Chas Robert McMillen le Conor O’Clery, ón Irish Times, agus labhair sé leis faoina dhírbheathaisnéis atá foilsithe ag Poolbeg. Chuaigh Conor siar ar bhóithrín na smaointe, ar a chuid oibre thar lear sa tSín, sa Rúis, sna Stáit Aontaithe agus i mórán áiteanna eile nach iad. Tá léamh sainiúil aige ar chuid dá bhfuil ag titim amach sa domhan mhór thart orainn ar na mallaibh
MAÍTEAR gur seanfhocal Sineach atá san abairt “May you live in interesting times” ainneoin nár thángthas ar an bhunleagan Sineach. Maítear fosta gur ceann amháin de thrí mhallacht atá ann. Is iad an bheirt eile “May you come to the attention of those in authority” agus “May you find what you are looking”. Más fíor sin, tá na trí mhallacht ar Conor O’Clery an Irish Times, “an t-iriseoir Éireannach is fearr sa ré seo,” de réir Fintan O Toole.
An té a bhíos siúlach, bíonn sé scéalach
Bhí an tUltach san Afganastáin le linn ionradh na Rúiseach; bhí sé ar an láthair le linn an chogaidh idir an Iaráin agus an Iaráic; bhí sé sa Rúis nuair a thit an tóin as an Aontas Sóivéadach agus as an Chumannachas; bhí sé i Washington le linn réimeas Bill Clinton (agus próiseas na síochána ó thuaidh); bhí sé ag tuairisciú ó Bheijing agus an tSín á hoscailt don domhan mhór agus bhí sé i Nua Eabhrac ar 9/11 – agus níl ansin ach cuid dá CV. Tá na scéalta is suimiúla le fáil i ndírbheathaisnéis O’Clery, agus an seanfhocal Síneach thuas mar theideal air. Is fada óna chéile páirceanna áir an Mheánoirthir agus an Caisleán Úr i gContae an Dúin, áit ar tógadh Conor i ndiaidh don teaghlach imeacht as Béal Feirste agus é an-óg.
An Rúis
“Bhí mé faoi dhraíocht ag an Rúis,” arsa O’Clery. “Na laethanta is fearr dá raibh riamh agam mar chomhfhreagraí thar lear.”Bhí sé riamh tugtha don Rúis agus ba ghnách leis úrscéalta clasaiceacha na Rúise a léamh agus é níb’óige - shábháil sé leathchoróin uair sa tseachtain le Doctor Zhivago le Boris Pasternak a cheannach. “Cuireadh chun na Rúise mé ar assignment sula ndearnadh comhfhreagraí dom, ach bhí grá agam do gach gné den Rúis - na daoine ach go háirithe. “Sílim go bhfuil nasc éigin idir na hÉireannaigh agus na Rúisigh. Labhair an file Rúiseach Brodsky faoi - an dúil atá ag an dá dhream san ól, an tsuim mhór atá acu sa scéalaíocht, léann muid ár bhfilí náisiúnta - agus mhothaigh mé dáimh iontach leis na Rúisigh.”
Athrú saoil na Rúise
Measann sé gur am ar leith a bhí ann sna 1990í, mar don chéad uair ón Réabhlóid i 1917, bhí an preas agus an teilifís neamhspleách, saor - ainneoin go bhfuil cúlú déanta ó shin - chaill an chosmhuintir an eagla a bhí orthu labhairt amach, mar ní tharlódh rud ar bith dóibh. Ní raibh sé de mhisneach ag an Chreimil daoine a chur faoi smacht níos mó. “Mar shampla, dá n-abrófá gur nascghabhadh na Stáit Bhaltacha, nó gur cheart easaontóirí a scaoileadh saor as an phríosún, chuirfí príosún ort, ach anois, chualathas an chaint seo ag na cruinnithe ollmhóra a bhíodh á reáchtáil agus ba iad na hollchruinnithe seo a chuidigh le deireadh a chur leis an chumannachas.’Bhí an preas agus an teilifís neamhspleách, saor, ainneoin go bhfuil cúlú déanta ó shin.” Le linn dó bheith sa Rúis, d’fhoghlaim O’Clery Rúisis ach níl Gaeilge ar bith aige – mór a náire, a deir sé.
An Meánoirthear
Agus é sa Mheánoirthear, bhuail Conor le fear i dteach tábhairne dtuaisceart Iosrael, tráth a raibh Arm na hÉireann mar chuid de UNIFIL i 1979. Bhíodh Conor ag taisteal ar fud dheisceart na Liobáine agus thuaisceart Iosrael ag an am agus isteach leis i dteach tábhairne lá amháin agus thosaigh ag caint le ball de Fhórsaí Cosanta Iosrael a bhí ann.“An rud ab’iontaí faoi ná go raibh Gaeilge líofa aige!” ar sé. “Ba é an jab a bhí aige ná a bheith ag éisteacht le saighdiúirí na hÉireann ag caint ar an raidió mar gur labhair siad i nGaeilge.”
