AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

‘Bail in’ ina ‘bail out’, tarrtháil nuair nach gá tarrtháil, airgead scoir a thabhairt do dhuine le go dtabharfadh sé ar ais don rialtas é – tá sé go léir ag dul ó réiteach ar Bhalor Béimeannach.

Íomhá
Pósadh Aoife ar an Normannach Strongbow
(le Daniel Mac Giolla Íosa)
Íomhá
William Booth, Arm an tSlánaithe
(Vicipéid)
Íomhá
Áras an Trír i mBÁC
(ar Vicipéid)
Íomhá
Fo-oifig an Trír, Roinn na hAirce

“Anois teacht an earraigh – mo thóin!” arsa Balor an Bhéil Bhinn an lá faoi dheireadh. Bhí Laoch na Litríochta dubhaigeanta, dúlionnach agus duairc an mhí seo a chuaigh thart, de thairbhe cainte gan stad gan staonadh faoi dhrochstaid na tíre. Cé go bhfuil an lá ag dul chun síneadh, is é an t-aon seol a bheas á ardú, anois go bhfuil Lá ’le Bríde buailte linn, ná seol an troika, a bhí ar cuairt againn arís ar feadh tamaill, agus atá i ndiaidh seachtain eile a chaitheamh san óstán is costasaí sa tír. Agus iad i ndiaidh dinnéar seacht gcúrsa dhéag a ithe agus seacht mbuidéal an duine de scoth an fhíona a ól, mhaígh siad ag preasagallamh go raibh muid inár mbuachaillí agus inár gcailíní maithe múinte, agus go raibh muintir bhocht bhrúite na hÉireann fós ar an chosán ceart. Nach maith an rud é! Nach deas an rud é! Is breá leis an troika Éire; is breá leo óstáin mhóra costasacha na hÉireann; agus is breá leo muintir na hÉireann. Ní bheadh iontas ar bith ar Bhalor ach go bpósfadh an troika triúr ban de mhuintir na hÉireann agus, ar nós na Normannach, go mbeidís, taobh istigh de bhliain nó dhó, níos Gaelaí ná na Gaeil féin.

Sular chroch siad a gcuid seolta le dul ar ais go dtí na háiteanna ar tháinig siad as, bhuail Balor isteach ar cuairt chucu. Cé nach raibh siad sásta dul ar an taifead mar dhaoine aonair lenár dtuairisceoir cróga, bhí siad sásta a bheith oscailte go leor mar dhrong faoina a síleann siad den tír seo agus dá muintir, agus faoi na pleananna atá chun an dlúthcheangal atá acu leis an tír seo a choinneáil agus a chothú. Tharraing Balor anáil mhór, chroch sé suas a mhisneach, agus thug faoin triúr go neamheaglach, neamhbhalbh, neamhfhuadrach:

An Tír is Gainne an Bia, is ea is Féile a Roinn

Balor: Tugaim faoi deara gur san óstán is daoire i mBaile Átha Cliath a stopann sibh i gcónaí nuair a bhíonn sibh ar cuairt anseo, agus go bhfágann sibh bille mór bia agus dí in bhur ndiaidh gach uair a imíonn sibh. Nach dtagann sé sin salach ar an oideas tíosach coigilteach a bhíonn sibh ag praeitseáil?

Troika: Tagann cinnte, a Bhaloir, ach is beag atá muid in ann a dhéanamh faoi, nuair a bhrúnn Rialtas na hÉireann an fhéile seo orainn. Nuair a tháinig muid anseo i dtús ama, bhí lóistín oíche curtha in áirithe don triúr againn i mbrú Arm an tSlánaithe, ach bhí an Rialtas den bharúil go mbeadh Eaglais na hÉireann buartha go mbeadh na Caitlicigh curtha as. Ansin shocraigh muid lóistín le Cumann Naomh Uinseann de Pól sa bhrú dídine acu siúd, ach dúirt an Rialtas nach mbeadh an Eaglais Chaitliceach sásta leis sin nó go raibh siad siúd buartha go gcuirfeadh socrú mar sin isteach ar na Protastúnaigh. Faoi dheireadh, shocraigh an Rialtas an lóistín dúinn agus bhrúigh siad muid isteach sa Merrion. Ní raibh cead againn ár lámha a chur isteach inár bpócaí. Níl locht ar bith orainne, a Bhaloir. Bheimis sásta le níos lú, ach nuair a bhrúitear rud ort… bhuel, tá a fhios agat féin.

