AGALLAMH BEO
Carrie Crowley
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Ag deireadh na nóchaidí, bhí Carrie Crowley le feiceáil ar an teilifís an t-am go léir. D’éirigh sí as an obair theilifíse go tobann, áfach, agus is beag trácht a bhí uirthi ar feadh roinnt blianta. Tá sí ar ais ar na scáileáin anois, áfach, agus, mar a mhínigh sí d’Éamonn Ó Dónaill níos sásta ná mar a bhí riamh lena saol.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Cathair Phort Láirge
Íomhá
An Dún Mór, Contae Phort Láirge: chaith Carrie dhá bhliain ag múineadh ansin
Íomhá
Íomhá
Carrie agus a comhláithreoir, Ronan Keating, le linn an Chomórtais Amhrán Eorafíse i 1997
Íomhá
An t-ealaíontóir Pauline Bewick
Íomhá
An t-aisteoir Don Wycherley, le Cate Blanchett
Íomhá
Ionad Ealaíon an Project i mBaile Átha Cliath

Chuir mé féin aithne ar Carrie Crowley den chéad uair i lár na nóchaidí, agus mé ag múineadh Gaeilge le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille. Bhí Carrie ag freastal ar m’ardrang agus is cuimhin liom gur chuir sí go mór leis an chúrsa. Bhí sí gealgháireach agus dearfach sa seomra ranga agus breá sásta amhráin a chanadh san oíche sa teach tábhairne.

Taobh istigh de dhá bhliain, bhí post bainte amach aici le RTÉ agus aithne uirthi ó cheann ceann na tíre. Roghnaigh an stáisiún í leis an Chomórtas Amhrán Eoraifíse a chur i láthair i gcuideachta an amhránaí Ronan Keating i 1997, agus mheall an clár áirithe sin lucht féachana de níos mó ná 300 milliún duine ar fud na hEorpa.

Bhí Carrie le feiceáil go leanúnach ar scáileáin na hÉireann i dtrátha an ama sin agus a hainm go mór i mbéal an phobail ach go tobann, ag tús na mílaoise nua, rinne sí cinneadh a cúl a thabhairt le hobair theilifíse. Tá sí os comhair na gceamaraí arís le tamall anuas, ach mar aisteoir an iarraidh seo seachas mar láithreoir.

Nuair a bhuail mé léi i mbruachbhaile na Carraige Duibhe i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath le gairid d’fhiafraigh mé di ar cheap sí nár chaith RTÉ i gceart léi ag an am, gur bhrúigh siad chun cinn barraíocht í.

Ba léir dom láithreach gur seo ceist atá curtha ag iriseoirí uirthi go minic agus go bhfuil sí dubh dóite de bheith á freagairt. Dúirt sí go bhfuil sé de nós ag iriseoirí díriú ar an ghné sin dá saol le fada ach gur “iriseoireacht leisciúil” é a leithéid a dhéanamh. An phríomhchúis, de réir dealraimh, ar éirigh sí as an obair theilifíse ná go raibh sí tugtha traochta.

“Bhí mé ag déanamh clár amháin ar an teilifís nuair a d’éirigh mé as ar fad. Ach dhá bhliain roimhe sin, nuair a bhí mé ag déanamh ‘Pulse’, an clár sláinte, bhí mé in RTÉ seacht lá na seachtaine. Is cuimhin liom dúiseacht maidin Dé Domhnaigh agus mé ag caoineadh, ag rá, ‘Caithfidh mé dul ag obair ar a deich inniu!’ Bhí dhá chlár agam, ceann acu beo maidin Dé Sathairn ar an raidió, agus clár stiúideo teilifíse Dé Domhnaigh. Ní raibh aon deis agam lá saor a fháil.”

Ní theastaíonn ó Carrie seanbhaile a dhéanamh den scéal seo, áfach, agus ní ar RTÉ a chuireann sí an locht ach uirthi féin go raibh barraíocht idir lámha aici ag deireadh na nóchaidí. Bhí an claonadh aici glacadh le beagnach gach tairiscint agus dá bharr sin bhí sí páirteach i gclár nó dhó nach bhfuil sí róbhródúil astu anois.

