Beo! (freagraí ar: Anois, Cá Seasann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge?) http://beo.ie/alt-anois-ca-seasann-an-straiteis-20-bliain-don-ghaeil.aspx#comments Bhí Donncha Ó hÉallaithe sách cáinteach faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a foilsíodh deireadh na bliana seo caite agus a mhol go ndéanfaí Údarás na Gaeilge d’Údarás na Gaeltachta. Caitheann sé súil san alt seo ar an tuarascáil a tháinig amach deireadh mí Iúil ón gComhchoiste Oireachtais. Céard is fiú na leasaithe atá molta sa tuarascáil faoin nGaeltacht, i bhfianaise ar tugadh le fios san athbhreithniú ar Chlár Caipitil an Rialtais: ní bheidh acmhainní feasta ag Údarás na Gaeltachta! ga Cóipcheart Oideas Gael. Fri, 27 Aug 2010 21:13:31 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ Josie http://beo.ie/alt-anois-ca-seasann-an-straiteis-20-bliain-don-ghaeil.aspx#comments Tá an Ghaeltacht f...áilte agus bímis ionraic faoi!<br /> Fri, 27 Aug 2010 21:13:31 GMT Seán Ó Meara http://beo.ie/alt-anois-ca-seasann-an-straiteis-20-bliain-don-ghaeil.aspx#comments Tá an deighilt déanta 'sibhse agus muidne' ag polaiteoiri na Dála! Is 'cuma sa tsioc' leo faoi Gaeilgeoiri i gcoitinne! An Córas Pairtithe is cúis leis. Fiu iad go bhfuil sé acu ní labhartar sa Dáil é. Meastar nach bhfuil aon vótaí ann dóibh! Drochshampla don aos óg! Conus is feoidir Rialtais a scaradh ó Cultúr? Tá sé déanta in Eirinn! Níor chuir siad Ceisteanna na gCinnirí trí Ghaeilge mar a ghealladar! Caith amach iad uilig is cuir isteach Gaeilgeoirí amháin!<br /> Wed, 25 Aug 2010 18:11:56 GMT Deirbhile Nic Craith http://beo.ie/alt-anois-ca-seasann-an-straiteis-20-bliain-don-ghaeil.aspx#comments A Dhonncha, feicim gur thug tú suntas do na moltaí ar chúrsaí oideachais, ach ní léir dom cad iad do thuairimí faoi na moltaí sin.<br /> Wed, 25 Aug 2010 17:47:16 GMT Toraigh na dTonn http://beo.ie/alt-anois-ca-seasann-an-straiteis-20-bliain-don-ghaeil.aspx#comments A Dhonncha, alt breá! Ach an cheist - an cuma sa tsioc le pobail uile na Gaeltachta - lag nó láidir cad é atá i ndán dóibh? An é go bhfuil an Stát ag aithint - tríd an Staidéar Teangeolaíoch a rinneadh - go bhfuil tromlach de mhuintir na Gaeltachta (mar a aithnitear í) ag labhairt Béarla go laethúl agus gurbh é todchaí na Gaeilge ná mionphobail cathrach agus tuaithe anseo agus ansiúd ar fud an oileáin ag labhairt Gaeilge anois agus arís.<br /> Sun, 15 Aug 2010 21:58:28 GMT