AGALLAMH BEO
Anna Ghallachair
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Laighin

Déanfaidh an tAire Oideachais Mary Hanafin tionscadal nua de chuid Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Nuad a sheoladh ag tús na míosa seo a bhfuil mar aidhm aige cur ar chumas foghlaimeoirí fásta Gaeilge cáiliocht a bhaint amach ag a mbeidh aitheantas Eorpach. Labhair Caoimhe Laighin le Stiúrthóir an ionaid, Anna Ghallachair, faoin tionscadal seo agus faoin obair cheannródaíoch eile atá idir lámha aici féin agus ag a foireann.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
An seancholáiste i Nuad
Íomhá
Rennes na Fraince, áit ar mhúin Anna Gaeilge
Íomhá
Árainn Mhór, ceantar dúchais Anna
Íomhá
Lár bhaile Mhá Nuad

I mbaile Mhá Nuad, furasta dearmad a dhéanamh ar dheatach agus ar thorann Bhaile Átha Cliath. Is áit shuaimhneach é ina bhfuil an dara hinstitiúid ollscolaíochta is sine sa tír lonnaithe. Téann stair na hinstitiúide siar go dtí bunú na cliarscoile, Coláiste Phádraig, ar an láthair chéanna ag deireadh an ochtú haois déag. Ollscoil na hÉireann, Nuad neamhspleách ar an seancholáiste anois le roinnt blianta agus fás agus forbairt ag tarlú go leanúnach ar an gcampas.

Nuair a bhuail le hAnna Ghallachóir, Stiúrthóir Ionad na dTeangacha san ollscoil le linn na míosa seo caite, ceann de na chéad rudaí a thug faoi deara saothair ealaíne a cuid páistí ar crochadh ar bhallaí a hoifige gile.

Tharraing siad iad sin nuair a bhí siad i bhfad níos óige,” a mhíníonn . a beirt iníonacha, Bébhinn agus Cliodhna, ag freastal ar an meánscoil áitiúil ansin agus fuair siad a gcuid bunscolaíochta trí Ghaeilge i nGaelscoil Dhálaigh i Léim an Bhradáin roimhe sin. Tógadh Anna í féin le Gaeilge, agus tábhachtach di an teanga a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.

deacair, uaireanta, páistí a thógáil le Gaeilge,” a deir . “Is déagóirí iad anois agus gach rud á cheistiú acu, a dtógáil trí Ghaeilge san áireamh! bhíonn deacrachtaí againne, agus Gaeilgeoirí atá ionainn atá ag obair i réimse na teangeolaíochta [is léachtóir le Fraincis i Nuad é a fear céile, Éamon Ó Ciosáin], cinnte go mbeadh i bhfad níos deacra ar thuismitheoirí eile, tuismitheoirí nach bhfuil tuiscint iomlán acu ar an dátheangachas. deacair a thuiscint nach bagairt é an dátheangachas nach ndéantar damáiste do cheachtar teanga. Caithfidh bheith fíorláidir fosta. Fiú labhraíonn mo pháistí Béarla liom, gheobhaidh siad freagra i nGaeilge!”

Is léir gur duine í Anna a bhfuil an-léann uirthi agus atá paiseanta faoina post agus faoi theangacha go ginearálta. Gearmáinis agus Fraincis líofa aici, le cois na Gaeilge agus an Bhéarla. cumas aici san Iodáilis agus sa Spáinnis fosta, agusgiota beag Briotáinise”.

Agus i mbun cainte léi, rith liom gur duine thar a bheith acadúil agus meabhrach í. Ach murab ionann agus an lucht léinn traidisiúnta - a shamhlaítear go minic mar dhaoine ardnósacha, i seaicéid bhréidín, atá scoite amach ón ngnáthshaol - is scoláire nua-aimseartha agus duine iontach cairdiúil í Anna.

Ceapadh í mar stiúrthóir ar an ionad i 1994. Bíonn neart tionscadal idir lámha aici ag aon am faoi leith - agus neart mac léinn le bheith ag déileáil leo. tuairim is 1,000 duine i mbun staidéir ar theangacha san ollscoil faoi láthair, agus naoi dteanga dhifriúla - Gaeilge, Fraincis, Spáinnis, Gearmáinis, Iodáilis, Ollainnis, Portaingéilis agus an Béarla mar theanga iasachta - ar fáil. Anna ag súil go mbeidh in ann tús a chur le ranganna Polainnise agus Sínise le linn na bliana seo chugainn fosta.

