TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAELTACHT BHEO
Árainn Mhór
Proinsias Mac a' Bhaird Proinsias Mac a' Bhaird

Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Proinsias Mac a’ Bhaird ar Árainn Mhór, an t-oileán amach ó chósta Chontae Dhún na nGall.

Íomhá
Grianghraf: Séamas Ó Cnáimhsí
Íomhá
Grianghraf: Séamas Ó Cnáimhsí
Íomhá
Grianghraf: Séamas Ó Cnáimhsí

Tá Árainn Mhór suite tuairim is trí mhíle amach ó chósta Thír Chonaill. Is é an dara oileán is mó sa tír a bhfuil daoine ina gcónaí air, rud atá ar eolas ag aon duine a tháinig isteach riamh den bharúil go dtiocfadh leis an t-oileán a shiúl in imeacht thuras lae.

rud inteacht speisialta faoi shaol an oileáin. Ón bhomaite a thagann tú i dtír mothaíonn tú go bhfuil tú i ndiaidh cúraimí an tsaoil a fhágáil i do dhiaidh. Cuireann tú aithne ar bhunadh na háite agus tugann tú faoi deara nach n-amharcann siad ort mar thurasóir - cuireann siad fáilte mhórchroíoch romhat. Tá na bailte beaga gnóthach ach mallghluaiseach agus tá mílte de chaorán, cnoic agus farraige ann don duine atá ag iarraidh é féin a thumadh sa tsuaimhneas ar feadh tamaill.

Cé go bhfuil iarsmaí seandálaíochta fágtha ar an oileán, níl aon taifead stairiúil againn de bhuanchónaí ar Árainn Mhór go dtí 1641. Aimsir Chromaill a bhí ann agus tháinig saighdiúirí isteach chun an oileáin an t-am sin leis na daoine a smachtú. Is cosúil go raibh cuid de bhunadh an oileáin gníomhach sa troid in éadan fhórsaí Chromaill. De réir an tseanchais, nuair a chonacthas na saighdiúirí ag teacht isteach, chuaigh na fir ar a dteitheadh amach fríd na hoileáin bheaga agus amach go tír mór. Chuaigh na mná agus na páistí i bhfolach in uaimh mhór (Uaimh an Áir) ar an taobh thoir theas den oileán atá ceilte go maith. Lean an cuardach ar feadh cúpla lá go dtí gur chuala saighdiúir duine de na páistí ag caoineadh. Maraíodh na mná agus na páistí uilig agus fágadh na coirp ar an trá mar chomhartha do na fir. Is cosúil nach raibh mórán daoine ina gcónaí ar an oileán ag an am sin mar, de réir cáipéisí comhaimseartha, seachtó bean agus páiste a maraíodh.

Ina dhiaidh sin tugadh an t-oileán agus cuid mhór den talamh thart fá na Rosa do Chlann Conyngham, mar chomhartha buíochais ó Chromaill dá gcuidiú. Tiarnaí neamhchónaitheacha a bhí iontu den chuid is mó a raibh talamh acu thart fá Chontae na Mí fosta (Caisleán Shláine). Bhí cuid den chlann a rinne iarrachtaí saol na ndaoine a dhéanamh níos fearr sna bliantaí ina dhiaidh sin, mar shampla Burton Conyngham a chuir dúthracht air féin ag iarraidh tionscal iascaireachta a chur ar bhun sa cheantar. Is uaidhsean a fhaigheann muid an t-ainm Béarla Burtonport (Burton’s Port) ar Ailt an Chorráin.

In aimsir an drochshaoil tharla sé go raibh deacrachtaí airgid ag an chlann agus bheartaigh siad ar an oileán a dhíol. Cheannaigh John Stoupe Charley an t-oileán agus tháinig sé chun cónaí ar an oileán. Thóg sé scoileanna, teach solais úr, muileann, beairic agus teach mór dó féin. Is cosúil go raibh sé dian go leor ar na tionóntaí, agus tá fianaise ann go raibh na *Molly Maguires *gníomhach ar an oileán ag an am. Chuir sé tús le scéim imirce do bhunadh an oileáin, agus ghlac cuid mhór de bhunadh na háite lena thairiscint. D’íoc sé as a bpasáiste go Meiriceá ar an choinníoll go rachadh an teaghlach ar fad agus nach dtiocfadh siad ar ais a choíche.