“Is cuimhin liom rud amháin a rinne mé. Chuir mé go leor ceisteanna faoi, chuir mé ceisteanna ar a lán daoine mar gheall air. ‘An dóigh leat go bhfuil sé ciallmhar é seo a dhéanamh?’Ach ní fhaca duine ar bith fadhb leis. Rinne mé é ach níor cheart dom é a dhéanamh. Anois, na laethanta seo, leanaim m’instinn i gcónaí.

“Deir daoine liom go minic, ‘Nach rachfá ar ais chuig an teilifís?’ Is breá liom a bheith ag obair ar ‘The View’ [clár ealaíon ar RTÉ] ó am go chéile, is breá liom a bheith sa stiúideo ach ní láithreoir mé – níl mé ag iarraidh a bheith i mo láithreoir níos mó.”

Is í an aisteoireacht an phríomhghairm a bhfuil Carrie ag díriú uirthi le dornán blianta anuas agus tá sé i gceist aici cloí leis an obair sin san am atá romhainn fosta. Bhí sí páirteach sa tsraith “The Running Mate” ar TG4 anuraidh agus fuair sí féin agus a comhaisteoirí, Don Wycherley ina measc, ardmholadh ó lucht critice agus lucht féachana.

Tógáil i bPort LáirgeRugadh agus tógadh Carrie Crowley i bPort Láirge ach níorbh as an taobh sin tíre dá muintir. B’as na Rosa i dTír Chonaill í a máthair agus tógadh a hathair i gCorcaigh. Ba mhúinteoir í an mháthair agus ba gharda an t-athair agus bhog an teaghlach go Port Láirge de bhrí go bhfuair siad beirt postanna ansin. Tá an bheirt acu ar shlí na fírinne anois ach is léir go raibh Carrie an-cheanúil orthu.

“Cloisim scéalta daoine eile maidir lena n-óige agus a leithéid agus bím ag rá liom féin go raibh gnáthshaol normálta againne, saol a bhí an-deas. Tá an-áthas orm faoi sin. Bhí tuismitheoirí agam a bhí go hálainn ar fad. Chuile rud a rinne siad, rinne siad é ar mhaithe leis an teaghlach.”

Níl ag Carrie a deirfiúr amháin, Bríd, a bhfuil cónaí uirthi i Sasana, agus níl deartháir ar bith aici. Níl páistí ar bith aici féin ná ag Bríd agus deir sí go bhfuil ceathrar clainne i dteaghlach a fir chéile ach nach bhfuil páistí ar bith acusan ach oiread. An mbraitheann sí gur easpa mhór é ina saol gan muirín a bheith uirthi?

“Ní mhothaím mar sin. Deir daoine liom, ‘Is mór an trua nach bhfuil páistí agat.’ Is cuma liom i ndáiríre agus amanna deirim liom féin, ‘Yeah, bheadh sé an-deas’ agus amanna eile deirim, ‘Nach breá an rud gur féidir liom dul abhaile agus gan aon fhreagracht a bheith orm.’”

Chuir Carrie suim sa Ghaeilge ar dtús agus í sa bhunscoil i bPort Láirge. Rinne sí cúrsa de chuid Choláiste na bhFiann i Ros Muc i gConamara sa bhliain 1974 agus an bhliain dár gcionn chaith sí trí mhí sa cheantar céanna ar chúrsa de chuid Gael Linn.

“B’aoibhinn liom Ros Muc nuair a bhí mé ann. Parthas ab ea é, nirvana. Ní raibh aon áit ar domhan cosúil le Ros Muc, dar liom. Ansin, nuair a bhí mé thart ar fiche a cúig, fiche a sé, bhí mé i nGaillimh le haghaidh bainise nó rud éigin agus chuaigh mé amach go Ros Muc chun an áit a thaispeáint do chara liom. Bhíomar ag deireadh Ros Muc sular thug mé faoi deara. Bhí sé chomh beag sin. Ní fhéadfainn a chreidiúint gur seo an áit a cheap mé a bheith chomh hiontach sin, mar níl ann ach ceantar an-bheag. Ach áit an-speisialta a bhí ann domsa agus mé óg.”

