Mórshiúl i ndiaidh mórshiúil, níorbh é a d’iarr Balor riamh, ach bíonn siad ann ina dhiaidh sin, agus ní féidir iad a stad óir ní chóir ‘an oidhreacht’ a stad.
“Tharla sé arís i mbliana,” a deir Balor. “Achan friggin’ bhliain bíonn sé mar an gcéanna. Ach friggin’ bhliain, gan teip, tarlaíonn sé. An bhfuil leigheas ar bith ar an scliúchas bliantúil seo,” a fhiafraíonn sé.
Caidé a bhfuil ár laoch ag tagairt dó, meas sibh? Tá sé ag caint faoin racán a tharlaíonn gach bliain i lár mhí Iúil nuair a mháirseálann roinnt daoine de chuid an Oird Fhlannbhuí trí ghabhal Bhóthar na Cromghlinne agus Bhóthar na Seanchille i bParóiste Ard Eoin i mBéal Feirste.
Anois, mar is eol do mhadraí na sráide, is ceantar Protastúnach é Bóthar na Seanchille, agus is ceantar Caitliceach é an chuid sin de Bhóthar Chromghlinne ar theorainn Ard Eoin, áit a bhfuil an tsraith cháiliúil siopaí sin a bhíonn le feiceáil ar scáileáin teilifíse ar fud an domhain mhóir gach samhradh. An duine a mbeadh smidín céille aige, dhéanfadh sé gach iarracht gan a bheith fá bhúir asail d’áit mar sin ag am mar seo, dá mbeadh neart aige air. Ach caidé a tharlaíonn? Is ea! Tá an ceart agaibh! A mhalairt a tharlaíonn.
In Ard Eoin a rugadh agus a tógadh Íosa Mhic Giolla Mháire, an bhean a rinne cur síos ar a teacht i méadaíocht sa cheantar sin mar an t-am ba shona riamh ina saol. Is ann a rugadh agus a tógadh Cathal Goin’, an fear atá anois imithe as saol na teilifíse; agus is ann a rugadh agus a tógadh May Mac Ránais – an triúr acu fá bhúir asail dá chéile – cé gurb ann dóibh siúd a déarfadh nach bhfuil Mac Ránais tógtha fós. Agus é sin ar fad mar chúlra ar an áit, b’fhéidir gur fearr a thuigfidh léitheoirí scéal na míosa seo.
Coimisiún na Cointinne agus na Maorshiúltaí
I mbliana, rinne Coimisiún na Maorshiúltaí Cointinneacha cinneadh go mbeadh cead ag na hOráistigh siúl fríd an áit atá i gceist agus iad ar a mbealach amach ar maidin, ar an Dara Lá Déag Iúil, ach go gcaithfidís a bheith ar ais le siúl fríd Ard Eoin roimh a ceathair a chlog san iarnóin. Dar ndóigh ní raibh na hOráistigh sásta leis seo mar go gcuirfeadh sé deifir orthu agus fuadar fúthu. Mar sin, fuair siad bus le hiad a thabhairt abhaile ón taobh eile den chathair. D’fhan siad ar an bhus agus iad ag dul faoi luas fríd na háiteanna ina mbeadh fáilte mhór rompu, agus thuirling siad den bhus le bheith cinnte go siúlfaidís fríd an áit nach mbeadh fáilte rompu.
Agus cé a bhí ag fanacht leo? Cuid mhór de mhuintir óg Ard Eoin le bheith ag tabhairt fúthu agus leath na bpéas de chuid an PSNI le hiad a chosaint agus chun an dá thaobh a choinneáil óna chéile. An raibh scliúchas ann? Bhí. An bhféadfaí é a sheachaint? D’fhéadfaí. Chuaigh Balor chun cainte le roinnt de na daoine is mó a bhíonn i mbéal an phobail gach bliain ag an am seo bliana. Labhair sé ar dtús le Bullaí Buí Mac an tSiúlaigh:
Balor: Inis dom, a Bhullaí, cad tuige gur gá daoibh an mórshiúl a chleachtadh fríd an cheantar áirithe seo? Nach iomaí áit eile a dtiocfadh libh siúl, áiteanna a mbeadh na múrtha fáilte romhaibh?
