Tá an chlaontacht i gcoinne na nÉireannach beo beathach i Sasana, fiú sa chóras oideachais, mar a fuair Tony Birtill amach ag tús mhí na Nollag.
De réir na tuarascála “Discrimination and the Irish Community in Britain”, a d’fhoilsigh an Commission for Racial Equality (CRE) sa Bhreatain i 1997, tá ciapadh ciníoch in aghaidh na nÉireannach ina n-áit oibre réasúnta coitianta. Cé gur thug an CRE tacaíocht d’Éireannaigh i gcásanna áirithe roimh bhinsí breithiúna, níl iontu seo ach cuid bheag den scéal, mar deir an eagraíocht nach mbíonn ach mionlach sásta gearán oifigiúil a dhéanamh faoi dhrochíde agus masla cainte:
The response of many people in bad experiences was to leave the job or to keep a low profile. There was widespread acceptance of a level of anti-Irish harassment as normal. (CRE, lch.197) Ar ndóigh, tuigeann na hÉireannaigh gur féidir le rudaí éirí níos measa má dhéanann siad gearán, go mór mór nuair is drochíde agus maslaí ón bhainistíocht a bhíonn i gceist.
Agus sin mar a tharla domsa ar an 4 Nollaig. Cruinniú den Choiste Sláinte agus Sábháilteachta in Ormskirk and Skelmersdale College, Lanchashire, a bhí ann. De réir an dlí, caithfidh coiste mar seo a bheith i ngach áit oibre, agus tagann ionadaithe ó na ceardchumainn agus ón bhainistíocht le chéile chun cúrsaí sláinte agus sábháilteachta a phlé. Mé féin agus triúr eile ón NATFHE, ceardchumann na múinteoirí, agus triúr ó UNISON, ceardchumann na n-oibrithe coimhdeacha a bhí i láthair, chomh maith le triúr bainisteoirí agus Ian Farmer, an leas-phríomhoide, a bhí sa chathaoir.
Thosaigh an trioblóid go luath sa chruinniú. Is fear garchabhrach mé féin sa choláiste agus nuair a bhí mé ag labhairt faoi shrón mná a bheith ag cur fola go dona cúpla lá roimhe sin, rinne Richard Griffiths, oifigeach airgeadais agus bainisteoir sinsearach, ráiteas gnéaschlaonta agus déistineach. Ní dúirt an cathaoirleach rud ar bith, áfach, agus lean na bainisteoirí eile ar aghaidh ag caint agus ag caint, mar is nós leo.
Oibrithe aonair a bhí á bplé tamall ina dhiaidh sin. Nuair a bhí an cigire istigh san earrach, dúirt sé gur cheart go mbeadh polasaí ann le haghaidh oibrithe a bhíonn ag obair ina n-aonar mar go bhfuil an baol ann go ndéanfadh duine éigin ionsaí foréigneach orthu. Dúirt David Neville, bainisteoir, nach raibh sin praiticiúil mar go mbíonn ranganna ag an choláiste in a lán ionad. “Take Tony, for example. He could be the victim of violence when he teaches Irish in the Irish Club in Liverpool,” arsa seisean.
“Yes, especially with all those Irishmen about,” arsa Richard Griffiths.
Ghoill sé sin orm, agus d’amharc mé ar an chathaoirleach arís, ach ní raibh focal as faoi. Faoi dheireadh, bhí mé ábalta ceist a chur ar Griffiths faoin ráiteas maslach. Thosaigh sé ag magadh fúm, ag rá go raibh mé mall agus bómánta mar gur thóg sé tamall orm gearán a dhéanamh. Lean mé orm ag cur na ceiste: An raibh sé ag cur chun cinn steiréitíopa diúltach de na hÉireannaigh?
“I was extracting the Michael,” arsa Griffiths go searbhasach.
Chosain na bainisteoirí eile, David Neville agus Marlene Pritchard, é.
Dúirt mise agus ceardchumannaí eile go raibh Griffiths go hiomlán as ordú ach ní raibh sé sásta leithscéal a ghabháil . “I’m not PC,” a dhearbhaigh sé go drochmheasúil.
Chríochnaigh an cruinniú tamall ina dhiaidh sin agus chuaigh mé féin abhaile agus fearg orm.
Gearán oifigiúil
Phléigh mé an scéal le baill eile den NATFHE an lá ina dhiaidh sin agus d’iarr siad orm gearán oifigiúil a chur faoi bhráid an phríomhoide, Philip Lewis, rud a rinne mé ar an ríomhphost.
Fuair mé ríomhphost ar ais an lá dár gcionn uaidh, ag rá go raibh comhrá fada aige le Griffiths agus go mbeadh leithscéal ar an bhealach chugam. Fuair mé leithscéal cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin ó Griffiths, ach ní bhfuair mé ceann ó na bainisteoirí eile. Ba léir gur de thairbhe brú ón phríomhoide a scríobh Griffiths a leithscéal.
