Tá sé thar am dul i ngleic leis an easpa foirne le Gaeilge i Státchóras na tíre seo. Mura ndéantar é sin, is cur amú ama é don stát a bheith ag spreagadh daoine leis an teanga a fhoghlaim, dar le Breandán Delap....
“Tá an Rialtas lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasfear níos fabhraí a chothú dí.”
Ba ’in mar a labhair Aire Airgeadais an ama, Richie Ryan, sa Dáil ar an 5 Nollaig, 1974, faoi chinneadh an rialtais deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge do phoist sa státseirbhís a fógraíodh mí roimhe sin. ’S iad ceardchumainn na státseirbhíseach agus an Language Freedom Movement (LFM) ba mhó a bhí ag stocaireacht ar an rialtas deireadh a chur leis an riachtanas seo. Ina áit sin, tugadh isteach córas ina mbeadh marcanna breise (10%) ar fáil d’iarrthóir as inniúlacht sa Ghaeilge a bheith aige. Mhaígh an tAire Ryan sa Dáil go fiú go bhféadfadh sé tarlú mar thoradh ar an hathruithe seo go gceapfaí státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais nach mbeadh in ann Béarla a labhairt! Seans gur comhartha ab ea é sin ar a laghad machnaimh nó dáiríreachta a bhain leis an cheist ón tús.
Óir is léir gur theip go tubaisteach ar an sprioc a leag an tAire amach sa Dáil an lá úd. Is beag cainteoir Gaeilge a mhaífeadh gur atmastéar fábhrach nó dea-mhéin don teanga a bhraith siad ina dteagmháil leis an státchóras le trí scór bliain anuas. Ceann de na cúiseanna gur theip ar an chóras úr ná nár cuireadh i bhfeidhm ina iomláine é.
Nochtadh na Fírinne
Tá a chruthúntas sin le feiceáil ins an eolas nach bhfuil ach 1.5% de fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais is Scileanna in innimh a gcuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge anois. Chuir an Coimisinéir Teanga an fhíric lom sin i láthair an phobail ag seimineár i dTrá Lí ag deireadh mhí na Samhna. Ba léir óna chuid cainte nár chreid sé gur eisceacht a bhí sa Roinn Oideachais agus gurb amhlaidh an scéal i gcuid mhaith ranna rialtais agus eagrais stáit eile. Cé nach molann seisean gur cheart pilleadh ar an Ghaeilge éigeantach, deir sé nár cheart go mbeadh Béarla éigeantach don phobal ina bplé leis an stát ach an oiread. Idirdhealú dearfach le linn an phróiseas earcaíochta a thabharfadh tús áite do dhaoine le Gaeilge an réiteach, dar leis.
Tá a chruthúntas nár éirigh le spriocanna an Aire Ryan le feiceáil fosta in dhá chás cúirte a tionscnaíodh ar an mallaibh. Rinne an Ard-Chúirt cinneadh ag deireadh mí Dheireadh Fómhair seo caite go ndearna an stát faillí ar chearta ball den státsheirbhís nuair nár tugadh aitheantas di as a cumas i nGaeilge agus i mBéarla agus í ar thóir ardú céime. Chinn an Breitheamh Mary Laffoy gur cheart cúiteamh de bhreis is €28,000 a íoc le hÍde de Búrca. Ard-Oifigeach Feidhmiucháin sa Roinn Iompair í Bean de Búrca agus chuir sí isteach ar phost sealadach sa Bhruiséal i 2006. Tháinig sí sa tríú áit sa chomórtas. Ach dá mba rud é gur ceadaíodh dúthracht marcanna di de bharr go bhfuil Gaeilge ar a toil aici, bheadh an comórtas bainte aici. I bhfocail eile, theip uirthi ardú céime a fháil nuair a rinneadh neamhaird ar a cumas i nGaeilge. Tá an chosúlacht ar an scéal, áfach, go mbeidh an stát ag déanamh achomhairc in aghaidh na breithe. Gníomh suarach, dar liom.
