CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
An Geall
Liam Mac Uistín Liam Mac Uistín

Seo sliocht as An Geall, úrscéal d’fhoghlaimeoirí le Liam Mac Uistín, a bhfuil foclóirín le fáil ann. Is scéal é faoi fhear óg atá ar an drabhlás ó bhain sé duais mhór sa Lotó agus a bhfuil ag teip ar a shláinte dá bharr. Tugann sé geall go mbeidh sé ábalta a bheatha a shaothrú ar feadh sé mhí gan a bheith i dtuilleamaí ar a chuid airgid. An éireoidh leis nó an bhfillfidh sé ar an drabhlás agus ar an saol bog?

Íomhá

D’oscail Colm Ó Sé a shúile agus lig sé cnead as.

Chas sé sa leaba agus d’fhéach sé ar an gclog a bhí ar an mbord in aice na leapa. Bhí na lámha ag tarraingt ar mheán lae. Lig sé cnead eile as agus tharraing sé na héadaí leapa thar a cheann.

Bhí diabhal beag damanta éigin ag bualadh a chláir éadain le casúr cruach. Bhí scór diabhal ag sá priocairí te ina ghoile. Bhí céad diabhal ag sá spící bioracha isteach ina shúile. Nocht sé a cheann arís agus thosaigh sé ag lúbarnaíl go míshuaimhneach.

Tháinig imeachtaí na hoíche aréir ar ais ina chuimhne. Chuir sé tús leis an oíche ag ól lena chairde sa Ghluaisteán Glas, an tábhairne i lár na cathrach inar ghnách leo bualadh le chéile. Ansin chuaigh siad ar aghaidh go dtí Bealach na Bó Finne, an club oíche galánta taobh ó dheas den chathair.

D’ól sé go trom ansin agus bhí sé chomh meidhreach le dreoilín teaspaigh nuair a thug sé an cailín faoi deara. Bhí sí ina suí le cúpla cailín eile ag an mbord in aice leis. Chuir a gáire drithlín gliondair tríd. Chuir a gnúis álainn agus a folt buíbhán faoi dhraíocht é.

Tar éis tamaillín, d’éirigh leis dul chun cainte léi. Tar éis tamaillín eile bhí sé ina shuí in aice léi agus a lámh faoina com aige. D’ordaigh sé seaimpéin agus d’ól siad sláinte a chéile.

Ciara an t-ainm a bhí uirthi. Dúirt sí gur thaitin an t-ainm Colm go mór léi. Nuair a thug sí cuireadh ar ais chun a hárasáin dó ghlac sé leis go fonnmhar. D’fhág sé slán ag a chompánaigh, lig air nár thug sé a sméideadh is a gcuid ráiteas graosta faoi deara, agus threoraigh amach í go dtí an áit ina raibh an Porsche páirceáilte aige.

Bhí a hárasán suite i dteach ard maorga i gceantar an-saibhir den chathair. Bhí an troscán daor agus rachfá go béal na mbróg sna cairpéid dhoimhne.

“Suigh, a thaisce, agus lig do scíth,” a dúirt Ciara leis de glór binn íseal. Shiúil sí anonn chuig cornchlár ar a raibh buidéil agus gloiní ina seasamh i ndlúthchipí.

“Cad a ólfaidh tú?”

Táim sách faoi láthair,” a d’fhreagair Colm.

“Seafóid! Caithfidh tú deoch a ól ar do chéad chuairt ar mo phálás anseo,” a dúirt Ciara le gearrgháire.

“Ullmhóidh mé *pina colada *duit.”

Chrom sí ar bhuidéil a chroitheadh agus ar dheochanna a mheascadh. Ansin thug sí gloine dó ina raibh leacht ina luí faoi mhionscáth gréine.

“Cuirfidh sin an ghruaig ag fás ar do bharraicíní,” a dúirt sí. Chuir sí dlúthdhiosca rómánsach ar siúl. Dhamhsaigh sí anonn chuige agus shuigh sí taobh leis ar an tolg.