I ndiaidh na scoile chaith Carrie trí bliana i gColáiste Phádraig, an coláiste oiliúna i mBaile Átha Cliath do mhúinteoirí bunscoile. Dar léi go raibh an institiúid sin an-chosúil leis an chlochar a bhí fágtha ina diaidh aici ach bhain sí sult as a tréimhse ansin mar sin féin.“Oideachas leathan atá ann, i ndáiríre – ní bhíonn tú dírithe ar aon ábhar amháin. Ní raibh aon eolas agamsa ar chumarsáid ná ar dhrámaíocht ag an am sin. Ní raibh sé feicthe ag aon duine mar fhéidearthacht. Nuair a bhí mise ar scoil, ní dúirt aon duine aon rud faoi. Fuair tú an liosta de na gnáthrudaí a fuair gach duine eile agus roghnaigh tú ceann acu sin.

“Ach gach rud a dhéanann tú sa saol seo, faigheann tú rud éigin as, mar sin ní bhraithim gur am amú a bhí ann. Ach dá mbeinn ag tosú arís, ní dhéanfainn an rud céanna ar chor ar bith.”

Sa bhliain tar éis na céime i 1985 bhí Carrie ag obair i gcúpla scoil ach ansin d’éirigh léi conradh níos faide a fháil i mbunscoil i nDún Mór i bPort Láirge.

“Post iontach ab ea é, amuigh ar na beanna, i scoil faoin tuath, ag múineadh cailíní. Bhí sé go hálainn ar fad. Dá mba rud é gur post lánaimseartha ab ea é, seans go mbeinn fós ann – ach ní

dóigh liom é. Ní maith liom mo shaol a fheiceáil amach romham agus gach rud leagtha amach. Ní maith liom fios a bheith agam cad a bheidh mé a dhéanamh i gceann bliana nó i gceann dhá bhliain. Is maith liom an nóisean go bhféadfadh gach rud athrú nó go bhféadfadh an tóin titim as gach rud! Is cuma liom. Dáiríre, is cuma. Ar a laghad tá sé exciting. B’fhuath liom a bheith i bpost a naoi go cúig. B’fhuath liom fios a bheith agam cad a bhí i ndán dom sa saol go ceann deich mbliana. Braitheann tú neamhshocair go minic nuair a chaitheann tú do shaol mar sin ach is breá liom sin, spreagann sé mé.”

Tar éis di trí bliana a bheith tugtha aici mar mhúinteoir, d’fhág Carrie an ghairm sin ina diaidh i 1988 agus fuair post in pizzeria.

“Bhí teach tábhairne os comhair na bialainne agus bhíodh muid i gcónaí idir an dá áit. Bhí sé rud beag drabhlásach ach bhíomar óg. An rud a bhí suimiúil ná go raibh triúr nó ceathrar ag obair ann ar mhúinteoirí iad a d’fhág an mhúinteoireacht chomh maith. Agus ní raibh aithne againn ar a chéile go dtí go rabhamar ag obair ansin. Tharla sé go díreach go raibh ceangal againn ar fad leis an bhfear a bhí ag reáchtáil na bialainne ag an am. Bhí go leor comhráite suimiúla againn mar gur dhaoine muid a d’fhéach ar an saol ar an tslí chéanna.”

Aisteoireacht agus amhránaíochtI ndiaidh di a bheith ag obair sa bhialann, chaith Carrie tréimhse i mbun aisteoireachta leis an chompántas Red Kettle i bPort Láirge agus ansin dhírigh sí ar an cheol ar feadh roinnt blianta.

“D’iarr duine éigin ar Jane O’Brien-Moran, cara liom, casadh ag Lá Idirnáisiúnta na mBan agus d’iarr sise ormsa canadh léi. Ansin dúirt duine éigin gur chóir go mbeadh triúr againn ann, go mbeadh sé níos fearr. Mar sin fuaireamar cailín eile, Emma Powell, agus d’éirigh go han-mhaith linn le chéile. Bhí mé leis an mbanna sin, Miss Brown to You, ar feadh trí bliana [1989 go 1992] agus bhí craic iontach againn.”

