AR NA SAOLTA SEO
An Conradh Sóisialta
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Ba cheart amharc go géar ar an chonradh shóisialta agus an chothroime a chur san áit a bhfuil sé ar iarraidh ann faoi láthair. Leis an chonradh shóisialta a chothromú, caithfidh polaiteoirí na tíre gearradh siar ar a gcuid costais sula ngearrfar seirbhísí atá riachtanach do dhaoine leochailleacha dar le Breandán Delap....

Íomhá
Feardorcha Mór
Íomhá
Mary Harney, TD
Íomhá
Áit bhreá le haghaidh comhdhála, Dún Garbháin
Íomhá
Sruth na Murascaille IV
Íomhá
An tAire Brian Lenihan

Maítear gur thug an t-impire Frederick the Great an chomhairle seo a leanas do cheann dá chuid Ginearáil i lár catha: “The first step backward makes a poor impression, the second step is dangerous, and the third becomes fatal.”

Comhairle mhaith shílfeá, agus ceann nár mhiste a chur san áireamh agus muid ag tabhairt aghaidh ar an ghéarchéim eacnamaíochta reatha. Cé go bhfuil neart ábhair éadóchais ann faoi láthair, agus córas baincéireachta na tíre faoi scamall náire, tá sé tábhachtach go ndéanfaí ciorruithe sna háiteanna cuí seachas creimeadh a dhéanamh ar sheirbhísí riachtanacha. Mar shampla, sábháil de €7m is cosúil a thiocfaidh chuig an státchiste as múinteoirí acmhainne a bhaint ó 900 dalta bunscoile a bhfuil míchumas foghlama ginearálta éadroma orthu. Is suarach an mhaise é seo do stát a bhíonn de shíor ag maíomh faoi ‘gheilleagar eolasbhunaithe na hÉireann’ agus is cinneadh é a íocfar go daor as lá níos faide anonn.

Glacaim leis nach mbaineann an tAire Oideachais, an tAire Airgeadais nó an Taoiseach aon sult nó pléisiúr as a leithéid de chiorrú a chur i bhfeidhm ach thuigfeá do fhrustrachas an phobail i bhfianaise an €7bn d’athchaiptliú a déanadh ar Bhanc na hÉireann agus ar Bhanc Aontas Éireann i dtráth an ama chéanna is a fógraíodh na ciorruithe i leith múinteoirí acmhainne. Glacaim leis fosta nár cheart ciorruithe dá leithéid a cháineadh gan a mhalairt de bheartas a chur chun cinn. Ba mhaith liom mar sin roinnt moltaí a thabhairt do rialtóirí na tíre ina bhféadfaidís féin cuid den ualach a iompar sula smaoineofaí ar chiorruithe míchothroma dá leithéid a chur i bhfeidhm. Is iomaí cáineadh atá déanta go dtí seo ar thuarastail arda ár bpolaiteoirí ach tá sciar beag dóibh le moladh as ciorrú 10% a ghlacadh ina dteacht isteach bliantúil. Is mithid, áfach, díriú ar chuid dá gcuid costas atá imithe as compás le dornán blianta anuas.

Cúig Mholadh

  • Tosóidh mé le costas na státseirbhíseach atá fostaithe in oifigí dáilcheantair agus príobháideacha ár n-Airí Rialtas le hobair dáilcheantair a dhéanamh dóibh. 216 acu san iomlán atá fostaithe ag an 15 Aire atá againn ar chostas €10.5 milliún sa bhliain. Tá 13 fostaithe ag an Taoiseach, mar shampla, ina oifig phríobháideach mar aon le seachtar eile ina oifig Dáilcheantair ar chostas €688,851.

