Tá sé dhuais déag, ina measc ceann ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann ag deireadh na míosa seo caite, buaite ag Yu Ming Is Ainm Dom, gearrscannán Gaeilge leis an stiúrthóir Daniel O’Hara as Baile Átha Cliath. Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis faoin scannán seo agus faoin gceann nua atá díreach eisithe, Fluent Dysphasia.
Yu Ming is Ainm Dom (2003)
Is scannán é seo faoi fhear óg Síneach (Daniel Wu) a fhoghlaimíonn an Ghaeilge mar gur mian leis bogadh go hÉirinn. Nuair a bhaineann sé an tír amach, áfach, cuireann sé iontas an domhain air nach dtuigeann daoine gurb í an Ghaeilge atá á labhairt aige. Tá páirt bheag ag Frank Kelly (as Father Ted) sa scannán seo.
Lá iontach te, agus an ghrian ag spalpadh anuas ar an gcosán. Ní shílfeá gur in Éirinn a bhí tú ar chor ar bith. Ach nach minic a bhíonn tráthnónta fómhair níos fearr ná aon lá i lár an tsamhraidh. Bhíos ar Shráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath ag fanacht le Daniel O’Hara, an stiúrthóir óg scannáin agus teilifíse, agus ag baint sásaimh as an ngrian ag an am céanna.
Bhí mé i mo sheasamh taobh amuigh den Leabharlann Náisiúnta nuair a thug mé rud éigin ait faoi deara. Grianghrafadóir taobh thiar díom, ceamara mór aige agus lionsa fada air. Cúpla garda in aice liom. Ansin, chonaic mé carr ollmhór dubh ag teacht go ciúin inár dtreo. Na gardaí ina seasamh chun tosaigh, an grianghrafadóir ag cliceáil go beo. Stop an carr, agus é dorcha rúnda istigh. Splanc bheag de bhándearg, duine ag bogadh. Cé a bhí ann? Osclaíodh an doras. Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, ag tabhairt cuairte ar an Leabharlann. Aoibh an gháire uirthi agus í ag croitheadh lámh, agus ansin ar aghaidh léi isteach san fhoirgneamh.
Cúpla soicind ina dhiaidh sin, tháinig Daniel O’Hara ag siúl i mo threo. Cé go bhfuil neart duaiseanna bainte ag a ghearrscannán clúiteach Yu Ming is Ainm Dom, níl an *Merc *aige go fóill.
Is fear óg réchúiseach é Daniel, agus éide an mhic léinn á caitheamh aige: T-léine dhearg, bríste bánbhuí agus seanbhróga reatha. Spéaclaí gréine ar a cheann, agus cúpla leabhar faoin scannánaíocht agus scripteanna faoina ascaill aige.
“Ní féidir liom a rá go raibh a fhios agam i gcónaí céard ba cheart dom a dhéanamh sa saol. Ba iad na teangacha agus an ealaín na hábhair ab fhearr liom ar scoil, agus bhí mé ag rá liom féin gur mhaith liom bheith i mo stiúrthóir scannáin nó dul ag imirt le hArsenal! Is dócha go smaoiníonn tú mar sin agus tú óg - ní bhíonn a fhios agat.”
Fiafraím de ansin faoina chuid oideachais.
“Bhí mé ar scoil i mBelvedere agus, ina dhiaidh sin, rinne mé céim i gColáiste na Tríonoide.” Sin an áit ina bhfuilimid anois, inár suí faoin ngrian álainn. Gaeilge Bhaile Átha Cliath atá ag O’Hara; tá sé líofa ach sleamhnaíonn cúpla focal Gearmáinise nó Fraincise isteach ina chuid cainte ó am go chéile.
“Mar chuid den chéim - Staidear Gnó le Gearmáinis - chaith me bliain sa Ghearmáin ar scéim Erasmus. Bhí bliain iontach agam thall ansin i Regensburg, an bhliain is fearr i mo shaol, lán de chraic.”
B’ansin a bhlais sé cultúr eile den chéad uair.
“Ardeaglais ón 10ú céad, an Danube ag sníomh tríd an gcathair - bhí an ceantar go han-deas. Ar an drochuair, bhí an ollscoil í féin cosúil le UCD: foirgnimh mhóra a tógadh sna seascaidí! Bhí timpeall 20,000 mac léinn ann - daoine ó gach áit ar domhan. Thaitin gach rud go mór liom ansin agus ní raibh an oiread sin brú orainn.”
