COMÓRTAIS
Anna Ní Ghallachair
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin

Déanfaidh an tAire Oideachais Mary Hanafin tionscadal nua de chuid Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad a sheoladh ag tús na míosa seo a bhfuil sé mar aidhm aige cur ar chumas foghlaimeoirí fásta Gaeilge cáiliocht a bhaint amach ag a mbeidh aitheantas Eorpach. Labhair Caoimhe Ní Laighin le Stiúrthóir an ionaid, Anna Ní Ghallachair, faoin tionscadal seo agus faoin obair cheannródaíoch eile atá idir lámha aici féin agus ag a foireann.

Teastas Eorpach na Gaeilge (Aosaigh)

Tá córas tástála agus teastasaithe d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge, an chéad chóras dá leithéid sa Ghaeilge, forbartha ag Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad. Beidh an tionscadal nua seo á sheoladh go hoifigiúil san ollscoil ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, T.D., ar an Chéadaoin, 2 Márta 2005 ar a 2.30 i.n.

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal cur ar chumas foghlaimeoirí Gaeilge scrúduithe a dhéanamh agus cáilíocht a bhaint amach a mbeidh aitheantas Eorpach aige. Beidh na chéad scrúduithe, a bheidh dírithe ar fhoghlaimeoirí ag Bonnleibhéal 1 (A1) agus Bonnleibhéal 2 (A2), ar siúl i mí na Bealtaine i mbliana agus cuirfear scrúduithe ar fáil ag leibhéil níos airde idir sin agus 2007. Maidir le hiarrthóirí ar mian leo tabhairt faoi Bhonnleibhéal 1, moltar go mbeadh timpeall 80-100 uair an chloig caite acu ag déanamh staidéir ar an teanga / ag freastal ar ranganna. Maidir leo siúd ar mhaith leo tabhairt faoi Bhonnleibhéal 2, moltar go mbeadh 80-100 uair an chloig breise caite acu ag déanamh staidéir ar an teanga / ag freastal ar ranganna.

€100 a chosnóidh sé scrúdú a dhéanamh ag ceann de na leibhéil atá i gceist i mbliana agus is é an 29 Aibreán 2005 an spriocdháta d’iarratais.

Déanfar na scileanna éagsúla teanga - éisteacht, léitheoireacht, labhairt agus scríobh - a mheas faoin chóras seo. Beidh an bhéim ar an labhairt ag na bonnleibhéil.

Tá stádas breathnadóra bainte amach ag Ionad na dTeangacha in ALTE (Association of Language Testers in Europe), eagraíocht a bunaíodh i 1989 agus é mar aidhm aici caighdeáin thrasnáisiúnta a fhorbairt maidir le gnéithe difriúla den mheasanú teanga, mar shampla, forbairt scrúduithe agus marcáil scrúduithe. Tá ocht ndream is fiche mar bhaill d’ALTE anois agus tá scrúduithe curtha ar fáil ag na baill sin i gceithre theanga is fiche atá ceangailte leis an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach.

“Tabharfaidh an córas seo deis d’fhoghlaimeoirí Gaeilge cáilíocht a bhaint amach a mbeidh aitheantas aige ar fud na hEorpa,” a deir Anna Ní Ghallachair, Stiúrthóir Ionad na dTeangacha. “Tá na mílte ag freastal ar ranganna Gaeilge ach, go dtí seo, ní raibh deis acu cáilíocht mar seo a bhaint amach. Spreagfaidh an córas nua seo go leor daoine le luí isteach ar fhoghlaim na Gaeilge i gceart agus leanúint orthu go dtí deireadh a gcúrsa, seachas fágáil ina lár, mar a tharlaíonn go minic anois. I gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla, go háirithe, beidh sé ina chuidiú mór d’fhostóirí Gaeilge agus iad i mbun earcaíochta fios a bheith acu cén caighdeán atá bainte amach ag iarrthóirí sa teanga.”

The tacaíocht faighte ag an tionscnamh seo ó na dreamanna seo a leanas: Cumann Múinteoirí Éireann Comhar na Múinteoirí Gaeilge Conradh na Gaeilge Oideas Gael Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall Oidhreacht Chorca Dhuibhne An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta Daltaí na Gaeilge, Stáit Aontaithe Mheiriceá Coiste Gairmoideachais Chontae Chiarraí Institut fuer Vergleichende Sprachwissenschaft, Bonn, An Ghearmáin Ollscoil Chaitliceach Lublin, An Pholainn Comharchumann Ráth Cairn Dáil Uladh, Tuaisceart Éireann

Beidh scrúduithe Bhonnleibhéal 1 ar siúl Dé Sathairn, 21 Bealtaine agus scrúduithe Bhonnleibhéal 2 seachtain ina dhiaidh sin, Dé Sathairn, 28 Bealtaine. In Ollscoil na hÉireann Má Nuad amháin a bheidh na scrúduithe ar fáil i mbliana ach, ó 2006 ar aghaidh, beidh siad á dtairiscint chomh maith in ionaid eile sa tír agus thar lear.

Tá níos mó eolais le fáil faoi Theastas Eorpach na Gaeilge, mar aon le leabhrán eolais, scrúduithe samplacha agus foirm iarratais, ach glaoch ar Ionad na dTeangacha ag an uimhir (01) 708-3737 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig language.centre@nuim.ie. Tá an t-ábhar go léir a bhaineann leis an chóras le fáil chomh maith ag www.nuim.ie/language/irishexa

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.