Córas Tástála Gaeilge

Faoi láthair, is é ceann de na tionscadail atá á fhorbairt faoi chúram Anna córas nua tástála agus teastaithe d’fhoglaimeoirí fásta Gaeilge. mar aidhm ag an gcóras seo, a sheolfaidh an tAire Oideachais Mary Hanafin go hoifigiúil ar an 2 Márta, cur ar chumas foghlaimeoirí na teanga cáilíocht a bhaint amach a mbeidh aitheantas Eorpach aici.

stádas breathnadóra bainte amach ag Ionad na dTeangacha in ALTE (Association of Language Testers in Europe), eagraíocht a bunaíodh i 1989 agus é mar aidhm aici caighdeáin thrasnáisiúnta a fhorbairt maidir le gnéithe difriúla den mheasanú teanga, mar shampla, forbairt scrúduithe agus marcáil scrúduithe. Ciallaíonn seo go mbeidh an córas nua atá forbartha ag an ionad ag teacht leis an obair atá déanta cheana féin ag an ocht ndream is fiche atá mar bhaill d’ALTE a bhfuil scrúduithe curtha ar fáil acu i gceithre theanga is fiche.

Faoi láthair, ceann de na deacrachtaí is le foghlaim na Gaeilge [i measc foghlaimeoirí fásta] nach bhfuil córas ceart structúrtha curtha le chéile maidir le scrúduithe agus teastasú,” a deir Anna. “Go dtí seo, d’fhéadfadh daoine leanúint ar aghaidh le foghlaim na teanga dtabharfadh siad faoi ranganna. Ach aithneofaí go hoifigiúil an saothar a bheadh caite acu lena bhfoghlaim le córas caighdeánach tástála.

Cuirfimid scrúduithe ag leibhéal dhifriúla ar fáil gach samhradh,” a deir Anna. “Beimid ag tosú leis na foghlaimeoirí ag na bonnleibhéil, A1 agus A2, i mbliana agus ansin cuirfear scrúduithe ar fáil ag na leibhéil níos airde ina dhiaidh sin. Féadfar suas go dtí leibhéal C2 a bhaint amach, agus is leibhéal na máistreachta é an leibhéal sin.”

Beidh an córas nua ina chabhair mhór d’fhóstóirí agus do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge á foghlaim acu ar mhaithe le cúrsaí oibre.

Tugann an córas *Can-Do Statements,” *a deir Anna. “Beidh soiléir d’fhostóir, bhíonn, abair leibhéal A2 bainte amach ag duine, go bhféadfadh siad rudaí áirithe a dhéanamh. tábhacht ar leith ag baint leis seo i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla.”

Is léir gur córas nuálach é seo. Ach is é an rud is suntasaí faoi go bhfuil ag teacht i dtír ar an obair atá déanta cheana féin sa Eoraip i réimse na dteangacha.

Buntáiste a bhaineann le mo chuid oibre mar Stiúrthóir ar Ionad na dTeangacha go bhfeicim an obair atá déanta i réimse theagasc na dteangacha eile,” a deir Anna. “Is féidir linn an obair sin a chur in oiriúint don Ghaeilge. B’fhéidir go raibh modhanna a bhain le teagasc na Gaeilge á bhforbairt go measartha neamhspleách agus níor bhac muid le cad é a bhí ag tarlú i dteagasc na dteangacha eile. go leor leor oibre déanta ar theagasc an Bhéarla mar theanga iasachta mar gur tionscal ollmhór é. Fiú sna teangacha Eorpacha eile, go leor taighde déanta agus is fiú go mór teacht i dtír ar an obair seo.”

A hóige

Is léir nach raibh na fadhbanna céanna ag Anna ag sealbhú teangacha agus í ag éirí aníos. Ach céard a spreag a suim iontu?

Níl a fhios agam!” a deir . “Is dócha go raibh tionchar ag m’óige orm. Tógadh muid i dteaghlach dátheangach. Thaitin Fraincis agus Laidin, le cois an Bhéarla agus na Gaeilge, go mór liom le linn dom bheith ar an mheánscoil.”

D’fhreastail Anna ar Chlochar Loretto i Leitir Ceanainn, ach is de bhunadh oileáin í. Rugadh í ar Árainn Mhór, amach ó chósta Dhún na nGall.

An raibh míbhuntáistí ar leith ag baint le heirí aníos ar oileán?

