COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Lúnasa
Íomhá
Azzi Idir Dhá Stól
Íomhá
Cillian agus an Rón

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo An Gúm

An Cheist

Cén bhliain ar bunaíodh an Gúm?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Lúnasa 2012 agus bíodh na focailComórtas Mhí Lúnasa’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Cóip den leabhar ‘Azzi idir Dhá Stól’,agus cóip den leabhar móide dd ‘Cillian agus an Rón’

Azzu idir Dhá Stól:

Leabhar grafach le Sarah Garland a scríobh agus a mhaisigh

Tá Azzi agus a tuismitheoirí i mbaol. Níl rogha acu ach a mbaile féin a fhágáil agus éalú chuig tír eile. Téann siad a chónaí i measc coimhthíoch, in áit nach dtuigeann siad teanga na ndaoine. Téann Azzi i dtaithí ar na hathruithe móra ina saol go misniúil cróga, ach tá Mamó fós sa bhaile. An bhfeicfidh sí arís go deo í? Scéal corraitheach a insítear, idir léaráidí agus théacs, go lom tuisceanach. ISBN 978-1-85791-156-5, Clúdach Crua Aoisghrúpa: Páistí 10 mbliana+

Cillian agus an Rón:

Buachaill mór bád is ea Cillian. Nuair nach dtagann a athair abhaile oíche amháin i ndiaidh stoirme geallann sé dá mháthair go dtiocfaidh sé air agus go dtabharfaidh sé slán é. Le cabhair óna chara, an rón, tagann sé ar a athair ach chun go ligfí ar ais chuig a theaghlach é bíonn ar Chillian margadh truachroíoch a dhéanamh le Banríon na Maighdean Mara. Scéal iontach ó dhuine de mhórúdair leabhar do dhaoine óga. É maisithe go hálainn ag Tatyana Feeney. ISBN: 9781857918168

An Gúm

Tá BEO an-bhuíoch de An Gúm as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.