AR NA SAOLTA SEO
Cúpla cinneadh tábhachtach le déanamh i gcúrsaí iompair go luath
Pádraig Mac Éamoinn Pádraig Mac Éamoinn

Féachann Pádraig Mac Éamoinn ar chuid de na cinntí atá le déanamh ag Rialtas na hÉireann go luath maidir le cúrsaí iompair.

Íomhá
Michael O'Leary, Príomhfheidhmeannach Ryanair
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tá go leor taithí ag an rialtas seo ar bheith ag cur cinntí ar an méar fhada, ar a laghad i gcúrsaí iompair. (B’fhéidir gur cheart d’ollscoil éigin sa tír seo Ionad Náisiúnta Taighde Moilleadóireachta a chur ar bun!) Anuraidh, gealladh cinneadh faoin dara críochfort ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus gealladh arís é cúpla mí ó shin. Anois, de réir dealraimh, foilseofar rud éigin mar gheall air i rith mhí na Bealtaine. Nó b’fhéidir nach bhfoilseofar.

Is léir gur cnámh spairne é seo sa chomh-aireacht. An bhfaighidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Aer Rianta mar a bhí) an bronntanas luachmhar seo? Nó an mbeidh críochfort príobháideach ann agus é in iomaíocht leis an bhfoirgneamh atá ann anois (rud a chuirfeadh gliondar ar chroí crua Mhíchíl Uí Laoire, atá ag lorg a leithéid – go glórach – le fada)? Nó an dtiocfar ar chomhréiteach, agus an mbeidh comhlacht príobháideach ag reáchtáil an chríochfoirt agus é ar cíos aige ón Údarás?

Níor chabhraigh an phraiseach i gcúrsaí slándála le déanaí le cás an Údaráis, agus níor chabhraigh nochtadh a fhiacha ach an oiread, ach níl an bhean ramhar ag gabháil fhoinn fós agus ba chróga an té a chuirfeadh a phinsean ar gheall go bhfágfar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath as an gcluiche go huile agus go hiomlán.

Cinneadh eile a fhoilseofar i rith mhí na Bealtaine ná toradh na n-iarratas Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (OSP) is déanaí. Is éard atá i gceist le seirbhísí eitleáin OSP ná bealaí nach bhfuil – de réir dealraimhgo leor brabúis le saothrú ag comhlachtaí príobháideacha orthu, ach a bhfuil tábhacht shóisialta ag baint leo (mar shampla, chun gnó a fhorbairt i gceantar iargúlta). Déanann an Roinn Iompair conradh le haerlíne chun eitiltí a chur ar fáil ar an mbealach, agus tugann siad fóirdheontas dó gach bliain maidir le gach paisinéir (cf. Beo!, Eanáir 2005).

Bealaí OSP thar lear

Ní hí Éirinn an t-aon tír amháin a bhfuil bealaí OSP le fáil inti: is amhlaidh go bhfuil roinnt mhaith bealaí idir mórthír na hAlban agus Inse Orc, an tSealtainn agus Inse Ghall; cuid de na bealaí idir bailte iargúlta san Iorua; idir tír mór san Iodáil agus an tSairdín; agus (vive la différence!) bealaí idirnaisiúnta ó Strasbourg go cathracha Eorpacha, chun go mbeidh turas deas simplí abhaile ag na Teachtaí Eorpacha díograiseacha. Bíonn an Coimisiún Eorpach an-dian faoi na rialacha a bhaineann le bealaí OSP, mar is saghas “cúnamh ón Stát” é.

Tá sé cinn de bhealaí OSP in Éirinn anois: ó Aerfort Bhaile Átha Cliath go Ciarraí, Gaillimh, Cnoc Mhuire, Sligeach, Carraig Fhinne (Tír Chonaill) agus Doire. Tá siad go léir – seachas Doire – ag Aer Arann, agus tá comhlacht Albanach darb ainm Loganair (a bhfuil taithí an-mhaith aige ar bhealaí OSP na hAlban, agus a bhfuil saincheadúnas aige ó British Airways) ag eitilt ó Bhaile Átha Cliath go Doire. Beidh na conarthaí reatha thart i mí Iúil, áfach, agus d’iarr an Roinn Iompair tairiscintí nua cúpla mí ó shin. Tuairiscítear gur mhaith leo go mairfeadh an clár OSP, ach go ndéanfar ísliú mór ar na fóirdheontais a bheas ag teacht ó na cáiníocóirí.

An uair dheireanach, ní raibh i gceist ach dhá iomaitheoir: Aer Arann agus aerlíne gearrshaolach darbh ainm Euroceltic. De réir dealraimh, tá go leor fiosrúchán (agus iarratas) tagtha ó na haerlínte an uair seo, agus is dócha go gcabhróidh an comórtas seo idir na haerlínte le hísliú na bhfóirdheontas. Agus deirtear go bhfuil an Roinn Iompair ag déanamh a ndícheall chun go mbeidh cothrom na Féinne sa rogha idir na haerlínte.

