Sular scaoileadh le slua NICRA i nDoire, bhí corraí ar dhaoine go leor mar gheall ar an Imtheorannú gan Triail a cuireadh i bhfeidhm sna Sé Chontae mí Lúnasa 1971, mar is maith is cuimhin le Tony Birtill.
Bhí áthas orm muintir Dhoire a fheiceáil i lár na cathrach sin ar 15ú Meitheamh, an cineál áthais a bhí orm nuair a chonaic mé Gerry Conlon, agus ansin an Seisear Birmingham taobh amuigh den Ard-Chúirt i Londain i 1989 agus i 1991. Má bhíonn tú páirteach i bhfeachtas in aghaidh éagóra le blianta fada, is minic go mothaíonn tú nach bhfuil aon dul chun cinn déanta agat, ach ní féidir an fhírinne a cheilt go deo.
Bunaíodh Cartlann: An Irish Political Archive i Sasana i Mí Bealtaine 2001 chun ábhar a bhain leis an fheachtas abhus (i Sasana), mar bhileoga, dialanna, leabhair, póstaeir , agallaimh ar téip agus mar sin de, a bhailiú agus a chaomhnú. Tá sé lonnaithe sa Leabharlann Náisiúnta, Baile Átha Cliath. Ba iad Nick Mullen (iarchime), Jackie Kaye (Prisoners Aid Committee), Tom Barron (Irish Prisoners Support Group) agus Siobhán Maguire na bunaitheoirí. “One of the reasons for me doing the dissertation on the Anti-Internment League (AIL) was that people are getting older and if their stories are not recorded, all of this will be lost...it’s as though no-one did anything here,” a dúirt Siobhán. Is féidir dul i dteagmháil leis an Chartlann: cartlann@yahoo.co.uk
Bhí ceangal láidir idir The Connolly Association, eagraíocht Éireannach den eite clé http://www.irishdemocrat.co.uk agus Gluaiseacht Cearta Sibhialtachta sa Tuaisceart (NICRA). D’eagraigh an CA cruinnithe sa tír seo le cainteoirí ó NICRA agus bhí neart eolais faoin ghluaiseacht san Irish Democrat, nuachtán an CA a dhíoltar anseo.
Tháinig lucht dídin i dtír i Learpholl ar an bhád as Béal Feirste i 1969 tar éis dóibh a bheith dóite amach ag na dílseoirí. Is minic a tharlaíodh sé go raibh gach rud caillte acu agus bhailigh an tSiúr Jane Francis, oibrí shóisialta, san Ionad Éireannach, éadaí, troscán agus bia dóibh ón chomhphobal Éireannach anseo.
Le imtheorannú gan trial 1971, tosaíodh ‘The Innocent Dependents Fund’ san Ionad agus bailíodh na mílte punt do theaghlaigh sna Sé Chontae. Chuir imtheorannaí amháin, Art McMillen as Béal Feirste, litreacha go rialta chuig an Ionad as an Cheis Fhada, nó Cluain Cheise mar a thugtaí ar an áit chomh maith, agus d’fhoilsítí sleachta astu sa nuachtlitir ansin. Bhí a fhios againn mar sin faoi na Leathnú=spreading out">="gloss" title="conditions">coinníollacha sa champa, chomh maith le mothúcháin na gcimí. D’eagraigh Coiste IDF oíche shóisialta speisialta san Ionad d’Art agus dá bhean nuair a scaoileadh saor é.
Bhunaigh John Gray agus Bowes Egan The Anti-Internment League i Londain san fhómhair 1971 agus bhí a nuachtlitir ‘Anti-Internment News’ le fáil ar fud na tíre. Rinne sé cur sios ar an turas a rinne scaifte acu ar an bhád go Béal Feirste chun bileoga a thabhairt do na saighdiúirí ansin. Bhí siad ann don dara uair ar 29ú Eanair 1972, lá roimh Dhomhnach na Fola.
Rhydychen
Chuir an t-ár seo alltacht agus fearg orainn. “They have declared war on the Irish people,” a dúirt an Bráthair Ó Comhain, príomhoide mo scoile féin (Cardinal Godfrey CBS) linn. Rinneadh faire na hoíche san Ionad Éireannach roimh aifreann speisialta san Ard-Eaglais béal dorais 12/13 Feabhra agus seoladh na céadta sreangscéalta as an Ionad go dtí feisirí. Bhí mo dheartháir níos sine, John, ag Ollscoil Oxford “I did attend a night time march in Oxford from Blackfriars to local police station or jail... A police photographer walked all around taking pictures of everyone. He got me about four times from different angles with my arm across my face,” a dúirt sé liom. D’ainneoin seo, chuaigh sé síos go Londain le haghaidh an mhórshiúil ó Cricklewood go Whitehall, le 13 cónra dubh chun tosaigh. (5.2.72). 20,000 duine a bhí ann agus rinne 60 póilíní capall ionsaí orthu ag Sráid Downing. Gortaíodh 90 duine agus gabhadh 118.
