AR NA SAOLTA SEO
An tSiria: An Chéad Domanó Eile?
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Bhí Maidhc Ó Cathail ag breathnú isteach in obair Oifig um Sceimhlitheoireacht agus Aisnéis Airgeadais na Stát Aontaithe.

Sa bhliain 1996, réitigh meitheal smaointe Iosraelach páipéar dar teideal “A Clean Break: A New Strategy for Securing the Realm” le haghaidh an Phríomh-Aire nuathofa Benjamin Netanyahu. Sa tuarascáil sin ag a mbeadh tionchar suntasach, ní hamháin ar an réigiún ach ar an domhan go léir, mhol na húdair faoi stiúir Richard Perle go bhféadfadh an stát Giúdach a thimpeallacht straitéiseach a mhúnlú, i gcomhar leis an Tuirc agus an Iordáin, “by weakening, containing, and even rolling back Syria.” Chuir siad i bhfios go láidir go mbeadh leas ag Iosrael tacú le gníomhartha na Tuirce agus na hIordáine i gcoinne na Siria, cuir i gcás, “securing tribal alliances with Arab tribes that cross into Syrian territory and are hostile to the Syrian ruling elite.”

nár ghníomhaigh Netanyahu de bhun a gcuid moltaí ag an am, d’éirigh le Perle agus le beirt údar eile, Douglas Feith agus David Wurmser, a chur ina luí ar Uachtarán George W. Bush gur chóir “an ríocht a dhaingniú” – ar son Iosrael – i ndiaidh ionsaithe 9/11. Naoi lá i ndiaidh an “Pearl Harbor nua” sin, shínigh Perle litir chuig Bush de chuid an Project for a New American Century ag éileamh ar an uachtarán frithbhearta in aghaidh na Siria a chur i gcrích mura scoirfeadh sí de bheith ag tacú le Hezbollah láithreach bonn – ainneoin nach raibh baint ar bith ag an ngluaiseacht friotaíochta leis na hionsaithe ar Mheiriceá. Nuair a d’ionsaigh SAM an Iaráic i mí Márta 2003, mhínigh Patrick Buchanan é mar seo san iris The American Conservative: “In the Perle-Feith-Wurmser strategy, Israel’s enemy remains Syria, but the road to Damascus runs through Baghdad.”

An Ball Lag a Bhualadh

Cé gur thacaigh an tSiria leis an gcogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta ar dtús, chinntigh an brúghrúpa Iosraelach nach leanfadh an comhoibriú idir an an Damaisc agus Washington. Thug doiciméad dá chuid le fios i Meán Fómhair 2002 go raibh sé ar intinn ag an American Israel Public Affairs Committee smachtbhannaí a fhorchur ar an tír trí chomhoibriú le Chomhdháil SAM leis an Syria Accountability Act a rith. Ba é Eliot Engel, feisire Daonlathach Giúdach ó Nua-Eabhrach, a thug isteach é – fear a mheasc Hezbollah le Hamas fiú nuair a bhí sé ag maíomh as an mbaint a bhí aige féin leis an reachtaíocht don chéad Cruinniú Mullaigh Iarúsailéim a d’eagraigh rialtas Tel Aviv i nDeireadh Fómhair 2003.

Nuair a theip ar fhórsaí ionraidh na n-Iosraelach an ruaig a chur ar Hezbollah i rith an tsamhraidh 2006, mheas cairde Iosrael i Washington gurbh é an tSiria an ball lag sa phasáiste ón Iaráin go dtí an Liobáin Theas. Le briseadh amach an Earraigh Arabaigh ag tús na bliana seo, thapaigh naimhde Tehran go léir an deis iontach fáil réidh le príomhchomhghuaillí Arabach de chuid na Poblachta Ioslamaí. Bhí port Bashar al-Assad seinnte. Ag déanamh cur síos ar an gcluiche geopholaitiúil atá á imirt ag leithéidí Ríocht na hAraibe Sádaí, an Catar, an Tuirc agus an Fhrainc i láthair na huaire, scríobh Alistair Crooke sa Guardian gurb é an plean atá acu ná: “set up a hurried transitional council as sole representative of the Syrian people, irrespective of whether it has any real legs inside Syria; feed in armed insurgents from neighbouring states; impose sanctions that will hurt the middle classes; mount a media campaign to denigrate any Syrian efforts at reform; try to instigate divisions within the army and the elite; and ultimately President Assad will fall.”

An Oifig um Sceimhlitheoireacht agus Aisnéis Airgeadais

Ag déanamh cinnte nach mbeidh Poblacht Arabach na Siria in ann na smachtbhannaí a shárú, tá aonad i Státchiste SAM darb ainm Oifig um Sceimhlitheoireacht agus Fhaisnéis Airgeadais a chuireadh ar bun ag tús 2004 i ndiaidh brústocaireachta láidir ó AIPAC. Nuair a tháinig David S. Cohen i gcomharbacht ar Stuart Levey mar Fho-Rúnaí um Sceimhlitheoireacht agus Fhaisnéis Airgeadais ag tús na bliana seo, spreagadh príomhiriseoir amháin ar an Meánoirthear chun “a job which seems reserved for pro-Israeli neo-cons to wage economic warfare against Tehran” a thabhairt ar an bpost. Le gairid, thug Daniel L. Glaser, Rúnaí Cúnta um Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta, cuairt ar an Iordáin agus an Liobáin ag brú ar na húdaráis ansin gan ligean leis an Damaisc éalú ó na smachtbhannaí.

Nuair a ghéill Uachtarán Obama don dream a bhí ag éileamh na hidirghabhála “daonnúla” sa Libia (Féach “Cogadh Fada na mBréag i gCoinne Qaddafi” in eagrán mhí na Samhna 2011), rinne Bill Kristol comhghairdeas leis as “an gcúigiú cogadh um shaoradh Moslamach” – i ndiaidh “saoradh” na Cuáite, na mBalcán, na hAfganastáine agus na hIaráice – a d’éirigh leis féin agus a leathbhádóirí na Stáit Aontaithe a spreagadh chun troda. Mura mbeidh muintir na Siria in ann teacht ar chomhréiteach inmheánach ar a gcuid fadhbanna gan mhoill, ní fada go mbeidh lucht tacaíochta Iosrael ag ceiliúradh an séú ceann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.