AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Cultas na Peile Meiriceánaí
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Tá muintir na Stát Aontaithe an-tógtha leis an bpeil Mheiriceánach. Caitheann Brian Ó Broin súil ar stair an spóirt agus ar dhíograis lucht leanúna na bhfoirne.

Íomhá
Cuireadh The Duck, sonóg pheile ollscoil Oregon, ar fionraí
Íomhá
Princeton, Nua Gheirsí: imríodh an chéad chluiche sa pheil Mheiriceánach riamh idir é agus Ollscoil Rutgers
Íomhá
The Flying Wedge: seift an-chontúirteach pheile a d'úsáidí i rith an chéid seo caite
Íomhá
Bíonn sluaite ollmhóra ag freastal ar chluichí peile Meiriceánaí
Íomhá
Na Pioneers ag ceiliúradh bua i mbliana

Ba bheag nár thit mé as mo sheasamh an tseachtain seo caite agus mé ag breathnú ar an scéal mór nuachta as Meiriceá ar nuacht TG4. Bíodh an diabhal ag scéalta beaga mar thrioblóid ar an stocmhalartán, shíormharú san Iaráic, agus easpa árachais i measc na saoránach bocht - ba é an scéal mór ná an troid a thit amach idir sonóg pheile Ollscoil Oregon agus sonóg pheile Ollscoil Houston i rith cluiche peile Meiriceánach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.

Ní hé nár scéal mór é ach oiread. Bheadh daoine ag tabhairt neamhairde ar an scéal, déarfainn, ach go bhfuil an tsonóg úd, The Duck, á húsáid ag Ollscoil Oregon le cead ó Disney. Ní gnáthlacha é seo, ach Donald Duck - carachtar a bhfuil móraithne air timpeall an domhain. Agus ní hamháin go raibh sé ag troid - bhí sé ag bualadh, mar a déarfá, "faoin gcrios” - ach an oiread. Tar éis dó sonóg na foirne eile, ar a dtugtar The Houston Cougar, a leagan chun talaimh, chrom sé thairis agus thosaigh sé ag déanamh ionsaithe ar an Cougar a raibh cuma ionsaithe gnéis air!

Tuigfidh tú, mar sin, gurbh údar díomá é don ollscoil agus do Disney Donald Duck a fheiceáil ar an teilifís náisiúnta ag tabhairt faoi Chúgairín Houston. Sa deireadh, d’éirigh leo an scéal a mharú, cé gur féidir an radharc a fheiceáil in athuair ar YouTube, agus cuireadh an lacha ar fionraí chluiche amháin.

Á, Meán Fómhair. Tá an samhradh ag sleamhnú uainn go mall, tá an daorchluiche ag druidim chun deiridh, agus tá lucht na peile Meiriceánaí amuigh ar an bpáirc imeartha arís.

Imrítear dhá shaghas peile Meiriceánaí. Sa chéad dul síos peil ghairmiúil, a imrítear idir foirne ollmhóra cathracha nó ceantar - na New York Jets agus na New England Patriots, cuir i gcás. Chomh maith leis sin, tá peil ollscoile ann, a imrítear sa séasúr céanna, atá in ainm is a bheith neamhphroifisiúnta.Stair na peile Meiriceánaí

Go deimhin, ba sna hollscoileanna a thosaigh an pheil Mheiriceánach. I mí na Samhna sa bhliain 1869 a cuireadh tús leis, nuair a d’imir Ollscoileanna Rutgers agus Princeton as Nua Gheirsí cluiche "peile" eatarthu féin. Bhí an bua ag Rutgers, agus an bhliain ina dhiaidh sin, thugadar dúshlán d’ollscoil Columbia ó Nua-Eabhrac sa chluiche céanna. 138 bliain ina dhiaidh sin, tá sé deacair a thomhas céard a d’imir siad i ndáiríre, ach amháin go raibh rialacha i gceist. Deir daoine áirithe nach raibh ann ach sacar, ar leagadh rialacha síos dó sa bhliain 1863 i Sasana. Ar aon nós, tá cluiche darb ainm "peil" á imirt idir ollscoileanna na Stát Aontaithe ó shin i leith.

Aisteach le rá, ach tá dlúthbhaint ag Sasana le tús an spóirt Mheiriceánaigh seo. Sa bhliain 1871, d’éirigh roinnt clubanna as an gcumann peile i Sasana mar agóid in aghaidh rialacha a thoirmisc láimhsiú na liathróide. Bhunaíodar a gcumann féin, bunaithe ar rialacha peile a tháinig as scoil Rugby, agus dá réir, thugadar Rugby Football Union orthu féin. Thaitin na rialacha láimhsithe, chomh maith leis an liathróid ubhchruthach, le cuid mhaith de na hollscoileanna Meiriceánacha freisin, agus chlaonadar i dtreo na rialacha nua. Sa bhliain 1875, thosaigh ollscoileanna in Massachusetts ag imirt faoi na rialacha nua seo, agus i rith ochtóidí an chéid sin, thosaíodar ag athrú an chluiche sa chaoi nach raibh sé chomh cosúil le rugbaí níos mó.

Is dócha gurbh iad na rudaí nua ba shuntasaí ná an down, ceann de cheithre iarracht ag an bhfoireann ionsaitheach gluaiseacht deich slat chun tosaigh, agus an líne clíbirte a thrasnú.

Cluiche reatha ab ea an pheil seo, mar sin, seachas an cluiche caite

atá ann anois, agus mar gheall air seo, chruthaigh na foirne seifteanna le gluaiseacht chun tosaigh leis an liathróid. Chuirfeadh cuid díobh alltacht ar lucht sábháilteachta an lae inniu - an Flying Wedge, ding dhaonna na n-imreoirí a ritheadh trí líne na gcosantóirí, ina measc.

