AR NA SAOLTA SEO
An ghéarchéim i múineadh na Gaeilge
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Tuigeann an tAire Oideachais go bhfuil géarchéim i múineadh na Gaeilge sna scoileanna ach an mbeidh cead aici dul i ngleic leis an fhadhb, a fhiafraíonn Breandán Delap.

Íomhá
Ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny
Íomhá
Níl ach 5% de dhaltaí na hÉireann ag fáil oideachais trí Ghaeilge
Íomhá
An tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin

Bhí tábhairneoir darbh ainm Procrustes ina chónaí sa Ghréig fadó. Ní raibh ach cineál amháin leapa aige agus ba ghnách leis cosa a chuid custaiméirí a shíneadh nó a ghearradh le hiad a chur i bhfóirstean di. Níor smaoinigh sé riamh gur cheart go gcuirfí na leapacha in oiriúint do na haíonna! Ba dheacair an scéal seo a shárú mar mheafar do theagasc na Gaeilge i scoileanna na hÉireann faoi láthair. Tá an cur chuige agus an t-ábhar go huile is go hiomlán mífhóirsteanach dóibh siúd atá á foghlaim. In áit an córas a athrú, áfach, déantar iarracht na daltaí a lúbadh is a mhúnlú mar a tharla i gcás aíonna Phrocustes.

cruthúnas den mhéid seo (má bhí a leithéid de dhíth) le fáil i dTuarascáil Harris, nár foilsíodh go fóill ach a ndearnadh cur síos beacht uirthi san Irish Independent le gairid. Léiríonn an mórthaighde seo go bhfuil ísliú ollmhór tagtha ar chaighdeán Gaeilge daltaí bunscoile le scór bliain anuas. Léiríonn an Tuarascáil gur i mbunscoileanna sa Ghalltacht is mó atá an meath ag tarlú, cé go bhfuil sé ag tarlú i mbunscoileanna na Gaeltachta fosta. Suirbhé cuimsitheach a bhí ann: bunaithe ar 4,000 dalta de chuid Rang a Sé ó 220 scoil éagsúil. Léiríonn an suirbhé go raibh caighdeán sásúil i labhairt na Gaeilge ag dhá thrian de dhaltaí bunscoile na hÉireann i lár na n-ochtóidí. Faoi lár na nóchaidí, bhí sé seo tite go dtí an leathchuid díobh. Tharla titim thubaisteach ó shin a leith, áfach, sa mhéid is nach bhfuil caighdeán sásúil labhartha ach ag aon trian de dhaltaí na hÉireann anois.

Sna gnáthscoileanna lán-Bhéarla – tá breis is 3,000 acu ann – is measa atá an scéal ach níl na scoileanna Gaeltachta slán ón slad ach an oiread. Léiríonn an suirbhé go bhfuil meath tagtha ar chaighdeán na Gaeilge sa 103 bunscoil Ghaeltachta, de cheal acmhainní cuí múinteoireachta, b’fhéidir. Tá an t-eolas seo ag teacht sna sála ar thuarascáil ón Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta inar dúradh nach mbeadh aon scoil Ghaeltachta ag múineadh trí Ghaeilge i gceann scór bliain mura rachfar i ngleic leis an “ghéarchéim” sna scoileanna, mar a thug siad air.

Eisceacht atá sna Gaelscoileanna, áfach, mar gur léirigh Tuarascáil Harris go bhfuil ardchaighdeán Gaeilge iontu. Ach is beag ábhar dóchais atá ansin, mar gur cheart nach mbeadh an teanga brúite amach ar an imealli seilbh aicme amháin. Cuimhnigh nach dtéann mórán le cois 5% de pháistí na tíre chuig Gaelscoil; tá an 95% eile ag brath ar na gnáthscoileanna.

