Ní raibh béim ar an Ghaeilge i bhFéile Learphoill i mbliana ach chas Tony Birtill le seanchara dá chuid a bhfuil Manainnis aige, agus d’inis seisean dó faoi staid na teanga sin.
Tá póit orm agus mé á scríobh seo i rith Fhéile Learphoill (www.liverpoolirishfestival.com), 23-26 Deireadh Fómhair, mar go raibh mé i mo shuí go dtí moch ar maidin ag éisteacht le ceol traidisiúnta agus le hamhráníocht. Tá drámaíocht, scannáin, rince, agus filíocht le Tom Paulin agus le Bernard O’Donoghue mar chuid den fhéile fosta.
Tá an ceol traidisiúnta láidir anseo (tá craobh mhór de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sa chathair) agus nuair a chuala na ceoltóirí go raibh an bua ag Learpholl sa chomórtas do Chathair Chultúrtha na hEorpa 2008 bheartaigh siad ar fhéile a eagrú lenár gcultúr féin a thaispeáint os comhair an tsaoil.
Fuair siad deontais airgid ón Liverpool Culture Company (www.liverpoolculture.com), Comhairle na Cathrach, an Chomhairle Ealaíon agus an Crannchur Náisiúnta agus tá súil acu go mbeidh féile ann gach bliain as seo amach.
Tá dhá ócáid ar leith beartaithe ag Conradh na Gaeilge don bhliain seo chugainn: beidh an tOllamh Pádraig Ó Siadhail, ó Ollscoil Mhuire Naofa, Halifax, Alba Nua, Ceanada ag tabhairt léachta i Leabharlann na Cathrach anseo, cothrom 100 bliain ó thug Pádraig Mac Piarais léacht do Chraobh Learphoill den Chonradh sa leabharlann chéanna. Bhí an Piarsach ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis *i 1904 (Beo!*, Eagrán 15, Iúil 2002).
Tá Pádraig Ó Siadhail ag scríobh bheathaisnéis Phiarais Bhéaslaí faoi láthair agus beidh sé ag nochtadh leacht cuimneacháin sa tsráid inar rugadh an file Gaelach agus an réabhlóidí seo i Learpholl in 1881, mar ócáid eile san fhéile in 2004. Ní raibh béim ar an Ghaeilge san fhéile i mbliana, faraor, ach chas mé ar sheanchara a bhfuil Manainnis aige, Paul Callister.
Tá na hÉireannaigh agus na Breatnaigh ag teacht go Learpholl le blianta fada, ach tá ceangal láidir idir an chathair agus Oileán Mhanann fosta, agus tá bád farantóireachta gasta ag dul idir an dá áit. Rugadh agus tógadh Paul i gceantar Walton anseo, mo dhála féin, ach b’as Oileán Mhanann a athair. Ní raibh aithne agam air nuair a bhí mé ar scoil, mar níor Chaitliceach é, murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán, ach chas mé air ag seisiún ceoil Ghaelaigh, mar go bhfuil an traidisiún céanna acu.
An cainteoir dúchais deireanach
Manannach ab ea an chéad mhúinteoir Gaeilge a bhí agam anseo i Learpholl fosta, Brian Stowell. Bhí Brain cairdiúil le Ned Maddrell, an cainteoir dúchais deireanach Manainnise, a fuair bás i 1974. D’fhoghlaim Brian Manainnis nuair a bhí sé ina stócach, agus Gaeilge fosta nuair a bhí sé níos sine. Múinteoir fisice ab ea é san ollscoil anseo, ach bhí rang oíche Gaeilge aige fosta agus thug sé an-chuidiú domhsa.
D’fhill sé ar Oileán Mhanann thart fá 1990 nuair a fuair sé post mar Oifigeach Manainnise leis an rialtas ansin. Post nua a bhí ann, mar dúirt an rialtas faoin am sin go raibh cead ag gach dalta bunscoile Manainnis a fhoghlaim ar feadh leathuaire gach seachtain, dá mba mhian leo. Roimhe sin, ní raibh an teanga le fáil mar ábhar sa chuid is mó de na scoileanna agus bhí sé deacair ag Brian ar dtús go leor múinteoirí Manainnise a fháil mar go raibh éileamh mór ann ó na daltaí. Tá sé éirithe as an phost sin anois ach bíonn clár raidió aige, “Moghrey Jedoonee” (maidin Dé Domhnaigh) idir a deich a chlog agus meán lae ar 1368 ar an mheánmhinicíocht.