Ach is léir ó bhreithiúnas na cúirte (agus i gcás eile dá chineál a socraíodh taobh amuigh den chúirt agus a bhain leis an Roinn Oideachais) go raibh faillí á déanamh ag Ranna Rialtais áirithe sa bhealach go raibh córas na marcanna breise do chumas i mBéarla agus i nGaeilge i gcomórtais inmheánacha á chur i bhfeidhm acu.
Tionchar Ciorcláin 30/90
Ach ba go siléigeach a cuireadh córas na marcanna breise i bhfeidhm ón tús. Ó na hochtóidí i leith, bhí ceardchumainn na seirbhíse poiblí ag iarraidh go gcealófaí córas na marcanna breise d’arduithe céime siocair go raibh cuid dá mbaill nach raibh cáilithe do na marcanna seo den bharúil go raibh leatrom á imirt orthu. Tháinig toradh ar a gcuid iarrachtaí sa bhlian 1990, tráth ar tháinig an rialtas ar chomhaontú leis na ceardchumainn go laghdófaí líon na marcanna breise go dtí 6% agus go 3% i gcásanna áirithe. Buanaíodh an socrú seo i gCiorclán 30/90.
Léirigh taighde (neamhfhoilsithe) de chuid na Roinne Airgeadais i dtús an chéid seo nach raibh leath na Rann/Oifigí Rialtais ag tabhairt marcanna breise i gcomórtais inmheánacha ardú céime. I mBealtaine na bliana sin, scríobh an Roinn Airgeadais chuig Oifigigh Phearsanra na Rann/Oifigí Rialtais ag éileamh lánfheidhmiú chóras na marcanna breise.
Ba rún daingean an cleachtas seo ar ndóigh go dtí gur nochtaíodh i dTuarascáil Bhliantúil 2005 an Choimisinéara Teanga nach raibh na rialacha á gcur i bhfeidhm agus nach raibh inniúlacht sa Ghaeilge curtha san áireamh ag leath na rann agus na n-oifigí rialtais ina gcuid comórtas d’ardú céime inmheánach. Dúradh ann go raibh an córas a ceapadh mar mhalairt ar Ghaeilge éigeantach sa státseirbhís ligthe le sruth nó gan feidhmiú i gcás arduithe céime inmheánacha i leath na rann agus na n–oifigí rialtais. Bhí cuid de na ranna stáit is tábhachtaí ina measc siúd nár chomhlíon a gcuid dualgas i leith marcanna breise a thabhairt d’iarrthóirí a bhí inniúil sa Ghaeilge i gcomórtais inmheánacha ardú céime. Ina measc, bhí Roinn an Taoisigh agus an Roinn Airgeadais, a bhfuil cúraimí faoi leith uirthi maidir le cur i bhfeidhm rialacha na státseirbhíse.
Ó 100% go 1.5%
Ach is dócha gurb é an Roinn Oideachais ba mhó a tharraing caint mar nach raibh siad ag bronnadh na marcanna seo le fada. Ba é an toradh a bhí ar an leithcheal leanúnach seo ná nach bhfuil ach 1.5% d’fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais in ann seirbhís a sheachadadh trí mheán na Gaeilge. Cruthúnas paiteanta é seo nár éirigh leis an chóras a bunaíodh in áit Gaeilge éigeantach sa státseirbhís. Óir is fiú a chuimhneamh gur Roinn é seo a bhíodh ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge tráth den saol ach anois níl aon líofacht teanga ag 98.5% dá foireann riaracháin, cé go ndeachaigh siad tríd an chóras scolaíochta a bhfuil siad féin i bhfeighil air!