Chuir an grúpa béim ar dhlútharmóin agus chan siad amhráin ag baint le seánraí éagsúla, an snagcheol agus an ceol tuaithe ina measc. Bhíodh Miss Brown to You le feiceáil ar RTÉ go minic agus thaistil siad ar fud na tíre ag déanamh ceolchoirmeacha. Fuair Carrie obair mar láithreoir leis an stáisiún áitiúil raidió i bPort Láirge, WLR FM, agus rinne sí iarracht an dá thrá a fhreastal ar feadh tamaill, go dtí gur éirigh sé ródhian.

“Rinne mé b’fhéidir sé mhí ag plé leis dá rud agus bhí sin an-deacair mar bhíomar ag dul timpeall na tíre agus mise a bhí ag tiomáint an chuid is mó den am. Rinneamar féin an tiomáint agus bhí muid inár roadies chomh maith!”

Chaith Carrie cúig bliana, 1991 go 1996, le WLR FM agus chuir sí cineálacha éagsúla cláracha i láthair le linn na tréimhse sin, clár bricfeasta, clár ealaíon agus clár cúrsaí reatha ina measc.

“Bíonn tú mar chuid an-mhór den phobal agus tú ag obair i stáisiún áitiúil raidió. Cuireann tú aithne ar dhaoine agus cloiseann tú a scéalta. Fós nuair a théimse abhaile bíonn aithne agam ar leath na cathrach, cé go bhfuil mé imithe as an áit le dhá bhliain déag.

“Beidh Port Láirge i gcónaí mar mo bhaile. Ní bheidh aon áit eile riamh mar bhaile agam.”

Cé go raibh Carrie an-sásta lena post i bPort Láirge, i 1996 chinn sí ar bhogadh in athuair go Baile Átha Cliath. Cad é a spreag í leis sin a dhéanamh?

“Bhuail mé le fear a bhí ag obair in RTÉ ag ócáid éigin áitiúil agus dúirt sé liom, ‘Ba cheart duit glaoch orm má smaoiníonn tú ar bhogadh go Baile Átha Cliath. Féachfaidh mé an bhfuil obair ar bith ann duit.’ Agus dúirt mise liom féin, ‘Yeah, sure!’. Bhí sé sin áit éigin i gcúl m’intinne agus dúirt mé liom féin go mb’fhéidir go mbogfainn, gur cheart dom bogadh. Ansin thosaigh mo chairde ar fad ag pósadh agus bhí páistí acu agus an chuid is mó de na cairde singile a bhí agam, bhí cónaí orthu i mBaile Átha Cliath. Bhí ciall ag baint le bogadh go Baile Átha Cliath, mar sin, agus cónaí ansin tamall.”

Nuair a bhain sí an ardchathair amach, chuir Carrie isteach ar phost i ndánlann, ar phost i siopa agus ar cheann eile ag déanamh guthú ar chlár do pháistí ar RTÉ darbh ainm “The Morebegs”. Tugadh faoi deara ag an triail, áfach, go raibh bua na haisteoireachta aici agus d’éirigh léi post a fháil mar aisteoir sa tsraith.

“Chuir mé isteach ar phost leis an gclár ‘Cúrsaí Ealaíne’ ansin agus díreach nuair a chuir mé isteach air sin – agus ba bhreá liom é a fháil mar gur cheap mé gur chlár iontach érinneadh post a thairiscint dom ar ‘Echo Island’ [clár eile do dhaoine óga]. Ba gig ní ba mhó é sin. Dá mbeinn ag obair ar ‘Cúrsaí Ealaíne’ bheinn ag obair mar thuairisceoir. Ach dá mba rud é go ndearna mé ‘Cúrsaí Ealaíne’, d’fheilfeadh sé go mór dom mar go mbeinn ag plé le rudaí a mbeadh spéis agam iontu. Ach bhí an-spraoi agam ar ‘Echo Island’ chomh maith.

