Is maith le Colm Mac Séalaigh an dírbheathaisnéis a foilsíodh deireadh 2010, ’If You Don’t Know Me, Don’t Judge Me’. Is ó bhéal Dan Shanahan, iománaí Phort Láirge, a tháinig cuntas an leabhair.
Deirtear nach n-insíonn an ceamara aon bhréag. Bíodh sin fíor nó ná bíodh, cé nach bhfuil i ngrianghraf ach mionspléachadh ar ábhar nó ar eachtra, is minic a insíonn sé go leor ina thaobh. Coinníonn grianghraif cuimhní beo, úr. I gcúrsaí spóirt, tugann grianghraif cluichí, imreoirí, eachtraí agus pearsain chun cuimhne agus cuireann siad go mór leis an taitneamh a bhainimid astu blianta ina ndiaidh. Tugann grianghraf léargas ar nóiméad áirithe in am, tugann sé comhthéacs don eachtra ar bhealach nach bhfuil na scórtha focal in ann a dhéanamh ach, uaireanta, fágfaidh sé muid sa riocht nach bhfuilimid cinnte faoin bhfírinne iomlán atá taobh thiar den íomhá. Ní iontas ar bith é mar sin go bhfuil oiread tóra i gcónaí ag lucht tarraingthe grianghraif ar eachtraí spóirt, agus go mbíonn na meáin scríofa breac le grianghraif de gach cineál spóirt.
Eascraíonn na smaointe seo as dírbheathaisnéis an laoch iománaíochta as Port Láirge, Dónal Ó Seancháin, a foilsíodh i ndeireadh na bliana seo caite, ‘If you don’t know me don’t judge me’. Is iad Transworld Ireland na foilsitheoirí. Is é is ábhar don leabhar ná tuairisc Uí Sheancháin ina chuid focal féin ar a sheal mar iománaí ó bhí sé ina ghasúr go dtí an lá a d’fhág sé slán lena chomrádaithe ar fhoireann sinsir Phort Láirge. Ní nach ionadh, baineann formhór an scéil le tréimhse rathúil Uí Sheanacháin mar iománaí sinsearach idirchontae agus b’fhada an t-achar a chaith sé sa ról sin. Thosaigh a thréimhse i 1996 agus é seacht nó ocht mbliana déag d’aois (níl sé féin róchinnte de!). D’imir sé a chéad chluiche i gcraobhchomórtas na Mumhan i 1998 agus chroch sé na seolta ar 15 Lúnasa 2010. Tá a chur síos ar an nóiméad a scor sé leis an bhfoireann lom agus giorraisc agus lán le cumha.
Imreoir a Tharraing Súil Ceamaraí
Mar is iondúil i gcás leabhair den chineál seo, tá na grianghraif tábhachtach. Iontu féin, is cuntas iad ar eachtraí a tharla, agus ina theannta sin oibríonn siad chun forleathnú a dhéanamh ar an téacs. Is trua nach bhfuil níos mó grianghraf sa leabhar ar bhealach mar rud amháin atá fíor faoin Seanachánach ná gur maith leis an gceamara é, pé acu an i lár an aicsin a bhíonn sé nó i láthair ag ócáid fhoirmiúil éigin.
Tugann dhá ghrianghraf sa leabhar léargas breise ar scéal a insíonn an Seanchánach faoi ghaol a thit as a chéile. Sa chéad ghrianghraf tá Dan agus Justin Mac Cárthaigh, bainisteoir na foirne, ag comóradh a mbua ar Luimneach i gcluiche ceannais na Mumhan in 2007, cluiche inar aimsigh Ó Seanacháin trí chúl agus trí chúilín agus a chinntigh go bhfaigheadh sé gradam Iománaí na Bliana ina dhiaidh sin. Sa ghrianghraf úd, tá meangadh mór gáirí ar an mbeirt agus iad ag breith leathbharróige ar a chéile le sceitimíní áthais. Sa dara ceann, ó 2008, agus é bainte den pháirc ag Justin, feictear Dan ag seachaint lámh an Chárthaigh agus é ag teacht chun na taobhlíne. Dá mbeadh breith aige ar a aiféala deir Ó Seanacháin, ní dhéanfadh sé arís an rud a rinne sé an uair sin. Léiriú é ar a charachtar is dóigh go bhfuil an grianghraf áirithe sin sa leabhar aige nuair is údar náire agus aiféala aige ó shin gur thug sé droim láimhe dá bhainisteoir.