Is dócha go raibh,” a deir , “sa mhéid is go raibh orm freastal ar an mheánscoil ar tír mór. Bhí sin crua go leor. Bhí beagán níos fusa toisc go raibh beirt againn, féin agus mo dheirfiúr, ann ag an am chéanna. Ach bhíodh deacair orm bheith i bhfad ó mo mhuintir - bhínn uaigneach in amanna. théinn abhaile ach b’fhéidir dhá uair sa téarma. Bhímis saghas scoite amach ó dhaoine fosta - níor tugadh cead dúinn dul amach sa bhaile [Leitir Ceanainn] ar chor ar bith. bhíodh cead againn geataí an chlochair a fhágáil!”

go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú ar Árainn Mhór sa atá inniu ann, agus go bhfuiltear ag tuar nach bhfuil todhchaí i ndán di mar theanga phobail ansin, deir Anna gur éirigh le hathbheochan na teanga i gceantair áirithe den oileán roimhe seo.

Tharla rudaí fíorshuimiúla ó thaobh na Gaeilge de ar Árainn Mhór nuair a bhí óg,” a deir . “Nuair a bhí mo mháthair óg, agus sise 71 bliain d’aois anois, bhí an Ghaeilge fíorlag ar ár dtaobhna den oileán. Ar an taobh eile den oileán, bhí an teanga níos láidre i gcónaí, agus aistríodh an teanga go rathúil ó ghlúin go glúin.

Ansin, i rith na seascaidí, tharla borradh faoin Ghaeilge ar ár dtaobhna den oileán. Phill neart lánúineacha óga - as Albain, Sasana, agus Meiriceá fiú - agus shocraigh siad go ndéanfadh siad iarracht an Ghaeilge a labhairt lena bpáistí.”

Dar le hAnna gurbh iad na féidearthachtaí a bhain leis an nGaeilge a spreag muintir an oileáin le a labhairt lena gcuid páistí.

Bhíodh ceangal iontach láidir idir an Ghaeilge agus an t-oideachas na laethanta sin. Labhraíodh siad Gaeilge lena bpáistí sa dóigh is go dtabharfadh seans níos fearr sa tsaol dóibh.”

An Fhrainc

I ndiaidh na meánscoile, chuaigh Anna chun na Beilge le seal a chaitheamh mar au pair. Labhair na daoine sa teach ina raibh Gearmáinis agus músclaíodh a suim sa teanga áirithe sin bharr sin. Thug faoi chéim sa Ghearmáinis agus sa Fhraincis i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh nuair a d’fhill ar Éirinn.

Tar éis na céime, chinn ar luigh isteach ar staidéar a dhéanamh ar an bhFraincis agus chuir fúithi in Bordeaux le hiarchéim a bhaint amach sa teanga sin. Is léir ó chuid cainte Anna mar gheall ar an bhFrainc gur fhág an tréimhse sin an-rian uirthi.

Is dócha gur shocraigh muid [í féin agus a fear] pilleadh abhaile nuair a phós muid. Ach, chun an fhírinne a , bheinn breá sásta leanfadh muid ar aghaidh inár gcónaí ansin. Thaitin an tslí agus an caighdeán maireachtála go mór liom. Baineann na Francaigh sult as an tsaol ar bhealach a thaitníonn go mór liomsa. meas acu ar an timpeallacht, ar bhia agus ar na rudaí atá thart orthu. Nuair a smaoiníonn muidinne [in Éirinn] ar chaighdeán maireachtála, smaoiníonn muid ar rudaí mar thithe móra carranna daora. Ach smaoiníonn siadsan ar chaighdeán maireachtála ar bhealach éagsúil. Baineann le rudaí níos nádúrtha - rudaí simplí cosúil le ham a chaitheamh le do chuid cairde, fiú amháin cupán caife a ól leo.”

Chaith bliana sa Fhrainc ar fad - in Bordeaux, Brest agus Rennes - mar mhac léinn iarchéime i dtús báire, agus mar léachtóir ina dhiaidh sin. Le linn di bheith i Rennes, mhúin Gaeilge do mhic léinn Eorpacha.

Bhí céim sa Bhéarla á déanamh acu agus mar chuid di rinne siad staidéar ar litríocht Bhéarla na hÉireann. Bhí an rogha acu an Ghaeilge a dhéanamh ag leibhéal *ab initio.” *

An aontaíonn leis an tuairim go bhfuil na hEorpaigh níos cumasaí ó thaobh fhoghlaim teangacha de?

aontaím ar chor ar bith go bhfuil dream amháin níos fearr le teangacha dream eile. B’fhéidir gur buntáiste é, ó thaobh sealbhú teanga de, thógtar duine go dátheangach. Ach is ceist spreagaidh í fosta. Sa Fhrainc, bhí na mic léinn oscailte don Ghaeilge. raibh réamhthuairimí ar bith acu ina taobh. raibh dearcadh diúltach acu.