Tá rud amháin cinnte, áfach, sé sin go bhfuil teagasc agus staidéar na Gaeilge ina mbeocheist pholaitiúil anois. D’ionsaigh gluaiseacht na Gaeilge ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, go fíochmhar anuraidh nuair a leag sé amach polasaí a pháirtí i leith theagasc na Gaeilge sna meánscoileanna. Ba thrua sin mar bhí go leor den fhírinne á insint aige. Níor chuir sé fiacail ann nuair a dúirt go raibh ag teip go hiomlán ar an chur chuige atá againn faoi láthair mar nach mbíonn na scileanna bunúsacha teanga ag go leor d’aos óg na tíre ar fhágáil na scoile dóibh, ainneoin go gcaitheann siad ceithre bliana déag á foghlaim. Tá buíochas lucht na Gaeilge tuillte ag an Teachta Kenny sa mhéid is gur chuir sé tús le díospóireacht mhaith faoin ábhar. Cuimhnímis go bhfuil Trevor Sergeant, ionadaithe ó Shinn Féin agus ón Lucht Oibre, an tAire Éamon Ó Cuív, Joe Higgins agus tuilleadh nach iad tar éis a rá sa Dáil go bhfuil fadhb ann maidir le teagasc na Gaeilge.

Ábhar roghnach

Ní aontaím le moladh an Teachta Kenny gur cheart gur ábhar roghnach a bheadh sa Ghaeilge i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh. Má tá locht ar an chóras, ba cheart iarracht a dhéanamh é a leasú in áit an milleán a chur ar an ábhar. Cloistear go minic nach bhfuil ár gcuid scileanna áirimh thar moladh beirte ach go bhfios dom ní mholtar riamh gur cheart Matamaitic a bhaint ón churaclam. Ina theannta sin, tá sé cruthaithe in Albain nach raibh an oiread sin tóra ar an Ghàidhlig nuair a bhí rogha le déanamh idir í agus teanga iasachta, mar shampla. Bheadh an baol ann fosta go mbeadh an Ghaeilge á ceilt ar scoláirí áirithe dá mba rud é nach mbeadh mórán ráchairte uirthi i scoileanna áirithe. Chiallódh sé seo nach mbeadh an deis ann ar chor ar bith í a ghlacadh mar ábhar roghnach.

Ar ndóigh bhí go leor de chaint Enda Kenny bunaithe ar an éileamh a rinne an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ina chéad tuarascáil go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar achan ghné d’fhoghlaim agus de mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais. Chuir sé an cheist an raibh an Stát ag fáil luach a chuid airgid as an infheistíocht mhór atá déanta sa Ghaeilge agus as an mhéid ama a chaitear á teagasc. D’fhéadfadh €500 milliún de chaiteachas a bheith i gceist gach bliain agus meastar go bhfaigheann an gnáthdhalta thart ar 1,500 uair an chloig d’oiliúint sa teanga óna chéad lá sna naíonáin bheaga go dtí go mbaintear ceann scríbe amach san Ardteist. Cad chuige, mar sin, nach bhfuil líofacht bhunúsach sa teanga ach ag fíorbheagán díobh siúd a thagann tríd an chóras oideachais?

Fáinne fí atá ann. Smaoinigh go mbeidh cuid den dá thrian de dhaltaí na tíre nach bhfuil bunscileanna acu sa teanga, de réir Thuarascáil Harris, ina múinteoirí amach anseo. Ní bheidh inniúlacht acu sa teanga agus seans maith nach mbeidh mórán ceana acu uirthi. Cén seans a bheas ag a gcuid daltaí siúd líofacht a bhaint amach? Smaoinigh chomh maith gur tuismitheoirí a bheas i go leor den dá thrian seo. Drochsheans go gcothóidh siad aon mheas ar an teanga nó grá di ina gcuid páistí.

Ina theannta sin, níor mhiste a rá go bhfuil curaclam na Gaeilge go huile is go hiomlán mífhóirsteanach d’fhormhór na ndaltaí. Ó tharla nach bhfuil labhairt na teanga ag go leor de na múinteoirí, téann siad i muinín téacsleabhar tur. Bheadh sé suimiúil a fháil amach cé mhéad uair an chloig a chaitheann daltaí scoile ag líonadh isteach bearnaí i leabhair shaothair – obair leadránach nach bhfuil buntáiste oideachasúil ar bith ag baint léi. Cén dochar mura bhfuil tuiscint dá laghad acu ar a bhfuil á scríobh acu a fhad is go mbíonn cóipleabhar snasta le taispeáint don chigire ag deireadh na bliana!