“Tá ‘Morebegs’ fós ag dul amach ar an aer. Faighim seic sa phost ó am go ham – happy days! Sin an t-aon uair riamh a raibh conradh ceart agam mar gur bhain cuid de na daoine a bhí ag obair air le Equity [ceardchumann na n-aisteoirí] agus shocraigh siad cúrsaí. Agus nuair a bhí sé socraithe do dhuine amháin, b’éigean é a dhéanamh do gach duine.”

An Comórtas Amhrán Eoraifíse

Ní raibh Carrie ach bliain in RTÉ nuair a fuair sí glaoch teileafóin ag iarraidh uirthi triail ceamara a dhéanamh don Chomórtas Amhrán Eoraifíse. Cé nach raibh mórán taithí aici go fóill ar obair theilifíse, thuig sí láithreach go dtaitneodh sé go mór léi tabhairt faoin tionscadal áirithe sin.

“Chuir siad glaoch ar a lán de na daoine a bhí ag obair in RTÉ ag an am. Ní fheadar cén fáth ar chuir siad scairt ormsa ach fuair mé glaoch agus chuaigh mé chuig triail ceamara. Bhí orm script a chur le chéile agus is cuimhin liom a rá liom féin, ‘Tá sé seo suimiúil.’ Chuaigh mé isteach agus rinne mé an chéad triail agus tháinig mé amach agus dúirt liom féin, ‘I would love to do that gig.’ Tháinig mé ar an tuiscint go mbeadh sé an-suimiúil. Agus an rud ba shuimiúla ná go mbeadh sé beo. Arís, an rud a luaigh mé: d’fhéadfadh sé a bheith dainséarach! D’fhéadfadh sé titim as a chéile! Faighim sásamh as sin ar bhealach éigin aisteach! Agus an rud seo faoi go leor Fraincise a fhoghlaim le bheith ábalta déileáil le fadhb ar bith a thiocfadh chun cinn.”

An raibh sí neirbhíseach nuair a tháinig an oíche mhór sin i mí na Bealtaine 1997 (cf. http://youtube.com/watch?v=jisfIVapmMs), nuair a bhí uirthi féin agus Ronan Keating an clár a chur i láthair os comhair na céadta milliún duine?

“Ní raibh mar bhíomar i ndiaidh an méid sin cleachtaidh a dhéanamh air go raibh mé ar bís le dul amach ansin agus an obair a dhéanamh.”

Níor tharla aon rud a bhain tuisle aisti le linn an chláir agus ní raibh deacrachtaí móra teicniúla i gceist ach is cuimhin léi gur stróic a cóirséad agus a gúna á chur uirthi!

Chuir Carrie roinnt cláracha eile i láthair tar éis na hEorafíse, an clár sláinte “Pulse”, an clár cócaireachta “Pot Luck” agus an tsraith “Turas Anama” ar TG4 ina measc. Ba é an clár cainte “Limelight” an ceann deireanach a raibh sí bainteach leis sular chinn sí ar chúl a thabhairt leis an obair theilifíse.

Chaith sí roinnt blianta ina dhiaidh sin ag cur an chláir raidió “Snapshots” i láthair ar RTÉ a hAon agus bhain sí an-sásamh as an obair sin. Thaistil sí go gach cearn den tír agus chuir agallamh ar dhaoine spéisiúla faoin saol a bhí caite acu.

“Bhíomar thíos le Pauline Bewick [an t-ealaíontóir] i gCiarraí agus bhí sin go hálainn ar fad. D’fhanamar léi thar oíche agus bhí dinnéar álainn againn. B’in an rud deas faoin obair, ag

bualadh le daoine agus ag caitheamh ama leo. Is cuimhin liom dul amach go Cléire le hagallamh a chur ar fhear darbh ainm Chuck Kruger agus d’fhanamar i nDún na Séad, mé féin agus Liz, an léiritheoir. Bhí am chomh deas sin againn ag taisteal timpeall na tíre ag bualadh le daoine suimiúla. Agus na hagallaimh i mBaile Átha Cliath, fiú. Is cuimhin liom an-sult a bhaint as agallamh a chur ar Paul Durcan [an file] – thaitin sé go mór liom, cheap mé go raibh sé go hiontach. Is breá liom an tslí a n-oibríonn a intinn.”

