Chuaigh Tony Birtill ar turas bliantúil Chumann na Téide Deirge, an scaifte dreapadóirí, in Albain i mí Feabhra. Mura raibh aon suí ar a thóin bhí cóir gaoithe leis, rud a bhíos garach ar dhroim sléibhe.
Ar bharr an Chairn Deirg (945 méadar) le Cumann Siúl Sléibhe na Téide Deirge a bhí mé i Mí Feabhra. Ceann des na Monroes atá ann (Beo, eagrán 100, Lúnasa 2009) agus tá sé i sliabhraon Am Mònadh Liath i nGarbhchríocha na hAlban.
Deirtear go bhfuil Am Mònadh Liath dúr agus murtallach mar is maolchnoic cuid mhaith acu agus níl siad chomh suntasach le Beinn Neimh Bhathais nó Am Mònadh Ruadh. Ach tá na taobhghleannta, a shíneann siar mar mhéara agus ó thuaidh ó Gleann Beannchuir, suimiúil go leor agus mar a deir Cameron McNeish ina leabhar The Monroes: "There may not be any great pinnacles here, rocky spires and sheer rock faces are non-existent, but there are other attributes - a wide open aspect, a feeling of vast landscapes and spaciousness, and you’ll see more wildlife in a day than you’ll see in the Skye Cuillin in a week."
Bhunaigh sóisialaithe an Téad Dearg i 1980 agus tá 500 ball ann anois i gcraobhacha i Sasana agus in Albain. Éagraíonn siad laethanta agus deireadh seachtaine ag siúl sléibhe agus dreapadh ina gceantair féin agus bíonn cúpla geábh náisiúnta sa bhliain ann nuair a thagann baill in éineacht le chéile le haghaidh seachtain iomlán de shiúl sléibhe.
Fàilte gu Alba
Agus sin mar a bhí an turas go hAlbain, áit a mbíonn sneachta ar na Garbhchríocha go dtí mí Meithimh. Ag tiomáint trasna na teorann le cairde, thug mé faoi deara go bhfuil fógra breá mór ann anois: “Welcome to Scotland/ Fàilte gu Alba,” a deir sé, le brat na hAlban mar chúlra. Bhíodh fógra i nGaeilge, i bhfad níos lú, ann blianta ó shin ach tá an ceann nua feiceálach agus is léir go bhfuil na hAlbannaigh mórtasach as a dteanga féin agus iad faoi bhealach chun an neamhspleáchais.
“Níl ann ach comhartha” thig leat a rá, mar is fíorbheagán an méid Albannach le Gaeilge, go mór mór in aice leis an teorainn, ach do shléibhteoirí is comhartha maith é mar sna Garbhchríocha tá beagnach gach logainm i nGaeilge, cuid mhaith acu ag cur síos ar an tírdhreach - rud atá iontach feidhmiúil má bhíonn tú ag lorg, cuirim i gcás, Cnoc Fada. Ach an aimsir a bheith in arraíocht, beidh cion siocrach an ainm, fad an tsléibhe, le tabhairt faoi deara go soiléir.
“Fàilte gu Lagan” a d’fhógair an mhír eolais nuair a bhain muid amach an gleann ina raibh muid le stopadh ann. I mbothóg Chumann Dreapadóireachta Dùn Èideann a bhí muid. Sa chlachán ag Balgowan atá sé agus ní bréag a rá go bhfuil radharc álainn thart timpeall ann. Tá sin.
Maidhm
Fuair mé scéala ó mo dheartháir John go raibh sé féin agus cairde ag fanacht i mbrú ag Stáisiún Tulloch i nGleann Spean, cúpla míle thuas an bealach uainn. D’inis mé dó go raibh fúm dreapadh suas Raeburns Gully ar Chreag Meagaidh (1130 méadar) Dé Domhnaigh, ach chuir sé scairt orm oíche Dé Sathairn le cur in iúl dom go bhfaca siad maidhm shneachta ansin i rith an lae agus bheadh sé róchontúirteach. Rinne duine i mo bhuíon saibhseáil ar http://www.sais.gov.uk (Scottish Avalanche Information Service) agus bhí, go deimhin, Rabhadh Dearg ar Chreag Meagaidh. Shocraigh muid mar gheall ar sin dul go Gealcharn (926m), ag tosnú ó Garbhachadh Bridge ag 10r.n. Bhí sé suaimhneach ag an droichead, ach a luaithe is a bhain muid 700 méadar in airde amach bhí gaoth láidir ann, le sneachta séidte sa chaoch-cheo. Níor thosaigh John agus a chairde go dtí 10.30r.n. agus ní fhaca muid iad ar chor ar bith i rith an lae mar gheall ar an cheo chaochbhán thuas.
