CAINT AN tSRÁIDBHAILE
An Ghaeltacht - tá sé thar am gníomhú

Má leanann meath na Gaeilge, mar atá sé léirithe i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, ag an ráta céanna is a bhí le caoga bliain anuas, ní bheidh aon Ghaeltacht ann i gceann trí ghlúin eile.

Tá tuairisc chruinn ar fáil againn anois sa cháipéis atá curtha le chéile ag Coimisiún na Gaeltachta ar staid na Gaeltachta, a pobail agus a córais oideachais. Tá anailís déanta sa tuarascáil fosta ar ról na ngníomhaireachtaí stáit ar fad atá ag freastal ar phobal na Gaeltachta. Is cúis an-mhór imní an méid atá le rá ag an Choimisiún.

Tá daoine ann a deir gur cheart teorainneacha na Gaeltachta a atarraingt sa chaoi nach mbeadh fágtha ach fíor-Ghaeltachtaí, cibé atá i gceist acu leis an téarma sin.

Níl sé léirithe ag an dream atá ag moladh na céime radaicí seo conas a bheadh a leithéid de chur chuige ina réiteach ar fhadhbanna na Gaeilge go fadtéarmach. Dar linne nach mbeadh gearradh siar ar limistéar na Gaeltachta, mar atá faoi láthair, ina réiteach ar na fadhbanna atá ann ar chor ar bith. Fiú dá n-athrófaí teorainneacha na Gaeltachta go dtí nach mbeadh fágtha inti ach ceantair ina labhraíonn 50% nó níos mó an Ghaeilge go laethúil, bheadh sin ag fágáil líon suntasach Béarlóirí fós san “fhíor-Ghaeltacht”.

Measann muidne nach féidir tús a chur le caomhnú phobal Gaeilge na Gaeltachta go dtí:

Go dtiocfaidh polaiteoirí agus lucht Rialtais ar an tuiscint gur fiú an Ghaeltacht a shábháil mar go gcuireann sí le féinmhuinín agus le féiniúlacht na tíre, agus gur gá di a bheith ann chun a chinntiú gur tír neamhspleách shainiúil a bheas in Éirinn i measc thíortha eile na hEorpa. Go dtuigfidh muintir na Gaeltachta an dualgas atá orthu, ar mhaithe leis an tír uile, an Ghaeilge a choinneáil do na glúnta atá romhainn.

Más féidir an méid sin a chur ina luí ar an dá dhream thuasluaite, is fiú ansin infheistíocht ama agus airgid a chur ar fáil.

Fágtar ansin an cheist seo: Cá rachaidh an infheistíocht ama agus airgid? Arís, níl an rogha againn ach iad a chur isteach i seirbhísí a dhéanann dlúthcheangal idir teaghlaigh na Gaeltachta, a bpáistí agus an córas oideachais.

Ba chóir don Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán rannóg taighde agus pleanála a bhunú láithreach a mbeadh saineolaithe teanga ag obair inti. Ba chóir rannóg ar leith a bhunú in Údarás na Gaeltachta, le buiséad cuí, chun gníomhaíochtaí a bheadh dírithe ar réamhscolaíocht agus ar naonraí a stiúradh, rannóg ina mbeadh foireann oilte agus coinníollacha cearta oibre acu.

Más féidir linn a chinntiú go mbeidh naíonáin le Gaeilge ag dul díreach isteach sna bunscoileanna Gaeltachta, beidh sé níos fusa an sprioc a bhaint amach gach rang sa bhunscoil a mhúineadh trí Ghaeilge.

Má chuirtear i bhfeidhm na moltaí seo, beidh dúshraith mhaith dhaingean teanga leagtha síos agus ní bheidh orthu siúd atá ag feidhmiú sa chóras scolaíochta ach na dualgais atá leagtha orthu cheana féin a chomhlíonadh.

Níl sé rómhall leis an Ghaeltacht a shábháil ach muna gcuirfear infheistíocht ar fáil agus pleanáil chuí i bhfeidhm go luath, dírithe ar theaghlaigh agus ar pháistí óga, is cinnte go mbeidh a port seinnte.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.