An tSúil Nimhe

Tuigeann Balor gur féidir dealú a dhéanamh in Éirinn, ach ní féidir suimiú. Tuigeann achan bhaincstéir ‘maith’ an méid sin. Is féidir dealú ach ní féidir suimiú.

Íomhá
Na Baincstéirí
le O Dea ar Vicipéid
Íomhá
1, 2, 3, David Norris ag comhaireamh ar a chuid méar
le 1-555-confide ar Vicipéid
Íomhá
Samhradh te na Gréige
le Jesse Garcia ar Vicipéid
Íomhá
An Banc s'againn, Angla-Éireannach, i Nua-Eabhrac
le Gryffindor ar Vicipéid

Cruacheisteanna tábhachtacha tromchúiseacha náisiúnta agus idirnáisiúnta atá mar ábhar olagóin ag Balor na Súile Nimhe an mhí seo, mar atá foclaíocht úr an Aifrinn Naofa agus praghas an phionta. Tá cúrsaí matamaitice agus an tAire Éadóchais ag teacht idir é agus codladh na hoíche, fosta. Ach ar dtús, caitheann Balor a shúil nimhe ar chúrsaí na hEorpa i gcoitinne, agus go háirithe ar chúrsaí na Gréige. “Is Eorpach mé ó bhonn mo chrúibe go barr mo bhraoi!” a mhaíonn fear na súile nimhe. “Is Eorpach mé ó log m’imleacáin go gleann mo thóna,” a dhearbhaíonn Balor, fear a bhfuil saineolas aige ar chúrsaí gnéithe aiceanta agus ar chúrsaí tóna. “Deartháir liom gach Eorpach eile,” a mhaíonn sé, “...seachas na mná agus na girseachaí, dar ndóigh... agus na hainmhithe... agus na héisc agus na héin... agus Seánie Fitzpatrick... agus David Drumm (cé nach Eorpach níos mó é, is cosúil!)”

Chaoin sé lán a dhá shúl de dheora goirt nuair a tháinig cuid deacrachtaí airgeadais mhuintir na Gréige chun solais, go háirithe cás a chara mhóir Hercules Unscrupulopulous. De réir fhorálacha an dlí nua sa Ghréig, níl cead ag an fhear bhocht éirí as an obair ar phinsean iomlán anois go dtí go mbeidh sé dhá scór bliain d’aois. Beidh ar an chréatúr dhá mhí dhéag eile a chur isteach ag obair sula dtéann sé amach ar féarach. Níl sé cothrom orthu siúd nach bhfuil taithí acu ar bheith ag obair isteach sna daichidí – agus sin mórchuid an daonra.

Bíonn muintir bhocht na Gréige ag súil le scíste ón sclábhaíocht agus iad ag dul anonn ina gcuid tríochaidí, agus cé a thógfadh orthu é? Bíonn an saol an-dian orthu thall ansin in Oirthear na Meánmhara. Ní thuigeann muintir na hÉireann an cruatan a bhaineann le haimsir álainn a bheith ag daoine ó cheann ceann na bliana: ní fhaigheann siad an deis taithí a fháil ar shioc ná sneachta; ní bhíonn craic ar bith acu le tuilte; ní bhíonn seans acu riamh faisin an geimhridh a chaitheamh, ná buataisí uisce ach oiread. Is mór an díol trua iad muintir bhocht na Gréige.

Titim Tóna na Gréige

Agus má chuireann na scéalta sin duairceas agus dobhracht agus dúire oraibh, a léitheoirí dílse, fanaigí go léann sibh an scéal seo: bhí croí bocht brúite Bhaloir ar tí briseadh nuair a chuala sé faoi chás cara eile dá chuid, Achilles Drinkadropulous. Bhí Achilles sócúlach go leor sular tharla an tobthitim agus sular thosaigh an domhan is a mháthair ag cur brú ar an Ghréig. Níor chuala duine ar bith Achilles ag gearán ná ag olagón. Bhí sé fial flaithiúil lena raibh aige, go háirithe i dteach an phobail Dé Domhnaigh. Níor fhág sé an tAthair Feckdelotofyous riamh gann agus an ciseán carthanachta ag dul thart. Ach tháinig seo agus d’imigh sin, agus thit an tóin as geilleagar na Gréige. Agus chuaigh Achilles Drinkadropulos bealach a chairde uilig. Anois níl ach seacht n-oileán déag aige agus níl níos mó ná cúpla céad teach saoire ar cheann ar bith acu, agus ní bhíonn siad lán anois ach ar feadh deich mí sa bhliain. Drinkadropulous bocht! Ach sin agaibh scéal na Gréige, a léitheoirí. An bhfuil ceacht le foghlaim againne ón scéal sin in Éirinn iathghlas an cheo agus na fearthainne?