Tuilleadh Monroes a bhí mar sprioc ag an Téad Dhearg Dé Luain agus, ó Ghleann Beannchuir, bhain muid A’ Chailleach (930m) amach sular lean muid tríd an cheo chaochbhán go dtí Carn Sgulain (920m). Ach bhí an chuid is mó den bhuíon tuirseach faoin am sin agus d’fhill siad síos ar ais. Bhí ciall acu, mar lean mé féin, Alan agus Chris siar go Meall a’ Bhothain (911), Meall na Creughaich (903m) agus an Carn Ballach (920m) i dtreo Carn Dearg (945m). Ach bhí an lá ag dul ó sholas orainn agus bhí Carn Bàn (942m) eadrainn agus an Carn Dearg ag an am sin fós.
Bíonn drogall orm i gcónaí na cnoic a fhágáil i mo dhiaidh nuair nach bhfuil an ceann is airde dreaptha againn, ach bhí siúl fada againn ar ais go dtí an carrchlós i nGleann Beannchuir, in aice le Baile Ùr an t-Slèibh’ (Newtonmore). Ghearr muid síos Gleann Ballach, tríd an sneachta domhain agus faoi dhorchadas. Níor bhain muid an carrchlós amach go dtí 9.30r.n.
Siúl na nDromanna
Ach bhí muid tiomanta dul suas Carn Dearg agus mar sin, d’éirigh muid go luath an mhaidin dár gcionn agus d’fhill muid ar ais go Gleann Beannchuir. An t-am seo, áfach, chuaigh muid díreach suas Gleann Lochain go dtí Loch Dubh, a bhí reoite, ar ndóigh, agus ansin suas Carn Dearg ón taobh sin. Jab déanta!
Bhí Rabhadh Dearg i bhfeidhm fós ag SAIS, rud a chuir stad lena raibh beartaithe ag na dreapadóirí aghaidh a thabhairt ar Raeburns Gully, nó Scailp Raeburn. Ach bíonn na dromanna slán ó mhaidhmeanna sneachta de ghnáth agus mar sin chuaigh mé féin, Chris, Alan agus Andy go dtí Am Mónadh Ruadh le Fiacaill Coire an t-Sneachda a dhreapadh Dé Céadaoin. Bhí gaoth láidir agus ceo ann, ach bhain muid an barr (1111 m.) amach gan dua. Agus mar sin, gan choinne, ghlan an lá agus bhí radharc iontach romhainn, chomh fada ó thuaidh le Linne Moirèibh. Shiúil muid ar bharr na gcnoc thart ar Choire an t-Sneachda agus síos Fiacaill a’ Choire Chais. B’éigean dúinn ár spéaclaí cumhdaigh a chuir orainn, ar ghile an lae agus an tsneachta. Athraíonn aimsir na hAlban go gasta go minic thuas in airde sléibhe.
Bhí tuirse ar gach duine Déardaoin agus shiúil muid thart ar Lagan mar sin. Áit stairiúil atá ann, agus ag Caisleán Cluny chonaic mé bollán, nó bró, in aice leis an doras cúil. Cloch dheasghnátha atá ann agus tá siad coitianta in Éirinn agus tá siad le fáil ar Oileán Mhanainn agus in Albain chomh maith. Is é sin, áit ar bith ar lonnaigh na Gaeil.
Shiúil muid go Lochan na hEarba ón charrchlós ag Luiblea Dé hAoine. Ní raibh duine ar bith de na dreapadóirí ag iarraidh Monroe eile a chur díobh, le barr tuirse, agus shiúil mé im’ aonar mar sin i dtreo Bheinn a’ Chlachair (1087m). Seo an áit a bhfuair mo chara James bás nuair a thit sé i 2009 (Beo eagrán 100) agus bhí cuma ghruama ar an sliabh, caithfidh mé a admháil. Níos measa arís, bhí gaoth láidir ó dheas ann agus bhí a fhios agam go mbeadh sé im’ aghaidh an lá uilig, ag dul suas Beinn a’ Chlachair. Chuaigh mé ó thuaidh mar sin, ag Allt Coire Pitridh, suas Creag Pitridh (924m) agus bhí cóir ghaoithe liom, nó bhí mo thóin le gaoth an lá uilig!