Faigheann na mílte bás i Learpholl agus i gceantair eile sa Bhreatain gach bliain mar gheall ar chaitheamh tobac ach táthar chun dul i ngleic leis an fhadhb sna blianta atá amach romhainn trí chosc a chur ar an tobac in áiteanna poiblí. Tuairisc ó Tony Birtill.
Leanfaidh Learpholl dea-shampla na hÉireann maidir le caitheamh tobac i gceann ceithre bliana, de réir feachtais nua a seoladh go hoifigiúil sa chathair i mí an Mhárta.
Níl mé ag maíomh go bhfuil aon tionchar ag *Beo! *i Learpholl, ach fógraíodh an feachtas seo go gairid tar éis m’ailt san iris (eagrán 33) faoin chosc ar an tobac i dtithe tábhairne in Éirinn.
“Stub it Out: Liverpool wants ban on public smoking by 2008” a bhí mar cheannlíne sa Liverpool Daily Post.
Is é Smoke Free Liverpool (SFL) an scáthghrúpa atá taobh thiar den fheachtas, agus tá dreamanna mar The Roy Castle Lung Cancer Foundation, Comhairle na Cathrach, an Cumann Lucht Tráchtála, Comhdháil na gCeardchumann (TUC) agus an córas sláinte mar chuid de.
Tháinig an feachtas aniar aduaidh ar lucht caite tobac na cathrach, ach tá a bhfeachtas poiblíochta féin ar siúl acusan faoi láthair. “We Want to Drink, Smoke Free” atá mar theideal ar fhógra leath leathanaigh sa nuachtán áitiúil an tseachtain seo, agus tá suíomh gréasáin acu fosta: www.smokefreeliverpool.com.
De réir Mike Storey, Ceannaire Chomhairle na Cathrach, is é an sprioc atá ag SFL ná cosc a chur ar chaitheamh tobac in áiteanna poiblí sa chathair roimh 2008, nuair a bheas Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.
Beidh siad ag iarraidh úsáid a bhaint as an Health and Safety at Work Act 1974. De réir an achta sin, tá sé mar dhualgas ar gach fostóir sláinte a chuid fostaithe a chosaint agus, de réir cóid cleachtais a eisíodh i Meán Fómhair 2000, tá an ceart ag freastalaithe i dtithe tábhairne a bheith ag obair in atmaisféar atá saor ó thoit. Lena chois sin, beidh siad ag spreagadh na ngnólachtaí féin le cosc ar an tobac a thabhairt isteach go toilteanach, agus ag rá leo gur féidir leo a lán airgid a shábháil dá bharr.
900 bás sa bhliain
Drochstaitisticí báis agus tinnis a spreag Rialtas na hÉireann leis an chosc ar an tobac a chuir i bhfeidhm ar ndóigh, agus tá na staitisticí i Learpholl chomh dona céanna. De réir staidéir a rinne SFL, faigheann 900 duine bás i Learpholl gach bliain mar gheall ar chaitheamh tobac, agus tugann caitheamh fulangach bás 105 duine eile. £28.5 milliún an costas ar an chathair gach bliain: £25.1m de bharr táirgiúlacht a bheith caillte agus £3.4m de bharr fostaithe a bheith as láthair tinn. Faigheann 120,000 bás sa Ríocht Aontaithe gach bliain mar gheall ar chaitheamh tobac.
Dúirt an Dr Paula Grey, Stiúrthóir Sláinte Poiblí i Learpholl, go gcaitheann an córas sláinte £12.7m gach bliain sa chathair ar othair a bhfuil tinneas orthu arb é an caitheamh tobac is cúis leis. “Ní chaitheann 71% de muintir Learphoill tobac agus tá 70% de na caiteoirí tobac ag iarraidh éirí as,” a dúirt sí.
Agus má bhíonn tú ag obair in áit thoiteach ar feadh ocht n-uaire gach lá, is ionann sin agus 20 toitín a chaitheamh gach lá, a mhaígh sí.
Measann Mike Unger ó SFL go bhfaigheann 17% de na freastalaithe i dtithe tábhairne na Breataine ailse scamhóg mar gheall ar chaitheamh fulangach. “Má théann tú isteach i dteach tábhairne, ní bhíonn ach 25-30% de na custaiméirí ag caitheamh, ach bíonn an áit lán toite. Tá an ceart acu siúd nach gcaitheann tobac dul amach gan a sláinte a bheith i mbaol mar seo,” a dúirt sé.
Bhí Ard-Mhéara Learphoill, Ron Gould, an Dr Paula Grey agus baill eile de SFL i Nua-Eabhrac idir 17-21 Aibreán le bualadh le Tom Frieden, an Coimisinéir Sláinte agus Sláinteachais Intinne sa chathair, agus Mike O’Neall, úinéir bialainne sa chathair agus ball de Smoke Free Coalition NY. “Ta an cosc ar an tobac i bhfeidhm ansin le bliain anois agus thug sé a lán misnigh dúinne mar go bhfuil ag éirí go maith leis,” a dúirt an Dr Grey. Tá ioncam agus fostaíocht sna bialanna tar éis méadú, de réir Rick Sampson, uachtarán an New York State Restaurant Association, agus ní bhíonn mórán daoine ag briseadh an dlí.
Agus sin mar a bhí sé i nGleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall nuair a bhí mé ar ais ansin ag an Cháisc. Bhí sé go hiontach cúpla pionta a ól sa phub in atmaisféar deas glan, agus ba chuma leis an lucht caite tobac faoi na toitíní. “Tá mé ag éirí astu,” a chuala mé arís agus arís eile, agus cé go raibh grúpaí beaga ag caitheamh taobh amuigh de na doirse, bhí neart iarchaiteoirí taobh istigh. Go bunúsach, ní raibh duine ar bith ag déanamh gluaireáin mar gheall ar an chosc.
Cuairt ar Bhaile Átha Cliath
Tá SFL i dteagmháil leis na húdaráis i mBaile Átha Cliath agus beidh siad ag tabhairt cuairte ar an chathair sin i mbliana. “They have a very similar pub culture in Dublin and so it will be very useful for us to see the new law in operation there,” a dúirt Chris Owens ó SFL liom. Tá an-suim aici sa mhéid daoine atá ag géilleadh don dlí ansin, mar admhaíonn sí go mbíonn a lán daoine i Learpholl ag caitheamh tobac in áiteanna a bhfuil cosc air faoi láthair, mar shampla i stáisiúin traenach.
Ní hé Learpholl amháin atá ag iarraidh dea-shampla na hÉireann agus Nua-Eabhrac a leanúint - tá Albain ag dul sa treo céanna fosta. “A Breath of Fresh Air for Scotland” an teideal atá ar an phlean atá ag an rialtas sa tír sin, tír ina bhfuil an ráta ailse scamhóg is airde san Eoraip. Faigheann níos mó ná 13,000 duine bás mar gheall ar chaitheamh tobac ansin gach bliain - sin 25% den líon iomlán básanna. Téann 33,500 isteach san otharlann gach bliain, ar chostas £200 milliún.
Admhaíonn an rialtas i nDún Éideann go bhfuil jab mór le déanamh acu mar go gcaitheann 1.2 milliún duine in Albain, sin 30% den daonra. Beidh siad ag caitheamh £7 milliún gach bliain ar an phlean agus ag dul i gcomhairle le gnáthdhaoine fá dtaobh de sa samhradh i mbliana. Tá tuilleadh eolais le fáil faoin phlean seo ag www.openscotland.gov.uk
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.