Beo! (freagraí ar: An Náisiúnaí Bunreachtúil) http://beo.ie/alt-an-naisiunai-bunreachtuil.aspx#comments Cad é a chiallaíonn sé a bheith faoi riail an bhunreachta? Bhí Robert McMillen ag breacadh roinnt de na smaointe a rith leis le tamall anuas. ga Cóipcheart Oideas Gael. Tue, 15 Oct 2013 11:33:30 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ Fearn http://beo.ie/alt-an-naisiunai-bunreachtuil.aspx#comments @Má fhaigheann muintir an tuaiscirt vóta i dtoghcháin uachtaránachta, ba chéim bheag ach tábhachtach é chun aitheantas a thabhairt dom mar Éireannach.
Nach bhfuil aitheantas Éireannaigh agat cheana?
Tue, 15 Oct 2013 11:33:30 GMT Seanán Ó Coistín http://beo.ie/alt-an-naisiunai-bunreachtuil.aspx#comments "Labhraím Gaeilge ar bhonn laethúil, bíonn comhráite fada teasaí idir mé féin agus mo chairde ar ghnóthaí Chumann Lúthchleas Gael, bíonn Liam Ó Maonlaí agus Skara Brae agus Dervish ag dul ar an seinnteoir dlúthdhiosca sa charr, bím ag breathnú go minic ar TG4 agus olaím Guinness." Ní hionann sin agus a bheith i d'Éireannach. Tig le gach duine a rugadh in Éirinn a rogha rud a dhéanamh. Is Éireannach iad más in Éirinn a saolaíodh iad nó más as Éire a sinsir. Ba shaoránach Méiriceánach é athair mo mháthair agus, faraor, ní labhraíonn sí Gaeilge ach mar sin féin is Éireannach go smior í.
Is beag orm Guinness agus leannta eile ach mar sin féin is Éireannach mé. Sílim gur masla é d'Éireannaigh nach ólann leannta - dubh, bán nó riabhach - gur samhlaítear Éireannach mar dhuine a ólann leann. Tá clú ar mhuintir na hÉireann bolgam tae a ól. Ní hea, tá dúil mhallaithe sa tae againn. Ba iad na hÉireannaigh a d'ól an líon is mó tae san Eoraip san 19ú aois. Ach is annamh a chraobhscaoiltear an scéil sin.
Mar aon leis an gceol. Níl suim agam i gceol Éireannach. Is fearr liom ceol damhsa mar a chumann David Guetta, Avicii, Ricky Romero, Hardwell, Benny Bennassi agus ceoltóirí eile mar iad é. Ní gá go mbeadh dúil agam i gceol Éireannach le go mbeidh mé i m'Eireannach. Ní gá dom fiú bheith i mo chónaí in Éirinn chun a bheith i m'Éireannach. Níl cónaí orm in Éirinn faoi láthair ach mar is eol do chách (nó chun a bheith beacht, mar is eol d'aon duine a bhfuil aithne acu orm) is Éireannach go smior mé.
Is iomaí bealach ar féidir a bheith i d'Éireannach. Ní gá go dtaitneoidh nósanna gach duine ó Éirinn linn ach ní féidir an ceart a bheith ina (h)Éireannach a cheilt ar aon duine más ó Éirinn dóibh.
Mon, 07 Oct 2013 15:16:34 GMT