Bhog Paul Callister agus a chlann go dtí an t-oileán trí bliana ó shin nuair a fuair a bhean, Kirstie, post mar shíciatraí ansin. Thosaigh a mac, Tom, a fhoghlaim na fidle anseo nuair a bhí sé sé bliana, agus lean sé air leis an cheol ar Oileán Mhanann. Bhí a thuismitheoirí an-bhródúil as nuair a bhain sé an phríomhdhuais, Sciath Mhanann, ag Cruinnaght Aeg (Cruinniú Óg), an fhéile bhliantúil, i mí Iúil i mbliana.
Bíonn Paul agus Tom ag seinm ar an fhidil le chéile gach seachtain i mBaile an Chaisleáin ag rang Perree Bane, an eagraíocht rince ar Mhanainn, áit a mbíónn a iníon Islay (atá cuig bliana) ag damhsa.
“Tá ceol traidisiúnta ar leith ar an oileán, ach tá na poirt agus na ríleanna an-chosúil le ceol Éireannach,” d’inis Paul dom.
Thosaigh Islay ag freastal ar Bhun Scoill Ghaelgagh anuraidh, tar éis 18 mí a chaitheamh ag Mooinjer Veggey (Muintir Bheaga), nó grúpa súgartha Manainnise. Tá 25 dalta ag freastal ar an bhunscoil, atá suite cúpla míle ó theach Callister i bPurt ny h ‘Inshey (Peel). Tá beirt mhúinteoirí agus cúntóir amháin sa scoil, agus tá Paul ag cuidiú leo go deonach faoi láthair fosta.
Ón phobal féin
Bhunaigh na tuismitheoirí ó Mooinjer Veggey an bhunscoil dhá bhliain ó shin, gan deontas nó tacaíocht ar bith ón Rialtas.
“D’fhás sí aníos ón phobal féin. Faigheann sí rud beag airgid ón Rialtas anois, ach is ag maireachtáil ar fhuinneamh agus ar bhrí na dtuismitheoirí agus na ndaltaí atá sí,” a dúirt Paul liom.
Níl a fhios aige cad é a dhéanfaidh Islay nuair a bheidh sí aon bhliain déag d’aois, mar níl meánscoil lán-Ghaeilge ar an oileán. “Bheadh sé brónach na daltaí a scaipeadh ar na meánscoileanna Béarla, mar réitíonn siad go maith lena chéile sa bhunscoil agus tá an-dul chun cinn déanta acu i ngach ábhar trí Mhanainnis,” arsa Paul.
Tá lucht na Manainnise ag iarraidh smaointe a fháil ó na Gaeilscoileanna in Éirinn agus in Albain, agus thug Brian Stowell agus a chairde cuairt ar chuid acu i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste agus i nGlaschú le gairid. “Tá Paul Rodgers, múinteoir, ag déanamh físeáin faoin bhunscoil faoi láthair chun an obair atá déanta againn a thaispeáint don phobal,” arsa Paul.
As an Bhreatain Bheag do Rodgers agus d’fhoghlaim sé an Mhanainnis go gasta ar an oileán. Bhí Paul Callister ar ais i Learpholl le ceol a sheinm ag an fhéile, agus d’admhaigh sé go raibh an saol ar Oileán Mhanann ciúin go leor tar éis na mblianta a chaith siad i Learpholl.
“Ach bainim an-sult as an chultúr Ghaelach ansin. Tá gluaiseacht na Gaeilge an-bheag ar an oileán. Caithfidh tú í a aimsiú ar dtús, ach tá na Gaeilgeoirí an-chairdiúil agus tá an-chraic ag baint leis an teanga,” arsa Paul.
Chun Ned Maddrell a chloisteáil ag rá ‘Ár nAthair atá ar Neamh’ sa Mhanainnis (1967), téigh go: www.bbc.co.uk/wales/about/celticlanguages.shtml
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.