Is léiriú é an scéal seo ar cheann de na gnéithe míthaitneamhacha, díomácha a bhaineann le spórt ag gach leibhéal agus is é sin scaradh na gcarad nó an t-easaontas a tharlaíonn rómhinic idir dhaoine a bhí tráth den saol ina ndlúthchairde. In 2007, agus Craobh na Mumhan buaite ag Port Láirge, tá siad mór le chéile, Dan agus Justin. Bliain amháin ina dhiaidh sin, tá athrú tagtha ar an scéal, na cairde scartha, an gaol briste. Ar nós formhór lucht an phainéil, ní mó ná sásta a bhí an Seanchánach le bainistíocht Mhic Cárthaigh faoi thús samhradh 2008 agus ba ghearr i ndiaidh a mbuailte ag an gClár sa chéad bhabhta den chraobhchomórtas gur chuir na himreoirí deireadh le réimeas Mhic Cárthaigh mar bhainisteoir ar fhoireann Phort Láirge. Ceann de na scéalta is suimiúla sa leabhar an scéal seo agus tugann an Seanchánach léargas grinn ar an bpróiseas a ba chúis leis chomh fada is bhain sé leis na himreoirí.
Buail an Camán is Seachain an Sliotar!
Grianghraf suimiúil eile ná ceann a foilsíodh sna nuachtáin an lá tar éis chluiche ceannais na hÉireann in 2008. Feictear beirt de chosantóirí Cill Chainnigh sa ghrianghraf ag dul ‘i ngleic’ le Dan le linn na himeartha. Anois cuimhnigh go raibh an chraobh áirithe sin buaite i bhfad roimh leath ama ag Cill Chainnigh, ach ina ainneoin sin ní raibh aon staonadh ná maolú ar a n-imirt fhíochmhar faoi mar a léirítear sa ghrianghraf. Tá feall á dhéanamh ag an mbeirt chosantóirí, Noel Hickey agus JJ Delaney, ar an Seanachánach a bhfuil ceithre lámh na beirte timpeall a mhuiníl, gan an sliotar le feiceáil. B’fhéidir gur thug foireann Chill Chainnigh aird ar leith ar Dan mór le teann faitís roimhe!
Díol spéise an méid atá le rá ag Ó Seancháin faoi imreoirí Chill Chainnigh: “Tá iománaithe Chill Chainnigh difriúil: cuireann siad a lámha timpeall do mhuiníl; imríonn siad camán an chéile chomhraic seachas an sliotar; déanann JJ Delaney a lán calaoisí, téann sé in airde ar do dhroim agus éiríonn leis éalú gan phionós a fhulaingt”. Is beag eile atá le rá aige faoi Chill Chainnigh le hais an mhéid mholta a thugann sé d’imreoirí Chorcaigh agus Thiobraid Árann.
Tríd is tríd, don té a bhfuil suim aige san iomáint nó i scéal fhoireann Phort Láirge le dhá bhliain déag anuas, ábhar léitheoireachta taitneamhach nach gcuirfidh stró ná dúshlán mór ar an léitheoir atá i ndírbheathaisnéis Dan Uí Sheancháin. Leanann an leabhar an fhoirmle choiteann – óige, tús ré imeartha leis an gcontae, cluichí móra, gaol le himreoirí, bainisteoirí, lucht na meán agus lucht tacaíochta, tábhacht clainne agus cairde. Tugann sé léargas anseo is ansiúd ar an ngaol a bhíonn idir imreoirí as contaetha éagsúla, gaol a bhíonn ina chairdeas go minic agus a bhíonn searbh uaireanta eile. Is fiú an leabhar a léamh ach ná bí ag súil le saothar liteartha den scoth!