CÚRSAÍ SPÓIRT
An iomáint faoi léigear
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

díomá ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil go leor d’údaráis an Chumainn Lúthchleas Gael ar nós cuma liom faoin iomáint.

Íomhá
Cill Chainnigh i gcoinne Bhaile Átha Cliath san iománaíocht
Íomhá
Uachtarán nua-thofa an Chumainn Lúthchleas Gael, Sean Kelly

An bhfuil cúrsaí iománaíochta in umar na haimléise? B’fhéidir go ndéarfadh léitheoirí gur gealtán iomána mé ach braithim easpa cur chuige i mbliana ó thaobh cur chun cinn an tseanchluiche ársa.

Ar nós na Gaeilge is cuid lárnach den Ghaelachas agus den dúchas Gaelach í an iománaíocht agus, ar nós na Gaeilge, tá sí faoi bhrú agus ar neamhaird ar go leor bealaí. Is deacair a thuiscint uaireanta céard tá ar bun ag na heagrais atá freagrach as todhchaí agus slánú an dá ghné seo dár n-oidhreacht Ghaelach.

Mar léiriú, seo a leanas cuid de na cinntí a chuir díomá ar lucht leanta na hiomána (orm féin ar aon nós) go dtí seo i mbliana:

Socraíodh nach n-imreofaí aon cheann de chluichí Chraobhchomórtas Laighean i bPáirc an Chrócaigh seachas an Chraobh féin: is ionann sin agus cluiche iomána amháin faoi choimirce Chomhairle Laighean sa Staid Náisiúnta. Ceist: céard le haghaidh staid nua mar mura bhfuil sé i gceist na foirne is fearr a chur ag imirt inti? Maidir le slua a mhealladh, níor mhiste roinnt bolscaireachta a dhéanamh. Déanann chuile dhream eile é. Craobh Iomána Uladh a chur ar siúl oíche Shathairn seachas ar an Domhnach mar a bhí i gcónaí cheana. Breathnaíonn lucht iomána Uladh ar an socrú seo mar chéim síos don iomáint in Ulaidh, áit a bhfuil gá le tacaíocht láidir, shamhlaíoch ón gCumann Lúthchleas Gael. Ceathrú-Chraobh Laighean idir Áth Cliath agus Laois, agus Leath-Chraobh Laighean idir Cill Chainnigh agus Áth Cliath ar oíche Shathairn. Nílim á rá gur drochphlean amach is amach é an socrú nua seo ach gan é a “dhíol” leis an bpobal tá cuma an ísliú céime air mar shocrú. Níor imríodh ach trí chluiche mhóra iomána go dtí seo (mí an Mheithimh) i bPáirc an Chrócaigh - Craobh na gClub Lá Fhéile Pádraig, cluiche ceannais na Sraithe idir Tiobrad Árann agus Cill Chainnigh agus Áth Cliath v Uíbh Fhailí i mbabhtaí cáilithe an Chraobhchomórtais (cuir é sin i gcomparáid leis an iliomad cluichí peile a cuireadh ar siúl ann). A laghad cluichí iomána a taispeánadh beo ar RTÉ (níl conradh ag TG4 chun iad a thaispeáint, faraor) i gcomórtas le líon na gcluichí peile.

Anois d’fhéadfadh sé go bhfuil cúiseanna praiticiúla agus cúiseanna a bhaineann le hairgead agus araile ag baint leis na cinntí atá luaite thuas ach ardaíonn siad dhá cheist bhunúsacha: an é go bhfuil an pheil níos tábhachtaí ná an iománaíocht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael agus an bhfuil RTÉ i gceannas maidir le roghnú na gcluichí a thaispeántar beo?

Mar shampla, bhí an cluiche peile idir Áth Cliath agus An Lú beo ar an teilifís - cluiche thar a bheith aontaobhach, gan dealramh. Bhí go leor hype roimh ré go raibh seans maith go mbuafadh an Lú. Ní gá ach breathnú ar an stair: de ghnáth, beagnach i gcónaí dáiríre, buann Áth Cliath gan stró ar an Lú i gcluichí peile sa Chraobhchomórtas.

