AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Chuaigh Balor ar a chliathaibh fis is fearr aon amharc amháin romhat dhá amharc in do dhiaidh. Amhail sin a taibhríodh Ivana Apparachik agus foireann eile de réalta na hÉireann ag Gaeilgeoireacht leo.

Íomhá
Ó Chóbh go Málainn, is féidir linn
Íomhá
Clann mhac Róisín
Íomhá
Deireadh an lae
Íomhá
An Cuntas Ivana Apparachik
Íomhá
Ag ceiliúradh le Corn Riada ar chlár Pat Kenny

bliain úr eile buailte linn, a léitheoirí dílse. Bliain bhisigh atá sa bhliain seo 2012 d’aois ár dTiarna, a deirtear linn, agus muid ar fad ag súil le Diaagus Balor ag guí le Crom Dubhgo mbeidh biseach ar chúrsaí na hÉireann i rith na bliana seo. Bhí ár sáith cúiseanna caointe againn i gcaitheamh na bliana corraí seo a chuaigh thart, agus bhí ár sáith cúiseanna gearáin againn fosta, idir cheannasaithe banc agus bhaincéirí (Gabh mo leithscéal, a Eagarthóir!) de gach uile shórt ag tarraingt droch-chlú idirnáisiúnta ar an tír bhocht seo. Shíl Balor Bocht aineolach i gcónaí riamh gur trí chapall ag tarraingt carráiste sleamhnáin de shórt inteacht a bhí sa troika, ach faighte amach aige ó shin gur trí chapall ag tarraingt tíre isteach sa duibheagán geilleagair atá ann.

Is féidir linn!” a scairt Barak Ó Bama i bhFaiche an Choláiste i rith na bliana seo caite. “Is féidir linn!” a scairt na hÉireannaigh ar ais in ard a ngutha ó Chóbh go Málainn. “ féidir libh!” a scairt an Troika, agus b’shin sin! “An bhfuil cead againn dul amach?” a d’fhiafraigh muintir bhocht bhrúite na hÉireann. “Níl!” a dúirt an Troika. “An bhfuil cead againn dul isteach?” a d’fhiafraigh muid. “Níl!” a dúirt an Troika. “An bhfuil cead againn ceist a chur?” “Níl!” a dúirt an Troika.” Agus b’shin sin. For what died the sons of Róisín?” a d’fhiafraigh fear cróga amháin. “Is cuma sa frig linne faoi Róisín agus faoina cuid mac agus is cuma linn cad tuige a bhfuair siad bás ach oiread,” a dúirt an Troika.

Ar a Mharana

Ach an bhliain sin thart anois, agus tús curtha arís againn le bliain úr. Nuair a bhí a sháith den chearc fhrancach ite ag Balor an Bromaire Bocht Breoite agus a sháith de gach deoch mheisciúil ólta aige, shín a chnámha craptha siar ar an charn craicne a bhí os comhair na tine ina phluais bhrocach cháidheach agus thosaigh ag meabhrú. Bhí fuílleach dreoite dhinnéir éagsúla na Nollag ag lobhadh ina gcairn thart air. Cibé braonta beaga aeir a bhí fágtha sa phluais bhí siad á isteach ina ghaosán agus amach tríd an áit eile le gach aon srann agus broim.

As bréantas agus graostacht na pluaise sin a tháinig rud a bhí álainn agus iontach agus aoibhinn: aisling a gineadh sa diamhracht agus a rugadh sa niamhracht. Baineadh geit as Balor. Léim siar ón tine, tháinig claochlú ar a ghnúis ghránna agus thosaigh ag tuar agus ag tairngreacht de réir mar a nochtadh rúin na bliana 2012 . Seo mar a dúirt Balor an Fáistineach Fáidhiúil:

Fís 2012

Tarlóidh in earrach na bliana sin go ndéanfar tuar agus tairngreacht faoi thodhchaí na Gaeltachta agus faoi thodhchaí na Gaeilge Gaelaí sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. A bás a bheas á tuara marú a bheas á tuara dúnmharú, fiú. foinse airgid í an Ghaeltacht an Ghaeilge féin, ach oiread, dar leis an Troika, agus mar sin siad le cur chun báis.