D’imigh na deoraithe seo go Chicago agus fuair cuid mhór acu tearmann ar oileán ar Loch Michigan, Oileán na mBéabhar, áit a raibh an Ghaeilge le clos suas go dtí na 1920í. Is saoithiúil mar a d’fhág cuid mhór acu oileán amháin agus gur aimsigh siad oileán eile chun cónaí a dhéanamh air 3,000 míle ar shiúl.

Sa bhliain 2001 chuaigh grúpa mór de mhuintir Áranna anonn ar cuairt chuig a sliocht agus níos luaithe i mbliana tháinig 57 de bhunadh Oileán na mBéabhar abhaile ar cuairt ar feadh cúpla oíche. Ócáid thochtmhar a bhí inti, Baoilligh, Griannaigh, Gallchóirigh, etc. as Meiriceá ag bualadh lena gcol seisir agus col ochtair as Éirinn.

Árainn Mhór sa lá atá inniu ann

Cé go raibh daonra de 1,500 ar Árainn Mhór sna daichidí, tá seo i ndiaidh titim faoi bhun 600. Níl an iascaireacht ábalta daoine a choinneáil ar an oileán níos mó agus b’éigean do chuid mhór daoine óga imeacht anonn go Meiriceá, Albain agus Sasana. Bhí impleachtaí aige seo don teanga fosta; cé go bhfuil thart fá 60 % de bhunadh an oileáin ina gcainteoirí dúchais Gaeilge, is i laige atá an teanga ag dul.

Tá grúpaí ar nós Taisce Árainn Teoranta agus Comharchumann Árainn Mhór ar a ndícheall ag iarraidh infrastruchtúr turasóireachta a chruthú don oileán agus tá forbairt na turasóireachta cultúrtha mar bhunaidhm acu. Reáchtáiltear cúrsaí teanga agus cúltúir ar an oileáin, tógadh tithe saoire agus brú galánta, tá córas maith lóistín ann agus seirbhís rialta farantóireachta.

Cé go bhfuil an teanga faoi bhrú anois, tá traidisiún leanúnach Gaeilge agus cultúir ar an oileán. Bunaíodh coláiste Gaeilge ar an oileán sna seascaidí agus tá sé faoi bhláth go fóill. (Déanann breis agus 450 scoláire freastal air gach samhradh.)

Ba in Árainn Mhór a bhí cónaí ar Róise Rua Mhic Grianna (Róise na nAmhrán), duine de na hamhránaithe sean-nóis ba thábhachtaí i dTír Chonaill sa chéad seo caite. Tháinig Coimisiún Béaloideasa Éireann agus RTÉ isteach chun an oileáin chun í a thaifeadadh agus scríobh máistir scoile an oileáin, Pádraig Ua Cnáimhsí, a beathaisnéis (Róise Rua).

Le blianta beaga anuas, tá Taisce Árainn ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta agus tá daoine i ndiaidh a theacht ó thíortha mar Mheiriceá, An Ghearmáin, An Fhrainc agus an Iodáil chun freastal ar na cúrsaí seo. Tá tionscadal ar bun acu fosta le béaloideas agus seanchas an oileáin a chruinniú ó na seandaoine ansin. Mar chuid den obair seo foilsíodh leabhar bunaithe ar bhéaloideas Árainn Mhór, Cogar san Fharraige, an bhliain seo caite.

I ndiaidh dóibh cuireadh a fháil ó Thaisce Árainn tá Conradh na Gaeilge ag reáchtáil An Tionóil Gaeltachta ar an oileán an mhí seo (www.arainnmhor.com/tionol) agus táthar ag súil le scaifte mór daoine ar an oileán don imeacht.

Tá go leor deacrachtaí ag Árainn Mhór ó thaobh bhuanú na teanga, bhonneagar na háite, agus fostaíochta de ach tá spiorad iontach le sonrú sna daoine. Tá a mórchuid bródúil as an teanga agus sásta í a labhairt má thugtar an spreagadh dóibh, ach i ndeireadh na dála is féidir leat a bheith cinnte go bhfaighidh tú fáilte is fiche anseo, is cuma cén teanga a labhraíonn tú.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi Árainn Mhór ar an suíomh gréasáin www.arainnmhor.com

Is as Árainn Mhór é Proinsias Mac a’ Bhaird, ach tá sé ina chónaí i Leitir Ceanainn anois, áit a bhfuil sé ag obair mar mhúinteoir meánscoile. Tá baint aige le Coláiste Árainn Mhór agus Taisce Árainn Teoranta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.