Ag múineadh trí Bhéarla

Bunriail foghlama é nár cheart go mbeadh páiste ag léamh focal nach dtuigeann sé ach i gcás na Gaeilge is iondúil gur ag léamh agus ag scríobh a bhíonn na daltaí agus gan mórán de chur amach acu ar an teanga labhartha. Is léir fosta go bhfuil cuid mhór de mhúinteoirí na tíre ag múineadh na Gaeilge trí Bhéarla. Idir an dá linn, tá torthaí sásúla á bhfáil san Ardteist i nGaeilge, bliain i ndiaidh bliana – drochtheist ar chaighdeán na scrúduithe sin!

Anuas air sin, níl aon chomhthéacs sóisialta á thabhairt d’fhoghlaim na teanga. Tá cúrsa léinn na Gaeilge coimhthíoch do go leor de na daltaí. Ina súile siúd is teanga í an Ghaeilge atá chomh marbh le hart agus nach bhfuil aon bhaint aici lena saol ná lena dtaithí féin. Tá deis iontach ann anois, áfach, leas a bhaint as TG4 le taispeáint dóibh gur teanga fhuinniúil, bhríomhar í a labhraítear go laethúil i gcodanna áirithe den tír agus gur cuid de dhlúth is d’inneach dár gcultúr í. Nach ionann carachtair “Ros na Rún” agus leagan iltoiseach de na seandeilbhíní a bhíodh á n-úsáid i m*Buntús Cainte *fadó – ach go bhfuil siad ábalta labhairt agus siúl!

Ceann de na torthaí is mó atá ar an díospóireacht phoiblí a chothaigh moltaí conspóideacha Enda Kenny i leith na Gaeilge a bheith ina ábhar staidéir roghnach i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh ná go bhfuil sé admhaithe faoi dheireadh ag an Aire Oideachais go bhfuil locht ar theagasc na teanga. Seo mar a labhair sí i ndíospóireacht Dála i mí Feabhra: “Maidir leis an nGaeilge, aithníonn gach duine sa Teach go bhfuil fadhb ann. Tá fadhb ann maidir le múineadh na Gaeilge agus múineadh na Gaeilge go háirithe sna scoileanna ag an dara leibhéal.” Cé nach raibh sa ráiteas sin ach deimhniú ar an mhéid a bhí ar eolas ag madraí an bhaile le fada, bhí tábhacht faoi leith ag baint leis sa mhéid is gur léir go n-aithnítear go hoifigiúil go bhfuil fadhb ansin le sárú. *Sráid Mhaoilbhríde, we have a problem! *

Ba cheart, ar ndóigh, go mbeadh sárchur amach ag an Aire Hanafin ar na fadhbanna a bhaineann le teagasc na teanga ó tharla gur iarmhúinteoir Gaeilge í. Ceist eile an mbeidh sé de mhisneach aici gníomhú agus an bhfaighidh sí an tacaíocht agus an cead leis sin a dhéanamh? Tá atheagar agus leasú iomlán de dhíth - ó na coláistí oiliúna anuas agus ó na naíonraí aníos. Má théann sí i ngleic leis an fhadhb mar is ceart beidh uirthi dul i ngleic fosta le ceardchumainn na múinteoirí. Ba bhocht an mhaise dá dtarlódh sé sin mar is amhlaidh gur ag cuidiú leis na múinteoirí a bheadh sí. Is cinnte, áfach, mura ndéanfar beart gan mhoill go dtiocfaimid go dtí an pointe nach mbeidh an córas inleigheasta. Níl an pointe sin sroichte go fóill ach má leantar leis an phatrún atá le feiceáil i dTuarascáil Harris, ní fada go mbeidh.

Is clár-eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.