AR NA SAOLTA SEO
An fhírinne in áit na leathphingine
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Léiriú eile é an scéal bréagach faoin Tiarna Lucan a foilsíodh i nuachtán Sasanach an mhí seo caite ar an dóigh a mbíonn na meáin chumarsáide sásta neamhaird a thabhairt ar an fhírinne uaireanta ar mhaithe le brabús, dar le Tony Birtill.

Íomhá
An Tiarna Lucan lena bhean chéile
Íomhá

Ba chúis gháire dúinn anseo i Learpholl i mí Mheán Fómhair nuair a thug *An Sunday Telegraph *"An Tiarna Lucan” ar sheanchara dár gcuid, Barra ó hAilpin (Barry Halpin) a fuair bás i nGoa na hInde i 1996.

Is cuimhin liom Barry nuair a bhí i mo ghlas-stócach i Learpholl ag deireadh na 1960í. Fear breá láidir a bhí ann, dreapadóir ag am nuair nach raibh ach trealamh an-bhunúsach ar fad ar fáil. Bhí guth agus ceol iontach aige, agus cosuil leis an chuid is mó den dream sin, chítear dom, feasóg air agus é tógtha le polaitíocht na heite clé.

Rugadh i St Helens, Merseyside é i 1938. B’as Cathair Phort Láirge a athair, Liam Ó hAilpin, agus b’as Lancashire a mháthair. Rinne sé a sheirbhís náisiúnta san RAF, agus bhí sé ina bhall den fhoireann tarrthála sléibhe i Kinloss nuair a bhí sé ar stáisiún in Albain thart fá 1957.

Thug sé a chuid scileanna sléibhe do chairde leis nuair a phill sé go Merseyside, chomh maith lena scileanna ceoil. Mhúin sé ceol do na páistí sa bhunscoil ina raibh sé ag obair i St Helens agus tá clú air fós i measc lucht an cheoil thraidisiúnta Éireannaigh sa cheantar seo.

Cheol sé féin agus a chara mór Bruce Scott le chéile sna clubanna agus tithe tábhairne Éireannacha faoin ainm “Barry and Bruce” agus shíl mé go raibh slí mhaireachtála iontach acu. D’imigh sé go dtí an Astráil i 1971 agus chuaigh sé go Goa i 1974, an bhliain a théaltaigh an Tiarna Lucan as Sasana tar éis dhúnmharú a bhuime agus ionsaí fíochmhar ar a bhean chéile.

Phill Barry go Learpholl i 1994 agus caithfidh mé a admháil nár aithin mé é nuair a chuaigh mé chuig coisir mhór a d’eagraigh a chairde dó sa Chlub Éireannach. Bhí feasóg fhada liath air agus cuma an-sean ar fad, cé nach raibh sé ach 56 bliana d’aois. Chaith muid seal le chéile ag cuimhneamh siar ar na seanlaethanta agus tháinig mé ar athchomhairle faoina shlí mhaireachtála tar éis dom bualadh leis aris. Phill sé go Goa, áit a bhfuair sé bás i 1996.

Tá mé cinnte nach raibh mé ag caint leis an Tiarna Lucan an oíche sin, ach de réir an leabhair Dead Lucky, a scríobh iarbhleachtaire de chuid Scotland Yard, Duncan McLaughlin, agus an t-iriseoir William Hall le gairid, bhí mé. Tá grianghraf de Barry sa leabhar, a tógadh i 1991, agus ainm an Tiarna Lucan leis! Tá scéal agus teoiric amaideach ann faoinár seanchara agus d’fhoilsigh *An Sunday Telegraph *iad seo.

An fíorscéal

Shíl muid go raibh sé an-ghreannmhar ar dtús, agus d’inis Bruce Scott an fíorscéal do na meáin chumarsáide anseo agus in Éirinn. Ach in áit do McLaughlin a rá go ndearna siad meancóg mhór agus leithscéal a ghabháil le cách, dúirt sé ar an raidió ar an BBC go raibh leithéidí Bruce Scott ag insint bréag. “I expected people like him to crawl out of the woodwork,” arsa McLaughlin.

Chuir tuairimí mar sin fearg orainn. An dóigh a raibh siad ábalta an clú a bhaint de chara a bhí marbh, agus ansin an dóigh a raibh siad ar nós cuma liom nuair a chuala siad an fhírinne. “Shíl siad gur dhuine gan chúlra é, go dtiocfadh leo ‘fitting up’ a dhéanamh air mar dhúnmharfóir. Bhuel, bhí siad mícheart agus tá neart daoine ann áta ábalta an fhirinne a rá faoi Barry Halpin,” arsa Bruce Scott liom. Bíonn Bruce ina dhuaiseoir go rialta ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus scríobh sé amhrán faoi Barry nuair a fuair sé bás. Léigh cara de chuid Barry i nGoa an t-amhrán ag a chréamadh.

Cé go raibh cuid de na meáin chumarsáide sásta scéal Bruce a fhoilsiú, ní raibh *An Daily Mail *ná *An Telegraph *toilteanach é sin a dhéanamh. B’éigean do Bruce an ruaig a chur ar bheirt iriseoirí ón *Daily Mail *ó leac a dhorais féin. Scríobh cara eile, Christy McHale, litir chuig an *Sunday Telegraph *ag gearán faoi McLaughlin agus Hall: “... their approach was sadly reminiscent of one which has been horrifyingly endemic in British police practice during my lifetime: an approach in which the investigator decides at the outset who the guilty party is, and then cavalierly ignores or suppresses all counter-evidence. The corpses of Tim Evans and Jim Hanratty and the ordeals of the Birmingham Six and the Guildford Four, are merely some of the more notorious consequences of this attitude. Perhaps one should have expected no better from a former Scotland Yard detective.” Níor foilsíodh a litir.

Nach sampla maith é seo den chumhacht atá ag na meáin chumarsáide agus easpa cumhachta na ngnáthdhaoine? Is cuimhin liom nuair a rinne mé agallamh le deartháir de dhuine de Sheisear Birmingham don Irish Post *i 1987. Seachas an *Irish Post, ní raibh suim dá laghad ag na meáin chumarsáide eile i Sasana san fhirinne i gcás an scéil áirithe sin.

Mhothaigh Béal Feirsteach, Freddie Scappaticci, an chumhacht seo i mí na Bealtaine i mbliana, nuair a thug nuachtáin “Stakeknife” air. Sa pháipéar liobrálach The Guardian, mar shampla, bhí an scéal ar an phríomhleathanach agus bhí dhá leathanach iomlána eile ann, lán le gach sórt líomhaintí a fuair na hiriseoirí Rosie Cowan agus Nick Hopkins ó na fórsaí slándála.

Dúirt Scappaticci ag preasócáid gur mhian leis gnáthshaol a bheith aige aris, ach thuig sé nach raibh seo ródhóchúil: “Cén dóigh a dtiocfadh liom dul ar ais go dtí an dóigh a raibh rudaí?” ar seisean.

Agus cad é is féidir le duine marbh a dhéanamh faoi líomhaintí bréagacha? Is léir gur ceist airgid é seo don Telegraph, agus do McLaughlin agus Hall. Thuig siad go raibh leabhar móréilimh acu agus ní raibh siad sásta an t-airgead sin a chailleadh - agus ba chuma faoin fhirinne.

Duine ar bith a cheannóidh an leabhar seo, beidh sé ag tabhairt tacaíochta don dearcadh cioniciúil seo.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.