Is ionadh le Tony Birtill go maraítear daoine neamhurchóideacha 30 bliain i ndiaidh marú Kevin Gately i lár Londain. Níor theastaigh ó Ian Tomlinson ach siúl abhaile. Mharaigh póilín é earrach na bliana 2009.
Níor chuir sé iontas orm nuair a ghlac coiste ionchoisne i Londain leis ar 4ú Aibreán gur mharaigh póilín ó Scotland Yard an fear Ian Tomlinson go mídhleathach.
Bhí Tomlinson, díoltóir nuachtáin, 47 bliana d’aois, ar a bhealach abhaile trí lár na cathrach ar 1 Aibreán 2009 nuair a rinne PC Simon Harwood ionsaí air. Bhí Harwood agus baill eile den Territorial Support Group (TSG) ar dualgas ag an agóid G 20, agóid nach raibh Ian Tomlinson páirteach ann.
Buíochas do Mheiricéanach agus don teicneolaíocht úr, bhí bás Tomlinson ina ‘cause célèbres’ idirnáisiúnta mar scannánaigh Christopher La Jaunie, fear gnó as Nua-Eabhrac, an eachtra agus thug sé an t-eolas don nuachtán The Guardian.
Mhaígh PC Harwood don choiste gur thimpiste a bhí ann, ach níor chreid siad é agus rialaigh siad: "he acted illegally, recklessly and dangerously in shoving Mr Tomlinson to the ground."
B’fhéidir anois go mbeidh cúiseamh dúnorgana in aghaidh PC Harwood. Cé gur mharaigh sé Ian Tomlinson i solas an lae, os comhair scaifte póilíní eile, ní raibh ach aon duine amháin díobh faoi imní mar gheall ar an eachtra - scríobh PC Kerry Smith nóta faoin ionsaí agus dúirt sí leis an choiste: "He (Tomlinson) sat up and looked towards us and he said ‘I just wanted to go home’." Fuair sé bás tamall gearr ina dhiaidh sin.
Údar Imní
De réir an Independent Police Complaints Commission (IPCC) ba údar imni dóibh nach raibh suim ag na póilíní eile san eachtra, ach ba é a dtuairim, nach raibh aon chur i gcéill ann. Ní raibh siad ag iarraidh an scéal a cheilt.
Bíonn ionsaithe ar léirsitheoirí ar son daonlathas sa Libia agus sa tSiria go mór sa nuacht sa lá atá inniu ann, ach ní dhearna meáin chumarsáide na tíre seo, Sasain, aon chomórtas idir iompar na bpóilíní i Londain agus iompar na bhfórsaí slándála sna tíortha thall. Ná ní luann siad Gluaiseacht Cearta Sibhialtachta sa Tuaisceart, Domhnach na Fola agus mar sin de.
Cuireann na meáin chumarsáide sa tír seo dallach dubh orthu féin i gcónaí faoi chearta sibhialta anseo - creideann siad gur máthair na bparlaimintí atá i Westminster agus go bhfuil an tír go hiomlán daonlathach - bíonn cos ar bolg i dtíortha thar lear, ní bhíonn anseo.
Déagóir a bhí ionam nuair a chonaic mé an fhírinne i Londain agus chuir bás Ian Tomlinson na laethanta siúd i gcuimhne dom arís. Ar 15ú Meitheamh 1974 chuaigh mé suas go Londain le haghaidh frithagóid in aghaidh an National Front, dream faisisteach a bhí le mórshiúl tríd an phríomhchathair ar an lá sin. Bhí cruinniú ag an NF i Halla Conwy, i gCearnóg Red Lion agus bhí cruinniú againn sa chearnóg chéanna agus bhí Syd Bidwell MP le caint ann.
Fuil ar Eitilt
Ach, sular thosaigh sé, rinne na póilíní ionsaí fíochmhar orainn. Póilíní capaill a bhí ann, in éineacht leis an Special Patrol Group , an t-ainm a bhí ar an TSG go dtí 1987. Is cuimhin liom na smaichtíní ag teacht anuas orainn ó na póilíní capaill, agus fuil ar eitilt tríd an aer, ag scairdeadh mar anlann trátaí as buidéal a fáisceadh i siopa sceallóige. Níl a fhios agam ar fuil Kevin Gately a chonaic mé a bhí, mo dhála féin, ag teitheadh roimh an ionsaí. Fuarthas a chorp ar an talamh tar éis an ionsaithe agus bhí grianghraf de phóilín sa Daily Mirror an lá dár gcionn, ag tarraingt corp Kevin, ar nós cuma liom, ba léir ar a aghaidh.
Ní raibh aithne agam ar Kevin Gately, cé gur de bhunadh Éireannach é. Mac léinn, 20 bliana d’aois a bhí ann, sa dara bliain in Ollscoil Warwick. De réir an choiste chróinéara: "death was the result of a blow to the head from a blunt instrument."
