Tá Reuben Ó Conluain ag tarraingt ar Festival Interceltique Lorient, Féile idir-Cheilteach sa Bhriotáin, le cúig bliana déag anuas. Déanann sé cur síos anseo ar fhéile na bliana seo, an 31ú, a bheidh ar siúl idir 3-12 Lúnasa.
Ar an dara lá de mhí Lúnasa fágfaidh eitilt BD 7905 Aerfort Átha Cliath faoi choim na hoíche agus tuirlingeoidh sí arís uair agus cúig nóiméad níos déanaí ag Aerfort Lorient. Beidh beagnach dhá chéad oirfideach ar bord. Cheana féin beidh na tonnta treafa ag suas le scór eile go Calafort Roscoff agus buailfidh siad leis an chuid eile i Lorient, cathair bheag ar chósta theas na Briotáine atá nascaithe le fada an lá le Gaillimh. Ceoltóirí, rinceoirí, múinteoirí agus meitheal oibre thoscaireacht na hÉireann a bheas i gceist agus iad uilig ag tarraingt ar Fhéile Idir-Cheilteach Lorient 2001.
As sin go ceann aon lá dhéag is beag leaba a fheicfidh an chuid is mó acu. I rith an ama sin ceolfaidh siad, seinnfidh siad, damhsóidh siad, máirseálóidh siad agus ólfaidh siad ar a seacht ndícheall ar mhaithe le cultúr na hÉireann a léiriú don saol mór. Clúdaíonn 350 iriseoir ón domhan iomlán an FIL gach bliain. Beidh na hÉireannaigh seo feiceálach, glórach go maith i measc an 4,500 ceoltóir agus rinceoir eile a bheidh páirteach san fhéile.
Ollchruinniú na gCeilteach é seo atá ar siúl ó bhí 1971 ann. Tá na hÉireannaigh páirteach ó 1972 i leith (agus roinnt acu siúd ag scríobh do Beo!). Cuirtear tús leis an fhéile gach bliain ar an chéad Aoine i mí Lúnasa agus leanann sí ar aghaidh gan stad gan sos go dtí an deireadh seachtaine dár gcionn. Deich lá agus oíche den cheol is mire, is bríomhaire agus is taitneamhaí. Deich lá agus oíche gan trua gan taise. Ach deich lá agus oíche de chairdeas, de chraic is de cheiliúradh.
Agus bhí siad uilig anseo thar na blianta: The Chieftains, Clannad, Altan, Van Morrison, Sinéad O’Connor, The Pogues, Davy Spillane, Liam O’Flynn, Dónal Lunny, Liam Ó Maonlaí, The Corrs, Micko Russell, Eileen Ivers, Ronnie Drew, De Danann, Afro Celt Sound System, Capercaillie. Is liosta le ríomh iad go léir. Is ann a bhí a dhara gig dheireanach ag Rory Gallagher sular éag sé. Agus tá siad fós ag teacht. Cuirfear “The Pilgrim” le Shaun Davy ar an ardán arís i mbliana. (Is do FIL a chéadchoimisiúnaíodh an mhórshraith cheoil seo sa bhliain 1983 agus d’fhreastail 3,700 air ag FIL 2000.)
Mar chuid de thoscaireacht na tíre seo i mbliana beidh trí phíob-bhanna (Carraigdhoun PB agus Banna Naomh Pádraig Dhroichead na Bandan ó Chorcaigh agus Vale of Avoca PB ó Loch Garman), buíon rinceoirí Dhún Aengus ó Bhaile Átha Cliath, sé ghrúpa thraidisiúnta mar atá Meitheal (Tiobraid Árann agus Corcaigh) Caliban (BÁC agus an Iodáil) Devana (BÁC, Tír Eoghain, Sasana, Stáit Aontaithe Mheiriceá!) Cuisle (BÁC) Oidhreacht (BÁC) agus Fonnchaoi (Maigh Eo agus Gaillimh). Beidh an t-amhránaí sean-nóis Máire Ní Choilm ó Ghaoth Dobhair, an píobaire Robert Watt, an píobaire uilleann Brian McNamara, fear an doird bhéil Mick Kinsella agus go leor leor eile le cloisteáil freisin le linn na féile.