Meiriceá
I ndiaidh cúig bliana a chaitheamh sa Rúis, áfach, bhog Conor agus a bhean, Zhanna Maumova, go Washington agus arís am corraitheach a bhí ann mar bhí an Páirtí Daonlathach, muintir Clinton ach go háirithe, ag cur suime i bpróiseas na síochána ó thuaidh. “Am iontach a bhí ann domsa go pearsanta a bheith ansin. Mise an t-aon chomhfhreagraí i Washington ag an am, ag an Irish Times a bhí an t-aon bureau Éireannach i Meiriceá ag tús na 1990í. Mura raibh sin againn, ní bheadh a t-eolas a bhí riachtanach, do na daoine ar ais in Éirinn a bhí gnoitheach i bpróiseas na síochána agus don ghnáthphobal araon, á chraobhscaoileadh againn.“An dtiocfadh leat a shamhlú cad é mar a bheadh cúrsaí dá mbeadh muid ag brath ar chomhfhreagraí an Daily Telegraph don nuacht?” a fhiafraíonn sé.
Tionchar an chultúir An leabhar fá Mheiriceá ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar O’Clery, ‘What’s the Matter with Kansas’ an teideal a bhí air.
“Sa leabhar, déanann an t-údar iniúchadh ar cén fáth go mbíonn an contae is boichte, sa stát is boichte i Meiriceá, ag vótáil do pháirtí na ngnónna móra, páirtí a raibh sé d’aidhm aige daoine saibhre a dhéanamh níos saibhre agus airgead a choinneáil ó dhaoine bochta. “Ba é an freagra a bhí sa leabhar, gur vótáil daoine ar bhonn cultúir. Gheall an Páirtí Poblachtanach go mbeadh siad beo i dtir nach raibh pósadh aerach ann, nach mbeadh ginmhilleadh dleathach etc. ann.
“Ach níl a dhath déanta ag an Pháirtí Phoblachtánach deireadh a chur le ginmhilleadh dleathach, mar sin, níl an cogadh cultúir buaite acu, ach má gheallann siad cogadh cultúir a throid agus má bhíonn siad gung-ho fán chuid eile den domhan, gheobhaidh siad tacaíocht ó dhaoine a mbíonn a leas eacnamaíocht thíos le rialtas Poblachtanach,” ar sé. Anois áfach, tá Barack Obama sa Teach Bán agus dúshláin mhóra roimhe.
“Má amharcann tú ar Mheiriceá inniu, tá sé briste as airgead, tá a institiúidí airgeadais in aimhréidh, tá sé ag fáil airgid ar iasacht ón tSín, tá a fhórsaí armtha ag troid i dhá chogadh agus tá a údarás morálta síothlaithe. Ní bhíonn Meiriceánaigh ag dúil leis an “Shining City on the Hill”, an dearcadh sin go dtiocfadh feabhas ar an saol glúin i ndiaidh glúine, tír ar seachrán atá i Meiriceá agus tá duine de dhíth le treoir a thabhairt dó. Sin an fáth gur vótáil daoine ar son Obama. Silim go bhfeicfidh muid dearcadh nach bhfuil chomh hionsaitheach, a bheas níos dúchasaí agus creideann cuid mhór Meiriceánach sin. Cuid mhór de na daoine is mó a bhfuil meas agam orthu, is Meiriceánaigh iad.” ar sé.
Chuck Feeney
Ina measc seo, ar ndóigh, tá Chuck Feeney ar scríobh O’Clery a dhírbheathaisnéis.“Is é Chuck Feeney an duine is mó ar domhan a bhfuil meas agam air,” ar sé. “Ag deireadh an leabhair, ba mhó an meas a bhí agam air ná mar a bhí ag an tús, rud is annamh i measc scríbhneoirí dírbheathaisnéise. Is é Chuck Feeney “the Good American” agus tá an tír lán de dhaoine maithe.
Le linn dó a bheith i Meiriceá, bhí am amháin ann a raibh O’Clery ina "imreoir" polaitiúil, bhí sé mar chuid den scéal, chan duine a bhí ag tuairisciú ar an méid a chonaic sé agus a chuala sé, nuair a thug sé Uachtarán Shinn Féin agus saoistí Meiriceánacha le chéile - beag beann ar Rialtas na Breataine."Má bhí mise i m’imreoir riamh, de thaisme a tharla sé," a áitíonn O’Clery, "má bhí mé i lár an aonaigh, tharla sé de thaisme. Ní raibh mé ag tabhairt teachtaireachtaí anonn is anall ó dhream amháin go dti an dream eile. Ní dhearna mé a dhath ar bith ar mhaithe le próiseas de chineál ar bith a chur chun cinn.