Chuimil sí a grua go mall lena ghrua.

Thug Colm iarraidh ar a blús a oscailt ach theip air greim a bhreith ar na cnaipí.

“Ól siar é,” a dúirt Ciara de chogar mealltach a chuir eiteoga ar a chroí.

Bhain sé súimín as an deoch. Bhí blas deas milis air. D’ól sé a raibh sa ghloine. Tháinig mearbhall air go tobann. Mhothaigh sé é féin ag titim isteach i bpoll domhain dorcha.

Nuair a tháinig sé chuige féin bhí sé ina luí ar na céimeanna lasmuigh den teach. Bhí tinneas cinn uafásach air. Chuardaigh sé a phócaí chun teacht ar an bpaicéad aspairíní ba ghnách leis a iompar nuair a bhíodh sé ag dul ar na cannaí. Bhí sé folamh.

Chuardaigh sé arís iad. Bhí gach rud imithe: a vallait, a chártaí creidmheasa, a chuid airgid, eochracha an chairr.

D’éirigh sé agus chuaigh sé suas na céimeanna go dtí an teach. Ní raibh solas ar bith ar lasadh ann. Bhuail sé an cloigín. Níor tháinig aon duine go dtí an doras. Bhuail sé an clog arís agus arís eile. Ní raibh toradh ar bith ar a chuid iarrachtaí. Rith sé síos na céimeanna agus dheifrigh sé chuig an lána lámh leis an teach ina raibh an carr fágtha aige. Bhí an Porsche imithe.

Shiúil sé go lár na cathrach agus tháinig sé ar thacsaí a d’iompair abhaile é. D’íoc sé an tiománaí le hairgead a bhí curtha i leataobh aige do Nóra Uí Bhrolcháin, an bhean ghlantacháin a bhí aige. Ansin dheifrigh sé isteach, thug aghaidh ar a sheomra leapa, shrac a chuid éadaigh de féin agus thit isteach sa leaba mar a bheadh duine éigin tar éis é a leagan le tua.

Chnag Bean Uí Bhrolcháin ar an doras agus chuaigh sí isteach sa seomra leapa. Lig sí osna nuair a chonaic sí an crot a bhí ar an seomra. Bhí éadaí caite i ngach aon áit ar an urlár. Bhí péire bróg láibeach ina luí ar an leaba. Bhain an drochbholadh sa seomra an anáil di.

Stán sí ar an bhfear óg sa leaba. Bhí dath an bháis ar a aghaidh. Chuaigh sí go dtí an fhuinneog agus d’oscail sí í. D’ardaigh sí na dallóga. Líonadh an seomra le solas. Chlúdaigh Colm a shúile agus lig sé cnead ard chéasta uaidh.

D’ísligh Bean Uí Bhrolcháin na dallóga arís.

“Cad tá cearr leat? An bhfuil tú breoite?” a d’fhiafraigh sí.

“Táim . . . An-bhreoite.”

“Ba cheart duit dul chuig an dochtúir,” a chomhairligh sí. Tá a fhios agamsa cad tá cearr leatsa, a bhuachaill, a dúirt sí léi féin. An iomarca airgid, sin é an galar atá ortsa.

Stán sí ar an bhfráma a bhí ar crochadh ar an mballa laistiar den leaba. Istigh ann bhí fótachóip mhór de sheic 25,000,000 iníoctha ag an gCrannchur Náisiúnta le Colm Ó Sé.

Sea, a dúirt sí léi féin, nach é an trua é gur bhain tú an duais mhór sin bliain ó shin. Sin é an rud a sheol ar bhóthar d’aimhleasa tú. Tá tú imithe ar an drabhlás . . . ól agus ragairne, mná, geallghlacadóirí agus fiántas . . . sin iad bun agus barr do shaoil anois. Bhí tú i bhfad níos fearr as nuair a bhí ort do bheatha a shaothrú.