Maidir le teangacha eile, is ceist spreagaidh é fosta. ciall ag baint le sealbhú teangacha, ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de fiú. an tAontas Eorpach ag leathnú an t-am ar fad. Measann duine a bhfuil an Béarla mar mháthair-theanga aige nach iarracht a dhéanamh, go bhfuil an Béarla ag cách. Ach soineantacht ag baint leis an dearcadh cúng sin. theastaíonn uait rud a dhíol le duine, beidh i bhfad níos fearr as dhéanann é trí theanga an duine sin.”

Nuad

Tar éis dhá iarchéim a bhaint amach sa Fhrainc (agus neart taithí múinteoireachta a fháil ansin) agus roinnt mhaith blianta a chaitheamh ag múineadh teangacha sa Cheardcholáiste Réigiúnach i Leitir Ceanainn, bhí Anna réidh le glacadh leis an bpost in Ionad na dTeangacha i Nuad nuair a rinneadh é a thairiscint di i 1994.

Chaith deich mbliana san iomlán ag múineadh i Leitir Ceanainn, ach chuir isteach ar an phost seo toisc go raibh m’fhear céile ag múineadh i Roinn na Fraincise i Nuad cheana féin. Theastaigh uaim cur fúm i gceantar Bhaile Átha Cliath leis. Ach chomh maith leis sin, bhí suim mhór agam sa phost toisc go mbaineann leis na teangacha go léir.”

hamháin go mbaineann éagsúlacht ó thaobh tenagacha lena post, áfach, ach réimse leathan cúraimí i gceist fosta. Is í an éagsúlacht seo a chinntíonn go mbaineann neart sásaimh as ó go .

Níl ag múineadh i mbliana,” a deir , “ach de ghnáth déanaim méid áirithe múinteoireachta. Measaim go bhfuil tábhacht ag baint leis sin, teagmháil leis na mic léinn agus leis an seomra ranga. deacair bheith ag plé le teangacha, fiú más riarthóir , muna dtuigeann cad é a mar atá cúrsaí sa seomra ranga.”

Ach an dóigh léi go bhfuil caighdeán an oideachais ag dul chun donais, toisc go bhfuil níos daoine ag freastal ar an ollscoil na laethanta seo?

Is dócha go bhfuil deacrachtaí againn,” a deir . “Cuireann ualach breise ar an ollscoil, gan dabht. daoine ó chúlraí éagsúla ag freastal ar an ollscoil anois, agus b’fhéidir nach bhfuil nós na hollscoile sna cúlraí sin. Ach is rud maith é seo. Is rud fíordhearfach é go bhfuil tuilleadh rochtana ag daoine ó aicmí éagsúla ar oideachas. cothrom go mbeadh rochtain ag daoine ó taobh amuigh de na meán- agus ardaicmí ar oideachas. Ach deacair, uaireanta, nuair nach mbíonn go leor acmhainní san ollscoil le bheith ag déileáil leis an ualach breise.”

Measann Anna go bhfuil an caighdeán i measc na bhfochéimithe atá ag plé le teangachameasartha lag”.

Déantar faillí sa ghramadach go minic, go háirithe i gcás na Gaeilge ag an dara leibhéal,” a deir . “Titeann amach go minic go bhfoghlaimíonn daoine rudaí de ghlanmheabhair, agus iad ag ullmhú do scrúduithe. Ciallaíonn sin nach bhfuil tuiscint cheart acu ar an teanga. Measaim, ag an tríú leibhéal fosta, go bhfuil an iomarca béime ar scrúduithe. mic léinn ag déanamh staidéir le haghaidh scrúduithe seachas bheith ag fáil léinn. Ach eisceacht é Nuad ar chor ar bith. Cloisim gurb ionann an scéal sna hinstitiúidí tríú leibhéal eile fosta.”

