Beo! (freagraí ar: An bhFuil Pobal Gaeilge ann?) http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments I bhfianaise deireadh a bheith curtha le foilsiú Ghaelscéal, de cheal ceannaitheoirí, cuireann Donncha Ó hÉallaithe an cheist, an bhfuil pobal Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht? ga Cóipcheart Oideas Gael. Tue, 02 Apr 2013 09:33:34 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ Rob MacG http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments Ceapaim féin go raibh Gaelscéal go han-mhaith, bhí scéalta suimiúla ann ar eachtraí na seachtaine. Is mór an trua go bhfuil sé imithe ón bhfód. Bhí ionadh orm áfach nach raibh sé foilsithe ar an Satharn mar "nuachtán seachtainiúil" mar de gnáth bíonn sé sin an t-am is oiriúnaí chun páipéar a léamh agus machnamh a dhéanamh ar rudaí. Chomh maith le sin tá titim uafásach ar an méid nuachtán atá imithe as cló agus tar éis aistrithe go dtí an idirlíon. De réir mo eolais nach bhfuil iris ar nós 'Newsweek' imithe as 'cló crua' go dtí an idirlíon anois? Ar an mbus nó ar an traein is corrduine a mbíonn ag léamh páipéar ach an cuid is mó ag léamh rudaí ón ífón nó ríomhaire. Cuma ar an scéal go bhfuil ré an pháipéir beagnach imithe agus dá bhrí sin caithfidh lucht na Gaeilge déileáil leis an réimse nua sin chomh maith.
Tue, 02 Apr 2013 09:33:34 GMT Colm Mac Séalaigh http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments Tá go leor bealaí ann le 'nuacht' a fháil chuile lá seachas trí nuachtán seachtainiúil. Sílim go mbeadh iris mhíosúil mhaith níos indéanta agus go mbeadh éileamh níos mó air i measc lucht Gaeilge. Iris ina mbeadh plé agus tuairimí, anailís agus scagadh, ar ábhair éagsúla ag scríbhneoirí cumasacha Gaeilge, ach córas dáileacháin agus feachtas fógraíochta agus bolscaireachta a oibriú amach i dtosach
Sat, 30 Mar 2013 10:09:34 GMT Gerry http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments Ca mhéad múinteoir sa tír atá ag plé leis an Gaeilge go ríalta? Cá mhéad dlíodóir,breitheamh, sagart,cigire,mac léinn,tuismitheóir srl atá ag úsaid an Gaeilge ina ngnáth shaol? i mo bhaile féin tháinig trí cóip de Gaelscéal achan seachtain, agus mhól mé é do daoine mar a lúaitear thuas ach níor díoladh ach cóip amháin .Éire saor ,mo thóin, Éire gaelach, mo bhrón.
Thu, 21 Mar 2013 16:41:24 GMT Concubhar http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments Lucht na bpeann dearg amuigh arís gan a gcuid piollaí bheith glactha acu. Ait nach bhfuil siad sásta a n-ainmneacha a thabhairt. Ach sin é an cineál meatacht a bheinn ag súil leis óna leithéid....
Is fíor dhuit, a dheartháir!
Fri, 15 Mar 2013 20:44:43 GMT April http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments Aontaím leat faoin airgead, a Fhírin. Tá daoine ann nach féidir leo an méid sin a chur amú ar son na cúise ar pháipéar gan mhaith nó ar pháipéar a chuireanns déistin ar dhaoine cneasta. Agus tá an ceart acu an t-airgead a choinneáil iná bpócaí.
Ní bhím fein sásta mo chuid féin a cur amú ar nuachtán a d'fhag mé níos aineolaí ina dhiaidh ná a bhí mé roimh á léamh, is cuma cén teanga ina bhfuil sé foilsithe.
Ar an taobh eile den scéal, bheinn thar a bheith sásta mo chuid airgid a chur amú ar leagan Ghaeilge de gach aon uile séasúr Stargate SG-1 ar DVD. : )
Mon, 11 Mar 2013 09:39:12 GMT Finín http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments Curtha go maith agat a Aibreáin. Bhí Gaelscél an-lag - Ganscéal a thug go leor Gaeil air. Ní raibh tada ann. Níl go leor airgead ag daoine le bheith ag ceannacht nuachtán ar son na cúise nó ar son na carthanachta. Theip ar Foinse agus ar Lá, dhá pháipéar a bhí deich n-uaire níos fearr ná Gaelscéal. Bhí INniu fhéin níos fearr.