Cuir é sin gcomparáid le hÁth Cliath i gcoinne Laoise san iomáint. Le roinnt mhaith blianta anois ní bhíonn “poc” (poc sliotair atá i gceist agam!) idir na contaetha seo nuair a bhuaileann siad lena chéile, is cuma cén saghas comórtais a bhíonn ann. Bíonn cluiche an-mhaith agus coimhlint ghéar eatarthu de ghnáth - dhá bhliain ó shin bhuaigh Laois le cúl drámatúil sa nóiméad deiridh, an bhliain roimhe sin bhí comhscór agus athimirt ann agus an rud céanna arís i mbliana. Ach in ainneoin na staire sin, ní raibh aon cheann den dá chluiche sin beo ar an teilifís. Bhí peileadóirí Laoise agus Átha Cliath le feiceáil beo ar an teilifís faoi thrí go dtí seo - ní raibh na hiománaithe beo oiread is uair amháin.

Más é an fáth gur taispeánadh Áth Cliath agus Lú sa pheil toisc gur curaidh Laighean iad Áth Cliath, cén fáth nár taispeánadh Cill Chainnigh (curaidh Laighean, na hÉireann agus na Sraithe) ina gcéad chluiche i gcoinne Átha Cliath. Ní raibh Loch Garman v Uíbh Fhailí beo ach oiread - bíonn cluiche iontach idir na contaetha seo níos minicí ná a mhalairt. Tá an chosúlacht ar an scéal go mb’fhéidir go bhfuil baint ag figiúirí féachana agus ag brú lucht fógraíochta le roghnú na gcluichí seachas cothromaíocht idir peil agus iomáint. Tá a fhios agam go bhfuil níos mó contaetha peile ann ach bíonn níos mó chluichí peile aontaobhacha ann de ghnáth freisin.

Faoi mar a dhéantar le go leor “fadhbanna” sa tír seo caitear go leor airgid leis an iomáint. Ach creidim má tá an Cumann Lúthchleas Gael le bheith dáiríre faoi scaipeadh agus leathnú an chluiche go gcaithfidh siad plean cuimsitheach a chur le chéile a chinnteoidh é sin. Ach ar nós na Gaeilge tugtar neart béalghrá don iomáint: “an cluiche páirce is sciobtha ar domhan”; “is breá liom dul chuig Craobh na hÉireann”; “tá sé iontach an Ghaeilge a chloisteáil á labhairt” (an saghas cainte a chloisfeá i bpub sa Ghaeltacht sa samhradh). Uachtarán nua-tofa an Chumainn Lúthchleas Gael, Sean Kelly, an duine deireanach a labhair ar an dóigh seo. An rud ba mhaith liomsa a chloisteáil ná cén plean atá á chur i bhfeidhm chun Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt go contae Chiarraí agus contaetha mar é.

Nithe praiticiúla

Má tá an Cumann Lúthchleas Gael dáiríre faoi chur chun cinn na hiomána is gá tosú leis na struchtúir atá ann. Is cóir dualgas a chur ar gach club, gach coiste contae agus gach comhairle chúige nithe praiticiúla a dhéanamh ar nós:

An Club: camán do gach ógánach faoi 14 bliana, oiliúnóirí a chur ag obair ar fud gach contae, foirne a chur le chéile faoi 12 bhliain, faoi 14 bliana mar thús - aon chlub nach ndéanann na nithe seo, ní bhfaighidh siad deontas ná ticéid do Chraobh na hÉireann, etc. Coiste Contae: monatóireacht ar obair na gclubanna, tacaíocht a thabhairt dóibh, oiliúnóirí a chur ar fáil, comórtais speisialta a eagrú sa samhradh (cnámh spairne i mBaile Átha Cliath), spreagadh do chlubanna, mar shampla, pointí a bhronnadh ar iarrachtaí éagsúla agus ansin bronntanais (ar nós geansaithe nua nó camáin nó turas go dtí Craobh na Mumhan) nuair a shroiseann club oiread áirithe pointí i mbliain amháin. Comhairle Chúige: monatóireacht ar na coistí contae agus cabhair airgid agus fearaistí a chur ar fáil. Scoláireachtaí agus scéimeanna a chur ar bun chun ónaigh a chur chun na “Gaeltachta” (Tiobrad Árann, Cill Chainnigh, is araile) ar feadh coicíse nó trí seachtainí chun go bhfoghlaimeoidís scileanna agus cultúr an chluiche (an camán ceart a roghnú, camán briste a dheisiú, cuir i gcás) agus, tré imirt le foirne áitiúla, dea-thréithe agus modhanna imeartha a fhoghlaim.

