AGALLAMH BEO
Colmán Ó Raghallaigh
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Tá aithne ar Cholmán Ó Raghallaigh mar fhoilsitheoir agus mar údar leabhar páistí ach is fear é a bhfuil dua caite aige le go leor rudaí eile ina shaol chomh maith, mar a fuair Éamonn Ó Dónaill amach nuair a labhair sé leis le gairid.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Go minic, nuair a smaoiníonn daoine ar shiopaí ina ndíoltar úrscéalta grafacha seans go mbíonn íomhá ina n-intinn d’fhir óga goiríneacha agus cuma cineál gruama orthu, an saghas duine a bheadh le feiceáil i siopa mar Forbidden Planet i mBaile Átha Cliath. Cé a shamhlódh gur i siopaí mar sin san ardchathair agus i nGaillimh a dhíoltar go leor de na leabhair ghrafacha atá scríofa ag an údar agus foilsitheoir Colmán Ó Raghallaigh as Maigh Eo, ach is amhlaidh atá.

“Tá díol an-mhór ar na leabhair i Forbidden Planet,” a dúirt Colmán liom nuair a bhuail mé leis le déanaí i mBaile Átha Cliath, “agus i Sub-City Comics, thíos in aice le Sráid Grafton, agus in áit eile, The Third Place, i mBarra an Teampaill. Díolann siad go leor de na leabhair agus díolann Sub-City Comics i nGaillimh iad freisin agus, ar ndóigh, díolann siopa leabhar Chonradh na Gaeilge iad. An rud a chuireann olc orm ná an leisce atá ar na siopaí Béarla glacadh leis an leabhair seo, cé go ndíolann muid na mílte cóip díobh – dá n-ainneoin, cuid mhaith. Seo seanscéal agamsa.”

Tá an t-úrscéal grafach is déanaí dá chuid, An Táin, ar insint nua é ar an scéal cáiliúil miotaseolaíochta, díreach foilsithe ag comhlacht Cholmáin, Cló Mhaigh Eo (www.leabhar.com). Is leabhar thar a bheith slachtmhar é agus cuireann na léaráidí den scoth, a tharraing comhlacht atá lonnaithe i gCill Chainnigh, The Cartoon Saloon, go mór leis. Tá teanga an téacs casta go leor agus fiafraím de cé air a bhfuil an saothar seo, agus na cinn eile dá leithéid a tháinig roimhe, dírithe.

“Tá siad dírithe ar dhéagóirí agus ar dhaoine fásta freisin. Léigh cúpla duine fásta An Táin le gairid agus dúirt siad liom go bhfuair siad an-bhlas air, ó thaobh na Gaeilge agus ó thaobh an scéil féin. Daoine iad a thuig scéal na Tána agus dúirt siad liom go ndearna muid jab maith de. An dtuigeann tú, eipic atá sa scéal sin agus bhí cineál faitís orm ar bhealach tabhairt faoin Táin mar go bhféadfaí praiseach a dhéanamh de go han-éasca freisin. Ach feileann sé, mar a fheileann scéalta na hÉireann, don *genre *seo, na húrscéalta grafacha, agus ní gá go mbeadh an oiread sin téacs ann.”

Deir Colmán gur ghlac sé dhá bhliain ar fad air an leabhar a scríobh agus a fhoilsiú.

“Bhí dua ag baint le rogha a dhéanamh cén chuid den scéal a chuirfí isteach sa leabhar agus cén chuid a d’fhágfaí amach. Bheartaigh mé gan na réamhscéalta ar fad a bhaineann leis an Táin a chur leis. D’fhéadfadh úrscéal grafach eile a bheith ann faoin gcaoi ar tógadh Cú Chulainn. Tá leathanach amháin sa leabhar a thugann le fios an bealach a fuair sé a ainm – tá sé déanta go gearr agus go sciobtha ann – agus tá giota ann a léiríonn cén fáth ar thit Ailill agus Méabh amach le chéile. Chuir muid giota beag isteach ag deireadh freisin, mar go luaitear leis an Táin é, faoi bhás Chú Chulainn. Rinne muid é a chúngú isteach beagán, b’fhéidir an iomarca, ag an deireadh. Ach sílim go bhfuil sé soléite go maith agus go léann sé go maith.”