Neart taistil
Ó Dheireadh Fómhair 1995 go Meán Fómhair 1996 a bhí O’Hara lonnaithe i Regensburg, agus rinne sé neart taistil agus é ansin.
“Ní raibh Prág ach ceithre uair ar shiúl ar an traein. Bhí cairde agam timpeall na hEorpa, i Maidrid, sa Róimh, i mBeirlín, i Salzburg, ar an scéim chéanna ag foghlaim teangacha eile. Sa Ghearmáin, tá ticéad speisialta ann do dhaoine óga a chuireann ar a gcumas taisteal ar chostas íseal ag an deireadh seachtaine. Deutschemarks a bhí i gceist ag an am sin, ach níor chosain an taisteal mórán.
“Nuair a bhain mé mo chéim amach, agus tar éis dom samhradh a chaitheamh sna Stáit Aontaithe, chuir mé isteach ar obair le comhlachtaí teilifíse in Éirinn agus i Sasana. Chuir mé iarratas isteach chomh maith leis an Dioplóma Iarchéime i Léiriúchán Scannán a dhéanamh in DIT [Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath] agus ghnóthaigh mé áit.”
Thosaigh O’Hara ansin i 1997 ar chúrsa a mhair ar feadh bliana acadúla, agus a dhírigh ar ghnéithe éagsúla den scannánaíocht.
“Athraíodh an cúrsa go cúrsa bunchéime ceithre bliana ansin, cúrsa níos leithne i scannáin, físeáin, raidió agus iriseoireacht, measaim. Bhí an t-adh liom go raibh an cúrsa iarchéime ann domsa ag an am - ach, fós féin, ní raibh mórán oibre le fáil ina dhiaidh.”
Tháinig post, áfach, as an obair a rinne sé gan phá le linn bhliain an dioplóma.
“Bhí mé ag cabhrú le *Podge and Rodge *[clár grinn a bhíonn le feiceáil ar RTÉ 2] le linn chéad séasúr an chláir, agus sheas sé sin liom. Fuair mé an taithí oibre sin trí chol ceathrar de mo chuid, agus bhí an t-ádh liom go bhfuair mé post le Double Z Enterprises [lucht déanta an chláir] i 1998.
“Bhí ormsa féachaint i ndiaidh na héadaí agus na propanna a cheannach agus mar sin de. D’oibrigh mé leo go dtí an ceathrú séasúr de Podge and Rodge, so bhí mé bainteach le Dustin, agus Zig and Zag chomh maith. Bhí na scríbhneoirí agus na stiúrthóirí an-fhláithiúil go deo liom maidir le comhairle agus áiseanna. Thug siad ceamara digiteach dom ar iasacht nuair nach raibh sé in úsáid acu, agus chleacht mé leis aon deireadh seachtaine a bhí mé in ann. Bhí sé sin go hiontach dom, mar ní raibh aon DV, ach scannán, déanta agam in DIT.
“Lig siad dom cúpla mír DV a scannánú do Podge and Rodge. Fuair mé mo chéad phost mar stiúrthóir DV as, le clár siamsaíochta, *It’s a Family Affair *[Green Inc. Productions]. Mise ag dul go teach teaghlaigh chun píosaí beaga a thaifeadadh a taispeánadh mar mhíreanna le linn an chláir sa stiúideo. Sin an fhuinneog, más maith leat, a osclaíodh dom mar stiúrthóir.”
Níl sé tar éis bheith ag obair go leanúnach ó shin, áfach.
“Bíonn sé deacair postanna fadtéarmacha a fháil sa tionscal seo, go háirithe nuair atá tú ag tosú,” a adhmaíonn O’Hara. “Bíonn an-chuid ‘bearnaí’ i saol an tsaorstiúrthóra. Níl aon mhaith duit bheith ag fanacht - caithfidh tusa glaoch ar dhaoine agus seó-ríl mhaith a chur le chéile. Fuair mé roinnt cleachtaidh air sin le bannaí ceoil agus mé ag lorg oibre leis an gceamara DV.”
San earnáil teilifíse atá an chuid is mó dá chuid oibre faighte aige go dtí seo.
“Rinne mé píosaí do Househunters *[Coco Television] agus *Breaking Ball *[Setanta Sport], ach an chéad sraith iomlán a fuair mé mar stiúrthóir ná *The Soccer Show, a léirigh an FAI [Football Association of Ireland] agus a craoladh ar SkySports. Bhí an-áthas orm bheith ann don tsraith iomlán, agus bhí stiúrthóir eile ag obair liom.”