Is in oifigí Mhary Harney is mó atá an costas - €1.09m le haghaidh aon duine dhéag a fhostú ina hoifig phríobháideach agus triúr breise ina hoifig dáilcheantair. Fiú i gcás Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív - a thug dúshlán na n-eagras Ghaeilge ar na mallaibh maidir lena gcostais riaracháin - tá ceathrar déag státseirbhíseach agus beirt chomhairleoirí fostaithe aige ina chuid oifigí Dáilcheantair is príobháideach ar chostas breis is €600,000. Is gnás fadbhunaithe é seo ach táthar ag cur leis na costais le blianta beaga anuas. Is cur amú airgead poiblí atá ann agus ba cheart é a leasú is a laghdú. Chomh maith leis an chleachtas seo a bheith ina oilbhéim airgeadais, tugann sé buntáiste as cuimse don Aire in olltoghchán, chan amháin i gcoinne iarrthóirí an fhreasúra, ach i gcoinne iarrthóirí a pháirtí féin fosta. Níor cheart go mbeadh ar an cháiníocóir díol as, go háirithe le linn tréimhse ina bhfuil na cianóga gann. * Tá sé thar am, dar liom, go gcuirfí bac iomlán ar chostais a dhíol le Comhairleoirí Contae is Cathrach a fhreastalaíonn ar chomhdháileacha éagsúla ó cheann ceann na tíre. Is nós le Comhairleoirí áirithe taisteal chuig an chomhdháil is faide as baile (ag roinnt cairr in amanta) agus bille deas a chur chuig an Chomhairle dá dheasca. Reachtáilfear an Chomhdháil Idirnáisiúnta um Rialtas Áitiúil i gCill Airne ag tús na míosa seo, fágaim, agus táthar ag súil le freastal maith air. Cosnóidh sé €525 an duine freastal ar an chomhdháil. Gheobhaidh Comhairleoir Contae as Dún na nGall, mar shampla, luach €710 de chostas mhíoláiste agus €462 mar chostas cothabhála le freastal air. Ní íocfar an tsuim seo gan deimhniú gur freastalaíodh ar an Chomhdháil, ach ní gá aon chruthúntas a chur ar fáil gur thaisteal tú i do charr féin nó gur fhan tú san óstán atá luaite leis. Tá a leithéid de chóras lochtach, dar liom, agus is furasta don té atá mí-ionraic teacht i dtír air. Ó tharla oiread sin freastail a bheith déanta ag ár gComhairleoirí ar chomhdháileacha le blianta anuas, ní dócha go mbeadh an tír thíos leis dá staonfaí ón nós ar feadh cúpla bliain eile. Tar éis an tsaoil, cén tairbhe don cháiníocóir atá le baint as leithéidí ‘Effective Communications for Councillors’ nó ‘Women of 1916’ nó ‘Maximising Your Vote’, a reachtáileadh i nDún Garbháin, in Inis Chórthaidh agus i mBaile Átha Cliath ar son Comhairleoirí na tíre le cúpla seachtain anuas?

  • barraíocht úsáide á baint as scairdeitleáin an rialtais de réir mo bharúlsa. Tóg mar shampla na turais a rinne an tAire Cosanta, Willie O Dea le bliain anuas. Bheinn go mór in amhras faoi fhiúntas cuid de na turais seo, go háirithe os rud é go raibh eitiltí tráchtála ar fáil mar mhalairt. Caitheadh os cionn leath milliúin Euro ar thurais an Aire ar na scairdeitleáin anuraidh. Chosain sé os cionn €164,000, mar shampla, é féin agus an Tánaiste, Mary Coughlan, a thabhairt go Texas i mí na Nollag le casadh le Michael Dell. Cruinniú in aisce a bhí ann, ar ndóigh, mar atá ar fhios againn anois. Ní bheadh aon locht agam air as an scairdeitleán a úsáid ar thuras chuig saighdiúirí na hÉireann i N’Djamena i Sead i mí an Mheithimh (ar chostas €102,570) cionn is nach bhféadfaí a bheith ag dréim go mbeadh ar Aire rialtais taisteal go ceantar cogaíochta ar ghnátheitleán! É sin ráite, is deacair a shamhlú cén gnó a bhí ar siúl ag an Aire O Dea i bPáras na Fraince i mí Feabhra seo caite a bhí chomh práinneach sin go raibh air scairdeitleán an rialtais a thabhairt leis ar thuras lae ar chostas beagnach €25,000. Ar ócáid eile d’eitil an Gulfstream IV as Aeradróm Bhaile Dhónaill i mBaile Átha Cliath chuig Aerfort na Sionna chun an tAire O Dea a bhailiú, agus as sin go Corcaigh leis an Aire Mícheál Martin a bhailiú, sular tugadh iad chun na Bruiséile. Chosain an turas fillte seo beagnach €34,000. Nárbh fhearr i bhfad don bheirt Aire suíochán gnó a fháil ar eitilt tráchtála as na haerfoirt sin? Ceist críonnachta agus dea-shampla atá ann. * Tá méid na gcostas taistil is cothabhála a dhíoltar le hAirí Rialtais i bhfad ró-ard dar liom. Tháinig sé chun solais ar na mallaibh gur díoladh breis is €1.8m de chostais bhreise le hAirí Rialtais agus le hAirí Stáit ó olltoghchán na bliana 2007. Is ionann sin agus €100,000 sa mheán gach mí le hocht mí déag anuas! Suim airgid é seo atá sa bhreis ar an mhéid a fhaigheann na hAirí mar chúiteamh ar a gcuid costas mar Theachtaí Dála, atá flaithiúil go maith iontu féin, agus a fhoilsítear go tráthrialta i nuachtáin éagsúla mar thoradh ar iarratais tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF).