Na blianta tosaigh

Chuir Colmán dúil sa scríbhneoireacht ar dtús agus é ag éirí aníos i gClár Chlainne Mhuiris i gContae Mhaigh Eo. Deir sé nach raibh bua na scríbhneoireachta aige sna blianta tosaigh sin, áfach.

“Bhínn ag scríobh coimicí, creid é nó ná creid, bunaithe ar an Lone Ranger. Cheannaínn cóipleabhar agus thosaínn amach le scéal ach níor éirigh liom riamh ceann a chríochnú. Sa mheánscoil, bhí mé ag plé le hirisleabhar nach raibh mórán caoi air agus ansin, nuair a bhí mé i gColáiste Phádraig [an coláiste oiliúna do mhúinteoirí bunscoile], d’iarr Breandán Ó Conaire [léachtóir i Roinn na Gaeilge] orm dul i mbun eagarthóireachta ar irisleabhar Gaeilge an choláiste agus b’in an uair a chuir mé tús ceart le mo chuid scríbhneoireachta. D’fhoghlaim mé cuid de na bunrudaí a bhaineann le scríbhneoireacht i nGaeilge agus bhí fonn orm bheith ag scríobh sa teanga.

“Nuair a thosaigh mé a mhúineadh ansin, bhí mé ag scríobh drámaí do na páistí chun an Ghaeilge a mhúineadh dóibh. Ansin, scríobh mé drámaí níos faide nuair a chuir muid isteach ar Slógadh agus bhuaigh muid craobh na hÉireann le drámaí a scríobh mé – “Cá bhfuil Micí Glicí?” agus “Dónall Dána” – agus ansin scríobh mé “Na Cailleacha Gránna” agus b’in an chéad dráma a scríobh mé ar déanadh leabhar de. D’iarr Caoimhín Ó Marcaigh orm leagan i bhfoirm leabhair a dhéanamh den dráma agus d’fhoilsigh an Gúm é i 1995 agus ansin d’fhoilsigh siad roinnt leabhar eile liom i dtréimhse an-ghearr ina dhiaidh sin.

“Bhí tinneas an-mhór orm thart ar an am sin. Bhí mé bliain as an obair mar gur fritheadh amach gur celiac *a bhí ionam. Bhuail heipitíteas mé de bhrí go raibh mé chomh lag, tanaí sin – bhain sé leis an gcóras imdhíonachta. Agus biseach ag teacht orm, fuair mé *divine inspiration nó rud éicint agus thosaigh mé ag scríobh go tréan. Scríobh mé go leor leabhar ag an am sin agus foilsíodh an chuid is mó acu ó shin. Shocraigh mé ansin ar mo chomhlacht foilsitheoireachta féin a chur ar bun agus rinne mé é sin i 1995, cé nár thosaigh muid i gceart go dtí 1996. Ceol na gCat *an chéad leabhar a chuir muid amach agus déarfaidh daoine go bhfuil sé bean *incestuous mar go bhfuil mé ag foilsiú leabhar liom féin ach tá mé ag foilsiú leabhar le go leor daoine eile freisin.

“Tá breis is tríocha leabhar foilsithe ag Cló Mhaigh Eo anois. Tá ceithre leabhar le Ré Ó Laighléis foilsithe againn, dhá leabhar le Liam Prút, cinn le Liam Mac Uistín agus le Méabh Ní Eadhra, cailín óg. Bím ag triail rudaí difriúla. Ansin, ar ndóigh, tá na scéalta faoi Ruairí againn – b’fhéidir na scéalta is mó clú dár gcuid.”