An dátheangachas
Agus duine ag lorg oibre san earnáil teilifíse in Éirinn sa lá atá inniu ann, is buntáiste éigin é a bheith dátheangach. Dála go leor den dream nua atá ag déanamh scannán, scríobhann O’Hara scripteanna i mBéarla agus i nGaeilge, ionas go mbeidh seans níos fearr aige coimisiúin a fháil ó TG4 agus RTÉ.
“Níor úsáid mé an Ghaeilge ón am a d’fhág mé an scoil. Thosaigh mé uirthi arís i samhradh 2002, mar bhí orm cur isteach ar scéimeanna cláracha de chuid TG4. Ar ndóigh bhí foclóir agam an t-am ar fad, agus bhí ar dhuine eile na hiarratais a léamh sular seoladh isteach iad.”
Taitníonn an drámaíocht agus cláracha faisnéise le O’Hara ach deir sé gur fearr leis an drámaíocht.
“Tá níos mó suime agam i scéalta (cé go mbíonn scéal i gceist le clár fáisnéise chomh maith). Is breá liom bheith in ann rud a chruthú ón tús, an smaoineamh féin. Ní bhíonn gá le script díreach ag an tús.”
Mar sin, an bhfuil níos mó deiseanna sa teilifís nó sna scannáin, dar leis?
“Go gearrthéarmach, ba mhaith liom oibriú ar chláracha teilifíse, agus bheadh fadscannáin níos faide síos an líne. Faoi láthair táim ag cur isteach iarratas chuig comhlachtaí a léiríonn drámaí, anseo agus i Sasana. Ar ndóigh, tá sásamh le baint as sraith teilifíse, ach is é an fadscannán an bhrionglóid.”
Cé gurbh fhearr leis bheith ag stiúradh ná bheith ag scríobh, is é tuairim O’Hara gur cheart go mbeadh script chruinn ann.
“Is cuma liom má scríobhaim féin é nó má scríobhann duine eile é, má thaitníonn an script liom, oibrím air. Ach tá rud amháin a chaithfidh mé a rá: ní féidir script a aistriú. Ní oibríonn sé.”
Le Yu Ming is Ainm Dom, a bhfuil go leor duaiseanna buaite aige ar fud an domhain, bhí spriocanna faoi leith ag O’Hara.
“Bhí trí rud le cur in iúl agam ansin, agus an chéad rud ná an teanga a chur os comhair an phobail i slí cineál glic. Smaoinigh mé ar an dara rud mar tá daoine ann nach bhfuil cuma Éireannach orthu - ach tá siad chomh hÉireannach leatsa nó liomsa. Is tír ilchiníoch í seo anois agus is ábhar áthais dom é sin. An tríú rud ná an mothúchán a bhuaileann tú nuair atá tú in áit eachtrannach, uaireanta - “iasc as uisce”, mar a deirtear. Chuaigh mé go dtí an tSeapáin agus Saipan le linn Chorn an Domhain in 2002, agus is cuimhin liom féachaint ar na biachláracha gan bheith in ann tada a thuiscint. Thaitin Fraincis agus Gearmainis liom ar scoil - ach is féidir foclóir a úsáid leosan. Ní raibh aibítir na Seapáinise ar eolas agam fiú! Bhí mé ag iarraidh an mothú sin a chur in iúl sa scannán.
“Go dtí gur glacadh le *Yu Ming Is Ainm Dom *sna féilte, níor fhreastail mé riamh ar fhéile scannán ar bith, ach amháin ceann Bhaile Átha Cliath, leis an ‘scannán rúnda’. Braithim anois gurbh iad na féilte an taithí is fearr a bhí agam taobh amuigh den scannán féin a dhéanamh. Gaillimh ar dtús - an tslí a ndeachaigh sé i bhfeidhm ar an lucht féachana. Bhí mé ansin ag faire agus ag rá liom féin, ‘Céard a cheapfaidh siad?’ Sin an fáth a ndéanann tú an scannán. An rud eile a bhí go hiontach domsa ná gur cuireadh m’ainm in intinn daoine nár chuala riamh fúm. Sin an rud is fearr a thagann as na féilte.”
Agus chun an leas is fearr a bhaint astu, is gá duit bheith i láthair acu. Níor bhain sé sin pioc as an stiúrthóir óg seo, ar maith leis bheith ag taisteal ar fud an domhain.