Thóg sí na bróga den leaba. “An ndéanfaidh mé cupán tae duit?”

Chroith Colm a cheann. “Ní mór dom éirí,” a dúirt sé. “Tá gnó práinneach agam leis an mbanc.”

“Glanfaidh mé na seomraí thíos staighre,” a dúirt Bean Uí Bhrolcháin. “Glanfaidh mé an seomra seo nuair a bheidh tú imithe.” Chuaigh sí síos staighre agus í ag machnamh ar éagóir an tsaoil agus ar an maitheas a d’fhéadfadh sise a dhéanamh do na boicht is do na heasláin dá mbeadh an saibhreas mór sin ina seilbh féin.

Tar éis do Cholm a bhanc a chur ar an eolas faoi na cártaí creidmheasa a goideadh uaidh, agus nuair a bhí seicleabhar nua agus burla nótaí airgid ina phócaí arís aige, chuaigh sé chuig na Gardaí agus thug sonraí dóibh maidir leis an bPorsche.

De ghnáth, ag an tráth seo den lá, théadh sé chuig bialann ghalánta chun lón a chaitheamh. Ach ní raibh aon ghoile aige anois. Agus bhí imní air faoina shláinte. Le tamall anuas bhíodh meadhrán ina cheann agus uaireanta bhíodh sé chomh spadánta sin go mbíodh air leathbhuidéal seaimpéin a ól chun fuinneamh éigin a chur ann féin.

Rith sé leis gur chóir dó glacadh le comhairle Bhean Uí Bhrolcháin agus cuairt a thabhairt ar dhochtúir. Níor ghá, mheas sé, dul chuig dochtúir comhairleach. Ní raibh mórán ag cur as dó. Réiteodh buidéal leighis éigin an fhadhb. D’fhéadfadh dochtúir ar bith oideas oiriúnach a sholáthar dó.

Chonaic sé pláta práis ar bhalla ag cúinne na sráide:

an dr seán ó laochdha dochtúir agus máinlia Dhéanfadh an fear seo an gnó!

Shiúil sé isteach agus thug a ainm don chailín ag an deasc. Threoraigh sise isteach sa seomra feithimh é.

Bhí an seomra plódaithe le daoine. Bhí cuma na bochtaineachta ar a bhformhór. Stán siad go fiosrach ar an gculaith chostasach a bhí air. D’éirigh sé míchompordach mar go raibh gach duine ag amharc air, agus thóg sé iris ón mbord agus lig sé air go raibh sé á léamh.

Tar éis uair an chloig bhí seachtar fós roimhe sa scuaine. Chuaigh sé amach chun cainte leis an gcailín ag an deasc.

“Tá an-deifir orm,” a dúirt sé léi. “Ar mhiste leat iarraidh ar an dochtúir mise a ligean isteach anois?”

Stán an cailín air le dímheas. “Feiceann an dochtúir a chuid othar san ord a dtagann siad isteach. Níor tháinig do shealsa fós.”

Tharraing Colm nóta €50 amach as a vallait agus shín sé chuici é. Shín sí an t-airgead ar ais chuige.

“Más mian leat an dochtúir a fheiceáil ní mór duit d’áit a ghlacadh sa seomra feithimh.”

Sciob Colm an nóta uaithi, thug súil fhiata uirthi agus d’fhill ar an seomra feithimh. Shuigh sé síos go dubhach agus sháigh sé é féin in iris arís. Tar éis uair an chloig eile ghlaoigh an cailín air agus chuaigh sé isteach i seomra an dochtúra.

Bhí an Dochtúir Ó Laochdha ina shuí ag a dheasc ag scríobh nótaí i leabhar. Shuigh Colm i gcathaoir lena ais.

“Colm Ó Sé is ainm domsa.”

