CAINT AN tSRÁIDBHAILE
An Galar Dubhach i nDúluachair na Bliana

Tá athruithe móra tagtha ar an tír seo le blianta anuas, i ngan fhios dúinn......

Ba í sin ceist na míosa in eagrán na Nollag de Beo! agus mar a shíl muid a bheadh sé, bhí leath na ndaoine a d’fhreagair an cheist faoi bhrú sa tsaol agus ní raibh sa cheistneoir seo ach slat tomhais lom garbh. Tá athruithe móra tagtha ar an tír seo le blianta anuas, i ngan fhios dúinn, ach táthar á sonrú go soiléir le bliain anuas.

Le fada an lá, ní raibh mórán Éireannach nach dtiocfadh leo a rá nach raibh aithne acu ar alcólaí nó ar dhuine a bhí ‘trom’ ar an ól’; bíodh sé gur duine den teaghlach, duine gaolta nó cara a bhí i gceist. Is minic a fágadh an cheist gan phlé agus fágadh iarrachtaí réitiú a fháil ar an fhadhb go dtí go mbeadh sé i bhfad rómhall.

ceist ainmheasarthacht an óil fós linn ach tá deacracht eile againn i sochaí an lae inniu nach dtugtar aird chúi air go mbíonn sé i bhfad ródhéanach agus is é sin, an ‘droim dubhach’ agus ‘an galar dubhach’. Bíonn scéal ann gach darna lá anois fá dhuine éigin atá tar éis lámh a chur ina bhás féin. Is beag teaghlach sa tír seo, sa lá atá inniu ann, nach bhfuil an crá, an brón agus an tromchroí tagtha chucu trí ball teaghlaigh, comharsa nó cara a chailleadh mar thoradh ar an fhéinmharú.

Is deacair míniú a aimsiú ar cén dóigh a thosódh duine ag siúl amach san fharraige gan intinn acu pilleadh arís; níl aon mhíniú ar chonas a rachadh duine de léim ó bharr aille agus iad tar éis siúl suas go dtí an pointe sin agus am acu le smaoineamh ar a dteaghlach, a gcairde agus ar a gcomharsana.

Éacht an Lae

Tá an galar dubhach forleathan agus is minic é i bhfolach. Ní eascaí don té nach raibh an galar seo air é a mhíniú agus is i litir i gceann de na nuachtáin laethúla ar na mallaibh, a scríobh Éireannach, atá ina chónaí thar sáile i Meiriceá Theas, a bhí an sainmhíniú is gonta faoi, nuair a mheabhraigh sé ‘go mothaíonn an duine gur éacht atá curtha i gcrích aige nó aici, nuair a thagann siad tríd aon lá amháin beo beathach agus gach dochar a bheith déanta acu dóibh féin.

Tógann seo uilig muid chuig ceist eile. Cén seórt sochaí atá forbartha againn, nuair gur féidir le seirbhísí sláinte na tíre seo cúigear ban, atá ag mothú faoi bhrú agus atá i néal an dorchadais, a bhogadh ó ghnáthsheomra oscailte in otharlann isteach i seomra eile atá faoi ghlas, agus iad brúite isteach i gcomhluadar ban eile? Níl spás fágtha idir na leapacha agus tá orthu uilig leithreas agus cithfholcadh amháin a roinnt. Rinneadh an gníomh seo roimh an Nollaig agus faoi shúile na meán agus sa chás seo deirtear go mbeidh na mná seo sa seomra faoi ghlas as seo go lár mhí Eanáir.

geilleagar na tíre faoi bhrú agus tá an Rialtas ag sracadh le deacrachtaí. In ainm Dé, áfach, nár cheart uasmhéid pá na bpolaiteoirí, na státseirbhíseach sinsir, na mbaincéirí, na ndlíodóirí, na gcraoltóirí, na ndochtúirí agus na ndaoine nach iad, a laghdú go pointe chun gur féidir foireann altranais a fhostú agus spás mar is ceart a chur ar fáil dóibh siúd atá i ndorchadas an tsaoil? Leis an chás úd amháin, chríochnaigh 2011 ar dhóigh náireach. Níor cheart dúinn ligean do 2012 a bheith mar a gcéanna.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.