“Bhíos i Montréal anuraidh ag an bhféile Just For Laughs. Faraor géar, ní féidir dul chuig chuile fhéile, de cheal airgid! Chuaigh mé chuig Aspen, Colorado, i mí Aibreáin agus ní raibh ach 58 scannán ar siúl ag an bhféile ansin. Mar sin, bhí deis bualadh le gach duine agus seans maith go raibh do ghearrscannán feicthe acu. Faigheann tú roinnt mhaith teachtaireachtaí ríomhphoist tar éis féilte mar sin, agus is bealach áisiúil iad i gcónaí chun dul i dteagmháil le léiritheoirí.”
Dar ndóigh, tá sé níos fearr fós má tá tú in ann a rá le daoine go bhfuil tionscadal nua idir lámha agat. An bhliain seo chugainn, tá O’Hara ag iarraidh dul ar ais go Colorado mar go bhfuil sé i gceist acu DVD a chur le chéile ansin.
“Má éiríonn leat scannán a fháil isteach sna féilte seo, cabhraíonn sé go mór leat. Tá súil agam go dtiocfaidh obair eile as. Tá suim mhór agam bheith ag taisteal. Ceapaim go bhfuil an t-ádh leat má tá bunáit agat i dtír amháin agus seans agat taisteal. Ba bhreá liom oibriú sa Ríocht Aontaithe nó sna Stáit Aontaithe.”
Agus an fonn sin air, cén fáth a ndéanann sé gearrscannáin i dteanga, an Ghaeilge, nach dtuigtear i gcuid mhaith den domhan, nuair atá ceann eile aige atá le fáil níos forleithne?
“Tá níos mó i gceist ná na focla. Féach ar Hector [Ó hEochagáin]. Ní thuigeann gach éinne sa bhaile na focla atá á rá aige, bíodh siad i Spáinnis nó i nGaeilge, ach tuigeann siad é mar sin féin agus taitníonn sé leo. ‘Is cuma muna dtuigim, tá mé ag baint suilt as a bhfuil le feiceáil agam’.
“Ní fhaca mé scannán Gaeilge ar bith, gur cuimhin liom, ach amháin Lipservice [Brother Films, 1998]. Chuaigh sé sin i bhfeidhm orm mar bhí an Ghaeilge ann go réadúil agus bhí sé sothuigthe. Bhí gach éinne in ann é a thuiscint. B’fhéidir gur chuir sé sin ag smaoineamh mé. Níl an Ghaeilge do na Gaeltachtaí amháin - agus níl an dualgas ar mhuintir na Gaeltachta í a mhúineadh do mhuintir na Galltachta. Tá daoine ann nach bhfuil sa Ghaeltacht, agus tá Gaeilge de shaghas éigin acusan freisin. Mar phríomhtheanga de chuid na tíre, níl go leor á dhéanamh di faoi láthair. Cheap mé go raibh cúrsaí aibí chun scéal a scríobh.”
Féith an ghrinn
Tá féith ghrinn O’Hara le feiceáil sna tionscadail atá déanta aige go dtí seo.
“Is ea, taitníonn cláracha grinn liom, ar nós *Only Fools and Horses, Blackadder, Fawlty Towers *- bíonn siad i gcónaí ar siúl ar an mbosca inár dteach.”
Faoi láthair tá O’Hara i mbun scripteanna a fhorbairt do TG4 le Paddy C. Courtney (aisteoir agus fear grinn ar oibrigh sé leis cúpla uair roimhe seo) do shraith ghrinn.
“Tá an chéad script scríofa, agus imlínte do na cláracha eile againn, ach caithfear iad a phlé tuilleadh.” Beidh an tsraith suite i mBaile Átha Cliath, agus “ag dul níos faide leis an dátheangachas.”
Ó thaobh scannán níos dáiríre de, luann sé cúpla ceann a thaitníonn leis.
“An deireadh seachtaine seo caite, cheannaigh mé dhá DVD: Chinatown agus Rosemary’s Baby. Tá meas agam ar Roman Polanski, dar ndóigh.”
Measann sé gur cheart scannán a fheiceáil ar an scáileán mór, chun an éifeacht is fearr a fháil.