An tseachtain ina dhiaidh sin fuair mé miontuairiscí an chruinnithe ó rúnaí an phríomhoide, a bhí i láthair ar an 4 Nollaig. Ní raibh trácht ar bith ar na ráitis ghnéaschlaonta agus chiníocha iontu. Nuair a chuir mé ceist uirthi faoi seo, fuair mé ríomhphost ón leas-phríomhoide ag rá nach raibh tagairt dóibh ann mar nach raibh siad tábhachtach!
Bhí fearg orainne faoi na himeachtaí seo, agus tháinig ionadaithe ó UNISON agus ón NATFHE le chéile agus chuir muid ráiteas chuig an phríomhoide ag cáineadh Griffiths agus na mbainisteoiri eile, agus ag éileamh miontuairiscí fíora agus cruinne.
Tháinig an Coiste Sláinte agus Sábháilteachta le chéile arís roimh shos na Nollag. Ní raibh Griffiths ná David Neville i láthair an t-am seo, ach ní raibh biseach ar bith ar an scéal.
Ba é an chéad mhír ar an chlár oibre ná a dheimhniú go raibh na miontuairiscí ón 4 Nollaig “fíor agus cruinn”. Dhiúltaigh na ceardchumannaithe dóibh mar nach raibh na ráitis chonspóideacha iontu, ach d’ordaigh Ian Farmer, an leas-phríomhoide, don rúnaí gan iad a scríobh síos mar, ina thuairim siúd, ní raibh siad tábhachtach agus ní raibh spás ann do gach rud!
Tar éis leathuaire ag argóint mar seo, mhol mise go foirmiúil na ráitis chonspóideacha a chur isteach. Thacaigh Paul Hogan (NATFHE) leis an rún agus d’iarr muid ar Ian Farmer vóta a ghlaoch. Dhiúltaigh sé agus bhagair sé an cruinniú a chur ar ceal.
D’ainneoin an ghnímh chontráilte seo, d’fhan na ceardchumannaithe socair agus lean muid ar aghaidh ag argóint ar son miontuairiscí cruinne. Tar éis 70 noiméad, thug Ian Farmer cead don rúnaí tagairt a dhéanamh do na ráitis sna miontuairiscí, ach ní na ráitis ina n-iomláine.
B’éigean dúinn cur suas leis seo, cé nach raibh muid sásta, agus lean muid ar aghaidh leis an chlár oibre, cé nach raibh mórán ama fágtha againn.
Ná bigí ag smaoineamh go bhfuil eachtraí mar seo neamhchoitianta.
Ardú pá
Níos luaithe sa bhliain, b’éigean dúinn iarratas a chur isteach chuig na bainisteoirí thuasluaite chun ardú pá a fháil mar chuid den Teachers Pay Initiative atá eagraithe ag an rialtas. Dhiúltaigh siad an t-ardú a thabhairt domsa agus dúirt siad liom go raibh mé ag caitheamh barraíocht ama ag múineadh na Gaeilge! Cé go bhfuil mé sa Roinn Staidéir Ghnó sa choláiste, tá trí rang oíche Gaeilge agam. Ach tá dualgas ar an choláiste, de réir a Ráitis Misin, oideachas comhphobail a chruthú agus a fhorbairt.
B’éigean dom a lán ama a chaitheamh ar achomharc chuig an phríomhoide agus sa deireadh, tar éis éisteachta fada, foirmiúla, fuair mé an t-ardú pá. D’aontaigh an príomhoide liom go raibh an Ghaeilge mar chuid thábhachtach d’oideachas comhphobail an choláiste.
Mar a dúirt Sir Herman Ouseley, Cathaoirleach den CRE i réamhrá na tuarascála sin ó 1997: “In the last few years, long-standing dismissive attitudes toward the Irish in Britain have been challenged, not only by the activities of community organisations, but also by the growing popularity of Irish culture in Britain. Against the background of this changing mood, there is an opportunity for real progress on the issues raised in this report.”
Ag deireadh na tuarscála deir an CRE: “However, what also emerges is the extent to which deep-seated anti-Irish stereotypes form part of a more general response to Irish people. This affected many areas of interviewees’ lives, including workplaces, access to housing, treatment at benefits offices and interactions with neighbours and the police.
“Awareness of the racialised character of anti-Irish hostility also needs to be sharply increased, so that challenges can be made by Irish people who should be able to expect authoritative support.”
Deirtear fosta: “There needs to be recognition of anti-Irish hostility as a form of racial harassment in a wide variety of situations, including workplaces, neighbourhood relations, schools and policing.”
An phóilíneacht - anois, sin scéal eile!
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.