Ós ag caint dúinn ar cheachtanna, is iad na ceachtanna áirimh sna scoileanna dara leibhéil a bhíonn ag dó na geirbe ag an Aire Éadóchais agus Eolaíochta, Ruairí Rua. Ó chuaigh sé isteach san oifig sin, bíonn sé ag cáineadh phátrúin Chaitliceacha na mbunscoileanna gan scíth agus ag damnú na múinteoirí matamaitice ar an dara leibhéal gan sos gan staonadh. Ní lughar leis an diabhal ná an dá dhream sin; ach cén ceangal atá eatarthu, seachas i ndoimhneacht a intinne nó a chuimhne féin? Níl a fhios ag Balor.

Is geall le píobaire aon phoirt é an tAire Éadóchais agus é ag gearán faoi chaighdeán íseal na matamaitice sa tír. Tá an locht, dar leis, ar na múinteoirí nach bhfuil cáilíochtaí mar is cuí bainte amach acu sa mhatamaitic. Anuas ar chuid trioblóidí na múinteoirí bochta seo, ní mó ná sásta a bhí an tAire le torthaí na scrúduithe matamaitice sa Teastas Sóisearach. Dúirt sé go raibh déistin air nuair a léigh sé gur theip ar 50% den 20,000 dalta a chuaigh faoin scrúdú sin:

Ní Ceadmhach Suimiú in Éirinn

“Níl mé sásta. Sin níos mó ná 15,000 dalta,” a dúirt sé in agallamh le Balor an Bhéil Bhinn. Nó más fearr leat an uimhir sin i gcodáin, sin seacht gceathrú de na daltaí ar fad. Is é is brí leis sin, i mbeagán focal, ná go mbeidh ar 73,097 dalta tabhairt faoin scrúdú sin arís sula scaoilfear isteach sna meánscoileanna iad. Cuirimse an locht ar fad ar na múinteoirí. Ní thuigeann siad féin matamaitic. Ach cén seans atá acu siúd nuair a smaoiníonn muid ar an ghamal a cheap iad ar fad: Bertie Baoth an Bodhrán. Cuntasóir a bhí ann! Cuntasóir nach bhféadfadh déileáil le hairgeadra iasachta. Agus féach ar Norris, fear nach dtig leis comhaireamh go dtí 20 – ná fiú go dtí a ceathair – figiúr atá seacht n-uaire níos lú ná fiche… sílim… ceapaim… measaim… is é mo thuairim… I gcás ar bith, cén seans atá ag duine ar bith againn nuair nach féidir le feckin’ baincéirí na tíre feckin’ suimiú – cé gur féidir leo dealú, gan stró, gan amhras.

Is é an ceacht atá foghlamtha ag Diarmuidín Ó Máirtín, Ardeaspag na Dubs, ná gur tábhachtaí go mór foclaíocht úr an Aifrinn ná staid chráite na tíre boichte seo. Tá an fhoclaíocht nua chomh tábhachtach sin do mhuintir uile na hÉireann go bhfuil sé curtha amach i mBéarla amháin. Cad é faoi lucht labhartha na Gaeilge? Go raibh an Tiarna libh. Agus leat féin, a Dhiarmuidín.

Is binn béal ina thost,” a dúirt Dinny an tAire úr i Roinn na Galltachta, nuair a cuireadh ceist air cad é mar a vótálfadh sé sa toghchán don Uachtaránacht. “Is binn cos i mo bhéal,” a dúirt Éamó Ó Caoimhnis, an t-IarAire sa Roinn chéanna. “Nach breá mar a oireann an teideal sin iar-aire dó?” a fhiafraíonn Balor. Ní mó ná sásta atá fear na súile nimhe leis an iar-aire chéanna. Ba eisean a dúirt go raibh sé sásta am a chaitheamh sa charcair ar cheist na n-umar séarachais. Nach mór an trua nach mbeadh sé sásta am a chaitheamh san umar séarachais ar cheist na gcarcracha. Ba mhó le muintir na hÉireann a sheasamh ansin – má thuigeann sibh libh mé a léitheoirí dílse.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.