile trí Ghaeilge agus go nglacfar leis. Síleann siad gur éacht ann féin é rud i nGaeilge a chur i gcrích, agus ní bhíonn siad buartha faoin gcaighdeán.”Ba é an chéad seó a léirigh Fíbín ná An Gabha ’s a Ghasúr agus tá ocht seó eile léirithe acu ó shin i leith. Bíonn sé mar aidhm acu trí sheó a léiriú in aghaidh na bliana – ceann amháin atá dírithe ar pháistí bunscoile, a thugann siad ar camchuairt idir mí Eanáir agus mí an Aibreáin; ceann eile (a bhíonn rud beag níos risqué) atá dírithe ar dhéagóirí, a thugann siad ar camchuairt go scoileanna samhraidh sna Gaeltachtaí uilig i rith an tsamhraidh; agus ceann eile arís a léiríonn siad go speisialta le haghaidh na bhféilte drámaíochta a bhíonn ar siúl i mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair.Sceideal crua
Caithfidh go mbraitheann Darach go bhfuil sé i mbun camchuairte leanúnaí, mar sin. Cén chaoi a dtéann a leithéid de sceideal i bhfeidhm ar dhuine? Agus an mbíonn impleachtaí i gceist ó thaobh an tsaoil phearsanta de?“Tá mé i gcaidreamh agus bíonn sé deacair a bheith as baile an t-am ar fad. Ach níl gasúir agam, mar sin níl an scéal róchasta. D’fhág Ali Mac Aindreasa an compántas mar thoradh ar an gcineál saoil atá i gceist. Éiríonn tú an-tuirseach agus an cineál seo oibre ar bun agat. Nuair a thosaigh mé amach, bhí an-suim agam san obair, agus dar ndóigh, tá go fóill. Ach bheadh sé éasca tú féin a scrios.”
Níl Darach ag aisteoireacht sna seónna a thuilleadh, rud a laghdaíonn an t-ualach oibre atá air.
“Bíonn fuil nua ag teastáil ó thaobh na haisteoireachta de. Má leanann tú ar aghaidh agus ar aghaidh éiríonn tú chomh sáite sa rud nach bhfeiceann tú é a thuilleadh. Mar a deirtear, ‘tá d’umhail ar na mionrudaí, agus ní léir duit na mór-rudaí.’ Cailleann tú na spriocanna a bhí agat agus tosaíonn tú ag troid le daoine mar gheall ar rudaí seafóideacha.”Agus an mbíonn troideanna ag titim amach go rialta sa chompántas?
“Bíonn daoine ag troid lena chéile. Ach is gnó é, ag deireadh an lae, agus níor mharaigh éinne aon duine eile go fóill. Níor tharla aon puppet murder sa chompántas fós!”Is é an ról atá ag Darach anois ná ról an léiritheora fheidhmeannaigh. Chomh maith leis sin, bíonn sé ag plé cuid mhór le maorlathas agus riarachán.
“Uaireanta braithim cineál aisteach faoi sin. Chuaigh mé leis an aisteoireacht agus leis na puipéid an chéad lá riamh mar gur theastaigh uaim bealach a bheith agam le mo chuid cruthaitheachta a chur in iúl. Ach dá mhéad a éiríonn an comhlacht rathúil is ea is minice a bhím ag plé le cúrsaí cánach agus cuntais agus rudaí beaga bídeacha eile a gcaithfidh tú a bheith ag smaoineamh orthu an t-am ar fad. Ach sin nádúr an ghnó, is dócha.”MaoiniúAgus Darach ag tagairt thuas don chomplacht a bheith ag éirí níos rathúla, is é ceann de na rudaí atá i gceist aige ná gur fhógair an Chomhairle Ealaíon i mí Eanáir na bliana seo go mbeidís ag tabhairt tacaíochta d’Fhíbín ar bhonn leanúnach, rud atá ina fhaoiseamh mór dóibh.“Ar a laghad anois tá a fhios agam go bhfuil post buan agam. Agus is féidir linn pleananna a dhéanamh de thoradh an maoiniú leanúnach a bheith faighte againn ón gComhairle Ealaíon. Roimhe sin, ní bhíodh muid in ann aon phleananna a dhéanamh.”An dóigh leis, mar sin, go bhfuil an tacaíocht a chuirtear ar fáil do lucht na drámaíochta sa tír seo maith go leor? Agus cén chaoi ar éirigh leo leanúint ar aghaidh sula bhfuair siad an maoiniú leanúnach ón gComhairle Ealaíon?
