D’éirigh Bob Burke as a phost mar fhiaclóir i mBaltimore, Maryland anuraidh ach ní hionann sin is a rá go bhfuil sé ar tí éirí as a chuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn ina thír dhúchais.
Deireadh na n-ochtóidí a bhí ann agus d’fhiafraigh cara de mo chuid díom an mbeadh suim agam freastal ar rang Gaeilge a bhí á thairiscint i mBaltimore. Bhí oíche shaor agam i rith na seachtaine agus cheap mé go mbeadh an rang suimiúil. Ní raibh eolas dá laghad agam mar gheall ar an Ghaeilge ag an am.
Bhí ochtar againn sa chéad rang agus lean muid ar aghaidh ar feadh dhá sheachtain déag. Ansin, go tobann, d’éirigh an múinteoir as an rang a mhúineadh.
Ba mhian linn leanúint ar aghaidh ach theip orainn múinteoir eile a fháil. Toghadh mé féin mar stiúrthóir ar an rang. Rinne mé teagmháil le gach Éireannach nach mór i mBaltimore agus d’fhiafraigh mé díobh an raibh Gaeilge acu. Thug mé cuairt ar thithe banaltrais agus bhuail mé le daoine deasa ansin, ach ní raibh Gaeilgeoir ar bith ina measc.
Bhí muid ag foghlaim trí choiste agus ní raibh dul chun cinn ar bith á dhéanamh againn. Ní raibh mise ach céim amháin chun tosaigh ar na daltaí eile. Chuala mé faoi ghrúpa i Nua-Eabhrac a raibh dianchúrsa deireadh seachtaine acu. Rinne mé teagmháil le hEthel Brogan agus chuir sí fáilte is fiche romham freastal ar an chéad deireadh seachtaine eile. (Tá cúrsaí deireadh seachtaine á reáchtáil ag Daltaí na Gaeilge le breis is fiche bliain anuas anois.) Tháinig mé abhaile i ndiaidh an deireadh seachtaine le dóchas agus níos mó muiníne agam asam féin. Cheannaigh mé Gearrfhoclóir Gaeilge-Béarla *agus *Progress in Irish.
Chuir muid fáilte roimh thosaitheoirí eile agus, diaidh i ndiaidh, d’fhás ár rang i mBaltimore. Faoi dheireadh thug muid ainm ar an ghrúpa - “An Scoil Scairte”. Fuair muid seomra ar cíos i scoil áitiúil agus thairg muid ranganna san fhómhar agus san earrach.
Thairg mé féin rang Gaeilge a mhúineadh san ollscoil áitiúil, Howard Community College. Chláraigh breis is fiche duine don rang sin, idir Ghaeil-Mheiriceánaigh agus dhaoine a raibh suim i dteangacha eagsúla acu. Bhí neart gramadaí ag na teangeolaithe agus bhí mé i gcruachás mar sin.
Chonaic mé fógra faoi cheardlann a bhí á reáchtáil ag Cumann Mhúinteoirí Ceilteacha Mheiriceá Thuaidh www.naaclt.org), a raibh comhdháil á heagrú acu i bPhiladelphia. D’fhreastail mé ar an chomhdháil mar gur cheap mé go mbeadh deis agam múinteoir, nó ar a laghad cúnamh, a fháil ansin. Bhí idir mhúinteoirí ollscoile agus dhaoine a bhí ag múineadh ina dtithe féin nó i scoileanna áitiúla i láthair. Bhí múinteoirí as Éirinn, an Bhreatain Bheag, Ceanada agus Albain ansin agus thaitin siad go mór liom mar go raibh siad fial flaithiúil. Tá mé ag freastal ar na comhdhálacha ó shin agus i mbliana is mise uachtarán an Chumainn. Bhí an chomhdháil dheireanach ar siúl i lár na míosa seo caite i San Francisco.
Conradh na Gaeilge
Thosaigh mé ag freastal ar imeachtaí Chonradh na Gaeilge Washington chomh maith. Chuir Conradh grúpa léitheoireachta le chéile darbh ainm “Meitheal na Léitheoireachta”. Bhailímis le chéile uair sa mhí le haghaidh comhrá, lóin agus léimh. Ní ba dheanaí athraíodh an t-ainm go “Muintir Chré na Cille” nuair a luigh muid isteach ar leabhar Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille, a léamh. Chaith muid trí bliana ar fad á léamh.
