Beo! (freagraí ar: Córas Oideachais Briste?) http://beo.ie/alt-coras-oideachais-briste.aspx#comments Creideann Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil fiúntas ag baint le moltaí Ruairí Quinn i leith an chóras oideachais, go ndéanfaí leasú ar na scrúduithe agus go mbainfí níos mó usáid as meastúchán leanúnach déanta ag múinteoirí ar a gcuid scoláirí féin. Is ceist eile an mbeadh ceardchumainn na múinteoirí toilteanach na hathruithe a theastaíonn a chur i bhfeidhm? ga Cóipcheart Oideas Gael. Tue, 29 Nov 2011 09:10:35 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ Rang 6E Scoil Chríost Rí na gCailíní http://beo.ie/alt-coras-oideachais-briste.aspx#comments Aontaímid go hiomlán leis an alt. Ach ceapaimid go dtugann an cúrsa nua Gaeilge bunscileanna teangan dúinn. Tá béim ar an scrúdú cainte agus is buntáiste é mar is an cumarsáid an rud is tábhachtaí. Tugann sé deiseanna do daltaí Gaeilge a labhairt. Ceapaimid go bhfuil béim ar an tuiscint.Cabhraíonn an scrúdú cainte leis an scríobhnóireacht freisin.<br /> Tue, 29 Nov 2011 09:10:35 GMT Eimear Ní Dhuibh http://beo.ie/alt-coras-oideachais-briste.aspx#comments Gan amhras córas lochtach atá ann atá bunaithe ar éiteas scrúduithe in áit éiteas na foghlama agus na féinfhorbartha. Is dalta ardteistiméireacht mé, agus i mo thuairimse, níl an cúrsa nua don Ghaeilge thar moladh beirte. An sean-rud i gcónaí atá ann: rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair. É sin ráite, sílim gur ábhar dóchais é an cúrsa Matamataic nua atá curtha i bhfeidhm do lucht na scrúduithe 2012. Cuirtear béim ar na gnéithe a thuiscint in ionad iad na ceisteanna a síorchleachtadh sna ranganna.<br /> Mon, 05 Sep 2011 17:30:58 GMT Aonghus Ó hAlmhain http://beo.ie/alt-coras-oideachais-briste.aspx#comments Is mithid an deisiú a thosú leis an Roinn Éadóchais, croí na faidhbe!<br /> Sun, 04 Sep 2011 21:57:30 GMT