Tá an-rath ar na leabhair áirithe sin faoi Ruairí agus is léir go bhfuil Colmán an-bhródúil astu.

“Déanaim amach gur Drochlá Ruairí an leabhar is mó díol do pháistí atá ann, i nGaeilge. Idir an leagan leictreonach, a chuir Fios Feasa amach, agus an leabhar féin tá suas le 20,000 cóip díolta. Níl mé go hiomlán cinnte faoi na figiúirí sin ach is buille faoi thuairim é nach bhfuil rófhada ón bhfigiúr ceart.”

Tá sé réasúnta sásta leis an fhoilsitheoireacht Ghaeilge ach aithníonn sé mar sin féin go bhfuil gá le forbairtí áirithe agus measann sé gur cheart tús áite a thabhairt do chúrsaí eagarthóireachta agus do phrofú.

“Tá foilsitheoireacht na Gaeilge i bhfad níos fearr ná mar a bhí sé deich mbliana ó shin. Ach, ar ndóighe, níl aon rud riamh chomh maith sin nach féidir feabhas a chur air. Féachaim ar an obair atá ar siúl againn féin agus feicim a lán rudaí nach bhfuil i gceart, gur mhaith liom feabhas a chur orthu. Tá sé deacair leabhair a fhoilsiú i nGaeilge sa mhéid is nach bhfuil na back-up services ann ó thaobh eagarthóireachta de agus ó thaobh léamh profaí. Bíonn sé deacair daoine a fháil a bhfuil na scileanna sin acu ach tá mé ag plé leis sin faoi láthair.

“Caithfidh muid daoine a fháil a bhfuil na scileanna acu agus painéal a chur le chéile. Tá mise ag cur painéil d’eagarthóirí agus de dhaoine mar sin le chéile anois a dhéanfas a leithéid sin d’obair dúinne. Íocfar iad as an obair – pé ráta atá ann, tabharfar dóibh é. Féachfaimid leis an taobh sin den obair a chur chun cinn. Tá muid ag iarraidh tógáil ar an obair atá déanta againn maidir leis na húrscéalta grafacha – sin gné den obair a bhfuil muid thar a bheith bródúil aisti.”

Caitheann Colmán agus a chomhlacht roinnt mhaith dua le cúrsaí margaíochta, gné dá gcuid oibre a gcuireann sé an-bhéim uirthi.

“Tá Bord na Leabhar Gaeilge ag tacú go maith linn, caithfidh mé a rá, agus tá siad ag tacú go speisialta linn ó thaobh an margadh a leathnú amach, tuilleadh poiblíochta a dhéanamh do na leabhair agus tuilleadh díolacháin a dhéanamh. Níl aon mhaith bheith ag foilsiú leabhar in aon teanga mura bhfuil tú á ndíol. Chuir mise romham mar sprioc riamh aon leabhar a bhfuair muid airgead dó ó Bhord na Leabhar Gaeilge go ndéanfadh muid sáriarracht é a dhíol. Go ginearálta, d’éirigh thar barr linn san obair sin, cé go raibh leabhair áirid ann nár dhíol an oiread sin.

“Anois, déarfadh foilsitheoirí eile linn go bhfuil buntáiste againn sa mhéid is go bhfuil muid ag foilsiú do pháistí agus go bhfuil muid ag foilsiú leabhar grafach. Tá sé sin fíor, ach dá gcuirfeá amach bruscar, ní cheannódh daoine é. Caithfidh tú tosú le páistí, caithfidh tú léitheoirí a dhéanamh as daoine ón uair a thosaíonn siad ag léamh, caithfidh tú coinneáil leis na daoine sin agus iad sna déaga agus caithfidh tú ansin féachaint chuige go leanfaidh siad ag léamh agus iad ina ndaoine fásta.”

Múinteoireacht feabhais

Cé go bhfuil Colmán ag obair mar mhúinteoir bunscoile le beagnach tríocha bliain anois, faigheann sé sásamh as an phost go fóill. Is múinteoir feabhais é na laethanta seo agus is léir go bhfuil sé an-tógtha leis an obair a bhíonn ar bun aige le daltaí a mbíonn deacrachtaí foghlamtha acu.