Níor cúisiodh póilín ar bith mar gheall ar seo agus d’fhoglaim mé ceacht simpli ón lá sin faoi dhaonlathas sa Bhreatain: nil aon cheart agóide agat muna bhfuil tú i do faisisteach.
Chas mé ar an SPG arís nuair a bhí mé i mo chónaí i Acton, Londain, i 1977. Bhí mé féin agus baill eile de Chomhairle na gCeardchumann in Acton taobh amuigh den mhonarcha Grunwick chun tacaíocht a thabhairt do na mná a bhí ar stailc ansin. Buíochas le Dia, ní bhfuair duine ar bith bás san ionsaí fíochmhar a rinne an SPG orainn, cé go raibh neart doirteadh fola ann. Ní raibh mé i láthair ar an agóid in aghaidh an NF i Southall i Aibreán 1979 nuair a mharaigh an SPG an múinteoir Blair Pleach. Ba as an Nua-Shéalainn é, ó dhúchas. Arís, níor cúisíodh póilín ar bith mar gheall ar an dúnmharú seo.
TOM
Má bhí cos ar bolg ar léirsitheoirí i Sasana, bhí rudaí i bhfad níos measa sna Sé Chontae, áit a raibh Rialtas Shasana ag iarraidh ‘réiteach míleata’ ar an fhadhb pholaitiúil ansin. Ba léir do chách ó Dhomhnach na Fola ar aghaidh gur beartas amaideach a bhí ann agus i 1981 bhí mé féin sa Troops Out Movement, buíon a bhí ar son réiteach polaitiúil agus in aghaidh chos ar bolg Arm Shasana.
Nuair a toghadh Bobby Sands ina fheisire i bhFear Manach/ Tír Eoghain Theas ar 9ú Aibreán 1981 le líon níos mó vótaí (30,493) ná an méid a fuair Margaret Thatcher i Finchley (20,918 san olltoghchán i 1979) , bhí muid ag súil le athrú mana ó ‘mháthair na bparlimintí’, áit a mbíodh síorchaint faoin daonlathas agus síorchaint ar sceimhlitheoireacht ann gcónaí.
Ach lean Thatcher agus a rialtas ar aghaidh leis an dúnghaois chéanna agus chuaigh mé síos go Londain le haghaidh agóid Dé Domhnaigh Aibreán 26ú. Bhí mé i mo chónaí i Harlow, Essex, faoin am sin, agus rinne muid bratach nua Troops Out Movement Harlow faoi choinne an mhórshiúil ó Kilburn (ceantar Éireannach i dtuaisceart na cathrach) go dtí lár na cathrach.
Ach chuir an rialtas cosc ar an mhórshiúl, mar a dhéanann rialtas na Siria sa lá inniu. Ba léir gur mhiotas a bhí sna cearta daonlathacha i Sasana. Os rud é go raibh scaifte mór i Kilburn le haghaidh an mhórshiúil, thug na póilíní/rialtas cead dúinn cruinniú le chéile ar thaobhshráid , áit a raibh stáisiún artola. Bhí cipe póilíní ag barr na sráide, agus cipe eile ag bun na sráide agus sinne eatarthu. Ní raibh muid sásta le cruinniú áfach, bhí muid ag iarraidh siúl síos Kilburn High Road go Westminster le tacaíocht a thaispeáint don fheisire nuathofa agus chuaigh an focal thart chun a bheith réidh le comhartha. Leath bealaigh tríd an chruinniú, chuala muid an fheadóg á séideadh agus rith muid trasna réamhchúirt an stáisiúin artola agus amach ar Kilburn High Road, rud a chuir mearbhall ar na póilíní ar dtús.
Nochtadh na Smachtíní
Níor shiúil muid rófhada, áfach, sular chuir líne cipe póiliní stad linn. Shuigh na daoine chun tosaigh síos ar an bhóthar. Faoi dhroichead iarnróid a bhí siad. Bhí mé féin i mo sheasamh le leathmhaide na brataí i mo láimh agam. “Bobby Sands, MP, Bobby Sands, MP,” a bhí gach duine ag scairteadh.
Bhí ceamara teilifise de chuid ITN ann, agus ní raibh na póilíní róchrua ar dtús nuair a thosaigh siad ag bogadh na léirsitheoirí den bhóthar. Ach ansin tháinig na smachtíní amach agus rinne siad ionsaí orainn. Sciob siad an bhratach as mo láimh agus chuir siad an ruaig orainn.
Chuir cuid mhaith againn litreacha chuig: Bobby Sands MP, House of Commons, Westminster chun ár dtuairimí faoin daonlathas sa Bhreatain a chur in iúl. Fuair sé bás ar 5ú Bealtaine 1981. Tá sé deacair a chreidbheáil 30 bliana ar aghaidh go mbíonn na póilíní i Londain fós ag déanamh ionsaí marfach ar dhaoine neamhurchóideacha cóngarach do ‘mháthair na bparlaimintí’. Ach bíonn, go deimhin.