Mar a thuigfeá, níor fheil seo go rómhaith do chorp na n-imreoirí. Gan trácht ar na céadta dianghortú, maraíodh ocht mac léinn déag agus iad ag imirt peile sa bhliain 1905! Chun a leithéid a sheachaint, cuireadh toirmeasc ar na seifteanna úd, agus tugadh éadaí cosanta isteach, mar chlogaid agus gheansaithe pardógacha. Is é an cluiche seo atá á imirt go fóill, céad bliain i ndiaidh athruithe suntasacha na bliana 1906.

Leath an cluiche amach ó na hollscoileanna mór le rá ar an gcósta thoir, agus roimh i bhfad, bunaíodh sraithchomórtas idir na seanollscoileanna, ar a tugadh The Ivy League. Roghnaíodh an t-ainm seo mar gheall ar sheanbhallaí fhoirgnimh na n-ollscoileanna. Ba é seo aimsir bhunaithe agus fháis na n-ollscoileanna móra stáit freisin, agus taobh istigh de scór bliain nó mar sin bhí ollscoileanna ag imirt an spóirt nua seo ó chósta go cósta. Sa bhliain 1916, bunaíodh cluiche an Rose Bowl, a d’imrítí idir seaimpíní an oirthir agus an iarthair.

Fiabhras peileNí rud beag é peil na n-ollscoileanna - in áiteanna tá sé geall le peil phroifisiúnta. In Nebraska, mar shampla, déantar an chathair is mó daonra sa stát de Lincoln, baile na hollscoile stáit, ar laethanta na gcluichí peile, mar gheall ar an 90,000 breise a líonann an staid.

Líontar staid pheile Olscoil Michigan in Ann Arbor gach Satharn imeartha freisin – bíonn 110,000 duine i láthair. Tá an staid seo ar an staid ollscoile is mó i Meiriceá. Mar chomparáid, ní féidir ach le 82,000 duine a bheith i bPáirc an Chrócaigh agus 90,000 i Staid Wembley!

dhá shraithchomórtas ollscoile déag ar leith sna Stáit Aontaithe, agus cothrom is deich mball i ngach ceann, gan trácht ar scór nó dhó sraithchomórtas beag idir na coláistí agus ollscoileanna beaga timpeall na tíre. I gcás gach ceann acu, na cinn mhóra ach go háirithe, bíonn corradh agus 80,000 duine ag freastal ar na cluichí gach Satharn. Samhlaigh, mar sin, cluiche atá níos mó ná Craobh Peile na hÉireann a bheith ar siúl gach deireadh seachtaine san fhómhar, i ngach ollscoil mhór sna Stáit Aontaithe. Más buan mo chuimhne, an uair dheireanach a chonaic mé cluiche peile idir-ollscoile in Éirinn, bhí céad duine sa lucht féachana!

Cuid de shaol ollscoile is iad na cluichí seo do gach mac léinn. Foghlaimíonn siad na hamhráin, ceannaíonn siad na geansaithe, agus faoi dheireadh na gceithre bliana a chaitheann siad san ollscoil, bíonn an chuid is mó acu tumtha go huile is go hiomlán i gcultas na peile. Leanann an-chuid alumni na n-ollscoileanna a bhfoirne go deireadh a saoil, agus is minic go bhfuil iar-mhic léinn feicthe agam ag caoineadh agus iad ag éisteacht le hamhráin pheile a n-ollscoile. Bliain ó shin, tharla go raibh mé i dteach tábhairne in Manhattan. Bhí dhá nó trí chéad iar-mhac léinn de chuid Ollscoil Wisconsin ag breathnú ar chluiche mór ar ollscáileán. Buidéal beorach as Wisconsin i ngach lámh, rug gach éinne greim ghualainne ar an duine in aice leis ag leath-am agus chanadar amhrán na hollscoile, deora ag titim go fras óna súile. Shílfeá go seasfainnse ar leataobh ag breathnú ar an radharc seo go searbhasachach bhíos i lár baill ag canadh leo, gan de cheangal agam féin leis an ollscoil ach gur chaith mé seimeastar ag teagasc inti!

Éirí na n-íochtaránThosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d’ollscoileanna móra. De ghnáth, tosaíonn na foirne mór le rá le cluiche éasca nó dhó, in aghaidh foirne

lasmuigh den sraithchomórtas. Roghnaigh Michigan, ceann de phríomhfhoirne na tíre, ollscoil bheag as North Carolina, Appalachian State University, mar íospartach, agus roghnaigh Notre Dame, arb é “The Fighting Irish” a mana, Georgia Tech. Dé Domhnaigh an 2 Meán Fómhair, ba é an scéal ar leathanach tosaigh gach nuachtáin sna Stáit ná gur éirigh leis na Daithithe beaga seo na Góiliataí móra a leagan.

Fiú anseo i Nua Gheirsí, tá iontais ar siúl. Den chéad uair i stair na foirne, bhuaigh Pioneers, foireann ollscoil William Paterson, áit a bhfuil mé féin ag teagasc faoi láthair, a céad dhá chluiche sa sraithchomórtas. Tá atmaisféar dóchais ar an gcampas an fómhar seo, murab ionann agus an séasúr deireanach, nuair nár éirigh leo oiread agus bua amháin a bhaint amach. Cá bhfios nach mbeidh mé féin thuas ar ardán staid na hollscoile an tseachtain seo chugainn ag tabhairt uchtaigh dár bhfoireann.

"*On Wisconsin. *Na Pioneers abú!"

Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.