Cuimsíonn na costais bhreise seo taisteal agus cothabháil, liúntais Aireachta agus costais ghutháin. Is tríd na Ranna Stáit féin a íoctar iad chuig na hAirí agus na hAirí Stáit agus ní bhíonn siad áirithe sna fiosrúcháin ASF dá bharr. Tá leasuithe molta ar an chóras a íoctar costais le Teachtaí Dála agus tá an tAire Brian Lenihan le moladh as seasamh diongbháilte a ghlacadh ar an cheist. Bainfear €4m as na costais bhliantúla a dhíoltar le Seanadóirí is le Teachtaí Dála de réir plean atá curtha le chéile ag Coimisiún an Oireachtais. Más mall is mithid. * Cén Aireacht stáit atá ag Mícheál Kitt, Seán Haughey, John Moloney nó Billy Kelleher? Ní thógfainn ort é mura bhfuil tú ábalta an cheist a fhreagairt. I 1977 ní raibh ach seachtar Aire Stáit ann. Anois tá scór acu ann agus gan mórán tairbhe breise le sonrú as a gcuid saothair. Thairg aon dhuine dhéag acu éirí as a gcúram nuair a bhí a líon á gceistiú sna meáin, i dtús na bliana, dá gceapfaí gur ar leas na tíre a bheadh sé. Ba cheart glacadh lena dtairiscint láithreach.

Níl sa chúig mholadh thuas ach blaiseadh den chineál costais atá á fháil ag polaiteoirí na tíre seo faoi láthair. Níl aon rud as bealach á dhéanamh acu as a leithéid a éileamh mar gur ar an chóras go príomha atá an locht. Níl mé a rá go mbeadh a oiread sin d’airgead á shábháil ag an Stát, dá ndéanfaí an córas úd a leasú, ná go mbeadh réiteach gach faidhbe againn dá ngearrfaí siar ar na costais a dhíoltar le polaiteoirí. B’fhéidir nach mbeadh ann, mar a dúirt tráchtaire amháin, ach na cathaoireacha a bhabhtáil ar bord an Titantic.

B’fhéidir, ar an láimh eile, go mbeadh an fonn atá á sheinm ag an bhanna cheoil blas beag níba bhinne ar a laghad ar bith! Ar an rud is lú, léireodh sé go bhfuil polaiteoirí na tíre toilteanach a gcuid féin a dhéanamh leis an gheilleagar a chur ar bhóthar na leasa. Is mithid dóibh uilig (idir pháirithe an rialtais agus an fhreasúra) cinnireacht a léiriú sula n-iarrfar ar ghrúpaí leochailleacha den phobal ualach míchothrom a iompar.

  • Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/ TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.
MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.