Brú ón Rialtas

Na laethanta seo, athruithe móra ag titim amach sna hollscoileanna, maidir le struchtúir agus maoiniú, agus tuilleadh brú á chur orthu airgead a shaothrú iad féin. Cén tuairim atá aici faoin mbrú seo?

dóigh liom go bhfuil an brú, i ndáiríre, ag teacht ó údaráis na n-ollscoileanna iad féin,” a deir . “ ag teacht ón Rialtas. Teastaíonn ón Rialtas go mbeidh na hollscoileanna in ann iad féin a chothú agus go saothróidh siad tuilleadh airgid iad féin. Mar shampla, anuraidh agus an bhliain roimhe sin, gearradh siar ar ár mbuiséad. nach raibh gearradh siar ann i mbliana, costaisí sa bhreis againn i gcónaí agus fhaigheann muid an t-airgead atá de dhíth chun na costaisí sin a íoc. Mar shampla, ardaíodh sna hollscoileanna faoin Pháirtnéireacht Shóisialta le déanaí, agus bhfuair an ollscoil airgead ón Rialtas chun an t-ardú sin a íoc. B’éigean don ollscoil an t-airgead a fháil ó áit éigin iad féin. Bíonn impleachtaí pinsin ag baint leis fosta. Is sampla amháin é sin, ach neart samplaí eile an - costaisí nach smaoiníonn daoine orthu. Achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, mar shampla. costaisí ollmhóra ag baint leis sin ó thaobh an aistriúcháin agus riaracháin go léir de, ach bhfuair an ollscoil airgead ar bith sa bhreis le forálacha an Achta a chur i gcrích.”

Lena chois sin, go leor cainte sna nuachtáin le gairid ar struchtúir na n-ollscoileanna féin agus ar an gcaoi a bhfuil beartaithe ag na húdaráis na dámha agus ranna a athrú ó bhonn. an chaint seo ag cothú neart díospóireachta, gan trácht ar neart imní, i measc fhostaithe na n-ollscoileanna. Anna dóchasach, áfach, gur eisceacht, go pointe áirithe, é Nuad.

uachtarán nua, John Hughes, againn ach den tuairim nach mbeidh athruithe móra ag titim amach anseo. Is dócha go mbeidh rud beag athstruchtúrú ann ach b’fhéidir nach drochrud é sin. Maidir leis na hathruithe eile atá molta do na hollscoileanna, d’éirigh linn tús a chur le córas na módúl gan stró i mbliana. dóigh liom go mbeidh fadhb ar bith againn sa réimse sin.”

An gcuireann brú ar Anna bheith ag déileáil leis an maorlathas ar fad atá i gceist na laethanta seo?

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

The Right Nation: Conservative Power in America le John Micklethwait agus Adrian Wooldridge.

Cén ceol is fearr leat?

Gach cineál. Braitheann ar an .

Cén scannán is fearr a chonaic riamh?

*Pane e Cioccolate *le Franco Brusati.

dtéann ar saoire?

Chun na Briotáine agus go hÁrainn Mhór.

mhéad uair a bhí thar lear anuraidh?

Seacht n-uaire ar fad.

Cén bhialann is fearr leat?

I mBaile Átha Cliath: Les Frères Jacques, Elephant and Castle agus Dunne and Crescenzi.

Cén duine is a bhfuil meas agat air/uirthi?

Duine ar bith ar leith.

Cén duine is a chuaigh i bhfeidhm ort agus níos óige?

Mo mháthair mhór agus m’athair.

Cad iad na rudaí is a chuireann isteach ort?

Mí-ionracas agus diúltacht.

Cad iad na huaireanta a oibríonn gach seachtain?

Thart ar 40.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Easpa ama.

An bhfuil sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?

. chiallaíonn sin go bhfuil den tuairim go bhfuil go leor bainte amach agam. duine uaillmhianach . ‘Fhad is go bhfuil suim agam sna rudaí a bhíonn a dhéanamh, bím sásta.

frustrachas ag baint leis uaireanta, ach bíonn maorlathas i ngach post. Cuireann na tuarascálacha agus na foirmeacha go léir strus orm. Ach is áit iontach deas é seo le bheith ag obair. an ollscoil beag go leor ar an iomlán agus an t-atmaisféar go deas. an t-ádh orm fosta go bhfuil ag obair le daoine iontach deas.”

Níl ach ceathrar fostaithe go lánaimseartha in Ionad na dTeangacha; duine fostaithe le Gaeilge agus Fraincis a theagasc, teicneoir, rúnaí agus Anna í féin. Is minic a chloistear gearáin á ndéanamh i ranna teangacha na n-ollscoileanna timpeall na tíre faoi gcaoi nach bhfuil fostaíocht lánaimseartha á cruthú iontu. Cén fáth nach gcruthaítear tuilleadh postanna?