“Fan tamall!” a dúirt an dochtúir go giorraisc. Bhí Colm chun a thuilleadh a rá ach mheas sé go mbeadh sé níos críonna fanacht ina thost. Tar éis tamaillín d’éirigh an dochtúir as an scríbhneoireacht agus chas sé chuig Colm.

“Bhuel, cad tá ag déanamh imní duit?” a d’fhiafraigh sé.

“Nílim agam féin,” a d’fhreagair Colm. “Tá tinneas cinn orm agus níl mo ghoile thar mholadh beirte.”

“Bain díot do chóta agus oscail barr do léine.”

Rinne an dochtúir scrúdú air. Ansin shuigh sé siar agus stán sé go géar ar Cholm.

“Cén aois tú?”

“Sé bliana is fiche.”

“Cén tslí bheatha atá agat?”

“Níl aon cheann agam.”

Thug an dochtúir sracfhéachaint ar an gculaith chostasach a bhí ar Cholm.

“Nach ndéanann tú obair ar bith?”

Chroith Colm a cheann.

“Bhuaigh mé duais mhór sa Chrannchur Náisiúnta tamall ó shin,” a dúirt sé le miongháire. “Ní gá dom aon obair a dhéanamh.”

“An bhfuil aon chaitheamh aimsire agat? Galf nó spórt éigin den sórt sin?”

Chroith Colm a cheann arís.

“Ní thaitníonn aclaíocht liom. Ach is maith liom carranna spóirt a thiomáint. Is dócha gur caitheamh aimsire é sin.” Rinne sé draidgháire leis an ndochtúir. Rinne seisean tréaniarracht a dhímheas air a choinneáil faoi shrian.

“An bhfuil tú pósta?”

“Nílim.”

“Is dócha go mbíonn tú amuigh mall san oíche de ghnáth.”

Sméid Colm a cheann.

“Ní fiú dom éirí roimh am lóin. Ní bhím i mo shuí go minic roimh an tráthnóna. Ansin caithim an oíche i gclub oíche éigin.”

“Tá an scéal seo an-simplí,” a dúirt an dochtúir go ciúin. “Tá tinneas goile ort ó bheith ag ithe bia róshaibhir. Tá do chóras néarógach corraithe de dheasca an iomarca ólacháin agus oícheanta malla. Agus níl tú aclaí.”

“Cad é an leigheas atá agat air sin?” a d’fhiafraigh Colm.

“Nach léir duit é?” a dúirt an dochtúir go searbh. “Más mian leat bheith i mbarr do shláinte ní mór duit an cineál saoil atá agat faoi láthair a athrú. De bharr do bhua sa chrannchur géilleann tú do gach mian a bhuaileann tú. Tá tú ag íoc as an mbaois sin anois.”

“An í sin an t-aon chomhairle atá agat dom?” a d’fhiafraigh Colm go míshásta.

“D’fhéadfainn oideas éigin a thabhairt duit ach ní dhéanfadh sé mórán maitheasa duit.”

“Is beag an sólás dom an méid sin.”

Stán an dochtúir air ar feadh cúpla soicind.

“Tabharfaidh mé comhairle níos cinnte duit má theastaíonn sin uait . . . Tabhair droim láimhe do chlubanna is do do chairde. Abair leo go bhfuil tú ag dul thar lear go ceann tamaill. Faigh post éigin duit féin agus saothraigh do bheatha. Mair ar an bpá a íoctar leat . . . más féidir leat duine a fháil a mheasfaidh gur fiú dó nó di duine mar thusa a fhostú.”

Dhearg Colm agus d’éirigh sé go tobann.

“Níor tháinig mé anseo le bheith maslaithe!”

“Tháinig tú chun mo chomhairle a lorg. Tá sin déanta agam. Má ghlacann tú léi is gearr go mbeidh tú i mbarr do shláinte arís.”

“Nílim chun glacadh léi!” Chuir Colm lámh ina phóca.

