AR NA SAOLTA SEO
Ar bís le bualadh le Shipman
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Labhair Tony Birtill le beirt eaglaiseach a d’fhéach le sólás a chur ar fáil do ghaolta cuid íospartach an tsraithdhúnmharfóra Harold Shipman. Tá fonn ar dhuine acu, An tAthair Denis Maher as Tiobraid Árann, dul chun cainte le Shipman sa phríosún agus ceist a chur air céard a spreag é chun ainghnímh.

Íomhá
Harold Shipman
Íomhá
Marie Quinn (67) - mharaigh Shipman í i mí na Samhna 1997

Scríobh mé in eagrán mhí Eanáir faoin dóigh a raibh aithne agam ar othar de chuid an Dr Harold Shipman a tháinig slán uaidh. Tá an fiosrúchán poiblí i Halla na Cathrach i Manchain i mbun oibre arís anois tar éis shos an tsamhraidh agus foilseofar dara tuarascáil an chathaoirligh, Dame Janet Smith, san Earrach 2003. Deir sí anois nach mbeidh an fiosrúchán críochnaithe go dtí Nollaig 2003 agus go bhfoilseofar a tuarascáil dheireanach i 2004 (www.the-shipman-inquiry.org.uk).

Labhair mé ar na mallaibh le beirt eaglaiseach Éireannacha a bhfuil baint acu leis an chás. Is Uinitéireach é an tOirmhinneach Alan Kennedy (42) as Lios na gCearrbhach, Co. Aontroma agus bhí sé ina mhinistir i Hyde sular bhog sé go Learpholl anuraidh. Tá an reiligiún Uinitéireach réasúnta láidir sa réigiún seo; tá dhá shéipéal acu i Hyde, mar shampla.

“Thosaigh an *saga *iomlán i measc phobal Hyde Chapel nuair a thug iníon Kathleen Grundy faoi deara go raibh a huacht athraithe agus chuir sí an locht ar an Dr Shipman. Ba í Kathleen Grundy an chéad athadhlacadh ab éigean dom a dhéanamh,” a dúirt Alan Kennedy liom.

Iar-Ardmhéara de chuid Hyde ab ea Kathleen Grundy, agus cé go raibh sí 81 bliain d’aois, bhí sláinte mhaith aici. Nuair a d’fhág sí £400,000 (gach pingin a bhí aici) ag Harold Shipman, bhí amhras ar a hiníon, Angela Woodruff, faoi chúrsaí. Agus bhí fearg uirthi nuair a thug sí fianaise don fhiosrúchán i mí Dheireadh Fómhair. Dúirt Angela Woodruff leis an Bhreitheamh Dame Janet Smith gur scríobh an Dr Shipman “old age” mar chúis báis ar theastas báis a máthar, cé go raibh sí breá fuinniúil agus folláin. Chuala an fiosrúchán gur scríobh Shipman cúiseanna bréige ar 215 teastas eile ar an laghad agus dúirt Angela Woodruff go raibh sé ábalta leanúint ar aghaidh mar seo de bharr go raibh an córas lochtach agus nár chaith duine ar bith amhras air go dtí bás a máthar féin. D’iarr sí ar Dame Janet Smith an córas a athrú.

Thug Alan Kennedy ráiteas scríofa don fhiosrúchán cheana féin ach tá an dóigh a bhfuil an scéal ag teacht amach de réir a chéile dian air.

“Níor thuig mé go raibh an méid sin daoine maraithe aige go dtí go bhfaca mé an liosta sa pháipéar,” a dúirt sé liom. “Is ainmneacha ón dá shéipéal atá againn i Hyde cuid acu. Bhí aithne agam orthu - riar mé ag na sochraidí agus mar sin de. Síleann tú go bhfuil imdhíonadh agat i gcoinne na tragóide tar éis tamaill ach cuireann sé isteach orm go fóill.”

Faigheann sé tacaíocht ón phobal i Hyde, ar ndóigh, agus tháinig grúpa acu trasna go Learpholl don chéad seirbhís a bhí aige anseo i Meitheamh anuraidh.