Greim bia agus déanamh comhluadair
"Séard a rinne mé ná thug mé cuireadh do Gerry Adams a theacht chun dinnéara toigh s’agam. Níor casadh orm riamh roimhe sin é agus bhí mé ag iarraidh é a mheas. Bhí a fhios agam gur duine mór-le-rá é agus dá dtiocfadh sé chun dinnéara, go dtiocfadh liom daoine eile a fháil, daoine nach dtiocfadh toigh s’agam de ghnáth, leithéidí Nancy Soderberg ón Teach Bán, an Seanadóir Chris Dodd, bhí siadsan ag an dinnéar. Ba dhoiligh iad sin a fháil thart ar an tábla i mo theachsa - níl an oiread sin measa ar iriseoirí Eoraipeacha i súile pholaiteoirí Meiriceánacha!"Ba é an aidhm a bhí agam leis an dinnéar sin ná rud ar a dtugann na Meiriceánaigh "power dinner" air, ach tarraingíodh isteach sa scéal mé cionn is gur gheall na Meiriceánaigh do rialtas na Breataine nach mbeadh teagmháil ar bith acu le Adams agus seo é Nancy Soderberg ag bualadh leis "off campus" mar a déarfá."Ar ndóigh, d’imir an dinnéar sin tionchar ar an dul chun cinn a rinneadh i bpróiseas na síochána ina dhiaidh sin. Ba sine den slabhra é a tharraing i dtreo Chomhaontú Aoine an Chéasta sinn.
Na Mionsonraí
"Is scéalaí mé," ar sé. "Cuardaím mionsonraí le beocht a chur sa scéal, ligim do na mionsonraí an scéal a inse ach na mionsonraí a roghnaím, imreoidh siad sin tionchar ar an phictiúr iomlán a nochtfar. “Is cuimhin liom a bheith ag tuairisciú ar ollshlógadh a bhí ag na Peace People i Londan. Bhí slógadh ollmhór acu ag a raibh Joan Baez, Mrs Ewart-Biggs. Bhí mise ar imeall an ollshlógaidh agus d’oscail duine éigin bratach thrídhathach. Níor chuir sé isteach ar aonduine ach thug na péas gríosáil don fhear a raibh sé aige. Scríobh mé faoin eachtra mar mhothaigh mé gur léirigh sé atmaisféar an lae sin i Londain. Measadh gur rud maith a bhí san ollshlógadh ach bhí foshruth ann fosta a léirigh an eachtra siúd agus sin an fáth gur scríobh mé fán mhionsonra sin.”
Aois na Síne
Deirtear gur leis an Bhreatain an 19ú céad, gur le Meiriceá an 20ú céad ach gur leis an tSín an 21ú céad? Óna thaithí sa tSín, mar a raibh sé ar feadh cúig bliana, an aontaíonn O’Clery leis an dearcadh sin?
“Sílim go bhfuil cuid den fhírinne ansin,” ar sé. “Agus mé ansin, chuir sé iontas orm díograis agus méid na fiontraíochta a bhí á scaoileadh ó dúirt Deng Xiaoping i 1991, “it is glorious to be rich.” Scaoil an ráiteas sin an fuinneamh iontach seo i measc na Síneach. Tá craos orthu anois i ndiaidh iad a bheith ar easpa féinmhuiníne. Cinnte, d’fhéadfaí gurb í seo aois an tSínigh.”
Nach íorónta é áfach, a deirim le Conor, go raibh na poblachtaí Sóivéadacha agus an tSin ag iarraidh a bheith ar comhchéim leis an iarthar chaipitleach agus anois, nuair atá siad anois ina mbaill den chlub, go bhfuil an caipitleachas go hiomlán in aimhréidh. “Bhuel, tá tagairt sa leabhar do rud a dúirt Kofi Annan tráth a dtáinig deireadh leis an chóras Sóivéadach gurbh é “deireadh na staire” a bhí ann agus nach mbeadh ach sprioc amháin ag tír ar bith - córas daonlathach iartharach (western democracy) agus an caipitleachas gan srian i bhfeidhm.
“Sin ráite, is léir ón méid a chonaic muid le mionna anuas go bhfuil ag teip ar an chóras chaipitleach agus go bhfuil an sóisialachas do dhaoine saibhre agus caipitleachas don chuid eile againn i bhfeidhm, mar a dúirt Gore Vidal tráth. “Sa tSín, ní páirtí cumannach atá i gcumhacht níos mó - tá daoine saibhre ag éirí níos saibhre agus daoine bochta ag éirí níos boichte - agus tá an páirtí ag feidhmiú ar bonn tiarnasach.”
Tá May You Live in Interesting Times le Conor O’Clery foilsithe ag Poolbeg.