“Cad tá le híoc agam leat?”

“Faic,” a dúirt an dochtúir.

“Slán agat.” Shín Colm a lámh amach chuig an dochtúir.

Stán seisean go drochmheasúil air agus chas sé a dhroim le Colm. “Slán leat.” Thosaigh sé ag scríobh sa leabhar arís.

Las Colm go bun na gcluas agus thit a lámh síos lena thaobh.

“Is cosúil nach mór é do mheas orm.”

D’ardaigh an dochtúir a cheann agus bhreathnaigh sé idir an dá shúil air.

“Ní maith liom mo chuid ama a chur amú ag plé le daoine cosúil leatsa.”

“Cén fáth?” a d’fhiafraigh Colm.

“Tá a lán daoine amuigh ansin atá tinn toisc go bhfuil easpa airgid, ganntanas bia, lóistín lofa, agus rudaí eile ar liosta le lua iad, ag goilliúint orthu. B’fhearr liom mo chuid scileanna a úsáid chun faoiseamh éigin a thabhairt do chréatúir bhochta mar iadsan ná bheith ag plé le daoine gan mhaith cosúil leatsa.”

D’éirigh an dochtúir agus d’oscail sé an doras.

“Tá a lán othar ag feitheamh liom amuigh. Imigh leat anois.”

Níor chorraigh Colm.

“Cuirfidh mé geall leat go dtosóidh mé inniu ar mo shlí bheatha a bhaint amach dom féin agus go n-éireoidh liom maireachtáil ar mo thuarastal leathbhliana. Mura n-éiríonn liom tiocfaidh mé ar ais chugat agus tabharfaidh mé €50,000 duit le tabhairt d’eagraíocht charthanachta ar bith a roghnóidh tú féin. Ach má éiríonn liom beidh ortsa mo lámh a chroitheadh agus pardún a ghabháil liom . . . Cad deir tú?”

Tháinig meangadh searbh ar bhéal an dochtúra.

“Tá tú saibhir agus tá cairde rachmasacha agat, is dócha. Táim cinnte go mbeadh siadsan toilteanach tú a fhostú go ceann sé mhí.”

Tháinig faghairt i súile Choilm.

“Geallaimse nach mbainfidh mé aon bhuntáiste as mo chuid saibhris ná as mo chuid cairde. Tógfaidh mé €500 as mo chuid airgid féin mar chúnamh dom i dtús báire. Sin an méid . . . Ní bhainfidh mé úsáid ar bith eile as mo chuid airgid ach amháin, b’fhéidir, i gcás éigeandála. Ach fiú sa chás sin ní bhainfidh mé aon sochar pearsanta as. Má aithnítear mé i bpost fágfaidh mé an post sin láithreach.”

“D’fhéadfainn a lán maitheasa a dhéanamh le €50,000,” arsa an dochtúir. “An bhfuil tú i ndáiríre?”

“Táim lándáiríre faoin ngeall seo,” a dhearbhaigh Colm. “Agus beidh an bua agam. Bí cinnte de sin!”

“Feicfimid,” a dúirt an dochtúir. Shín sé méar i dtreo an dorais. “Imigh leat anois.”

Thug Colm féachaint fhiata air, d’fhág an seomra agus dhún an doras de phlab ina dhiaidh.

*Is iad Cló Iar-Chonnachta foilsitheoirí *An Geall agus cosnaíonn sé €8. Is féidir an leabhar a ordú ach cuairt a thabhairt ar shuíomh an chomhlachta ag www.cic.ie