Balor: Ó is maith atá a fhios agam féin. Nuair a bhrúitear rud ort, ba thútach an rud é gan glacadh leis. Agus, ós ag caint dúinn ar ghlacadh le rudaí, tá muid ar fad thar a bheith buíoch díbh as teacht i gcabhair orainn, a fheara. Ag caint faoin tarrtháil atá mé, tá a fhios agaibh. Ach ceist agam oraibh, an mbeidh an dara tarrtháil ann?

Troika: Ó tá súil againn, a Bhaloir! Tá súil againn! Má bhíonn cogar ar bith faoin dara tarrtháil ar an bhliain seo chugainn, beidh orainn dul i mbun cainteanna arís libh – in Éirinn, dar ndóigh – agus glacfaidh sé sin an-chuid ama; an-chuid ama ar fad, tá súil againn.

Bail In 2

Balor: Ní miste dom a admháil nach dtuigim é seo ar chor ar bith, a fheara. Tá sibhse in ainm muid a choinneáil ar an bhóthar díreach, ar bhóthar ár leasa, ar an chosán cúng, ach tá sibh ag súil go mbeidh gá againn leis an dara tarrtháil?

Troika: Áááá, a Bhaloir! Ní hé sin a dúirt muid ar chor ar bith. Ní dúirt muid go raibh muid ag súil go mbeadh gá leis an dara tarrtháil, ach go raibh súil againn go mbeadh an dara tarrtháil ann. Ní hionann an dá rud ar chor ar bith.

Balor: Ach an fhad is a bhíonn muid ag fáil cuidithe uaibhse, ní bheidh ceannas ceart againn orainn féin…

Troika: Ní bheidh ceannas ar bith agaibh oraibh féin, a Bhaloir. Tá bhur bhflaitheas féin caillte agaibh le bliain anois, agus nach maith mar atá sibh imithe i dtaithí air? Nach bhfuil sibh i bhfad níos fearr as faoin Troika? Nach fearr i bhfad an saol atá agaibh anois ná mar a bhí agaibh cheana? Féach anois, beidh leath na seirbhíse poiblí imithe amach ar féarach faoi dheireadh na míosa seo – an leath is sine agus is sinsearaí – agus tá airgead mór de dhíth chun na cnapshuimeanna ar fad a íoc, gan trácht ar na pinsin. Is é an chéad bhuntáiste a bhaineann le bheith gan cheannas ná go bhfuil sibh gan bhuairt billí fosta. Is cuma libhse cá bhfuil an t-airgead sin ag teacht as.

Anois, a Bhaloir, seo mar atá: má tá 10,000 duine sa tseirbhís phoiblí chun éirí as ag deireadh na míosa, agus má tá €100,000 an duine, ar an mheán, ag dul dóibh mar chnapshuim, sin billiún Euro! Is é an dara buntáiste a bhaineann le bheith gan cheannas ná go dtig libh an milleán a chur orainne fá choinne gach rud! Cuirfidh muid iallach ar na daoine atá ag éirí as, leath an airgid a chaitheamh taobh istigh de bhliain agus an leath eile a chur i dtaisce. Sa chaoi sin, beidh leath an airgid ar ais ag an Rialtas láithreach agus beidh an leath eile ar ais acu taobh istigh de bhliain.

Balor: Caithfidh gur ardchúrsa Matamaitice a rinne sibhse ar scoil; ní thuigim na suimeanna sin. Beidh leath acu láithreach…? Agus an leath eile…? Tá drogall orm é a admháil, a fheara, ach ní thuigim!

Troika: Sin an tríú buntáiste a bhaineann le bheith gan cheannas: is cuma libh má thuigeann sibh nó mura dtuigeann sibh; tá sé a ghabháil a tharlú i gcás ar bith, fiú mura dtuigeann muid féin. Anois, a Bhaloir, beidh ort ár leithscéal a ghabháil; ní miste dúinn dul abhaile chun na héadaí a athrú. Beidh muid ar ais in Éirinn an tseachtain seo chugainn arís, buíochas le Dia!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.