Agus tarlóidh in earrach na bliana céanna nach mbeidh muintir na hÉireann sásta leis an daoradh seo chun báis; agus teacht am na Cásca tosóidh an pobal a bhí faoi chois le fada ag ullmhú le haghaidh Éirí Amach eile um Cháisc. Más daoine cliste iad an Troika, shílfí go dtuigfidís an méid seo faoi Éirinn agus faoi mhuintir na hÉireann: an bealach cinnte dearfa le beocht agus beatha agus anam úr a chur i rud sa tír seo é a chrosadh agus é a thoirmeasc le bannaí.

Agus is mar sin a thitfidh amach ar an oileáinín beag seo ar imeall na hEorpa. Fógróidh Pat Kenny go bhfuil chun cuid thuarastal mór a chaitheamh ar cheachtanna Gaeilge agus ar thrí mhí sa Ghaeltacht. Beidh idir ionadh agus náire chomh mór sin ar éisteoirí RTÉ Raidió a hAon go dtosóidh mórán acu ar an Ghaeilge a fhoghlaim.

A hAon a

Fógróidh fosta nach mbeidh ach Gaeilge á labhairt aige ar a chlár raidió feasta. Don chéad chúpla seachtain bheidh le cluinstin uaidh achConas atá sibh ar maidin, a éisteoirí? an go breá. D’éirigh go moch maidin inniu agus léim amach as an leaba. Nigh féin agus bhrostaigh síos le haghaidh bricfeasta. Ansin chuaigh ag piocadh sméara dubha. Arís agus arís eile! Ansin beidh cúpla abairt nua aige: ‘A haon a capall agus . A trí a ceathair bróga leathair. Faoi thús an tsamhraidh beidha seacht a hocht seanbhean bhocht aige. Líonfar an chuid eile den chlár le sleachta as Mise Éire agus Buaiteoirí Chorn Riada.

Ar a chlár teilifíse Frontline beidh fáinne na Gaeilge ag lonrú ar a chasóg agus nuair nach mbeidh focal cáinte ar bith ag teacht as a bhéal faoi mhúinteoirí na tíre, creidfidh an lucht féachana nach easpa Gaeilge is cúis leis. Cuirfidh feachtas ar bun chun an Coimisinéir Teanga a athcheapadh, ach go mbeidh tuarastal níos ísle aige.

Léifidh an tArdeaspag Diarmuid Martin Aifreann Gaeilge sa leas-ardeaglais, agus geallfaidh go poiblí gur i nGaeilge a léifear gach Aifreann i ngach séipéal in Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath feasta.

Dianchúrsaí, Cianchúrsaí agus Cúrsaí Binnis

Rachaidh múinteoirí na tíre ar chúrsaí cruinnis agus cuirfear go mór leis na milliúin atá saothraithe ag Éamonn Ó Dónaill cheana féin. Beidh dianchúrsaí nua á n-eagrú aige fud fad na tíre: cúrsaí chun fógraí a aistriú go Gaeilge agus chun na fógraí atá ann cheana féin a aistriú go Gaeilge cheart bhlasta bhinn.

Tabharfaidh Ivana Apparachik aitheasc i Seanad Éireann ina mbeidh ag éileamh go léifear an phaidir roimh obair an lae i nGaeilge nach léifear ar chor ar bith í. Cuideoidh Dáithí Norris go láidir léi agus fógróidh a iarrthóireacht don phost úr mar Uachtarán Choiste Gaeilge an tSeanaid. Fógróidh Máirtín Mac Giolla Íosa go bhfuil chun dílseoirí na Chontae a thabhairt ar bord san fheachtas chun an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre ag gach cruinniú feasta den UVF, UDA agus den IRA (idir Fhíor agus eile).

Agus fógróidh Rialtas na hÉireann: ‘Ag gach cruinniú feasta in Éirinn a mbeidh ionadaithe ón Aontas Eorpach, ón Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus ón Bhanc Ceannais Eorpach i láthair ann, is i nGaeilge, agus i nGaeilge amháin a reáchtálfar an gnó.

Agus feicfidh muid a bheas ag féidir libh!”

Beannachtaí na Bliana Úire Réabhlóidí oraibh, a léitheoirí dílse.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.