> Tá ardú tuarastail tuilte ag Balor as a bhfuil déanta aige chun iompar > gránna an troika a chur ar ár súile dúinn. > Grá mór, > Mamaí Bhaloir Bónas baincéara cionn is gur chlis air?
Tá an t-alt seo greannmhar agus so-léite ach níor chuir éinne cás fadtéarmach amach inár measc an bóthar eile go bhféadfaimis a ghabháil a bheadh réalaíoch agus so chreidte. Gan dabht ní maith linn an forlamhas eachtrannach atá againn le cúpla bliain anuas. Tá sé íorónach gur throid sínsearaiagh Fhianna Fáil cogadh tráth mar ná raibh dóthain neamhspleáchais againn agus is iad a chaill ár saoirse eacnamaíochta.
Ní léir dom, sna saolta deireannacha seo, go raibh saoire eacnamaíochta riamh ag Éirinn. Níl Éire saibhir ó thaobh ámhábhair ná breosla, agus monuar chuaigh sé riamh i dtaobh airgid agus fiontair eachtrannaigh agus fágadh fiontar na nÉireannach in áit na leathphiginne, atá ar shiúl le fada an lá.
Ceart go leor, a Dhomhnaill. Sin an “rás chun an ghrinnill”, measaim, atá insa Liobral-eacnamaíocht. Beidh chuile thír meilte go dusta le go sábhálfaí infheistíochtaí na mbancairí móra nach raibh sé de chiall acu stiúr ceart a dhéanamh orthu, chuile thír ró-eaglach le dul i ngleic leis na fíor-fhadhbanna caipitlichis: guagacht agus neamhfreagracht luicht an ghnó.
Muna ndéanfaimis trócaire ar an Ghréig, cad chuige go mbacfaidís iadsan féin nuair a bheas an Titim Deiridh d’Éire? Ná do Mheiriceá féin?
“Ní neart go cur le chéile”, agus is beag an seans go gcuirfimid.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!
:-)