Mar fhreagra ar Thuarascáil an Choimisinéara, d’eisigh Aire Airgeadais an ama, Brian Cowen, ráiteas ar an 29 Márta, 2006 ag geallúint go ndéanfaí athbhreithniu ar an cheist: “Chun tús a chur leis an phróiseas, tá mé tar éis a iarraidh ar mo Roinn, mar ghnó práinne, dul i dteagmháil le Ranna agus Oifigí eile chun a fháil amach cén gnás atá in úsáid acu agus chun a iarraidh orthu ar chóir é sin a athrú. Ós rud é go bhfuil gnásanna éagsúla ann ar fud na Státseirbhíse ar bhonn nóis agus cleachtais, táim ag socrú freisin go ndéanfar comhairliúchán leis na Ceardchumainn Foirne. Déanfaidh mé athbhreithniú ansin ar an bpolasaí maidir le feidhmiú na marcanna breise.”
D’imigh sin agus tháinig seo. Más rud é gur deineadh an t-athbhreithniú úd, ní léir gur leasaíodh aon ní. Bhí sé ráite ag an Roinn Airgeadais leis na ranna eile go raibh discréid acu na marcanna breise a thabhairt nó gan é sin a dhéanamh. Ach rialaigh an chúirt go raibh an chomhairle sin míchruinn agus go gcaithfí na marcanna breise a thabhairt i gcomórtais ardú céime. “On that basis, I find that the Irish Circulars are applicable to internal departmental competitions for promotion,” a dúirt an Breitheamh Laffoy ina breithiúnas i gcás de Búrca.
Ceilt an Chirt
Ar ndóigh tragóid phearsanta a bhí sa leithcheal seo do dhaoine aonaracha ar ceileadh arduithe céime orthu agus an cúiteamh agus an sásamh agus na deiseanna breise a théann le sin. Is mór an feall a imríodh ar an teanga fosta mar nár cuireadh inniúlacht inti san áireamh do phostanna sinsireacha a mbeadh tionchar acu ar an fhreastal a dheintear ar chainteoirí Gaeilge ina gcaidreamh leis an státchóras.
Cuireadh an t-uafás airgid is ama amú chuile bhliain ag seoladh státsheirbhísigh chun na Gaeltachta le freastal ar chúrsaí a chuirfeadh snas a gcuid Gaeilge, cé gur dócha nach bhfaighfidís a dhath ar a shon! Déanann breithiúnas Laffoy mugadh magadh fosta den tuairim choitianta gur pobal faoi phribhléid iad lucht labhartha na Gaeilge a fhaigheann gach buntáiste i margadh an tsaothair.
Cén Leigheas?
Cad é réiteach na faidhbe mar sin? Is cinnte nach dtig an chlog a chur siar agus pilleadh ar an seanchóras de Ghaeilge éigeantach. É sin ráite, is tráthúil an t-am é seo le córas úr a bhunú ó tharla gur beag earcaíochta nó comórtais arduithe céime a reachtáilfear sna blianta beaga amach romhainn. Ins an tuarascáil a chuir meitheal saineolaithe idirnáisiúnta faoi cheannas Fiontar le chéile mar threoir don Rialtas agus iad ag ullmhú na straitéise, glacadh le moladh ón Choimisinéir Teanga go mbunófaí córas earcaíochta sa tseirbhís phoiblí a chinnteodh go bhfostófaí daoine le Gaeilge. Leagan níos laige den mholadh sin a bhí ins an dréachtstraitéis a d’fhoilsigh an rialtas breis is bliain ó shin agus iad ag moladh go bhfágfaí faoin Roinn Airgeadais agus faoin Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí an ‘cohort’ (mar a tugadh air) do dhaoine le Gaeilge sa státseirbhís a mhéadú. Ach mhol an comhchoiste Oireachtais atá ag déanamh measúnú ar an straitéis go nglacfaí leis an mholadh a bhí déanta ag an Choimisinéir.
Tá an leagan deireanach den straitéis ar tí a fhoilsithe agus beidh le feiceáil an mbeidh sé de mhisneach ag an rialtas ceanglas a thabhairt isteach san earnáil phoiblí trí scéim earcaíochta a chur ar bun a bheadh fábhrach do chainteoirí Gaeilge. Tar éis an tsaoil is í Éire an t-aon Stát san Eoraip nach bhfuil an phríomhtheanga oifigiúil riachtanach don Státseirbhis.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.