“Caithfidh mé a rá go mbainim ardtaitneamh as an obair sin. Obair dhúshlánach atá inti. Ag an am céanna, níl an strus ag baint léi is atá ag baint leis an seomra ranga. Tá tú ag obair ar do théarmaí féin, tá do chlár ama féin agat, tá grúpaí de dhuine nó beirt nó triúr agat. Tá tú in ann plé agus cumarsáid phearsanta a dhéanamh leis na páistí. Cothaíonn tú gaol leis na scoláirí agus éiríonn leat go leor leor rudaí a dhéanamh sa gcaoi sin.”

Ach an dteipeann air uaireanta dul i bhfeidhm ar dhalta a bhfuil deacrachtaí foghlamtha aige?

“Tarlaíonn sé uaireanta nach ndéanann tú an dul chun cinn a raibh tú ag súil leis. Tarlaíonn sé sin, go mí-ámharach, i gcásanna nach bhfuil na tuismitheoirí sásta bheith ag comhoibriú leat. Ach má bhíonn comhoibriú agat ó thuismitheoir, tá sé dochreidte na rudaí is féidir leat a dhéanamh le scoláire lag, an scoláire, mar shampla, a bhfuil fadhb aige leis an disléicse.”

Tá Colmán gníomhach i gConradh na Gaeilge ó bhí deireadh na seachtóidí ann agus i láthair na huaire tá an-suim aige sa díospóireacht atá ar bun mar gheall ar an Ghaeilge éigeantach sa chóras meánscolaíochta. Chuir an méid a bhí le rá ag ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, faoin Ghaeilge bheith roghnach mar ábhar tar éis an Teastais Shóisearaigh an-mhíshásamh ar Cholmán. Measann sé gur buille tubaisteach a bheadh ann don teanga dá mba rud é go gcuirfí a leithéid de pholasaí i bhfeidhm.

“Ní dóigh liom go bhfuil an rud atá á mholadh ag ceannaire an Fhreasúra, mar a thugann sé air féin, go bhfuil ciall ar bith leis sin, ó thaobh thodhchaí na Gaeilge de. Déanfar díothú ar an nGaeilge má tharlaíonn sé agus caithfidh chuile dhuine a thuigeann cúrsaí teanga in Éirinn cur go láidir ina éadan sin agus féachaint chuige nach gcuirfear riamh a leithéid de pholasaí i bhfeidhm.

“Is éard a chaithfidh muid a dhéanamh ná teacht suas le Plean B maidir le múineadh na Gaeilge sna scoileanna. Tá mé féin agus daoine eile sa Chonradh ag moladh faoi láthair gur cheart ábhar faoi leith a dhéanamh as teanga na Gaeilge. Ní ábhar ró-éasca a dhéanamh as teanga na Gaeilge ach go mbeadh cainteoirí slachtmhara, maithe Gaeilge ag teacht amach ag ceann scríbe – sin an aidhm ba cheart bheith le múineadh na Gaeilge. An áit a bhfuil an teip sna meánscoileanna ná go dtugtar le fios dúinn agus do na scoláirí gur daoine iad nach bhfuil ag foghlaim na Gaeilge, gur daoine iad a bhfuil Gaeilge acu agus go bhfuil siad ag déanamh staidéir ar litríocht na Gaeilge. Ach níl siad in ann an teanga a labhairt. Agus, ar ndóigh, is sine qua non é sin.”

Ach an dóigh leis go mbeadh múinteoirí Gaeilge na tíre ábalta déileáil le cúrsa ina mbeadh an bhéim ar an teanga féin? Nach bhfuil go leor acu nár bhac thar na blianta le Gaeilge a labhairt leis na daltaí sa seomra ranga?