Bullaí: An ag magadh atá tú, a Bhaloir? Nach dtuigeann tú a dhath ar bith? Ar léigh tú do Bhíobla riamh? Tá sé scríofa sa Bhíobla, i bhfuil dhearg dhoirte na mairtíreach glórmhar, go bhfuil sé de chead againn, agus de dhualgas orainn, mórshiúl a bheith againn fríd Ard Eoin. Ní miste dúinn ár ndícheall a dhéanamh solas an chreidimh chirt a shoilsiú ar dhílseánaigh bhochta an Phápa. Ní thiocfadh linn codladh i gceart mura ndéanfaimis gach iarracht na heiricigh bhochta sin a thiontú ó chreideamh na Róimhe.
Ní Umhlaíocht go Cathbhua
Balor: Agus síleann tú go dtig leat iad a threorú ar an bhealach ceart fríd an chaithréimiú seo a bhíonn ar siúl agaibh?
Bullaí: Ní haon chaithréimiú é sin, a Bhaloir. Bhuaigh muid Cath na Bóinne i 1690 mar go raibh Dia ar thaobh s’againne. Is Protastúnach é Dia. Tá sé sa Bhíobla; agus tá sé sin ar fad le ceiliúradh…
As go brách le Balor ansin le labhairt le Cosamán Mac an Taca ó Chumann Chónaitheoirí Cosantacha Ard Eoin:
Balor: Inis dom, a Chosamáin, cad tuige nach dtig leat féin agus na cónaitheoirí cosantacha eile fanacht sa bhaile ag amharc ar an tele, nó dul ag siopadóireacht faoin bhaile mór, nó dul ag snámh san fharraige, nó rud ar bith eile a dhéanamh seachas a bheith in bhur seasamh go bagrach nuair a bhíonn an Lucht Siúil Flannbhuí ag dul thar bráid. Nárbh fhearr gan aird ar bith a thabhairt orthu?
Páidí: Ar léigh tusa stair na hÉireann riamh, a Bhaloir? An bhfuil scéal do shinsir ar eolas agat? Naomh Colm Cille, Pádraig Sairséal, Wolfe Tone, Dónall Ó Conaill agus Pádraig Mac Piarais a dúirt linn go neamhbhalbh ina gcuid scríbhinní gan ligean don lucht buí cos a chur ar thalamh naofa Ard Eoin. “Thrasnaigh siad an Bhóinn ach ní thrasnóidh siad Ard Eoin!” An bhfuil a fhios agat cé a dúirt é sin, a Bhaloir? Níl a fhios agat? Naomh Oilibhéar Pluincéad a dúirt – mairtíreach glórmhar Caitliceach a fuair bás ar son an chreidimh agus ar son na hÉireann. Ba é a dúirt an méid sin sular scaoil na hOráistigh é.
Balor: Ba chóir domsa an cheist chéanna a chur ort féin, a Pháidí: an bhfuil aon chuid de stair na hÉireann léite agat?
Agus sula raibh seans ag Páidí bocht an cheist a fhreagairt, as go brách le Balor le labhairt le Sir William Harmony, Ardchonstábla an PSNI.
Balor: A Sir William, a chara, ar mhiste leat cúpla focal a rá faoin raic seo a bhíonn in Ard Eoin gach bliain. An raibh sé níos measa i mbliana ná mar a bhíonn de ghnáth.
Sir William: Níl a fhios agam aon rud faoi aon rud. Níl a fhios agam cé tusa nó cé mé féin. Bhí an t-ádh dearg orm ar ball. Chaith duine éigin buidéal agus chuaigh sé fá chúig horlaí de mo chluais chlé; bhuail sé mé anseo i lár chlár m’éadain. An bhfuil an dinnéar réidh fós, a mhamaí?