Caer Went
Thosaigh mé san Ollscoil East Anglia i nDeireadh Fómhair 1972, áit ar bhuail mé le mic léinn eile ar bhí ar son daonlathas in Éirinn. Bhí craobh de Chlann na hÉireann (SF oifigiúil) san ollscoil agus nuair a chuala siad go mbeadh eaglaiseach ag beannú brat nua an Parachute Regiment Association sa teampall St. Thomas i Norwich , d’eagraigh siad agóid ansin. ‘IRA Pickets at a Norwich Church’ a dúirt sé ar phríomhleathanach an Eastern Daily Press 23.10.72. Tá mé féin sa grianghraf (lch 11) le póstaer ‘RIP Derry 13’ i mo láimh agus na póilíní ag coinneáil súil orainn. Chaith cuid de na Paras ár gcuid bileog eolais faoi Dhomhnach na Fola le clais an chosáin, ach ba léir go raibh náire ar chuid acu faoin eirleach. “Colonel (retd.) P. Cleasby-Thompson said that the protest would be ignored. He was proud of what the regiment was doing in Northern Ireland,” a dúirt sé sa nuachtán..
Cúngú nó Leathnú
Shíl mé féin go raibh Clann na hÉireann cineál cúng mar eagraíocht. Mar sin, nuair a d’fhill mé ar Learpholl faoi Nollaig, chuaigh mé leis an AIL Bhí cara anseo i Walton, Helena Hardigan, ina ball cheana féin agus d’inis sí dom go raibh an t-eagraí, Alan Lenton, ina chónaí cóngarach dúinn i Bootle agus fuair mé cóipeanna den iris a d’eisíodh siad ‘Ireland Bulletin’ uaidh. Shocraigh mé bualadh leo i Londain (áit nach raibh mé ann riamh roimhe sin) ar 28 Eanáir 1973 le haghaidh mórshiuil cothrom deireadh seachtain an tsléachta.
Shiúil muid ó Ard-Eaglais St. Paul go Camden Town Hall, via Fleet Street. Ní raibh slí don 5,000 a bhí ann sa halla agus, dá bhrí sin, eagraíodh an cruinniú taobh amuigh agus taobh istigh san am céanna! Labhair James Wray, a chaill a mhac Jim Wray (22) ar Dhomhnach na Fola go ciúin faoin ár agus faoi na trioblóidí. Chaith an t-iriseoir Paul Foot drochmheas ar an Widgery Report - thug sé ‘Widgery bullets’ ar na hurchair a chuala na paras ach nár ghortaigh duine ar bith.
D’fhreastáil mé ar phicéad taobh amuigh d’oifig earcaíochta arm Shasana i Norwich ar 30ú Éanair a d’eagraigh Clann na hÉireann.
An Leathnú
Leathnaigh an feachtas amach. D’eagraigh mé cruinniú AIL sa Norwich Workingmens Club i mí Márta agus bhunaigh muid craobh sa chathair. D’eagraíodh muid agóidí go rialta - ag an ‘Military Tattoo’ cuirim i gcás, sa pháirc phóiblí mí Bealtaine agus ag an Royal Norfolk Show i mí Meithimh: “Hardly any of the record crowds were aware of a demonstration outside the King George V1 gate against Army recruitment efforts at the show. About 20 demonstrators with banners marched around part of the perimeter adjacent to Dereham Road protesting against the recruitment of soldiers to be sent to Ireland. The group was met by a large number of police....” (Príomhleathanach an Eastern Daily Press 28.6.73).
Ar a laghad, bhí muid ag tarraingt poiblíochta ar an chúis, agus chuir na meáin chumarsáide náisiúnta spéis ionainn: ‘Forces Talk Disrupted by Students’ an ceannlíne a bhí sa Daily Telegraph 1.2.1974: “Chanting students yesterday disrupted a Services recruiting campaign at the University of East Anglia in Norwich. An interview being conducted by Wing Commander F,W. Hubbard, senior university liaison officer for the RAF, was hurriedly transferred to another building after 25 students threatened to cause maximum chaos and noise in the teaching block where the interviews were being held.”
Cuireadh deireadh le imtheorannú gan triail ar 5ú Nollaig 1975 nuair a scaoileadh amach na 75 cimí deiridh, ach lean ár bhfeachtas ar aghaidh i Sasana mar bhí muid dúisithe anois faoi chos ar bolg Arm Shasana ar dhaoine sna Sé Chontae. The Troops Out Movement an t-ainm a bhí orainn faoin am sin, ach sin scéal eile........