“An fáth a bhí leis seo ná go raibh an múinteoir ag iarraidh cúrsaí mífheiliúnach a dhéanamh leo an chéad lá riamh. Den chuid is mó, an cúrsa atá ann go leibhéal na hArdteistiméireachta, cúrsa tríú leibhéal atá ann do chainteoirí nach bhfuil an Ghaeilge acu ó dhúchas, ón gcliabhán. Agus is éard atá mise ag rá: na daoine atá ag cruthú go maith faoi láthair san ábhar a dtabharfaidh mé teanga na Gaeilge uirthi, beidh an rogha acu ansin an deis a thapú agus an buntáiste is mó a bhaint as an gcumas atá iontu tríd an dá ábhar a dhéanamh. Faoi láthair, déanann scoláire 40% níos mó oibre chun A1 a fháil sa nGaeilge ná mar a dhéanann chun an marc sin a fháil sa bhFraincis. Cuir an dá chúrsa i gcomórtas lena chéile: tá páipéar sa bhreis sa nGaeilge ar a bhfuil an litríocht seo uilig. Agus cé nach bhfuil ach 30% de na marcanna ar an litríocht sin, caitear 85% den am á múineadh.”

Fiafraím de an bhfuil an baol ann gur céim síos a bheadh sa chóras nua atá á mholadh aige don litríocht.

“Ní dóigh liom é – céim suas a bheadh ann don litríocht. Mar na daoine a bheadh ag plé leis an litríocht bheadh tuiscint acu ar an litríocht. Bheifí in ann í a mhúineadh sa teanga inar scríobhadh í. Bheifí in ann daoine a mhealladh a mbeadh an tuiscint acu ar an litríocht chun an litríocht a dhéanamh. Is cur amú ama é bheith ag iarraidh capall rása a dhéanamh d’asal.”

Feachtais

Ó d’fhill Colmán ar Mhaigh Eo i 1977, le dul i mbun oibre i mbunscoil i gCnoc Mhuire, tá sé tar éis bheith bainteach le feachtais éagsúla sa chontae. Bhí an tAthair James Horan, an fear a throid ar feadh na mblianta le haerfort a fháil do Mhaigh Eo, ina bhainisteoir sa chéad scoil ina bhfuair Colmán post agus d’éirigh an bheirt acu an-chairdiúil lena chéile.

“Bhí mé an-mhór leis, ba dhlúthchairde muid – agus thacaigh mé leis san obair a bhí ar bun aige chun an t-aerfort a bhunú ag an am, i mo bhealach beag féin.

“Táthar ag tuar anois go mbeidh milliún duine ag eitilt as Cnoc Mhuire taobh istigh de dhá bhliain. Tá daoine ag roghnú Chnoc Mhuire anois mar go bhfuil sé chomh héasca sin fáil amach as.

“Tá daoine mar an Monsignor Horan ag teastáil. Bhí fís aige nuair nach raibh fís ag duine ar bith eile in Éirinn. Agus is cuma céard a deirtear faoi Charlie Haughey, murach Charlie ní bheadh an t-aerfort sin ann. B’fhear é Charlie a raibh fís aige freisin, fear nach raibh leisce air riamh dul sa tseans. Níl dearmad déanta air in iarthar na hÉireann, cé nach raibh sé gan locht.”

Tá baint lárnach ag Colmán le West on Track, an feachtas atá ar bun in iarthar tíre chun an t-iarnród ar a dtugtar an Conair Iarnróid an Iarthair a athoscailt.

“Bhunaigh muid an feachtas sin trí bliana ó shin. Tá daoine as na contaetha ar fud in iarthar na hÉireann páirteach ann anois – rinne muid earcú ar dhaoine ó na pobail éagsúla ar fud an cheantair le dul i mbun na hoibre. Tá an tAthair Mícheál Mac Gil, fear cumasach agus fear eile a bhfuil fís aige, mar phátrún againn. Bhí seisean ag troid ar feadh tríocha bliain ar son an iarnróid sular tháinig muidne ar an bhfód. Ach rinne muidne rud nach raibh déanta go nuige sin – chuir muid eagar ar na pobail. Beidh an toghchán ann an bhliain seo chugainn agus samhlaíonn muid go ndéanfar an-dul chun cinn idir seo agus sin.