Muintir na Gailíse
Páirteach i dtólamh fosta bíonn toscaireachtaí ó Albain, ó Oileán Mhanann, ó Chorn na Breataine, ón Bhreatain Bheag agus ón dá cheantar Cheilteacha in Iarthuaisceart na Spáinne, Galicia agus Asturias. Trí mhilliún duine agus beagáinín sa bhreis ar aon mhilliún duine daonra na gceantracha seo atá suite ar an chósta idir an Phortaingéil agus Tír na mBascach agus corrdhuine le cloigeann rua agus bricíní gréine ina measc.
Gheobhaidh an saol Ceilteach deis tuilleadh eolais a fháil ar mhuintir na Gailíse i mbliana mar gach bliain ag FIL anois déantar mionscrúdú agus léiriú ar cheantar ar leith. (Is ón Ghailís don phíobaire iontach Carlos Núnez a sheinneann go rialta leis na Chieftains agus a chuir tús lena shaol mar cheoltóir le Ceolfhoireann na Féile ag FIL 1985 agus gan é ach in aois a 13 bliana!). Dar ndóigh, bíonn ceoltóirí agus cuairteoirí as na nuacheantracha Ceilteacha ar fud an domhain ann chomh maith.
Buachphointe na féile i gcónaí, áfach, ná na hOícheanta Draíochta / Les Nuits Magiques a bheidh ar siúl ceithre oíche sa pháirc pheile, Le Parc du Moustoir (9,000 duine i láthair gach oíche agus na ticéid ar fad díolta i gcónaí roimh ré). Ar an ardán ceoltóirí, rinceoirí, agus bannaí máirseála na dtíortha gCeilteach uilig - 700 oirfideach ar fad! Tús curtha leis i gcónaí le hamhrán sean-nóis i nGaeilge. Na míreanna go léir maisithe le seó soilseoireachta agus greasán tine atá draíochtúil amach is amach.
Agus ní nach ionadh beidh fathaigh na Briotáine mar atá Alan Stivell agus Tri Yann páirteach arís i mbliana, mar aon le daichead badad nó píob-bhanna áitiúil. Bíonn ceardlanna uirlisí, rince agus teangacha (an Ghaeilge san áireamh, le Pádraigín Ní Dhomhnaill ó Ghaoth Dobhair) i gceist; taispeántais ealaíne, fhoilsitheoireachta agus turasóireachta; scannáin; léachtaí agus comórtais mhóra idir-Cheilteacha don imreoir pétanque (bóláil sráide), don phíobaireacht aonair, do na píob-bhannaí agus do na grúpaí traidisiúnta. Is iomaí corn a tháinig ar ais go hÉirinn linn ar an eitilt abhaile.
Mar sin, má bhíonn tú ar na gaobhair ag tús mhí Lúnasa bliain ar bith, buail isteach. Beidh tú i measc do chairde Ceilteacha go léir - 500,000 acu a d’fhreastail ar imeachtaí FIL 2000 agus an líon sin ag méadú i gcónaí. Agus má fheiceann tú 200 duine deargshúileach craiceanndóite (agus cuid acu sin agus filleadh beag orthu) ag longadán fá Aerfort Átha Cliath le bodhránacht an lae ar an 14 Lúnasa agus cuma orthu go bhfuil seachrán sí orthu, ná cuir ceist! Ní thuigfidh tú. Mar bhí siadsan ann agus ní raibh tú féin. Go fóill beag, cibé.
Tuilleadh eolais:
FIL, 2 rue Paul Bert. 56100 Lorient, Breizh, France. Guthán (as Éirinn) 00 33 297 21 44 94 www.festival-interceltique.com ccc@eircom.net nó filroc@eircom.net
Tá Reuben Ó Conluain ina chónaí in aice le Dún Laoghaire. Múineann sé Gaeilge do dhéagóirí agus do dhaoine fásta. Tá sé féin (mar aon le 400 duine eile) ag obair go deonach le FIL ó bhí 1986 ann.