An dóigh léi go bhfuil sí go maith ag mealladh cainte ó dhaoine?

“Níl a fhios agam. Má tá suim ag duine ar bith againn i nduine, labhróidh an duine sin linn. Is maith liom daoine, tá suim agam i ndaoine, agus b’fhéidir go bhfuil tairbhe le baint as sin. Sna cúig bliana a bhí mé ag obair ar an gclár, ní raibh ach duine nó beirt nár bhraith mé go raibh ceangal agam leo, a bhraith mé a bheith fuar. Bhí díomá orm gur tharla sé sin. Níl mé cinnte cén fáth ar tharla sé – b’fhéidir go raibh ár bpearsantachtaí ródhifriúil. I gcás na ndaoine sin, theip orm dul go croí an duine, teacht ar an bhfírinne – agus níl mé ag caint faoi exposé. Ach d’oibrigh sé an chuid is mó den am.”

Deir Carrie go ndearna sí iarracht i gcónaí caitheamh go maith le haíonna an chláir agus a bheith ionraice agus an clár á chur le chéile aici féin agus ag an léiritheoir.

“Caitheann tú a chinntiú nach n-athraíonn tú an rud atá á rá acu. Measaim go bhfuil sé sin chomh tábhachtach sin. D’fhéadfá rudaí a chailleadh ar mhaithe le cúrsaí ama ach d’fhéadfá an méid a dúirt siad a athrú go mór ach ní féidir leat é sin a dhéanamh ar dhaoine. Sílim go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh an t-ionracas sin ag baint le haon rud a dhéanann tú, nach ndéanann tú cac ar dhuine éigin. Caithfidh tú meas a bheith agat ar dhaoine.”

Ar an stáitse

Rinne Carrie aisteoireacht ó am go chéile thar na blianta, fiú agus obair eile idir lámha aici, ach rinne sí cinneadh roinnt blianta ó shin díriú isteach i gceart ar an obair sin.

“Bhí mé fós ag obair ar ‘Snapshots’. Bhí ‘The Vagina Monologues’ déanta agam mar bhí cara liom bainteach le taobh léirithe an turais. Dúirt mise leis oíche amháin, ‘Ba bhreá liom triail a bhaint as sin am éigin’ agus fuair mé an deis é a dhéanamh ina dhiaidh sin. Agus bhain mé an-sult as a bheith ar ais ar an stáitse. Bhí Orlaith Rafter ann ag an am céanna agus thug sise m’ainm do dhuine a bhí ag lorg aisteora do pháirt i ndráma i gCorcaigh darbh ainm ‘This Ebony Bird’ [le Micheál Lovett] agus fuair mise an pháirt. Agus bhí a fhios agam ag an am sin go raibh mé ag iarraidh dul ar ais ar an stáitse.”

Fuair sí gníomhaire ina dhiaidh sin agus d’éirigh léi páirt a fháil i roinnt drámaí agus cláracha teilifíse, “Anner House” (2007), an scannán rómánsach a bhí bunaithe ar scéal le Maeve Binchy, ina measc.

Bhain sí an-sult as a bheith páirteach sa tsraith ceithre pháirt “The Running Mate”, a craoladh ar TG4 san fhómhar anuraidh. An raibh an obair sin dian?

“Tá scannánaíocht dian ar aon nós mar bíonn na laethanta an-fhada ach píosa craice atá ann, faigheann tú an méid sin sásaimh as. Agus bhí cónaí orainn sa Daingean ar feadh beagnach trí mhí. Bhí sé galánta ann ag an am sin, i mí Mheán Fómhair; bhí na Yanks fós ann don chéad choicís ach ina dhiaidh sin bhíodar imithe agus ba linne an baile! Bhí sé go hálainn ar fad.”