“Fuair muid an-chuid tacaíochta ó Údarás na Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge thar na blianta. Murach a leithéidí, ní bheadh muid ann ar chor ar bith. Maidir leis an bhForas, ní hé a jabsan, i ndáiríre, tacaíocht a chur ar fáil do lucht na drámaíochta. Ach thug siad an-chúnamh dúinn ó thaobh na gcamchuairteanna a bhí ar siúl againn taobh amuigh de na Gaeltachtaí. Is é gnó na Comhairle Ealaíon é tacú le compántais amharclainne, ach ní chuireann siad maoiniú leanúnach ar fáil do chompántais mura bhfuil siad ar an bhfód ar feadh ceithre bliana, ar a laghad. Ar bhealach, tá an t-ádh linn gur compántas Gaeilge muid agus go raibh leithéidí an Fhorais agus an Údaráis in ann teacht i gcabhair orainn. Ní thuigim cén chaoi a maireann na compántais Bhéarla ar chor ar bith.”Seónna fisiúla
Tá neart seónna curtha ar stáitse ag Fíbín thar na blianta leis an stiúrthóir Rod Goodall, fear a bhfuil obair déanta aige le Macnus, agus le U2 agus iad i mbun na camchuairte cáiliúla Zooropa.
“Buntáiste ollmhór dúinn is ea é nach bhfuil Gaeilge aige, mar sa gcaoi sin, is féidir leis a chinntiú go gcuirfear an seó i láthair ar bhealach fisiúil a thuigfidh chuile dhuine. Bhí Goodall an-mhaith dúinn. Cé gur stiúrthóir mór le rá é, thaitin coincheap Fhíbín leis agus bhí sé báúil linn. Mar sin, níor ghearr sé praghas ró-ard riamh orainn as a chuid seirbhísí. Tá sé ag obair faoi láthair ar Stair na hÉireann II linn.
“Is é an chaoi a n-oibríonn muid ná go dtagann na smaointe chugainn agus muid ag ól dí i bpub éicint, nó rud mar sin. Ansin, agus an téama socraithe againn, faigheann muid scríbhneoir leis an script a chur le chéile. Cé go mbíonn scríbhneoir i gceist, déantar an seó a fhorbairt ar bhealach orgánach freisin. Bíonn na haisteoirí ag cur leis an script, agus ag baint de, de réir mar leanann an réamhléiriú ar aghaidh. “Tá mise den tuairim nach féidir a rá le haisteoir, ‘abair é seo mar seo’ agus ‘déan é sin mar sin’. Má dhéanann tú amhlaidh, ní bheidh an t-aisteoir compordach leis an méid atá ar siúl aige agus ní bheidh an greann chomh héifeachtach is a d’fhéadfadh sé a bheith.”Is léir go bhfuil foirmle aimsithe ag Fíbín a bhfuil ag éirí go geal léi ó thaobh siamsaíocht a chur ar fáil do dhaoine, fiú sa chás nach mbíonn aon spéis acu sa teanga.“Uair amháin, bhí muid ag tabhairt an tseó go scoil samhraidh i Machaire Rabhartaigh i gContae Dhún na nGall. Nuair a bhain muid an áit amach, bhí na gasúir ar fad ag rá linn, ‘O God. Is this in Irish? Not more Irish Language. It’s crap. O, nooooooo.’ Ach ag deireadh an tseó, fuaireamar bualadh bos ollmhór, agus na gasúir ar fad ina seasamh ag ligean gár molta astu. Agus ba é an t-aoisghrúpa a bhí i gceist ná daoine idir cúig bliana déag agus ocht mbliana déag d’aois! Bhí siad an-tógtha leis agus bhí an-chraic acu. Bhí siad ag déanamh an oiread sin gáire go ndearna siad dearmad gur i nGaeilge a bhí sé!”Cé go ndealraíonn sé go n-éiríonn le Fíbín an lucht féachana a shásamh, cuireann sé as do Dharach nach mbíonn an meon céanna ag cuid de na múinteoirí a gcasann sé leo.“Cuireann sé as dom go mbeadh múinteoirí an-sásta a ndaltaí scoile a thabhairt go dráma i bhFraincis, dá ndéarfaí leo go raibh ceann ar siúl. Bheidís ag rá, ‘Oooo, Culture.
Fantastic! Caithfimid dul ann.’ Agus bheadh siad sásta €20 a íoc as in aghaidh an dalta. Ach ní bhíonn siad sásta, in amanna, fiú €5 a íoc as seó i nGaeilge a fheiceáil. Tá stigma ag baint leis an teanga go fóill. Nó murab é an stigma is cúis le hiad a bheith drogallach íoc as na drámaí a fheiceáil, caithfidh gurb é is cúis lena gcuid leisce ná go síleann siad gur chóir do chuile rud i nGaeilge a bheith saor in aisce de thoradh é a bheith i nGaeilge.”Is duine ar leith é Darach Ó Tuairisg. Agus in anneoinn go bhfuil sé an-óg go fóill – níl sé ach tríocha bliain d’aois – is léir gur duine é atá istigh leis féin. Tá mé cinnte nach bhfuil a ainm cloiste ag formhór na ndaoine sa tír faoin am seo. Ach déarfainn go bhfuil rudaí móra i ndán d’Fhíbín sa todhchaí. Agus chuile sheans go mbeidh áit chomh lárnach ag carachtair mar Bhrian na mBromanna i saol na bpáistí sna glúnta atá le teacht is a bhí ag Judge agus Sneaky the Snake agus Foxy i saol na ndaoine atá ar comhaois liomsa. Is í Caoimhe Ní Laighin eagarthóir na hirise seo.