CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Cinntí tábhachtacha an Bhoird Pleanála

Rinne an Bord Pleanála cinntí an mhí seo caite a chuideoidh go mór leis an teanga a chosaint sna ceantair Ghaeltachta.

Íomhá

beart cróga déanta ag an Bhord Pleanála leis na cinntí a ghlac siad le déanaí maidir le trí fhorbairt chonspóideacha a bhí beartaithe i gConamara agus i gCorca Dhuibhne. Tríd is tríd, caithfear fáilte a chur roimh na cinntí seo mar go gcuireann siad bonn seasmhach faoi thábhacht na Gaeltachta mar cheantar luachmhar oidhreachta. Cinntí iad a thabharfaidh ardú croí d’éinne gur cás leis todhchaí na Gaeilge mar theanga labhartha laethúil.

Rialaigh an Bord Pleanála ar an 22 Aibreán gur cheart go mbeadh coinníollacha teanga ceangailte le forbairtí a bhí beartaithe sna Forbacha agus i mBaile an Fheirtéaraigh. Coinníollacha thar a bheith docht iad seo. Caithfear 75% de na tithe i mBaile an Fheirtéaraigh agus 60% de na tithe sna Forbacha a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge. Critéir teanga Scéim Thithíochta Roinn na Gaeltachta a bheas mar shlat tomhais agus ní bheifear ábalta na tithe a dhíol nó a ligean amach ar cíos le daoine nach bhfuil an Ghaeilge acu. Mairfidh na coinníollacha seo go dtí an 22 Aibreán 2020.

Níor fhéad An Bord Pleanála a mhacasamhail de choinníoll a leagan síos le haghaidh scéim tithíochta a bhí beartaithe do Bhothúna i gceantar an Spidéil siocair nach raibh a leithéid leagtha síos nuair a tugadh cead pleanála imlíneach don scéim. Is mór an trua é seo ach tá sé mar fhaoiseamh ag lucht na Gaeilge gurb é seo an t-eastát tithíochta deireanach a thógfar sna Gaeltachtaí nach bhfuil coinníoll teanga luaite leis.

Socrú scaoilte a bhí i bhfeidhm go dtí seo. Cuireadh coinníoll teanga le forbairtí áirithe i gConamara ach ní raibh aon slat tomhais cinnte leagtha síos faoin mhéid tithe a chuirfí ar leataobh do chainteoirí Gaeilge. Tá sé sin athraithe anois. Ní chuirfear an cóimheá idir cainteoirí Gaeilge agus Béarla i gceantair Ghaeltachta as a riocht mar go mbeidh an céatadán de thithe a chuirfear ar leataobh do Ghaeilgeoirí bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh i leith líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar. Anuas air sin, tá sé greanta i gcloch anois ag an Bhord Pleanála go bhfuil dualgas ar gach Comhairle Contae coinníollacha a chur i bhfeidhm lena gceantair Ghaeltachta a chosaint. Dul chun cinn mór é seo agus níl aon dabht ach go gcuirfidh sé srian ar an rófhorbairt atá ar siúl sna Gaeltachtaí faoi láthair.

Tá a gcuid fadhbanna féin ag gach Gaeltacht. Tá Gaeltacht Chonamara faoi bhrú de bharr é a bheith buailte le cathair bhríomhar atá ag síorfhás agus a bhfuil a cuid bruachbhailte ag bogadh siar de réir a chéile. Ceantar ard áilleachta é Corca Dhuibhne agus tá an-ráchairt dá réir sin ar thithe ó dhaoine ó bhaile isteach. D’fhág neart an phunta Sterling a rian ar thírdhreach Ghaeltacht Thír Chonaill, atá breac le tithe saoire ar le bunadh na sé chontae iad den chuid is mó.

Ní bheadh ach toradh amháin ann dá leanfaí leis an phatrún seo – díothú na Gaeltachta. Ní bhaineann na coinníollacha le tithe aonair, rud a chiallaíonn nach ndéanfar leithcheal ar mhuintir na Gaeltachta iad féin. Seans fosta go mbeidh buntáiste geilleagrach ann do lánúineacha óga mar go gcáileoidh siad do na tithe a chuirfear ar leataobh do chainteoirí Gaeilge. Tuairiscíodh le gairid go bhfuil deacrachtaí ag tógálaí ón Spidéal a chuid árasán a dhíol mar go bhfuil coinníoll teanga ceangailte leo. Ach i ndeireadh ama caithfidh an margadh buntáiste éigin a thabhairt do dhaoine a cheannóidh teach le coinníoll teanga seachas teach gan choinníoll.

Cé go nglacfar le gach cás pleanála mar chás faoi leith, bainfear úsáid as na cinntí seo mar eiseamláir d’fhorbairtí Gaeltachta amach anseo.

Tá obair mhór déanta ag an Bhord Pleanála i leith shlánú na Gaeilge.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.