Is léir go ndeachaigh an t-aisteoir mór le rá Don Wycherley, a raibh ceann de na príomhrólanna aige sa tsraith, i bhfeidhm go mór ar Carrie.

“Tá Don go hiontach. Is é Don an t-idirbheartaí sóisialta, an té atá cairdiúil le gach duine. Tugann sé daoine le chéile agus ní cheadaíonn sé cliques nó grúpaí éagsúla. Bíonn sé oscailte agus cairdiúil le gach duine. Bhí sé thar cionn eisean a bheith sa tsraith. Is fear álainn é.”

An todhchaí

Bhí bliain ghnóthach ag Carrie anuraidh ach deir sí nach bhfuil oiread oibre ar siúl aici i mbliana.

“Tá rudaí mall faoi láthair. Bhuel, tá daoine ag obair, mar sin níl sé chomh mall sin, cé nach raibh triail agamsa le cúpla mí anuas. Ach bhí mé ag obair go dtí mí na Nollag agus bhí mé ag obair an mhí seo caite ar phíosa a scríobh mé féin don ‘Project Brand New’ (sa Project Arts Centre). Níor éirigh chomh maith sin leis ach choinnigh sé gnóthach mé, choinnigh sé m’intinn gníomhach. Dráma fiche nóiméad a bhí ann a d’úsáid scannán chomh maith. Thug siad deis do thrí scríbhneoir déag triail a bhaint as fiche nóiméad d’obair a bhí idir lámha acu os comhair lucht féachana, sa Project. Bhí sé sin suimiúil. Ba mhaith liom iarracht a dhéanamh níos mó scríbhneoireachta a dhéanamh.”

Cad é mar a mheileann sí an t-am, nuair nach mbíonn mórán obair aisteoireachta ar fáil?

“Déanaim a lán léitheoireachta – leabhair ar dhrámaíocht, leabhair ar scannáin. Ach braitheann

díomhaoin nuair nach mbíonn tú gníomhach i ndáiríre, mura bhfuil tú clocking in. Braitheann tú ... ní gan mhaith, tá sin róláidir, ach cuireann tú ceist ort féin cad go díreach atá ar bun agat. Mar a dúirt cara liom, an rud is deacra faoin ngnó seo [an aisteoireacht] ná nuair a bhíonn tú ‘ag ligean do scíthe’, mar a thugtar ar na tréimhsí nach mbíonn tú ag obair. Caitheann tú iarracht faoi leith a dhéanamh do chiall a choinneáil. Nuair a bhíonn tú ag obair, bíonn tú an-sásta, níl aon rud cosúil leis. Caithfidh tú do chiall a choinneáil nuair nach bhfuil tú ag obair.”

Tá Carrie sásta leis an saol atá caite aici agus deir sí gur beag rud a d’athródh sí dá mbeadh an deis sin aici.

“Bíonn tú mar a bhíonn tú mar gheall ar na rudaí atá déanta agat. Agus tá mise sásta leis an gcineál duine atá ionam. Níl aiféala orm faoi rud ar bith i ndáiríre. Is maith liom mo shaol.”

Fiafraím di cén fáth nach bhfuil ego mór aici, mar atá ag daoine eile i ngnó na haisteoireachta.

“Ní dóigh liom go bhfuil ego agam, ní dóigh liom go bhfuil mé ardaidhmeannach i ndáiríre. Tá mé ag iarraidh caitheamh go cóir le daoine eile sa saol seo. Measaim go bhfuil sé sin an-tábhachtach.

“Sílim má bhíonn tú ag iarraidh go leor rudaí a bhaint amach go bhfuil sé sin an-strusmhar. Níl mise ag iarraidh an struis sin. An dearcadh atá agamsa ná má tharlaíonn sé, tarlaíonn sé. Mura dtarlaíonn sé, bain triail as rud éigin eile. Níl againn ach seans amháin saol a bheith againn. Nach bhfuil sé níos fearr sult a bhaint as an gceann atá agat ná a bheith buartha faoin gceann nach bhfuil agat? B’fhearr liomsa taitneamh a bhaint as an gceann atá agam – agus tá mé ag baint an-taitnimh as.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.