Ag ceann de na deirí seachtaine, bhuail mé le scoláire as Éirinn, Cormac Mac Fhionnlaoich, a bhí ag obair ar chéim dhochtúireachta in ollscoil Maryland. Tógadh le Gaeilge é agus, in ainneoin an bhrú oibre a bhí air, bhí sé toilteanach bualadh liom iarnónta Sathairn le haghaidh lóin, siúlóide agus comhrá as Gaeilge. D’fhreastail seisean ar na deirí seachtaine i Nua-Eabhrac freisin. Bronnadh an chéim air agus d’fhill sé ar Éirinn, ach táimid i dteagmháil le chéile fós.
Sa bhliain 2000, thosaigh scata ag teacht le chéile i mo theachsa gach oíche Déardaoin i gcomhair ranganna neamhfhoirmiúla agus comhrá. B’as Éirinn ó dhúchas triúr acu. Bhí grá acu don teanga agus ba bhreá leo an deis a fháil í a labhairt. Bhíodh leabhair agus foclóirí ar an bhord againn agus muid ag iarraidh feabhas a chur ar ár stór focal agus ar ár mblas labhartha. Ní raibh an dul chun cinn chomh mall leis an seal úd a bhí mé ag déanamh staidéir ar Cré na Cille ach, ag an am chéanna, ní raibh muid sásta.
“Táimid in aois an ríomhaire anois, a chairde, ach tá sibhse sa chlochaois,” a dúirt duine den dream, Pádhraic Mac Cormaic, oíche amháin. “Caithfimid úsáid a bhaint as an ríomhaire.” “Cé a scríobhfaidh an clár?” a d’fhiafraigh cailín a bhí i láthair. “Mise,” ar seisean. Ag magadh a bhí sé, a shíl muid. Seán Mac Shéamuis (ár leasainm ar an uisce beatha Jameson) ag caint b’fhéidir. “Agus beidh fuaimeanna ann chomh maith,” a dúirt sé.
Agus scríobh sé é. “Easy Reader” (eolas: www.irishforlife) an t-ainm a thug sé air agus beidh sé le fáil go luath, breis is dhá bhliain go leith ón oíche úd. Ní fhaca mé an leagan is déanaí fós, ach d’ainneoin sin tá fíormhórtas orm faoi bheith páirteach ina bhreith an oíche gheimhridh sin agus tá mé buíoch go raibh bearna sa bhuidéal.
Ceardlann
Bíonn ceardlann do mhúinteoirí ag Daltaí na Gaeilge gach Feabhra in Esopus, stát Nua-Eabhrac. Is álainn an áit í Esopus i rith an gheimhridh agus is mór an spraoi a bheith ansin le linn sneachta. Tagann múinteoirí ó Éirinn chun cúnamh a thabhairt dúinn; bíonn deis againn ár stíl mhúinteoireachta a fhorbairt faoi stiúir múinteora agus modhanna nua a fhoghlaim.
B’as Oideas Gael (www.oideas-gael.com) i nGleann Cholm Cille, Dún na nGall duine de na múinteoirí a tháinig, Liam Ó Cuinneagáin, agus mhol sé dúinn freastal ar na cúrsaí teanga ansin. Táim ag freastal ar chúrsaí Oideas Gael le ceithre bliana anuas anois. Rinne mé an cúrsa cruinnis (faoi dhó) agus an cúrsa oiliúna agus, ina theannta sin, cúrsaí ginearálta comhrá. Molaim na cúrsaí seo go hard i gcónaí.
I rith an ama seo bhí mé ag obair mar fhiaclóir, mo ghairm bheatha ar feadh cúig bliana is tríocha. Dúirt mo bhean chéile liom go raibh mé ag obair ar mhaithe le m’andúil sa Ghaeilge a chothú. Creidim go raibh an ceart aici.
D’éirigh mé as an obair i Meitheamh 2002, dhíol muid an teach agus bhog muid go hiardheisceart Washington State, ionas go mbeadh muid níos giorra dár mac.
I gcomhar le craobh áitiúil Chomhaltas Ceoltóirí Éireann thairg mé rang Gaeilge i mí Mheán Fómhair anuraidh. Fuair muid seomra, saor in aisce, sa mhúsaem áitiúil. An tEarrach seo thairg mé rang ag an choláiste áitiúil, Clark College, agus chláraigh deichniúr dó. Le déanaí chuir muid tús le grúpa comhrá. Níl ach triúr againn ann ach, mar a deirtear, tús maith leath na hoibre!