“Tá an rialtas báúil leis an smaoineamh anois. Tuigeann siad go bhfuil tábhacht ag baint leis seo d’iarthar na hÉireann, go bhfuil easpa infreastruchtúir ag cur as go mór don réigiún, go bhfuil an píosa seo ann agus gur féidir, ar airgead atá beag go maith, caoi a chur air; go dtabharfaidh sé an Straitéis Náisiúnta Spáis i bhfeidhm thar oíche má cheanglaítear Sligeach, Gaillimh, Luimneach agus Corcaigh; go dtabharfaidh sé spreagadh mór do phobal an iarthair i gcoitinne; go ndéanfaidh sé an áit níos mealltaí do na státseirbhísigh seo atá le bogadh as Baile Átha Cliath; go meallfaidh sé tionscail agus forbairt isteach agus go dtabharfaidh sé iarthar na hÉireann isteach san aois ina maireann muid.

“Ar na hábhair sin ar fad, gan an t-olltoghchán a lua ar chor ar bith, tá sé ag dul a tharlú. Agus déanfaidh mé an méid seo a thuar: beidh an líne ar fad as Inis go Cúil Mhuine i gContae Shligigh ar oscailt taobh istigh de chúig bliana. Agus, ar ndóigh, má bhíonn ceart le fáil, tógfar iarnród ansin an bealach ar fad ó Shligeach go Doire agus ag an am céanna féachfar arís ar an líne go hInis Ceithleann, b’fhéidir, a oscailt. Agus an rud atá ag gabháil a tharlú go sciobtha sa tír seo ná go dtiocfaidh daoine ar an tuiscint go bhfuil deireadh le ré na gcarranna agus go gcaithfidh muid córas nua-aimseartha iompair phoiblí den scoth a chur ar fáil do chuile shaoránach in Éirinn, bíodh sé i mBaile Átha Cliath, i gClár Chlainne Mhuiris, i nGaillimh nó pé áit.”

Tá Colmán ag tacú go láidir fosta leis an fheachtas atá ar bun ag Cúigear Ros Dumhach, an grúpa fear a thug dúshlán an chomhlachta Shell agus a chaith tréimhse sa phríosún an bhliain seo caite mar gur dhiúltaigh siad gan cosc a chur ar Shell píblíne gháis a thógáil fríd a gcuid talún. Tá fearg ar Cholmán mar gheall ar an tslí ar thug Aire Fuinnimh Fhianna Fáil sna hochtóidí, Ray Burke, ceantar gáis na Coiribe ar lámh do Shell agus nár chuir sé iachall orthu fiú dleachtanna a íoc leis an stát.

“Sin ceann de na scannail is mó i stair na hÉireann le fiche nó tríocha bliain anuas. Díoladh acmhainní náisiúnta na hÉireann ar phingineacha beaga leis na daoine seo. Tugadh ar lámh maoin de chuid mhuintir na hÉireann arbh fhiú na billiúin í do chomhlacht as tír eile, comhlacht na bhfuil prionsabail dá laghad aige. Ba scannal é sin sa gcéad áit. Ansin, tháinig siad isteach agus rinne siad iarracht cos ar bolg a dhéanamh ar na daoine áitiúla. Bhí cuid acu sásta glacadh leis sin mar gur shíl siad go raibh buntáiste ann dóibh ach bhí daoine áirid agus ní raibh siad sásta glacadh leis.”

Tá Colmán an-mhíshásta faoin easpa tacaíochta a léirigh na polaiteoirí áitiúla, go háirithe ceannaire Fhine Gael, do Chúigear Ros Dumhach.