Is rud sóisialta é,” a deir Anna. “Meastar, de shíor, gur gairm bheatha na mban í an mhúinteoireacht, fiú sna hollscoileanna. Bíonn na mná ina bun mar chaitheamh aimsire agus na páistí á dtógáil acu. 20 duine fostaithe againne ar bhonn páirtaimseartha, agus neart acu mná eachtrannacha iad atá pósta le fir Éireannacha. Is dócha, fad is a leanfaidh soláthar na ndaoine seo ar aghaidh, nach mbeidh brú ar an ollscoil fostaíocht lánaimseartha a chruthú.”

Teangeolaíocht fheidhmeach

Is í an fhís atá ag Anna maidir le todhchaí Ionad na dTeangacha go ndéanfar tuilleadh oibre i réimse na teangeolaíochta feidhmí. Is léir gur ábhar spéise atá an-ghar croí é an réimse seo - faoi láthair ina hUachtarán ar Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí. Eagraíonn an cumann sin léachtaí poiblí agus comhdhálacha timpeall na tíre chun cúrsaí teangeolaíochta a phlé.

Bhí comhdháil againn i Luimneach le gairid le staid na dteangacha in Éirinn a phlé. Is ábhar imní dúinn é go bhfuil titim i líon na mac léinn atá ag tabhairt faoi chéim sna teangacha. an treocht seo i bhfad níos measa i Sasana, tubaisteach beagnach. Ach muid ag iarraidh a leithéid a sheachaint anseo.”

Bíonn taighde agus tionscadail i réimse na teangeolaíochta feidhmí á bhfoilsiú aici i gcónaí fosta. Nuair a bhuail léi, bhí díreach tar éis tuarascáil a chríochnú ar conas a ghlacann daoine le teangacha nuair a bhíonn féinteagasc ar siúl acu.

Measaim go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an teangeolaíocht fheidhmeach i gcomhthéacs na Gaeilge. méid ollmhór oibre déanta ar theangacha eile agus caithfimid an obair sin a chur in oiriúint don Ghaeilge. mbeadh an deis agam, thabharfainn faoin obair seo láithreach. Ach, dár ndóigh, níl go leor acmhainní againn faoi láthair.”

suim mhór aici tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo teanga a shealbhú, agus fonn uirthi bealaí nuálacha a aimsiú le teangacha a mhúineadh. Sampla amháin de seo é úsáid an chórais Vifax (www.nuim.ie/language/vifax.html) do mhúineadh na Gaeilge ag an dara leibhéal.

Is é Michel Perrin ó Ollscoil Bordeaux a dhear an córas seo,” a deir . “Cheannaigh muid an phaitinn agus is córas fíorshimplí, ach fíoréifeachtach é. Déantar an nuacht ó TG4 a thaifeadadh chuile Mháirt, agus ansin scríobhtar cleachtaí bunaithe ar an nuacht sin ar an Chéadaoin. Cuireann an ollscoil anseo an tseirbhís seo ar fáil, saor in aisce, ar an idirlíon gach seachtain.

Is duine í Anna a bhfuil tiomántas aici maidir lena post. Post mór atá ann agus, dár ndóigh, is minic a thagann deacrachtaí chun cinn nuair a bhíonn post mar seo ag bean a bhfuil clann uirthi. Ach aontaíonn Anna leis an tuairim go bhfuil a post níos deacra de bhrí gur máthair í.

Caithfidh bheith eagraithe,” a deir . “Chomh maith leis sin, pósta le fear iontach a dhéanann a sciar féin den chócaireacht agus cúraimí . Measaim go bhfuil buntáistí ag baint leis fosta. a lán ban ag obair sa roinn seo, agus tuigim nuair a bhíonn deacrachtaí acu - abair nuair a bhíonn a bpáistí tinn a leithéidí sin. Measaim gur féidir le mná rud ar bith a dhéanamh sa atá inniu ann.”

An mbeadh sásta leanfadh a páistí a sampla féin agus sampla a fir chéile, agus rachaidís leis an saol acadúil?

Is cuma liom faoi sin!” a deir . “ roghnódh siad na sráideanna a ghlanadh, bheinn breá sásta. Fad is a bhíonn siadsan sásta, beidh mise sásta!”

](..\2005-03\press.asp) níos eolais le fáil faoi Theastas Eorpach na Gaeilge anseo.

Is as Baile Átha Cliath í Caoimhe Laighin. bunchéim aici san iriseoireacht agus bhain céim MSc amach i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mbliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.