tabhair freagratabhair freagra #1 Liam_McGonagle 3 Deireadh Fómhair 2011, 17:22 GMT
Pé ar bith eile a thitfeas amach feasta, caithfear na baincstéirí a chaomhnú. Cinnte, chrúthaigh an ghéarchéim ar cúis leis iad a n-éagumas mar bhainisteoirí caipitil. Ach sin díreach an chúis gur gá dúinn aire áirithe a thabhairt dóibh, gan na créatúir shimplí a chaitheamh amach sa saol cruaidhe gan trua.

Ní féidir na Gréigigh a ligint saor gan iomlán na táille a íoc ar son na mbaincéirí bochta. Gurab amhalidh do ‘chuile bhithiúnach eile acu a rinne an cleas diabhalta sin ar na baincéirí neamhurchóideacha sin.
tabhair freagratabhair freagra #2 Dubhaltach 4 Deireadh Fómhair 2011, 15:59 GMT
Tá an t-alt leamh seo chomh gann ar ghreann is atá sé ar fhíricí!
Déarfainn go bhfuil Balor ag léamh an iomarca tablóidí Gearmánacha!
Nó an ea go bhfuil na scéalta bréaga ag caitheamh anuas ar oibrithe na Gréige le léamh sa Daily Mail agus Sindo na laethanta seo?
Mar ní fhaigheann tú d'"ábhar grinn" ón OECD.

Oibríonn na Gréagaigh,ar an meán, 45 uair sa tseachtain. Oibríonn an Gearmánach 41 uair ar an meán, agus déanann an tÉireannach 40 uair in aghaidh na seachtaine.
Tá lucht oibre na Gréige ar na tuarastail is ísle san Eoraip, agus b'shin roimh na beartais déine!
Éiríonn oibrí sa Ghréig as obair ag 65 bliain d'aois, ar an meán.
Tá luach a bpinsin i measc na bpinsean is ísle san Eoraip.
Fostaíonn gaimbíní thall na céadta míle daoine sa mhargadh dubh, mar dhaoine "féinfhostaithe". Déanann na fir ghaimbín é seo chun cáin a sheachaint. Níl aon chosaint dhlíthiúil nó shóisialta ag na hoibrithe seo ach an oiread.

Agus mar a chuireann aoir ghreannmhar Liam thuas in iúl; níl an t-airgead á thabhairt don Ghréig ag dul go dtí geilleagar nó pobal na Gréige; tá sé á úsáid chun íoc as fiacha na mbanc móire san Eoraip.
tabhair freagratabhair freagra #3 Philip Cummings 6 Deireadh Fómhair 2011, 23:56 GMT
Tá mé ag obair ar leagan Gaeilge an Aifrinn faoi láthair ... agus le d'ainspiorad.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!