tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 22 Nollaig 2011, 13:02 GMT
"An tSiria: An Chéad Domanó Eile"?

Bhal, d'fhéadfá an focal dílis a úsáid agus bheadh ciall leis an dá bhrí .i.
An tSír: An Chéad Dúramán Eile.

Níor chuala mé faoin tuarascáil sin, ach ó thaobh "pholaitíocht theacht slán" de, chuirfeadh sé iontas orm nach raibh a leithéid de smaointe ag Iosrael le fada an lá.
Mar shampla: Cumhacht do namhaid a bhaint lena gcomhaontaisí siadsean a scaradh nó a lagadh, agus do chumhacht fhéin a neartú le comhaontais a dhéanamh is a dhaingniú le do chairde.

Fág morálacht ar leataobh scaiteamh, níl anseo ach straitéisí agus taicticí a mbeadh ag teacht le cúis.

I.S. Is maith liom samhail an dúramáin( domanó) agat. Cuireann sé teoiric chogadh Bhít Neam dar leis an meiriceánach i mo cheann
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!