Gluais • Glossary

ar an drabhlásdrinking heavily

dá bharras a result

geallwager

a bheatha a shaothrúto earn his living

i dtuilleamaí ar a chuid airgiddepending on his money

cneadgroan

damantadamned

clár éadainforehead

ag sá priocairí te ina ghoilesticking hot pokers into his stomach

spící biorachasharp spikes

ag lúbarnaíltwisting

go míshuaimhneachuneasily

imeachtaíevents

galántaelegant

meidhreachmerry

dreoilín teaspaighgrasshopper

drithlín gliondaira spark of joy

gnúisface

folthair

faoi dhraíochtunder a spell

comwaist

cuireadhinvitation

go fonnmhareagerly

a chompánaighhis companions

sméideadhwink

a gcuid ráiteas graostatheir obscene comments

maorgamajestic

cornchlársideboard

i ndlúthchipíin serried ranks

táim sáchI have enough

leachtliquid

mionscáth gréinemini parasol

do bharraicíníyour toes

dlúthdhiosca rómánsachromantic CD

tolgcouch

chuimil sí a gruashe rubbed her cheek

de chogar mealltachin an enticing whisper

eiteogawings

súimínsip

milissweet

mearbhalldizziness

nuair a tháinig sé chuige féinwhen he came to

céimeannasteps

ar na cannaíheavy drinking

a chártaí creidmheasahis credit cards

cloigínbell

toradhresult

iarrachtaíattempts

lámh leis an teachbeside the house

curtha i leataobhset aside

an bhean ghlantacháinthe cleaning woman

shrac a chuid éadaigh de féinhe pulled his clothes off

le tuawith an axe

osnasigh

crotshape

láibeachmuddy

drochbholadhbad smell

anáilbreath

stán síshe stared

dallógablinds

céastatortured

breoiteill

a chomhairligh síshe advised

cearrwrong

galardisease

An Crannchur NáisiúntaThe National Lottery

duaisprize

a sheol ar bhóthar d’aimhleasa túwhich lead you astray

drabhlásdebauchery

ragairnerevelry

geallghlacadóiríbookmakers

fiántaswildness

nuair a bhí ort do bheatha a shaothrúwhen you had to earn a living

ní mór dom éiríI have to get up

gnó práinneachurgent business

í ag machnamh ar éagóir an tsaoilthinking about the unfairness of the world

na heasláinthe sick

ina seilbh féinin her possession

a goideadh uaidhstolen from him

burla nótaí airgida wad of notes

sonraídetails

théadh séhe used to go

goileappetite

bhíodh meadhrán ina cheannhis head would be swimming

spadántasluggish

fuinneamhenergy

comhairleadvice

dochtúir comhairleachconsultant

buidéal leighismedicine bottle

oideas oiriúnacha suitable prescription

máinliasurgeon

seomra feithimhwaiting room

plódaithepacked

cuma na bochtaineachtathe look of poverty

go fiosrachinquisitively

míchompordachuncomfortable

lig sé airhe pretended

scuainequeue

le dímheaswith lack of respect

a chuid otharhis patients

do shealsayour turn

sciob ColmColm snatched

go dubhachgloomily

go giorraiscabruptly

níos críonnamore prudent

níl mo ghoile thar mholadh beirtemy stomach isn’t great

sracfhéachaintglance

aclaíochtexercise

draidgháiregrin

tréaniarrachta strong effort

a choinneáil faoi shrianto keep under control

bia róshaibhirfood that is too rich

córas néarógachnervous system

aclaífit

i mbarr do shláintein the best of health

géilleann tú do gach mianyou give in to every desire

baoisfoolishness

sólássolace

saothraigh do bheathaearn your living

mair ar an bpá a íoctar leatlive on the wage that you’re paid

maslaitheinsulted

go drochmheasúilcontemptuously

níor chorraigh ColmColm didn’t move

geallwager

maireachtáil arlive off

eagraíocht charthanachtacharitable organization

meangadh searbhsarcastic smile

cairde rachmasachawealthy friends

toilteanachwilling

faghairtflash

buntáisteadvantage

éigeandáilemergency

sochar pearsantapersonal benefit

má aithnítear méif I’m recognised

i ndáiríreserious

lándáiríretotally serious

a dhearbhai

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.