tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 4 Aibreán 2014, 11:34 GMT
Dea-scríofa!
tabhair freagratabhair freagra #2 Vitaly 6 Aibreán 2014, 10:08 GMT
Is léir dom féin gur Rúiseach is ea é Balor. 3 pionta Vodka meascaithe le Poitín – sin nós Rúiseach, gan dabht!

Anois, tá féile thírghrách ar siúl ag formhór de na Rúisigh mar gheall ar na himeachtaí deireannacha. Go deimhin, tiocfaidh Póit lá amháin th’éis an iomarca Poitín (is cuma as an mbuidéal nó as an teilifís), ach ní smaointear faoi seo inniú. Agus cad faoi mo leithéidí, nach bhfuil ríméadach nó bródúil as an ionradh ar Chrim? Easpa Poitín is cúis leis, is dócha. Dúirt Poitín féin gur “fealltóiri an náisiúin” is ea sinne. Ní dúirt sé áfach, cad é an naisiún atá feallta againne. Tá breis is 180 naisiún ag maireachtaint sa Rúis, agus cúpla miliún Úcráineach ina measc.

Cibé ar bith, tá scéal eile agam arbh fhiú a bheith tugtha faoi ndeara ag Balor. Ar an 16ú Márta bhí sé ráite i Nuacht na seachtaine ar teilifís naisiúnta, gur féidir le Rúis “Meiriceá a thiontú ina luaithreach raidioghníomhach”.

Láithreoir teilifíse Dmitry Kiselev (Rí Bolscaireachta na Rúise) a duirt an méid sin. Tá sé i bhfad níos láidre ar son an Uachtaráin ná an t-Uachtarán féin. Tá gráin shíoraí aige ar an “Iarthar” agus ar gach rud uafásach a thagann chugainn “aniar”, go háirithe ar homaighnéasachas. San “Iarthar” (de réir Kiselev), tá beagnach gach éinne ina (h)aerach agus ag caitheamh a c(h)uid ama ag mealladh na n-óige bheith ina n-aerach chomh maith. Dúirt sé sa Nuacht don tír go léir tráth gur chóir croíthe na ndaoine homaighnéasacha a dhó. Agus ina dhiaidh sin tháinig “luaithreach raidioghníomhach”. I bhfad an iomarca dá leithéid de bholscaire fiú, nach ea?

Díreach roimh an gclár nuachta seo, chaith sé cúpla lá saoire in Amsterdam lena chlann. Rogha an-aisteach don tírghráthóir Rúiseach frith-Eorpach, is amhlaigh gur in aghaidh a thola a ndeachaigh sé siar. Agus is dócha gur mhúscail rud éigin in Ísiltír mianta scriosacha ann. B’fhéidir go raibh gach sort peaca marfacha iarthair feicthe aige. Nó go raibh an iomarca draíochta ina thoitín draíochta. Nó, an rud is measa dó, gur thug sé fé ndeara cúpla duine aeracha ag pógadh – d’fhéadfadh gur buille ró-throm dá cheann ab ea é. Cibé ar bith, chuir an t-AE a víosa Eorpach ar ceal th’éis an chlár scannálach seo, agus is léir gur cheart dó bheith buíoch as sin. Anois, caithfidh a intinn leochailleach fanacht ar a suaimhneas gan tionchar nimhneach na hEorpa coireach lofa.
tabhair freagratabhair freagra #3 Fearn 17 Aibreán 2014, 12:30 GMT
Is léir a BHítailí go bhfuil nósanna síltheagaisc Mheiriceá foghlaimtha ag an Rúiseach!
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!