Bhí aithne mhaith ag Alan Kennedy ar an Athair Denis Maher i Hyde mar bhí, mar a deir sé, “ecumenical scene” maith ansin.

Ba ghnách linn casadh le chéile ag cruinnithe d’ eaglaisigh agus bhí seirbhís mhór idireaglasta sa Hyde Parish Church of England nuair a tháinig an scéal faoi Shipman amach ar dtús. Bhí a lán de ghaolta na n-íospartach ansin,” a dúirt sé liom.

Gradam pobail

As Baile Thiobraid Árann é Denis Maher agus d’fhreastail sé ar an chliarscoil i nDúrlas sular bhog sé go Sasana i 1964, áit a bhfuil sé ag obair ó shin. Fuair sé gradam pobail ón chomhairle áitiúil le déanaí mar aitheantas don obair atá déanta aige i measc phobal Naomh Pól, an teach pobail i Hyde ina bhfuil sé ina shagart paróiste ó bhí 1996 ann. Mhol muintir na háite an tacaíocht a thug sé do ghaolta na ndaoine a dúnmharaíodh, ar Éireannaigh agus Shasanaigh iad.

“Bhí iontas orm nuair a fuair mé an duais seo, agus is cúis bhróid dom é,” a dúirt Denis Maher liom. Deir sé go raibh sé ag comhlíonadh a chuid dualgas mar shagart ach go raibh sé an-deacair. B’éigean dó freastal ar dhí-adhlacadh i rith na hoíche go minic nuair a bhí na póilíní ag fíosrú an cháis, mar shampla, agus buaileann sé le gaolta de chuid na n-íospartach go rialta.

“Chas mé le Paddy Bird de thaisme san aerfort i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh,” a dúirt sé liom. “B’as Baile Átha Cliath a bhean chéile agus bhí sí sna 50í nuair a mharaigh Shipman í.”

B’as Carraig na Siúire, Contae Phort Láirge, beirt eile: Marie Quinn (67), a dúnmharaíodh i 1997, agus Christine Kitchen, née Harney (70), a maraíodh i 1994. Dala chorp Kathleen Grundy, fuarthas moirfín i gcorp Christine Kitchen tar éis a dí-adhlactha. Ós rud é gur maraíodh í roimh 1995, áfach, níor cúisíodh an Dr Shipman as an dúnmharú sin mar go raibh sé roimh an “cut-off date” a leag na póilíní síos. Tá a lán daoine míshásta faoi sin i Hyde. Deir Denis Maher go bhfuil amhras ar dhaoine ina pharóiste faoi othair de chuid Shipman a fuair bás ocht mbliana déag ó shin.

“Mothaíonn muintir na háite gortaithe faoin mhéid a tharla agus ba mhaith liom labhairt le Shipman go pearsanta faoin chás, faoin fáth ar mharaigh sé daoine a bhí cairdiúil leis, daoine a chuir a muinín ann. Cé go bhfuil deamhan déanta ag na meáin de Shipman, deir a lán daoine i Hyde nach mbeadh siad beo inniu murach é. Níl sé olc amach is amach. Dá dtiocfadh leis doilíos a thaispeáint, nó a bheith buartha fúthu, chuideodh sé sin le muintir na háite teacht chucu féin. Ach de réir na síciatraithe, tá Shipman ‘i mbun séanta’ go fóill. Thug sé a chúl leis na póilíní nuair a bhí siad ag iarraidh labhairt leis faoi chásanna eile agus deir siad go bhfuil sé ag obair ar achomharc faoi láthair,” a dúirt sé.

Fuair na póilíní bailiúchán mór seodra ina theach, agus bhí fáinne Gaelach ar an tseilf ina sheomra feithimh. Tá bailiú trofaithe ó íospartaigh coitianta i measc sraithmharfóirí.

Cé go bhfuil dóchas ag an Athair Maher go bhfaighidh sé cead isteach sa phríosún chun labhairt le Shipman, tá an plean sin curtha ar an mhéar fhada aige anois mar go bhfuil sé féin ag dul isteach san otharlann gan mhoill de bharr droch-chroí a bheith aige. Gan amhras, beidh a phobal i Hyde ag guí ar a shon.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.