“Is cuimhin liom an chéad scannán dá bhfaca mé riamh sa phictiúrlann, Snow White and the Seven Dwarves (agus níorbh é sin an chéad uair a tháinig sé amach!) Is ea, sin scannán a chuaigh i bhfeidhm go mór orm. Bhí mé an-óg an an am - thart ar a trí, b’fhéidir.”
Lean an spéis sin sa bheochan, mar le linn a chuid taithí oibre agus é fós sa mheánscoil, chuaigh sé ag obair le Sullivan Bluth Studios i mBaile Átha Cliath.
“Bhíos san idirbhliain ag an am. An jab a bhí agam ná pictiúirí na n-ealaíontóirí a fhótachóipeáil, agus seoladh ansin iad chuig an gCóiré le bheith aistrithe ina gcillíní agus le bheith péinteáilte. An tionscadal a bhí idir lámha acu ag an am sin ná Stanley’s Magic Garden *(a eisíodh faoin teideal *A Troll in Central Park).”
Agus céard faoi thionchar na scannán Eorpach?
“Thaitin *Run Lola Run *[1998] go mór liom, go háirithe mar gur thuig mé an chuid is mó dá raibh á rá acu sa Ghearmáinis. Ach measaim nach dtagann chugainn anseo ach fíorbheagán de na scannáin a dhéantar san Eoraip. Ní fheicimidne ach na cinn ‘mhaithe’, is dócha.”
Scannán nua
Taispeánadh scannán nua O’Hara, Fluent Dysphasia, ag Féile Scannán Chorcaí an mhí seo caite agus bhuaigh sé gradam an lucht féachana don ghearrscannán is fearr Éireannach. Téann Fluent Dysphasia *níos faide fós ná *Yu Ming, is dócha, le téama an dátheangachais.
“Fear a chailleann teanga atá i gceist anseo agus ní déarfaidh mé aon rud eile faoi mar tá sé le teacht amach go gairid agus níor mhaith liom an scéal a loit.” Scéal faoin gcairdeas agus an teagmháil idir athair (Stephen Rea) agus iníon sna déaga (Jayne Stynes) atá i gceist ann.
Rinneadh an gearrscannán seo, atá 16 nóiméad ar fhad, a thaifeadadh taobh istigh de cheithre lá agus, ar nós Yu Ming, tá *Fluent Dysphasia *suite sa phríomhchathair den chuid is mó, ach amháin an radharc deireanach.
“Ná habair cén áit - is rún é, as a mbainfidh an lucht féachana sult.”
Thaitin an taifeadadh le O’Hara, cé go raibh brú ama ar gach éinne.
“Aisteoirí den scoth a bhí ann; measaim gur cheart súil ghéar a choinneáil ar Jayne Stynes; níl sí ach cúig bliana déag d’aois agus tá sí fíormhaith.”
Bhí cúpla duine sa chriú a raibh seanaithne ag O’Hara orthu, mar shampla na deartháireacha Fergal agus Fiachra O’Hanlon ar an gceamara agus ar an bhfuaim faoi seach, beirt a bhíodh ag obair ar Podge and Rodge, agus lucht *Yu Ming *chomh maith.
“Bhí an fhoireann ar ais le chéile agus d’oibríomar go han-mhaith lena chéile,” arsa O’Hara, agus meangadh gáire ar a aghaidh. “Bhí Gráinne O’Carroll agam arís mar léiritheoir, agus rinne Juniper Calder an eagarthóireacht. Chum Donnacha Costello, a sheinneann ceol leictreonach, an ceol dúinn, agus oireann sé go maith don scéal.”
An dóigh leis go gcruthóidh an teideal fadhbanna litrithe do roinnt iriseoirí agus lucht priontála chláracha na bhféilte?
“Ní raibh teideal agam ar dtús. Bhí mé ag caint le cara liom a oibríonn i Lárionad Leighis agus, nuair a chuala sí scéal na scripte, dúirt sí liom go raibh galar ann darbh ainm ‘Fluent Dysphasia’. D’fhéach mé san fhoclóir leighis agus léigh mé faoi agus d’úsáid mé é mar mar theideal.”
Tá mé cinnte, dála Yu Ming Is Ainm Dom, go gcloisfear go leor faoin scannán seo agus faoi shaothair eile de chuid an stiúrthóra chumasaigh seo sna blianta atá amach romhainn.
Is as Contae na Mí í Ruth Nic Giolla Iasachta. Bhog sí go Páras an fómhar seo, tar éis di an tArd-Teastas san Oideachas a bhaint amach i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.
As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.