Sun, 10 Mar 2013 18:05:23 GMT April http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments Is í an cheist chéanna i gcónaí a chuireanns daoine airithe nuair a theipeanns ar Lá nó ar Ghaelscéal nó ar cibé-cén-Air-America- na-Gaeilge-ar-theip-air-an-uair-seo. An bhfuil pobal ann?
Níl mé cinnte gurb 'in í an cheist is ceart a chur.
An bhfuil pobal ann d'Air America nó da mhacasáil as Gaeilge? Níl agus ní raibh.
An bhfuil pobal ann atá ag iarraidh seirbhísí de chaighdeán réasúnta as Gaeilge? Sílim go bhfuil. Pobal réasúnta dílis don teanga muid chomh maith. D'ioc mé féin $48 ar an Hobad do dhaoine nach n-aontaím leo, agus cóip den leabhar céana as Bearla ar an tseilf cheana! Tá mé sásta níos mó airgid a íoc ar leabhair Gaeilge chomh fada is a thaitníonn siad liom. Agus níl mé ag rá gur mhaith liom na leabhair céanna atá le fáil as Bearla mar aistriúcháin a léamh i gcónaí. Tá leabhair den chaighdeán céanna atá uaim. Ba mhaith liom an éagsúlacht chéanna.
Agus ní thagann an teannas sin as airgead íocóirí chanach ó lámha polaiteoirí. Tagann sé as airgead a thuilltear agus thú ag déanamh do sheacht ndícheall cuistaimearaí a shásamh...fiú cusitaiméaraí deacra.
DAS Ní mar an gcéanna iad seirbhís as Gaeilge den chéad scoth a chur ar fáil agus seirbhís den chéad scoth a chur ar fáil as Gaeilge.
Sun, 10 Mar 2013 17:16:34 GMT Sylvia http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments Is mór an trua go deimhin nach bhfuil Gaelscéal ann níos mó. Ach ní aontaím leat ar chor ar bith agus tú ag gearán faoi leagan "seanaimsearach leadránach" ag Feasta. Is iomaí nuachtán agus iris a thagann sa teach is againne gach mí ach is le Feasta agus an clúdach ealaíonta suimiúil uirthi a bhím ag súil go mór. Nach bhfuil an dotháin iris agus grianghráif scéiniúla is ceannteidil gáifeacha iontu againn?
Sun, 10 Mar 2013 09:18:46 GMT Iriseoir díomuach http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments 13% de Mheiriceánaigh (tuairim is) ag ceannach nuachtáin go seachtainiúil. Abraimís go bhfuil ar a méid 100,000 cainteoirí dúchais, líofa, nó lánlíofa Gaeilge ann. Bímis ag súil le uasmhéid 13,000 ceannaitheoirí nuachtán Gaeilge mar sin, ach amháin gur fearr Béarla léite an chuid is mó de na cainteoirí sin, agus ceannóidh siad nuachtán Béarla dá réir. Dála an scéil: Ciorclaíocht an Farmers Journal: 71,000!
Sat, 09 Mar 2013 15:05:34 GMT gasuirlegaeilge http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments Ceist: cén céatadán de phobal an Bhéarla a cheannaíonns nuachtán Béarla go rialta? Sin uasmhéid an díolacháin a d'fhéadfaí a bheith ag súil leis as nuachtán Gaeilge, dar liomsa.
Fri, 08 Mar 2013 16:19:12 GMT Antaine http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments Ní gá ach dhá fhocal a chur le chéile ar líne as Gaeilge agus tiocfaidh na Gaeil amach ag ionsaí a chéile dá bharr.
Cáinteoirí dúchais abú!
Thu, 07 Mar 2013 20:56:34 GMT LFMista http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments Cáineadh macánta a bhí I gceist agamsa ach measaim go ndeachaigh
Sinéad thar fóir leis na maslaí. Ba cheart a cuid postálacha a bhaint ón gclár plé
Thu, 07 Mar 2013 09:07:03 GMT Anaithnid http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments Tá an ceart agat, a Laoisigh. Is measa i bhfad "Sinead" ná duine ar bith eile, agus nach aisteach gur ise atá ag clamhsán faoi chaighdeán!