Seachas i gcás deich gcinn de chontaetha nó mar sin tá an iománaíocht in áit na leathphingine nó níos measa. Bhí an scéal amhlaidh 40 bliain ó shin agus, in ainneoin iarrachtaí agus scéimeanna fánacha idir an dá linn, is beag atá tar éis athrú. An é nach féidir an fhís a thabhairt i gcrích, go bhfuil traidisiún níos láidre ná pleanáil agus scéimeanna ar bith nó an é nach bhfuil an toil ann dáiríre? Tá go leor daoine sa Chumann Lúthchleas Gael atá sásta le cúrsaí mar atá siad agus nach bhfeiceann gur chóir airgead agus fuinneamh a chur “amú” ar scéimeanna “gan dealramh”.

Rud eile: nuair atá contae láidir sa pheil déantar faillí san iomáint go minic. Níos túisce i mbliana bhí bainisteoir iomána Chontae na Mí in achrann le Coiste an Chontae toisc gur socraíodh cluichí craoibhe iomána do na clubanna lá nó dhó roimh cluiche tábhachtach ag foireann na Mí. Dar le Michael Duignan, an bainisteoir, bhí Coiste an Chontae ag léiriú easpa tuisceana agus easpa spéise san iomáint sa chontae. (Tá fhios agam go bhfuil contaetha eile ann, cé nach mórán iad, a dhéanann faillí sa pheil ach is éard is cás domsa i láthair na huaire ná staid na hiomána.)

Deireadh sealadach

Moladh amháin a bhí conspóideach le déanaí (nó ba chóir a bheith), tháinig sé ó Rúnaí Chomhairle Laighean, Mícheál Ó Dubhshláine. Mhol seisean deireadh sealadach a chur le foirne contae san iomáint i gcás na gcontaetha sin (Cúige Laighean atá i gceist) atá an-lag - An Lú, Longfort 7rl. - agus ina áit sin an t-airgead agus an fuinneamh a chaitheamh ar na clubanna sna contaetha sin atá ag saothrú ar son na hiomána; go n-imreoidís i gcomórtais speisialta chlub idir-chontae, agus nuair a bheadh caighdeán sách ard bainte amach acu go bhféadfaidís filleadh ar an iomaíocht foirne idir-chontae. Níl a fhios agam an bhfuair an moladh céanna mórán tacaíochta nó ar pléadh mórán é ach tá gá le smaointeoireacht radacach den tsórt sin.

Dar ndóigh, de bharr an daonra mhóir atá ann, is i mBaile Átha Cliath atá an choimhlint agus an dúshlán is mó maidir le cur chun cinn na hiomána (an scéal céanna ó thaobh na Gaeilge?!).

Anois agus Stiúrthóir Iomána, Diarmuid Healy, ceaptha tá dóchas ann go n-ardófar caighdeán agus próifíl na hiomána san Ardchathair. Le fada an lá tá stádas na peile i bhfad níos airde (mar a míníodh in alt eile roimhe seo!) agus, le fírinne, tá coimhlint ann idir an dá chluiche, rud nár chóir a bheith, dáiríre. Tá seisear nó seachtar den phainéal peile ina n-iománaithe den scoth agus iománaí amháin ar a laghad ina pheileadóir eisceachtúil.

Ní léir go bhfuil polasaí ag Coiste an Chontae maidir leis na himreoirí seo. Is cosúil gur ag bainisteoir na peile atá an chumhacht mar níl cead ag na peileadóirí an dá chluiche a imirt faoi mar atá ar bun acu ó bhí siad ina n-óganaigh. Caithfidh siad cloí le peil nó níl áit dóibh ar an bhfoireann.

An é seo spiorad an Chumainn Lúthchleas Gael? An é seo an fáth ar bunaíodh an CLG? Tá mórán le déanamh ag an Stiúrthóir nua chun an taoide a chasadh agus stádas na hiomána a ardú i mBaile Átha Cliath. Mar a deir an seanfhocal: “Mair, a chapaill, agus gheobhair féar"!

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.