Ryanair san iomaíocht

Ní fhoilseofar ach liosta na mbuaiteorí (ní chuirfear ar fáil liosta na n-iomaitheoirí) ach tá cúpla ráfla cinntithe sa phreas cheana féin. Ceaptar go bhfuil Aer Arann ag lorg na mbealaí atá acu faoin gconradh reatha, agus is dócha go bhfuil Loganair ag déanamh amhlaidh (ach an uair seo, chun na costais a ísliú, tá na bealaí ó Bhaile Átha Cliath go Doire agus go Cnoc Mhuire curtha le chéile ag an Roinn Iompair mar “phacáiste” amháin, agus ní bheidh i gceist ach buaiteoir amháin.)

Agus tá sé dearbhaithe ag Ryanair (de réir an nuachtáin The Kerryman) gur chuir comhlacht Uí Laoire iarratas isteach maidir leis an mbealach ó Bhaile Átha Cliath go Ciarraí. “Togha!” a deir tú. “Ryanair! Beidh ticéid shaora le fáil idir Ciarraí agus an phríomhchathair, mar sin!”

Bhuel, b’fhéidir go mbeadh, ach má rinne tú iarracht riamh suíochán a fháil le Ryanair don lá dár gcionn, beidh a fhios agat gurb ionann a bpraghsanna agus na praghsanna a ghearrann “gnáthaerlíne”. Ach ní miste rud beag matamaitice a dhéanamh mar gheall ar an mbealach idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí.

De réir rialacha an chomórtais OSP don bhealach seo, ní foláir go mbeadh trí eitilt ó dheas agus trí eitilt ó thuaidh gach aon lá. Bíonn ceithre cinn ag Aer Arann anois (trí cinn faoin bhfóirdheontas, agus ceann amháin a bhfuil seans acu brabús a dhéanamh air, gan aon chabhair ón OSP).

Anuraidh, ar an mbealach idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí, rinne timpeall 120,000 paisinéir turas i dtreo amháin nó sa treo eile (áirítear an té a bhfuil ticéad fillte aige mar bheirt phaisinéirí). Ní raibh mé ábalta eolas a fháil mar gheall ar an líon paisinéirí a rinne an turas seo ar an traein ach, de réir dealraimh, tá an dá mhodh iompair ábalta maireachtáil gan mórán trioblóide.

Ar an mbealach áirithe sin, bhain Aer Arann úsáid as eitleáin ATR-72, ina bhfuil 70 suíochán, agus mar sin bhí timpeall dhá thrian de na suíocháin áitithe, uimhir shásúil d’aon aerlíne. Ach níl eitleán ar bith chomh beag sin ag Ryanair. I gceann cúpla mí, ní bheidh ach Boeing 737-800 acu, scairdeitleán ina bhfuil 189 suíochán. Má dhéanann siad trí thuras fillte gach lá, beidh breis is 400,000 suíochán ar fáil sa bhliain. Is maith le Ryanair go mbeadh paisinéirí in 80% dá gcuid suíochán ar a laghad (an “load factor”, mar a deirtear) agus, mar sin, tá 320,000 paisinéir i gceist.

Sin méadú ollmhór. Cad as a dtiocfadh an 200,000 paisinéir nua (nó 100,000 duine ag déanamh turas fillte)? Bhuel, bheadh roinnt díobh ina bpaisinéirí nua: shocróidís an turas go Baile Átha Cliath (nó go Ciarraí) a dhéanamh de bharr sheirbhís nua Ryanair bheith ar fáil agus ní dhéanfaidís an turas mura mbeadh sí ann. Bheadh roinnt eile ag fágáil a ngluaisteáin sa bhaile agus ag eitilt in áit bheith ag tiomáint. Ach is féidir bheith réasúnta cinnte go dtréigfeadh roinnt mhaith daoine an traein agus go rachaidís ar an eitleán.

Na laethanta seo, agus Iarnród Éireann ag lorg breis airgid ón Rialtais chun a ghréasán féin a fhorbairt i gceart, b’ait an rud é dá bhfaigheadh Ryanair (namhaid cáiliúil “cur isteach” an Stáit) fóirdheontas chun dul in iomaíocht leis an traein ar bhealach ionsaitheach, agus chun daoine a spreagadh le modh iompair a roghnú a bhfuil truailliú níos measa ag baint leis ná mar atá ag baint leis an traein. (Conas a litrítear “KYOTO” arís?) Má fhaigheann Ryanair an conradh OSP i gCiarraí, nach bhfuil baol ann go mbeidh ar Iarnród Éireann gearradh siar ar an tseirbhís seo nó deireadh a chur léi i gceann cúpla bliain?

Is cróga – nó b’fheidir amaideach – an té a thuarfadh go cinnte dátaí nó cinntí an rialtais seo faoi chúrsaí iompair. Ach níl fiú trí mhí fágtha de na conarthaí OSP reatha, agus bíonn tréimhse ullmhúcháin de dhíth ar aerlínte i gcás bealaí nua. Mar sin, is féidir linn bheith ag súil le fógra oifigiúil roimh dheireadh mhí na Bealtaine.

Seans go dtiocfaidh feabhas ar an luach a gheobhfar as an ngréasán fóirdheonaithe seo. Ach má fhaigheann Ryanair an duais seo, an conradh do Bhaile Átha Cliath go Ciarraí, ná déantar dearmad ar na torthaí fadtéarmacha a bheas i gceist maidir le truailliú agus maidir le hinbhuaine an iarnróid.

Is comhairleoir é Padraig Mac Éamoinn atá ag obair i dtionscal eitlíochta na Breataine.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.