Wed, 06 Mar 2013 21:03:47 GMT Laoiseach http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments An sampla de chaighdeán na Gaeilge atá coiteanta na laethanta seo an méid seo thuas - 'focmi?, maigh hól etc de chuid Shinéad nó an bhfuil mise sean fhaiseanta. Ritheann sé liom go bhfuil an cáinteoir níos measa ná an duine atá cáinte.
Wed, 06 Mar 2013 20:38:39 GMT Harpic http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments Is iriseoir maith é Concubhar. Bíonn fiúntas sa mhéid a deireann sé i gcónaí agus b'fhéidir gur sin atá ag cur cantail ar Shinéad srl. Sé jab an fho-eagarthóra slacht a chur ar a chuid scríbhneoireachta. Ná meascaimíd suas post an iriseora le post an fho-eagarthóir. Maith thú a Choncubhair. Fear cróga
Tue, 05 Mar 2013 08:50:01 GMT Concubhar http://beo.ie/alt-an-bhfuil-pobal-gaeilge-ann.aspx#comments Bhí lochtanna ar Gaelscéal mar a bhionn lochtanna ar gach iris nó nuachtán. Samhlaim dá mbeadh cead tugtha do Inniu bheith beo go dtí inniu go mbeadh nuachtán le dealramh againn. Gan aon locht a fháil ar lucht foilsithe Gaelscéal nó an foireann, bhí lochtanna nach beag ar an gcóras faoinar roghnaíodh an nuachtán. Bhíos féin páirteach sa phroiseas sa mhéid is go raibh mé páirteach le Gael eile a raibh ag iarraidh nuachtán a chur ar fáíl. Bhí pairtíocht againn leis an Irish Examiner. Nuair a chuamar ós comhair an choiste agallaimh ní raibh aon duine le saineolas nuachtáin ós ár gcomhair. Cúpla craoltóir, ceart go leor. Bhí nuachtán clóite againn ag dul isteach ar chlóigh an Irish Examiner dúinn, saor in aisce, ach an t-aon cheist a cuireadh orainn faoi an raibh sé i gceist againn iriseoirí eile a fhostú seachas an iriseoir eile a raibh luaite i le-líne ar go leor scéalta. Chuir an cheist alltacht orm. An é nár thuig an t-é a chuir an cheist gur 'dummy run' abea é seo - lenár gcumas a léiriú agus le deis a thabhairt don bpainéal 'cuma' an nuachtáin, Nuacht 7, a fheiscint. Ar aon nós, bhí an scéal amuigh roimh an chruinniú boird go raibh an conradh le bronnadh ar chomhlacht i gConamara. I gcead do Thorann na dTonn, ní raibh an saineolas cuí acu ar an mhargadh seo, margadh na nuachtán Gaeilge. Ach b'é Foras na Gaeilge a bhronn an chonradh orthu, seachas ar aon dhream eile, agus ní raibh an saineolas ag an gcoiste a rinne an moladh sin ach an oiread. Bhí comhartha ceiste agam faoi Gaelscéal ón dtús ach rinne mé mo dhícheall, tar éis tamall a chaitheamh ar an dtaobh líne, bheith ag cuidiú leo. Nior éirigh leis - agus ní eireoidh le Foras na Gaeilge comharba a aimsiú. Ní fhéadfadh an Fhoras buidéal bainne a aimsiú i ndéirí. Tá go leor den fhírinne searbh sa mhéid a deir Donnchadh thuas - tá pobal na Gaeilge patuar go minic nuair a iarrtar orthu a lámh a chur ina bpóca chun tacú leis an dteanga ar shlí phraicticiúil. Ach ní treith é sin a bhaineann le pobal na Gaeilge amháin ach le gach pobal....an cheart ag Donncha freisin faoi chomh leamh is atá Comhar. Ní áirim Feasta de bhrí gur iris eagrais é sin agus, dar liom, gur cheart é bheith á mhaoiniú ó acmhainí an Chonartha. Nior mhaith liom go mbainfí maoiniú d'aon iris mar ní fheictear dom go ndéanfaidh an Fhoras aon rud a bheadh ar leas na teanga leis an t-airgead, seachas ar leas an eagrais é féin.
Mon, 04 Mar 2013 17:36:26 GMT