“Chuir sé déistin uilig orm. Agus Enda Kenny, caithfidh mé a rá, bhí mé an-mhíshásta leis. Fiú murar aontaigh sé leis na fir, ba cheart dó a rá, ‘Tá ceisteanna tábhachtacha maidir le polasaí náisiúnta na hÉireann á n-ardú ag na daoine seo. B’fhéidir go bhfuil dul amú orthu ach is fiú breathnú ar na ceisteanna seo.’ Ach ní raibh sé de mhisneach aige agus thaobhaigh sé le Shell ón gcéad lá. Ní bhfaighidh sé aon bhuntáiste as sin. Beidh sé thíos leis i Maigh Eo sa chéad olltoghchán eile.”

Gluaiseacht na poblachta

Tá baint ag Colmán le gluaiseacht na poblachta le blianta fada anois, cé go ndeir sé nach bhfuil sé chomh gníomhach ó thaobh na polaitíochta de na laethanta seo is a bhí roimhe seo. Níl aon aiféala air gur thacaigh sé leis na poblachtánaigh le linn bhlianta na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann.

“Murach gluaiseacht na poblachta, ní bheadh go leor de na rudaí atá bainte amach maidir le leagan amach na hÉireann sna blianta atá amach romhainn, bainte amach. Bheadh na náisiúntóirí sa tuaisceart fós faoi chois, is dóigh liom, cé go mb’fhéidir go mbeadh cúrsaí beagán beag níos fearr ná mar a bhí siad tríocha bliain ó shin. Ach ní chreidim sa bhréag seo a chuirtear thart (cuirtear thart go minic í) gur chuir gluaiseacht na poblachta siar athaontú na tíre seo. Is léir domsa go bhfuil athaontú na tíre ag tarlú chuile lá i ngan fhios de dhaoine.”

An raibh an foréigean agus an doirteadh fola riachtanach mar sin, dar leis?

“Ní dóigh liom go raibh sé riachtanach ar chor ar bith. Níorbh iad na poblachtánaigh a chuir tús leis an doirteadh fola sna sé chontae. Buaileadh na daoine a bhí ag iarraidh rudaí a bhaint amach go síochánta de na sráideanna; cuireadh na mílte thar teorainn go campaí ar an taobh seo. Tá sé sin glanta amach ar fad as an stair ag leithéidí Garret Fitzgerald. Tharla sé sin chuile dheich mbliana ó bunaíodh an bréagstát sna sé chontae. Dódh na náisiúntóirí agus na Caitlicigh amach ó na fichidí ar aghaidh, go dtí go bhfuair cuid acu oideachas agus gur dhúirt siad, ‘Níl sé seo ag gabháil a tharlú arís.’

“Rinneadh rudaí uafásacha sna sé chontae. Rinne cuid de na Sealadaigh rudaí nach féidir a chosaint ach, mar ghluaiseacht, bhí an ceart ag gluaiseacht na poblachta.

“Creidim rud amháin, agus mura gcreidfinn, bheadh orm a rá gur rud mímhorálta a bhí sa chogadh a throid na poblachtánaigh, ach creidim nach raibh an dara rogha acu ar feadh i bhfad. Agus nuair a fuair siad an dara rogha, thóg siad é.

“Is cuma céard a cheapann tú den fhoréigean mar ghléas, is gléas é a úsáideann daoine measúla ar fud an domhain. Dúirt Breandán Ó Beacháin am amháin, ‘The terrorists are the men with the small bombs.’ Smaoinigh ar an Iaráic. Smaoinigh ar Tony Blair. Smaoinigh ar George Bush. Níl muid ag dul a ghlacadh le searmóintí ó na daoine seo faoi fhoréigean, faoi na hábhair seo ar fad.

“Níl prionsabail ar bith ag na daoine sin, tá siad mímhorálta ar fad. Tá na mílte sibhialtach maraithe ag na Meiriceánaigh san Iaráic le trí bliana anuas and they have the cheek to be lecturing Gerry Adams on terrorism.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.