tabhair freagratabhair freagra #1 Iarla 4 Meitheamh 2014, 10:26 GMT
Tá bás na nDessiecrats i ndán don Lucht Oibre. Thug siad a gcúl don phobal, mar a thug polaiteoirí na hEorpa go ginearálta. Faisisteachas ag teacht chun cinn... Is ionann SF agus 'Front National' na hÉireann, cibé clóca Marxach a chaitheann siad do na meáin.
tabhair freagratabhair freagra #2 Fearn 5 Meitheamh 2014, 14:30 GMT
Muise.Ní thuigfidh mé poilitíocht na hÉireann choíiche
tabhair freagratabhair freagra #3 Harp 6 Meitheamh 2014, 01:15 GMT
Muise.Ní thuigfidh mé poilitíocht na hÉireann choíiche

Muise.Ní thuigfidh mé poilitíocht na hÉireann choíiche
Yo tampoco! Asi es que ni chuirim mo ghob ann!
tabhair freagratabhair freagra #4 Fearn 6 Meitheamh 2014, 11:34 GMT
>
> Asi es que ni chuirim mo ghob ann!

Tá saol na Gaeilge ciúin go leor gan daoin a dhul i bhfolach sa tost !!
tabhair freagratabhair freagra #5 Seán Ó Cradhscal 24 Meitheamh 2014, 15:57 GMT
Fé mar a dúirt Dervla Murphy ar an Irish Times le gairid; theyre all a fucking pile of shits. Ní thuigim conas a d'fhéadfadh éinne chomh héirimiúil le Donncha Ó hÉalaithe iontaoibh dá laghad a thabhairt le Páirtí an Lucht Oibre (misnomer ó bhonn) a thuilleadh. Is striapaigh dhearga iad a chuireann Faustus in áit na leithphingne. Eiseamláir den pháirtí sin é Fat Rabbit nach bhfuil ach drochmheas aige ar phobal na hÉireann agus nach leasc leis sinn a mhaslú go poiblí. Is bocht agus is brónach an scéal é go bhfuil FF ag teacht aniar arís dála mar bheadh cealla ailse nach féidir a dhíothú ón gcorp polaitiúil. Is FF iad Fg fé chló eile ach iad chomh lofa, tréasach, sanntach céanna. Ní fhágann san ach Sinn Féin; má dhéanann siad sin beag is fiú den Ghaeilge ar an gcuma sin ní fiú bheith leis na focaeirí sin ach oiread,
tabhair freagratabhair freagra #6 seán 24 Meitheamh 2014, 16:34 GMT
Is coillteáin gan ghus iad Páirtí an Lucht Oibre, dream an éithigh, an dáthaobhachais agus na huaillméine scafa nach bhfuil prionsabail dá laghad acu, rud a chruthaigh siad arís is arís eile i ngach comhrialtas go raibh páirt acu ann. Go bhféacha laochra 1916 orainn agus an íobairt a rinne siad ar son na tíre seo nach tír a thuilleadh í ach iarlais. Má tá muintir na hÉireann sásta tacú arís eile le FF t'réis an léirscrios a dhein siad bíodh an diabhal buí acu (rud a bheidh). Thug me mo vóta do Sinn Féin (Eoraip) ach cuireann sé cuthach orm go ndearna siad an feillebheart sin sa Ghaeltacht. Cé tá fágtha ...Fg ??ha...ha..ah...aaaaaaaaaaaaa!
tabhair freagratabhair freagra #7 Seán Ó Raghallaigh 25 Meitheamh 2014, 22:08 GMT
1. Níor chóir d'eagarthóir Beo! ligean do dhaoine caint gháirsiúil a úsáid.
2. Céard is brí le 'fé brí duine a thógfas'? Ní dóigh liom gurb é 'whoever takes'.
tabhair freagratabhair freagra #8 Seosamh 26 Meitheamh 2014, 14:19 GMT
... Phé brí duine a thógfas ... Léigh mar sin é. Cloisfidh tú 'cibé /​ pé ar bith duine' chomh maith.
tabhair freagratabhair freagra #9 Páid Ó Donnchú 29 Meitheamh 2014, 13:49 GMT
Is páirtí liobrálach Páirtí an Lucht Oibre le fada an lá anois. Níl aon rud mícheart ansin, ach ba cheart dhóibh ainm an pháirtí a athraigh dá bharr. Déanaim gáire ar an chaint faoin "Labour Party heartlands" Ag caint ar Ghleann na gCaorach atá siad?
An rud is measa faoin gcur i gcéill seo go "Páirtí an Lucht Oibre" iad ná nach mbíonn ionadaíocht cheart ag an fíor-lucht oibre, mar titeann siad ar ais go tradisiúnta do Fianna Fáil.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!